Caibidil 10 | Na hAthruithe Tosaigh

10.1 Ginearálta

Is é is athrú tosaigh ann athrú a dhéantar ar thús focail mar gheall ar inscne, tuiseal, aimsir nó cúinsí eile gramadaí. Áirítear ar na hathruithe tosaigh an séimhiú, an t‑urú, t roimh ghuta, t roimh s, h roimh ghuta agus d' roimh ghuta nó roimh fh‑. Tugtar míniú anseo ar úsáid na n‑athruithe tosaigh, lena n‑áirítear an séimhiú ar ainmfhocal éiginnte i ndiaidh ainmfhocal baininscneach agus an séimhiú ar ainmfhocal éiginnte i ndiaidh ainmfhocal san iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol.

An Séimhiú

Is iad seo na consain inséimhithe: b, c, d, f, g, m, p, s (ach amháin i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- agus sv-) agus t.

10.2 Séimhiú ar an Ainmfhocal

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal sna cásanna seo a leanas.

10.2.1 I nDiaidh an Ailt

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh an ailt (mura d, ts an túschonsan) — 

  1. san ainmneach uatha baininscneach, e.g., an chathair; an ghloine; an fhuascailt:

    an bhean ag canadh.

    Ar dhún sé an fhuinneog?

  2. sa ghinideach uatha firinscneach, e.g., mac an fhir; geata an choláiste:

    Cad a tharla do bhronntanas an pháiste i ndiaidh na cóisire?

    Ba ghá dom imeacht roimh dheireadh an chluiche.

  3. sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, i roinnt cásanna ina ngabhann réamhfhocal leis an alt de réir an Chórais Lárnaigh, e.g., den chapall (féach 1.4), nó de réir Chóras an tSéimhithe, e.g., ar an chapall (féach 1.7):

    Mheallfadh sí an t‑éan den chrann.

    Tugadh maoiniú breise don chuideachta.

10.2.2 I nDiaidh na Míre Gairmí

Cuirtear séimhiú i ndiaidh na míre gairmí san uatha agus san iolra, firinscneach agus baininscneach, e.g., a dhuine chóir; a Ghaela!; a chairde na páirte:

A dhaoine uaisle, tá fáilte romhaibh anseo anocht.

Maith sibh, a fheara!

10.2.3 I nDiaidh Aidiachtaí Áirithe

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh na n‑aidiachtaí seo a leanas — 

  1. na haidiachtaí sealbhacha mo, do, a (firinscneach uatha), e.g., mo mhac; do theach; a pheann:

    Is é mo mhála é.

    Cár fhág sé a charr?

  2. an aidiacht rannach uile, e.g., an uile fhocal; gach uile sheachtain:

    Bíonn an uile chineál duine ag freastal air.

    Tá gach uile chlár sa tsraith feicthe aici.

  3. an aidiacht éiginnte aon, e.g., aon mhála, aon chóta (ach amháin má thosaíonn an t‑ainmfhocal ar d, ts, e.g., aon duine, aon teaghlach):

    Ní raibh aon bhia sa teach.

    An bhfuair tú aon bheart sa phost?

10.2.4 I nDiaidh Uimhreacha Áirithe

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh na n‑uimhreacha seo a leanas — 

  1. an bhunuimhir aon agus an orduimhir céad, mura d, ts an túschonsan, e.g., aon chailín amháin; an chéad bhróg; aon samhradh amháin; an chéad teach:

    Níl ach aon bhealach amháin lena dhéanamh.

    Ba é sin an chéad phictiúr a dhíol sé riamh.

  2. dhá, e.g., dhá chrann; an dá chóta; ach amháin má tá an aidiacht shealbhach a (tríú pearsa uatha, baininscneach agus tríú pearsa iolra), árbhur roimhe, e.g., dhá chapall ach a dhá géag (tríú pearsa uatha baininscneach); ár dhá gcapall; bhur dhá dteach; a dhá mbó (tríú pearsa iolra) (féach 8.3.3):

    Ba ise an bhean a raibh dhá mhadra aici.

    Tá an dá thionscadal críochnaithe anois.

  3. trí, ceithre, cúig, , e.g., trí bhád; ceithre bhó (ach amháin i gcás na n‑ainmfhocal a bhfuil leagan iolra ar leith acu i ndiaidh na mbunuimhreacha — féach 9.3.2, agus i gcás an fhocail cent, e.g., dhá cent; cúig cent):

    Níor sheol mé ach cúig chárta Nollag i mbliana.

    Léigh sí sé chaibidil roimh an rang.

Tabhair faoi deara:

  1. gurb é an t‑athrú tosaigh a ghabhann leis an uimhir dheiridh i sraith a bhíonn le cur ar an bhfocal atá faoina réir, e.g., sé nó seacht mbád;

  2. má úsáidtear an Córas Simplithe os cionn fiche (féach 9.3.10 — 9.3.12), nach gcuirtear séimhiú ar an ainmfhocal, e.g., fiche a trí capall; 56 fuinneog.

10.2.5 I nDiaidh Réamhfhocail Shimplí Áirithe

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh na réamhfhocal simplí seo a leanas — 

  1. de, do (agus a as do, e.g., obair a dhéanamh), faoi, ionsar, mar, ó, roimh, trí, um, e.g., de Shiobhán; do bhuachaillí; faoi bhord; ionsar Sheán, mar dhuine; ó bhéal:

    Críochnóidh sí an obair roimh mhaidin.

    Is de thaisme a tharla sé.

    Ciorraítear na réamhfhocail do agus de go d' roimh ainmfhocail dar tús guta nó f + guta, e.g., d’athair Sheáin, d’fhoghlaimeoirí Gaeilge; ach ní dhéantar sin i gcás f + consan, e.g., do Fhrancaigh:

    Is d’iníon Úna a thug mé an leabhar.

    Níor thug sí de fhreagra orm ach tosú ag gol.

    Nóta: Ní shéimhítear b, mp tar éis um, e.g., ordú um praghsanna a chobhsú; an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta.

  2. ar, e.g., ar bhád, ar chlé, ar dheis, ar dhaoine (féach freisin 10.6.4(b)):

    Níl a fhios aici conas cnaipe a chur ar chóta.

    D’fhág sé a bhróga ar charraig in aice na farraige.

    Tabhair faoi deara nach séimhítear an t‑ainmfhocal i gcás abairtíní dobhriathartha ná ainmneacha briathartha lena gcuirtear staid nó suíomh in iúl, e.g., ar ball; ar bord (loinge); ar comhaois; ar comhchéim; ar comhscór; ar comhstádas; ar deireadh; ar fad; ar fiar; ar meisce; ar muir agus ar tír; ar srian; ar tiús; ar bogadh; ar crochadh; ar fáil; ar siúl (sa bhrí ag tarlú); ach ar fheabhas; ar shiúl (sa bhrí imithe). Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal, áfach, má tá sé cáilithe, e.g., ar chonradh sealadach; ar shaoire mháithreachais; ar bharr an tí; ach amháin i gcás ar bord loinge; ar ball beag.

  3. gan, ar ainmfhocal nach bhfuil cáilithe mura d, t, sf an túschonsan, e.g., gan chuid; gan chiall; gan mhaith; gan mheabhair; gan bhréag; ach gan dearmad; gan sagart; gan tine; gan feoirling (eisceacht: gan fhios);

    D’fhág na saighdiúirí an geata isteach gan chosaint.

    Tiocfaidh na comhaltaí eile gan mhoill.

    Ní chuirtear séimhiú ar ainmfhocal atá cáilithe, e.g., gan pingin rua; gan carn aoiligh; gan bolgán solais; gan ciall linbh; gan brí ar bith; gan misneach a chailleadh:

    Fágadh gan cuan mara iad.

    Dúirt siad nach ndéanfaí an próiseas a athrú gan cúis chóir.

    D’imigh siad gan pingin a shaothrú.

    Tabhair faoi deara nach gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal nach bhfuil cáilithe más ainm dílis cinnte é, e.g., d’fhág siad gan Cáit; nó más ainm briathartha i bhfrása ainmfhoclach é, e.g., b’fhearr duit gan pósadh; moladh dó gan corraí:

    Chríochnaigh sí an obair gan Micheál.

    Shocraigh sí gan géilleadh.

  4. idir, nuair is é araon atá i gceist, e.g., idir bheag agus mhór; idir chailíní agus bhuachaillí. Ní shéimhítear an t‑ainmfhocal a thagann i ndiaidh agus nó is i gcás gur le d, ts a thosaíonn sé, e.g., idir shúgradh is dáiríre; idir mhná rialta agus sagairt:

    idir fhocail agus phictiúir sa leabhar.

    Beidh idir dhaoine óga agus seanóirí i láthair.

    Tabhair faoi deara nach gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal i ndiaidh idir nuair is eatarthu atá i gceist, e.g., idir Corcaigh agus Gaillimh; idir breith agus baisteadh; idir tithe; idir béilí:

    Bhí an páiste ina dhúiseacht idir meán oíche agus breacadh an lae.

    Thosaigh troid idir beirt fhear lasmuigh den siopa.

  5. thar, e.g., léim sé thar gheata ard; ní raibh thar chúigear acu ann:

    Ní fiú thar phingin é.

    Níl an leabhar sin thar mholadh beirte.

    Tabhair faoi deara nach gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal i ndiaidh thar in abairtíní áirithe ina bhfuil ainmfhocal éiginnte, e.g., thar barr; thar bráid; thar cionn; thar fóir; thar sáile; thar toinn; ná sa réamhfhocal comhshuite thar ceann:

    Dhíbir siad í thar tír amach.

    Chaith sé tréimhse thar sáile sular thosaigh sé ag obair anseo.

    Nóta: Má tá sraith ainmfhocal faoi réir ag réamhfhocal simplí, ní dhéantar athrú tosaigh ach ar an ainmfhocal a thagann díreach ina dhiaidh, e.g., Rinne siad taighde ar chonarthaí, comhaontuithe, córais agus scéimeanna; ach amháin i gcás idir sa bhrí araon, e.g., idir bheag agus mhór.

10.2.6 I nDiaidh Réamhfhocal Comhshuite

Séimhítear ainmfhocal cinnte (féach 3.1.2) atá faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó cois, dála, fearacht, timpeall, trasna, e.g., ar aghaidh dhoras an tséipéil; cois Bhóthar na hUaimhe; de bhun mhír (b); fearacht Sheáin; le haghaidh chlár a ceathair.

Tá tithe aici ar fud Bhaile Átha Cliath agus chathair Chorcaí.

Dúirt sé i láthair bhean an tí é.

Is timpeall mhí na Nollag a tharla sé.

Tabhair faoi deara nach séimhítear ainmfhocal cinnte i ndiaidh chun, e.g., chun foirgneamh a seacht; chun gairdín a gcomharsan; chun Meiriceá; chun Gearóid; chun Parlaimint na hEorpa.

Ní shéimhítear ainmfhocail éiginnte ach i gcorrabairt sheanbhunaithe, e.g., tar éis bháis (sa bhrí tar éis bás a fháil).

10.2.7 I nDiaidh Ainmfhocal Baininscneach

Má tá ainmfhocal (nach ainmfhocal cinnte) sa ghinideach faoi réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), is gnách séimhiú a chur air, e.g., cloch shneachta; deoir bhainne; gloine bheorach; léine chadáis; tuarascáil pharlaiminte; bliain bhisigh; bliain chánach; bliain mheasúnachta; mí ghealaí:

Chuaigh siad go dtí an pháirc pheile.

An seinneann tú uirlis cheoil?

Ar chríochnaigh tú d’obair bhaile?

Fan agus ól gloine cheirtlise linn!

Tabhair faoi deara go liostaítear in (a) go (m) na cásanna go léir nach séimhítear ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach). I ngach cás eile, cuirtear séimhiú ar ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach).

Nóta: D’fhéadfaí sampla a áireamh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna ina dhiaidh seo, e.g., le (b) agus (e) a bhaineann an sampla léim fia.

  1. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má chríochnaíonn an chéad ainmfhocal ar d, n, t, ls agus má thosaíonn an dara hainmfhocal ar d, ts, e.g., áit dúchais; bean tí; cúis dóchais; maidin samhraidh; saighead draíochta; scoil samhraidh:

    Tá sí ag obair sa tsaotharlann taighde.

    Cúisíodh an cosantóir sa Chúirt Dúiche.

  2. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má thosaíonn an t‑ainmfhocal sin ar f, e.g., buile feirge; cúirt filíochta; deoch fuisce; deoir fola; pailin féir; sochaí faisnéise:

    D’eagraigh an club oíche filíochta mar chuid den fhéile.

    Níl mórán taithí aige ar an teicneolaíocht faisnéise.

    Tabhair faoi deara gur eisceachtaí iad beirt agus dís, agus go gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal a thosaíonn ar f ina ndiaidh, e.g., beirt fheirmeoirí; dís fhear.

  3. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más sa ghinideach iolra atá sé, e.g., rásaíocht gluaisrothar; saithe beach; scoil cailíní; scuaine gasúr; sraith giorrúchán; táin bó; traein paisinéirí:

    Theastaigh uathu scoil buachaillí a bhunú san fhoirgneamh sin.

    Bhí scuaine gluaisteán trí mhíle ar fhad sa tranglam tráchta.

    Tabhair faoi deara gur eisceachtaí iad beirt agus dís, agus go gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal sa ghinideach iolra ina ndiaidh, e.g., beirt bhan; dís bhreithiúna; agus gur eisceacht an nath clann mhac freisin.

  4. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má tá brí cainníochta éiginnte leis an gcéad ainmfhocal, e.g., breis bainne; díobháil céille; easpa tobac; iomarca cainte; roinnt cáise:

    An bhfuair sé barraíocht bia?

    roinnt púdair fágtha.

  5. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más (i) duine, (ii) ainmhí, (iii) dúil bheo, nó (iv) cuid de dhuine, d’ainmhí nó de dhúil bheo, an dara hainmfhocal — 

    1. aghaidh mná; casóg buachalla; culaith garda; lámh cailín; scian búistéara; súil páiste:

      Cheannaigh sé casóg fir nua sa siopa.

      Ba ghá dóibh leaba páiste a cheannach dá ngarmhac.

    2. adharc bó; cáis gabhair; coiscéim coiligh; cos capaill; cráin muice; eitinn bólachta; léim capaill; géimneach bó; stail capaill; ubh circe:

      Chonaic mé cearc bradáin san uisce taobh leis an gcora éisc.

      Níor ith mé feoil capaill riamh.

    3. cill planda; coirt crainn; péist cabáiste:

      D’iarr sí ar na páistí duilleog cuilinn a tharraingt.

      Ní mór fréamh toir a bhaint chun fáil réidh leis an tor.

    4. foinse béil; íde béil; ionga méire; péist goile:

      Chuir siad clib cluaise ar gach ainmhí.

      An bhfuil an ordóg coise do do chrá?

    Tabhair faoi deara gur eisceachtaí iad beirt agus dís, agus go gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal is duine ina ndiaidh, e.g., beirt bhan; dís bhreithiúna; agus go gcuirtear séimhiú ar céile i ndiaidh ainmfhocal baininscneach, e.g., bean chéile; deirfiúr chéile.

  6. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más páirt den dara hainmfhocal an chéad ainmfhocal, e.g., beann píce; cos cathaoireach; cluas cupáin; iall bróige:

    Is éasca lámh buicéid a bhriseadh.

    Níor thuig sé conas an stiúir báid a úsáid.

  7. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más ainmfhocal teibí atá bunaithe ar aidiacht an chéad ainmfhocal, e.g., áilleacht ceantair; airde balla; breáthacht cathrach; dílseacht pictiúir; finne maidine; sábháilteacht bóthair:

    Ní mór d’eolaithe láidreacht cumaisc a thástáil sula ndíoltar é.

    Bunaíodh scéimeanna chun sábháilteacht bia a áirithiú.

  8. Ní shéimhítear ainmfhocal éiginnte ar lorg ainm briathartha a bhfuil an réamhfhocal ag roimhe, e.g., ag sábháil comhaid; ag tiomáint bus; ag tógáil balla:

    Thosaigh sé ag cniotáil geansaí aréir.

    Is breá le Caoimhe a bheith ag seinm ceoil.

    Tabhair faoi deara go bhfuil líon beag eisceachtaí seanbhunaithe ann, e.g., ag fáil bháis; ag gabháil fhoinn.

  9. Ní shéimhítear ainmfhocal éiginnte ar lorg ainm briathartha nó ainmfhocal a chuireann gníomh in iúl sa chás gurb é an dara hainmfhocal an cuspóir, e.g., athchúrsáil gloine; forbairt pobail; láimhseáil ceimiceáin; eisiúint preasráitis:

    Tabharfar aird ar oiliúint múinteoirí sa scéim nua.

    Tá rialacha áirithe i gceist le hathchúrsáil páipéir.

  10. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal i ndiaidh na bhfocal aicme, comhairle, corparáid, cuideachta, earnáil, feidhmeannacht, foireann, gníomhaireacht, institiúid, oifig, rannóg, roinn, scéim, seirbhís, e.g., aicme ceannais; comhairle contae; corparáid baincéireachta; earnáil gnó; foireann bainistíochta; institiúid breisoideachais; oifig preasa; rannóg pearsanra; roinn cosanta:

    Ní foláir dóibh an scéim marcála a choigeartú.

    Cuireann an gnólacht seirbhís comhairleoireachta ar fáil.

  11. Ní shéimhítear na hainmfhocail dlí, i ndiaidh ainmfhocal baininscneach, e.g., feidhm dlí; bó sí:

    Cuirfidh an rialtas cóip den ionstraim dlí ar fáil.

    Deirtear gur comhartha an mhí-áidh an long sí a fheiceáil.

  12. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más ceann de na haonaid tomhais bheachta bliain, coicís, seachtain an dara hainmfhocal, e.g., saoire míosa; tréimhse bliana; moill bliana:

    Cuireadh tús leis an bhféile seachtaine le hócáid i dteach an Mhéara.

    Bhí scíth coicíse de dhíth uirthi tar éis na hoibre.

  13. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má tá an dara hainmfhocal, atá sa ghinideach, cáilithe le hainmfhocal eile nó le haidiacht, e.g., oíche gaoithe móire; bileog páipéir dúigh; gloine beorach fuaraithe:

    Ní raibh deoir bainne úir fágtha sa teach.

    Cuireadh an obair tionscadail aistriúcháin i gcrích inné.

    Eisceacht: nuair is é beirtdís an chéad ainmfhocal, e.g., beirt bhan mhisniúla nó nuair is é beirt an dara hainmfhocal, e.g., páistí bheirt bhan.

Tabhair faoi deara go gcuirtear séimhiú, faoi réir na n‑eisceachtaí in (a) go (m) roimhe seo, ar gach ainmfhocal atá faoi réir ag ainmfhocal baininscneach, e.g., tuarascáil pharlaiminte agus chomhphobail. Má tá sraith ainmfhocal i liosta roimh ainmfhocal eile, áfach, is é an t‑athrú tosaigh a ghabhann leis an ainmfhocal deiridh sa tsraith a chuirtear ar an ainmfhocal nó ar na hainmfhocail eile atá faoina réir, e.g., leabhar nó iris cheoil; iris nó leabhar ceoil.

10.2.8 I nDiaidh Ainmfhocal san Iolra a chríochnaíonn ar Chonsan Caol

Má tá ainmfhocal (nach ainmfhocal cinnte) sa ghinideach faoi réir ag ainmfhocal san iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol, is gnách séimhiú a chur air, e.g., éin chlóis; dualgais bhreise; ceadúnais ghnó.

Bhí cruinniú aici le hoifigigh thithíochta as Meiriceá.

Deir sé go bhfuil na leabhair ghramadaí uile léite aige.

Is iad na maoir thráchta a eisíonn ticéid pháirceála.

Tabhair faoi deara go liostaítear in (a) go (f) ina dhiaidh seo na cásanna go léir nach séimhítear ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal san iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol. I ngach cás eile, cuirtear séimhiú ar ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol.

Nóta: D’fhéadfaí sampla a áireamh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna ina dhiaidh seo, e.g., le (a), (c) agus (d) a bhaineann an sampla dualgais dochtúirí.

  1. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má chríochnaíonn an chéad ainmfhocal ar d, n, t, ls agus má thosaíonn an dara hainmfhocal ar d, ts, e.g., báid seoil; capaill seilge; turais taighde:

    D’iarr an scéalaí ar na leanaí na focail draíochta a rá in éineacht léi.

    D’úsáidtí pinn tobair nuair a bhí seisean ar scoil.

  2. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má thosaíonn sé ar f, e.g., beithígh feirme; botháin freastail; buidéil fuisce:

    cláir faisnéise nua á bhforbairt ag TG4.

    Ghlac deich gcinn de chumainn foirgníochta páirt sa suirbhé.

  3. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más sa ghinideach iolra atá sé, e.g., imill bóithre; cnuasaigh dánta:

    Taitníonn na leabhair pictiúr sin leis na leanaí.

    oifigigh seirbhísí á lorg ag an gcomhairle faoi láthair.

  4. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más (i) duine, (ii) ainmhí, (iii) dúil bheo, nó (iv) cuid de dhuine, d’ainmhí nó de dhúil bheo, an dara hainmfhocal — 

    1. duáin cailín; buidéil páiste:

      Tá cur síos ar na liúntais cúramóra ar an suíomh gréasáin.

      Níor chóir pasfhocail múinteora a roinnt leis na daltaí riamh.

    2. bréagáin madra; sciatháin circe:

      D’fhéadfadh adharcáin céadchosaigh a bheith chomh fada lena chorp.

      Caitheadh amach na sliogáin bairnigh i ndiaidh an bhéile.

    3. crainn beithe; peitil blátha:

      Itheann an panda péacáin bambú.

      Moladh do na heolaithe spóir beacán a bhailiú.

    4. ailt méire; matáin coise:

      Díoltar cliatháin bagúin i siopa an bhúistéara.

      Bhí fáinní sna maotháin cluaise aige.

  5. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal más páirt den dara hainmfhocal an chéad ainmfhocal, e.g., cláir báid; méarchláir pianó:

    Is ar na cabair tí a bhíonn meáchan an dín uile.

    Tá na scáileáin gutháin nua i bhfad níos mó ná mar a bhíodh.

  6. Ní shéimhítear an dara hainmfhocal má tá an dara hainmfhocal, atá sa ghinideach, cáilithe le hainmfhocal eile nó le haidiacht, e.g., cláir dioplóma iarchéime; cláir deice báid:

    Ní mór beartais cosanta sonraí na cuideachta a nuashonrú.

    Réiteoidh na hoifigigh teicneolaíochta faisnéise an fhadhb.

    Eisceacht: nuair is é beirt an dara hainmfhocal, e.g., gluaisteáin bheirt pheileadóirí.

Tabhair faoi deara go gcuirtear séimhiú, faoi réir na n‑eisceachtaí in (a) go (f) roimhe seo, ar gach ainmfhocal atá faoi réir ag ainmfhocal san iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol, e.g., comórtais idir-ollscoile chadhcála agus bhoghdóireachta; páipéir bhainc agus pharlaiminte; limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Má tá sraith ainmfhocal i liosta roimh ainmfhocal eile, áfach, is é an t‑athrú tosaigh a ghabhann leis an ainmfhocal deiridh sa tsraith a bhíonn le cur ar an ainmfhocal nó ar na hainmfhocail eile a bhíonn faoina réir, e.g., treoracha nó leabhair ghramadaí; leabhair nó treoracha gramadaí.

10.2.9 I nDiaidh Ainmfhocal atá sa Ghinideach

Ní shéimhítear ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal atá sa tuiseal ginideach, e.g., bord údaráis creidiúnúcháin; síniú an choinbhinsiúin cóipchirt; suíomh an chruinnithe mullaigh; bord coláiste gairmoideachais; trasna na sráide cathrach:

Is i dteach an tsagairt paróiste a bhí an cruinniú.

Bhí sé ag fanacht ag doras an tí tábhairne.

10.2.10 Ar Ainmfhocal Cinnte i nDiaidh Ainmfhocal Eile

Cuirtear séimhiú ar ainmfhocal cinnte sa tuiseal ginideach i ndiaidh ainmfhocal eile, e.g., Cuan Bhaile Átha Cliath; foireann Dhoire; muintir Sheáin; oibrithe Bhéal Feirste; mac fhear an tábhairne; obair bhean an tí.

Tabhair faoi deara go gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal cinnte fiú amháin nuair a thagann d, ts i ndiaidh d, n, t, ls, e.g., foireann Dhoire; riail Shasana; doras Theach an Phiarsaigh; luas thraein an iarthair:

Dúirt siad gur fhreastail siad ar Choláiste Cholmáin.

Tá poll i ndíon shiopa an bhúistéara.

Ach ní chuirtear séimhiú — 

  1. ar na hainmfhocail seo a leanas:

    1. (Dia sa ghinideach), e.g., lámh Dé; trócaire Dé:

      Tá leabhar faoi Mhuire, Máthair , scríofa aige.

    2. San ná an t‑ainm ar a lorg, e.g., Ord San Proinsias; Lá San Svaítín; Lá San Seáin:

      Is i mBaile Átha Cliath atá paróiste San Caitríona.

    3. i laethanta na seachtaine, e.g., oíche Dé Máirt; tráthnóna Dé Céadaoin:

      Sroichfidh siad an Fhrainc maidin Dé Sathairn.

  2. ar ainmfhocal cinnte atá ar lorg na n‑ainmfhocal seo a leanas:

    1. Féile sa ghinideach, e.g., Lá Fhéile Pádraig; Samhradh beag na Féile Michíl:

      Is ar Lá Fhéile Bríde a rugadh í.

    2. Naomh, e.g., cuimhneachán Naomh Peadar; Naomh Pól:

      Bhí siad ag imirt i gcoinne Scoil Naomh Fionnbarra.

  3. ar ainm briathartha a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg, e.g., madra cosanta na monarcha; bean fuascailte na ceiste; beach cealgtha an pháiste; innill buailte an arbhair; seachtain bailithe na rátaí (féach 3.3.1(a)).

10.2.11 I Sloinnte

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh Mhic, Mhig, , Nic, i sloinnte, e.g., Bean Mháirtín Uí Bhroin; Isibéal Nig Fhloinn; Siobhán Ní Chonchúir; Úna Nic Shuibhne; agus i ndiaidh Mac (Mag) i sloinnte áirithe, e.g., Mac Pháidín; Mag Fhinn:

Ar bhuail tú riamh le Gobnait Ní Dhúill?

Bhí scéal de chuid Phádraic Uí Chonaire á léamh aici.

Tabhair faoi deara nach ndéantar cg a shéimhiú ar lorg MhicNic, e.g., teach Sheáin Mhic Cárthaigh:

An bhfaca tú carr Phóil Mhic Cearáin?

Ní raibh Sorcha Nic Gearailt i láthair.

10.2.12 Sa Chomhfhocal

Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., dea-cháil, deargbhuile, rósghairdín, sárdhuine, ach amháin nuair a thagann d, n, t, ls le chéile, e.g., antráth, catsúil, clostrácht, galltrumpa, ilsiolla, leasdeartháir, seansaighdiúir.

Cuireadh an dramhpháipéar i leataobh lena athchúrsáil.

Is é cúldoras an tí a úsáideann siad i gcónaí.

carrchlós díreach in aice leis an mbunscoil.

Nóta: Ní shéimhítear an dara focal i gcomhfhocal i ndiaidh an- (réimír threise) nuair a thagann d, ts ar a lorg, e.g., An-duine is ea é; Bhí an-dea-aimsir ann an samhradh sin; An-drochrud a bhí sa bhean sin (féach 2.1.7).

10.2.13 I nDiaidh na Copaile

Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh na copaile sa mhodh táscach, aimsir chaite agus aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach, e.g., Ba dhuine mór é; Ar shagart é?; Níor dhochtúir é; Nár cheoltóir maith é?; Is dóigh leis gur ghadaí a bhí ann; Dúirt sí gurbh fhiú labhairt léi; Deir sé nár dhochar é; cér chás é (ach); dá mba chailín í; fear dar shloinne Ó Murchú; má ba bhithiúnach é; murar bhréag é (féach Caibidil 7):

Ba mheicneoir í nuair a bhí sí óg.

Ba mhian liom dul ann am éigin.


10.3 Séimhiú ar an Aidiacht

Cuirtear séimhiú ar an aidiacht sna cásanna seo a leanas.

10.3.1 I nDiaidh Ainmfhocail

Séimhítear túschonsan aidiachta cáilíochta — 

  1. i ndiaidh ainmfhocal atá san ainmneach, sa tabharthach nó sa ghairmeach uatha baininscneach, e.g., bean mhór; don bhean mhór; a bhean mhór:

    Ceannaíonn sé feoil bhlasta i gcónaí.

    Fan taobh thiar den líne bhuí.

    Tabhair faoi deara nach gcuirtear séimhiú ar fhrásaí aidiachtacha ilfhoclacha, e.g., athnuachan saor in aisce; bean mór le rá; tuarascáil cothrom le dáta (féach 4.3.8).

  2. i ndiaidh ainmfhocal atá sa ghinideach nó sa ghairmeach uatha firinscneach, e.g., mac fir mhóir; a fhir mhóir:

    Ar bhuail tú le húinéir an chapaill ghlais?

    Dán leis an bPiarsach is ea A Éin Bhig.

  3. i ndiaidh ainmfhocal atá san ainmneach nó sa tabharthach iolra, má chríochnaíonn an t‑ainmfhocal ar chonsan caol, e.g., fir mhóra; do na fir mhóra (eisceacht: caora san ainmneach iolra, e.g., caoirigh beaga/bána/móra, etc.):

    Ní mór lipéid shothuigthe a chur ar earraí glantacháin.

    Bhí scamaill mhóra dhubha sa spéir.

    Tabhair faoi deara go mbristear an ceangal gramadaí le lúibíní, e.g., gnóthais (beag nó mór).

  4. i gcás uimhreacha:

    1. i ndiaidh ainmfhocal a bhfuil dhá roimhe, e.g., dhá bhó bhána; luach an dá bhó bhána; an dá leabhar déag mhóra; dhá fhuinneog mhóra is tríocha; dhá cheann mhóra is ceathracha:

      Fuair sé dhá ghadhar fhíochmhara.

      Ní mór doirse an dá theach bheaga a chur faoi ghlas.

    2. i ndiaidh ainmfhocal san uatha a bhfuil uimhir ó trí go deich roimhe, e.g., trí (ceithre, cúig, sé) bhád mhóra; seacht (ocht, naoi, deich) gcapall mhóra; trí (ceithre, cúig, sé) fhuinneog déag mhóra; seacht (ocht, naoi, deich) mbád déag mhóra; ocht gcéad nócha is naoi mbád bheaga; lucht na dtrí (gceithre, etc.) bhád mhóra; ainmneacha na seacht (n-ocht, etc.) gcapall mhóra:

      Cheannaigh sí trí leabhar fhada dá laethanta saoire.

      Taispeánadh deich scannán cháiliúla le linn na féile.

      Tabhair faoi deara, má úsáidtear an Córas Simplithe os cionn fiche (féach 9.3.109.3.12) nach gcuirtear séimhiú ach amháin ar aidiacht a thagann i ndiaidh ainmfhocal baininscneach, e.g., fiche a trí capall mór; 45 fuinneog mhór.

    3. i ndiaidh an leagain iolra cinn nuair atá uimhir ó trí go deich roimhe, e.g., trí cinn dhubha; cúig cinn mhóra is seasca:

      D’aimsigh sí trí cinn fholmha sa chuardach.

  5. sa tabharthach uatha firinscneach, má tá Córas an tSéimhithe á úsáid (féach 1.7).

10.3.2 Roimh Ainmfhocal

Nuair a thagann aidiacht roimh ainmfhocal — 

  1. séimhítear an aidiacht ar lorg réamhfhocal simplí, ar lorg réamhfhocal simplí agus an ailt agus ar lorg aidiacht shealbhach ar an tslí chéanna ar a séimhítear an t‑ainmfhocal, e.g., ar thrí euro; don cheathrú bean; mo shéú hubh (féach 9.5.1):

    Déanfar é laistigh de cheithre mhí.

    Thug siad don chúigiú cuairteoir é.

    Ba é a thríú hiarracht é.

  2. cuirtear séimhiú ar an orduimhir sa tuiseal ginideach ar an tslí chéanna a gcuirtear séimhiú ar ainmfhocal firinscneach, e.g., doras an cheathrú seomra, ach ní shéimhítear f, e.g., i dtrátha an fichiú lá (féach 9.5.4(d))

    Chuaigh bróga an chúigiú girseach amú.

    Bhí bia an fichiú fear le dáileadh fós.

    Tabhair faoi deara nach séimhítear — 

    1. an orduimhir san ainmneach, ach amháin céad (féach 9.5.1(b)), e.g., an tríú duine; an cúigiú bean; ach an chéad áit; na chéad chéimeanna:

      Is tusa an ceathrú duine a chuir an cheist sin orm.

      Bhain sí an séú háit amach sa rás.

    2. cibé, gach:

      Ní foláir é a chríochnú laistigh de cibé tréimhse a cheadóidh an tAire.

      Ba cheart do gach institiúid a rialacha slándála féin a urramú.

      Níor fhéad sé cur síos a dhéanamh ar pé rud a bhí ag cur isteach air.

    3. na haidiachtaí sealbhacha mo agus do, e.g., ar mo mhála; faoi do chara:

      Rachadh sé trí do chroí.

      Chonaic mé é ar do shuíomh gréasáin.

10.3.3 Ar dhá agus ar dháréag

Bíonn séimhiú ar na haidiachtaí dhá agus dháréag, e.g., mo dhá bhróg; bhí dháréag i láthair; ach amháin i ndiaidh an ailt uatha (an, don, sa, etc.), aon agus chéad, e.g., an dá áit; gach aon dá uair an chloig; an chéad dá bhliain; an Dáréag Aspal; gach aon dáréag acu; an chéad dáréag a cháiligh; Cogadh an Dá Aodh.

Chaith siad dhá uair an chloig ann.

Roghnaigh siad dháréag chun bheith páirteach sa chomórtas.

Bhí an bhronntanas oscailte aici.

Cén treoir a tugadh don dáréag ar an ngiúiré?

10.3.4 Ar déag agus ar fichead

Bíonn séimhiú ar déag i ndiaidh agus i ndiaidh ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta, e.g., trí bhó dhéag; cúig lá dhéag; ach amháin sna horduimhreacha (féach 9.5.2(e)). Séimhítear fichead i ndiaidh ainmfhocal a bhfuil iolra caol air, e.g., trí cinn fhichead.

Fuair sé bus uimhir a dó dhéag.

Mhair an cúrsa seacht mí dhéag.

Seacht gcinn fhichead de ghearrscéalta atá sa chnuasach.

10.3.5 Sa Chomhfhocal

Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., beagmhaith, fíordheas, ach amháin nuair a thagann d, ts i ndiaidh d, n, t, ls, e.g., antrom, bándearg, caolsrónach, casdubh, fadsaolach, ildánach, ilteangach.

Rinne siad staidéar ar ábhar leathsheoltach mar chuid den rang fisice.

Fuair sé íocaíocht ollmhór as an obair sin.

Ba léir go raibh sí lánsásta lena céad lá sa phost.

10.3.6 I nDiaidh na Copaile

Cuirtear séimhiú ar an aidiacht i ndiaidh na copaile sa mhodh táscach, aimsir chaite agus aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach, e.g., Ba dheas uait é; Ar mhaith leat é?; Níor bheag an gaisce é; Nár dhona an lá é?; B’fhéidir nár chneasta uaim é; Dá mba mhaith leat teacht, bheadh fáilte romhat; má ba shaibhir an fear é (féach Caibidil 7).

Dúirt sé gur mhór an leas dó é.

Murarbh fhíor é, níor cheart a leithéid a rá.


10.4 Séimhiú ar an mBriathar

10.4.1 Séimhiú ar an mBriathar Neamhspleách

Séimhítear an briathar neamhspleách — 

  1. sa mhodh táscach, aimsir chaite agus aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach, e.g., mhol mé (mhol tú, etc.), mholainn (mholtá, etc.), mholfainn, (mholfá, etc.), mholtaí, mholfaí:

    Shábháil sí go leor airgid.

    Théidís ann gach lá.

    Chuideodh sé leat dá gcuirfeá ceist air.

  2. i ndiaidh a, coibhneas díreach, agus i ndiaidh na gcónasc agus ó:

    Is í sin an bhean a ghlanfaidh an áit.

    An bhfaca tú an gluaisteán a thiomáineann sí?

    Má bhíonn sé ann tabhair leat é.

    Ó chuir tú i mo cheann é níor smaoinigh mé ar rud ar bith eile.

  3. san fhochlásal dearfach atá mar ainmní ag an gcopail i leaganacha mar Is ann a chonaic mé é; Is leis a bheidh mé:

    Is sa siopa sin a cheannaíonn sé a chuid éadaí.

    Is ar líne a chraolfar é.

    Ach, tabhair faoi deara — 

    1. Taobh amuigh de bhriathra neamhrialta áirithe — bhíothas, chonacthas, chualathas, chuathas, thángthas — ní shéimhítear an saorbhriathar san aimsir chaite, e.g., Buaileadh go dona iad; an geall a briseadh:

      Ní raibh sé sa bhaile ó fuarthas ciontach é.

      Ba leis a cailleadh é.

    2. Ní shéimhítear an briathar abair in aon chás:

      Dúirt siad go mbeidís ann.

      Cad a déarfaidh tú léi?

      deir sí nach bhfuil suim aici ann, ná bí buartha faoi.

10.4.2 Séimhiú ar an mBriathar Spleách

Séimhítear an briathar spleách i ndiaidh na gcónasc agus na míreanna briathartha ar, cár, dár, gur, murar, nár, , níor, sular:

Ar chuir sé i bhfolach é?

Cár ghoirtigh sé é féin?

Gach duine dár chuir tú in aithne dom.

Sílim gur thuig sé mé.

Murar mharaigh sé é chuaigh sé gairid dó.

Nár phós sé riamh?

Ní fhaca sé mé.

Níor fhéad mé é a dhéanamh.

Bhí mise anseo sular tháinig Seán.

Ach, tabhair faoi deara:

  1. go n‑uraítear an briathar faigh sa leagan spleách san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach i ndiaidh na míre briathartha , e.g., Ní bhfuair tú ansin iad; Ní bhfaighinn aon chabhair uathu (féach 10.8.2(b)).

  2. nach séimhítear an briathar abair in aon chás, e.g., Ní déarfadh aon duine gur theip ort.


10.5 Séimhiú ar an bhForainmneach

10.5.1 I nDiaidh an Réamhfhocail ó

Cuirtear séimhiú ar an bhforainmneach taispeántach sin i ndiaidh an réamhfhocail ó sa fhrása ó shin (i leith).

Bhisigh an aimsir ó shin.

Tharla sé tamall maith ó shin.

10.5.2 I nDiaidh Réamhfhocal

Ní shéimhítear na forainmnigh cheisteacha , cad, , etc.:

Thug sé tuairisc ar a bhí i láthair.

Níor thrácht sé ar cad a bhí le déanamh.


An tUrú

Is iad seo na consain inuraithe: b, c, d, f, g, p agus t. Cuirtear n- roimh ghuta san áit a ndéanfaí urú a chur ar chonsan, ach amháin sa tuiseal tabharthach ar lorg an ailt nó an ailt i gcumasc le réamhfhocal, e.g., ar an uisce, faoin ábhar; agus i gcás i (féach 10.6.4). Cuirtear fleiscín idir an t‑urú n agus guta, e.g., líon na n‑ospidéal; ach amháin nuair is ceannlitir an guta, e.g., meon na nAlbanach.

10.6 Urú ar an Ainmfhocal

Cuirtear urú ar an ainmfhocal sna cásanna seo a leanas.

10.6.1 I nDiaidh an Ailt

Cuirtear urú ar an ainmfhocal i ndiaidh an ailt — 

  1. sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, i roinnt cásanna nuair a ghabhann réamhfhocal leis an alt, e.g., ar an gcapall; faoin bhfoirgneamh (féach 1.4):

    Fuair sé teachtaireacht bhuíochais ón mbrídeach.

    Chuir siad fáilte roimh an gcuairteoir.

    Tabhair faoi deara go mbíonn urú ann i gcónaí sna frásaí mar an gcéanna agus um an dtaca.

  2. sa tuiseal ginideach iolra, firinscneach agus baininscneach, e.g., seolta na mbád beag; scoil na gcailíní óga:

    Bhí ceol na n‑éan le cloisteáil ar fud na coille.

    Tá siad ag maisiú na dtithe roimh theacht an tsamhraidh.

10.6.2 I nDiaidh na nAidiachtaí Sealbhacha san Iolra

Cuirtear urú ar an ainmfhocal i ndiaidh na n‑aidiachtaí sealbhacha san iolra, e.g., ár n‑athair; bhur bpáistí; a ngluaisteáin:

Bhuail mé le bhur gcairde ag an mbainis.

Deirtear gurb iad a gcácaí siúd na cácaí is deise dá bhfuil ann.

Tabhair faoi deara go ndéantar urú i ndiaidh dhá má tá aidiacht shealbhach san uimhir iolra roimhe, e.g., ár dhá gcapall; ár dhá gcúigiú cuid; bhur dhá dteach; a dhá mbó (féach 8.3.3).

10.6.3 I nDiaidh Uimhreacha Áirithe

Cuirtear urú ar an ainmfhocal i ndiaidh na mbunuimhreacha seacht go deich, e.g., seacht ndícheall; ocht gcinn; naoi mbliana; deich n‑eachtra (féach 9.3.1(i)):

Cuirfear tús le seacht gclár faisnéise nua Dé Luain seo chugainn.

Chonaic sé naoi n‑éan sa spéir.

Ní dhéantar athrú tosaigh ar na hainmfhocail euro agus cent, e.g., seacht euro; naoi euro; deich cent.

Tabhair faoi deara:

  1. gurb é an t‑athrú tosaigh a ghabhann leis an uimhir dheiridh i sraith a bhíonn le cur ar an bhfocal nó ar na focail eile atá faoina réir, e.g., sé nó seacht mbád;

  2. má úsáidtear an Córas Simplithe os cionn fiche (féach 9.3.109.3.12), nach gcuirtear urú ar an ainmfhocal, e.g., fiche a seacht capall; 49 fuinneog.

10.6.4 I nDiaidh Réamhfhocail Shimplí Áirithe

Cuirtear urú ar an ainmfhocal i ndiaidh na réamhfhocal simplí seo a leanas — 

  1. i, e.g., i mbaile; i bpáirc; i mBaile an Fheirtéaraigh:

    Bhí sé i bpriacal a anama.

    Is i mBéal Átha an Ghaorthaidh a bunaíodh Coláiste na Mumhan.

    Scríobhtar in roimh fhocail a thosaíonn ar ghuta, e.g., in eaglais; in Albain; in Áth Dara; in Éirinn; in aon chás; agus sna cásanna seo a leanas:

    1. roimh bhur, dhá agus go leor, e.g., an áit a bhfuil sibh in bhur gcónaí; in dhá áit; in go leor cásanna:

      Chuir mé in bhur gcistin é.

      Tá an grúpa ceoil ar an ngearrliosta in dhá chomórtas.

    2. roimh theidil leabhar, irisí nó scannán, etc., agus roimh ghiorrúcháin ar theidil eagraíochtaí, comhaontuithe, scéimeanna, etc., e.g., in An tOileánach; alt in Comhar; in AE; in CAE; in FSS (ach féach 3.2.2B):

      Léigh mé alt suimiúil in Feasta an mhí seo caite.

      Cá mhéad stát atá in SAM?

    3. roimh logainmneacha iasachta nach bhfuil gaelaithe, e.g., in Birmingham; in Barcelona; in Köln (ach i Londain, i mBostún):

      Chaith sí seachtain ag obair in Mumbai.

      Thuirling an t‑eitleán in San Francisco ar a sé a chlog ar maidin.

    4. roimh bhlianta nuair a scríobhtar ina bhfigiúirí iad, e.g., in 1998; in 2017.

  2. ar i gcorrleagan, e.g., ar gcúl; ar ndóigh; agus i ndiaidh an réamhfhocail go (nuair nach go dtí is ciall leis), e.g., go bhfios dom; go gcuimhin liom:

    Níl lámh ar gcúl againn.

    Cath go ndíth ab ea é, gan aon agó.

10.6.5 I nDiaidh

Cuirtear urú ar an ainmfhocal sa fhrása seanbhunaithe cá bhfios.

Cá bhfios dom?


10.7 Urú ar an Aidiacht

Cuirtear urú ar aidiacht a thagann roimh ainmfhocal ar an tslí chéanna ar a n‑uraítear an t‑ainmfhocal (féach 10.6). Is é sin le rá, go n‑uraítear aidiacht i ndiaidh an ailt sa tabharthach uatha i gcásanna áirithe, e.g., ar an gceathrú hurlár; sa tuiseal ginideach iolra, e.g., i rith na gcúig oíche; i ndiaidh na n‑aidiachtaí sealbhacha san iolra, e.g., ár gcéad mhac; agus i ndiaidh an réamhfhocail i, e.g., i ngach leabhar.

Cá bhfuil bhur dtríú haiste don tionscadal?

Rinne sí scéal mhadra na n‑ocht gcos as.

Moladh cruinnithe a thionól i ngach contae.

Tabhair faoi deara nach n‑uraítear:

  1. cibé, , ná an aidiacht shealbhach do, e.g., i cibé foirm; i pé páipéar; i do mhála:

    Foilseoidh an Chomhairle an clár i cibé formáid is cuí léi.

    Coimeádfar é i pé oifig is mian leat.

  2. aidiacht ar lorg ainmfhocail, e.g., cumann na bhfear óg; seolta na mbád dubh.


10.8 Urú ar an mBriathar

Cuirtear urú ar an mbriathar sna cásanna seo a leanas.

10.8.1 San Fhochlásal Coibhneasta

Cuirtear urú ar an mbriathar san fhochlásal coibhneasta i ndiaidh — 

  1. a, coibhneas indíreach, agus nach, e.g., an bainne nach n‑óltar; an bhean a dtagann a páistí ar scoil; an duine a gcáintear é; an duine nach gcáintear é; an fear nach gcuirtear cúram air:

    Is í sin an bhean nach dtagann a páistí ar scoil.

    Is é sin an fear a dtugtar aire dó san ionad cónaithe.

  2. réamhfhocal i gcumasc le a, coibhneas indíreach (féach 11.6.1(c)), e.g., an tAcht dá (as do+a) dtagraítear; an Bille lena (as le+a) ndéantar leasú:

    Is é sin an chuideachta óna bhfuair mé mo théacsleabhair.

    Is é sin an t‑ainm faoina ndíolann sé earraí ar líne.

  3. a (sa bhrí an méid a) agus (as de+a, do+a), e.g., d’ólfadh sé a bhfeicfeadh sé; gach aon duine dá dtagann ann; gach áit dá ndéantar tagairt:

    a dteastódh uait i mbanna ceoil acu.

    Beidh gach duine dá dtabharfar cuireadh ann.

10.8.2 I nDiaidh Cónaisc agus Míreanna Áirithe

Cuirtear urú ar an mbriathar i ndiaidh na gcónasc agus na míreanna briathartha — 

  1. an, , (coinníollach), go, mura, nach, sula:

    An mbeidh cupán tae agat?

    Cá dtéann an bóthar seo?

    Dá mbeadh an t‑airgead aige, chaithfeadh sé é.

    Abair leis go bhféadfaidh sé imeacht.

    Mura n‑inseoidh tú an scéal, cuirfidh mé ceist ar dhuine éigin eile!

    Nach n‑ólann sé bainne?

    Ní mór é a chríochnú sula dtiocfaidh sé.

    Ach ní chuirtear n- roimh ghuta i ndiaidh na míre an, e.g., An ólann tú tae?; An itheann tú feoil?; An athróidh tú é?:

    An éisteann sé le ceol agus é ag staidéar?

    An osclóidh tú an oifig maidin amárach?

  2. , i gcás an leagain spleách den bhriathar faigh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach, e.g., ní bhfuair mé (, etc.), ní bhfaighidh mé (, etc.), ní bhfaighinn (bhfaighfeá, etc.):

    Ní bhfuair mé aon chaife ar maidin.

    Mura n‑iarrfaidh tú é ní bhfaighidh tú é.

    Ní bhfaighfeá san ollmhargadh sin é.


t roimh Ghuta nó roimh s

Cuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus guta, e.g., an t‑ospidéal; ach amháin nuair is ceannlitir an guta, e.g., an tAlbanach. Ní chuirtear fleiscín riamh idir an réamhlitir t agus s, e.g., an tsatailít; an tSeapáin.

10.9 t roimh Ghuta i nDiaidh an Ailt

10.9.1

Cuirtear t- roimh ghuta i ndiaidh an ailt — 

  1. san ainmneach uatha, roimh ainmfhocal firinscneach más guta atá ina thús, e.g., an t‑asal; an t‑eitleán:

    Cá bhfuair tú an t‑airgead?

    Bhí eagla orthu go ndéanfaí an t‑éiceachóras a scriosadh.

    Tabhair faoi deara nach gcuirtear t- roimh euro, iomadoiread, e.g., an euro, an iomad, an oiread.

  2. san ainmneach uatha, roimh aon, aonú, ochtó, ochtódú, ochtú, e.g., an t‑aon bhean déag; an t‑aonú háit déag; an t‑ochtó bliain; an t‑ochtódú huair:

    Is tusa an t‑aon duine ar labhair mé leis faoin scéal.

    B’in é an t‑ochtú cluiche aici i mbliana.


10.10 t roimh s i nDiaidh an Ailt

10.10.1

Cuirtear t roimh s i ndiaidh an ailt más guta nó l, nr atá ar a lorg i gcásanna áirithe i ndiaidh an ailt de réir Chaibidil 1, e.g., an tslat; an tsnaidhm; an tsreang; ar an tsráid; faoin tsinsearacht; deireadh an tséasúir; eochair an tsiopadóra; cótaí an tseachtair.

Ná bain an tsrón díom!

An bhfaca tú eireaball an tsionnaigh?

10.10.2

Ní chuirtear t roimh s — 

  1. in uimhreacha, e.g., deireadh an seachtú lá; agallamh an seascadú duine, ach amháin uimhreacha pearsanta sa ghinideach, e.g., ainmneacha an tseisir; torthaí an tseisear scoláirí:

    Cad a fuair tú i dteannta an seasca euro?

    Labhair sé faoi ghéarchéim an séú haois déag.

  2. i ndiaidh aon agus na horduimhreach céad, e.g., aon salann; aon seanmóir; an chéad sagart:

    An bhfuil aon saill sa bhia sin?

    Is í seo an chéad saoire a bheidh againn le chéile.


h roimh Ghuta

Ní chuirtear fleiscín idir an réamhlitir h agus guta, e.g., le háthas; go hÉirinn; na húlla. Cuirtear h roimh ghuta sna cásanna seo a leanas.

10.11 h Roimh Ghuta — An tAinmfhocal

10.11.1 I nDiaidh an Ailt na

Cuirtear h roimh ainmfhocal a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh an ailt na — 

  1. sa ghinideach uatha baininscneach, e.g., ainm na háite; lár na heitilte:

    Foilsíodh leabhar nua faoi stair na hUachtaránachta.

    Bhí glacadh forleathan leis an tuairim sin faoi dheireadh na haoise seo caite.

  2. san ainmneach iolra agus sa tabharthach iolra, e.g., na hainmneacha; sna hionaid sin:

    na huimhreacha go léir ar eolas aige.

    Cliceáil faoi dhó ar na híomhánna chun iad a mhéadú.

10.11.2 I nDiaidh Uimhreacha Áirithe

  1. Cuirtear h roimh ainmfhocal a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh na n‑orduimhreacha, e.g., an dara (tríú, etc.) heochair; ach amháin céad, e.g., sa chéad áit; an chéad obráid.

    Déanaigí an ceathrú halt a léamh roimh rang an lae amárach.

    an t‑ochtú heagrán den iris ar fáil anois.

  2. Cuirtear h roimh uaire i ndiaidh trí, ceithre, cúig, , e.g., trí (ceithre, cúig, ) huaire (féach 9.3.2(c)).

    Theip uirthi trí huaire as a chéile.

    Tá sé déanta aige sé huaire anois.

    Tabhair faoi deara nach n‑úsáidtear an leagan iolra ar leith den ainmfhocal uair nuair is aonad 60 nóiméad atá i gceist, e.g., Thóg sé trí uair an chloig orm an obair a chríochnú.

10.11.3 I nDiaidh na Réamhfhocal le agus go

Cuirtear h roimh ainmfhocal a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh na réamhfhocal le agus go (sa bhrí go dtí), e.g., ó mhaidin go hoíche; le hintinn mhaith; le hÁine; go hAlasca.

Is ar an mbád a chuaigh sí go hÁrainn.

Chuaigh siad ar stailc i bpáirt le hoibrithe eile.

10.11.4 I nDiaidh an Fhorainmnigh Cheistigh

Cuirtear h roimh ainmfhocal a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh an fhorainmnigh cheistigh , e.g., cá hiontas?; cá háit?

Cá haois í anois?

Cá huair a bheidh an dráma ag tosú?

10.11.5 I Sloinnte

Cuirtear h roimh ainmfhocal a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh Ó i sloinnte, e.g., Seán Ó hÓgáin; do Chathal Ó hAodha.

Máirtín Ó hÉalaí is ainm dó.

Dúirt Séamas Ó hUiginn go raibh sé sásta leis an bpróiseas.

10.11.6 I nDiaidh

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh in Dé hAoine.

Gheall sí go mbeadh sí ann Dé hAoine.

Ba oíche Dé hAoine a tharla sé.

10.11.7 I nDiaidh na hAidiachta Sealbhaí a

Cuirtear h roimh ainmfhocal a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh a, aidiacht shealbhach, sa tríú pearsa uatha baininscneach, e.g., a hathair.

Ar chuir sí a hathair in aithne duit go fóill?

Scríobh sí leabhar álainn faoina haistear thart timpeall na hEorpa.

10.11.8 I nDiaidh

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh (an fhoirm dhiúltach, aimsir láithreach den chopail (féach 7.2.5)):

  1. ar na hainmfhocail áibhéil, ionadh, iontas agus ualach:

    Ní hiontas ar bith é sin.

    Ní hualach do dhuine an fhoghlaim.

  2. ar an ainmfhocal sna frásaí copaile réamhfhoclacha acmhainn do; áil le; aitheanta do; aithnid do; éadáil le; ealaín do; éigean do; agus eol do:

    Ní haithnid duit mé.

    Ní healaín do lucht déanta an dlí iompú ar é a bhriseadh.

  3. ar an ainmfhocal i gcorr-sheanfhocal:

    Ní haithne go haontíos.

    Ní heolas go haontíos.

Tabhair faoi deara nach gcuirtear h roimh ainmfhocal i ndiaidh taobh amuigh de na cásanna thuasluaite, e.g., Ní amadán é; Ní Eoin is ainm dom; Ní eolas oideachas.


10.12 h roimh Ghuta — An Aidiacht agus an Dobhriathar

10.12.1 I nDiaidh chomh, go, le

Cuirtear h roimh aidiacht nó dobhriathar a thosaíonn ar ghuta i ndiaidh chomh, go agus le, e.g., chomh hard le haon chapall; Tá sé go hálainn.

Bhí an crann crónghiúise chomh hard le foirgneamh tríocha urlár.

Ní bhíonn sé anseo ach go hannamh.

Ní ghlacfar le haon iarratas tar éis 5 p.m. Dé hAoine.

10.12.2 I nDiaidh

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh (an fhoirm dhiúltach, aimsir láithreach den chopail (féach Caibidil 7)):

  1. ar na haidiachtaí amháin, aon, ionann agus iondúil, agus ar na dobhriathra amhlaidh agus annamh:

    Ní hamháin gur saoire na geansaithe sin ach is fearr iad chomh maith.

    Ní hionann an dá rud ar chor ar bith.

    Ní hamhlaidh nár insíodh di.

  2. ar an aidiacht sna frásaí copaile réamhfhoclacha eagal do/le agus oircheas do:

    Ní heagal duit an madra.

    Ní hoircheas duit labhairt air.

10.12.3 I nDiaidh a agus na

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh a agus na sna huimhreacha, e.g., ceacht a haon; na hocht gcinn.

Fuair sí bus a haon déag.

Cár cheannaigh tú na hocht n‑úll dhearga sin?


10.13 h roimh Ghuta — An Forainmneach

10.13.1 I nDiaidh agus

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh agus ar na forainmnigh phearsanta é, í, ea agus iad, e.g., ní hé; ní hí; ní hea; ní hiad; cé hé?; cé hí?; cé hiad?

Ní hé lá na báistí lá na bpáistí.

Cé hiad féin?

10.13.2 I nDiaidh

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh ar na forainmnigh thaispeántacha éard, eo, in agus iúd, e.g., ní héard; ní heo; ní hin; ní hiúd.

Ní heo é an rud atá le déanamh.

Ní hin é.

10.13.3 I nDiaidh le

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh le ar na forainmnigh phearsanta é, í agus iad, e.g., le hé; le hí; le hiad.

Chuaigh sé ann le hí a phósadh.

Rinne sé riail le hiad a smachtú.


10.14 h roimh Ghuta — An Briathar

10.14.1 I nDiaidh

Cuirtear h roimh ghuta i ndiaidh ná sa mhodh ordaitheach, e.g., ná himigh.

Ná habair dada leis faoin gcóisir.

Ná hosclaígí an doras mura bhfuil a fhios agaibh cé atá ann.

Ná hóltar sa Dánlann.


d' Roimh Ghuta nó Roimh fh

10.15 d' roimh Ghuta nó roimh fh — An Briathar

Cuirtear d' roimh ghuta nó fh‑ san áit a mbeadh séimhiú ar chonsan san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g., d’fhágamar; d’fhanadh sibh; d’fhreagróinn; d’imeoinn; d’ithinn; d’ól sé; an té a d’imigh; d’aithneofaí í; má d’fhág sé; má d’fheiceadh sé; má d’imríomar.

An í sin an cheist a d’fhreagair sé?

Théidís abhaile láithreach nuair a d’fhágaidís an áit.

Ní raibh mé cinnte faoin méid a d’íosfadh sé.


10.16 Achoimre ar na hAthruithe Tosaigh

Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina gcuirtear séimhiú ar ainmfhocail, ar aidiachtaí, ar bhriathra agus ar fhorainmnigh. Tá míniú ar an riail iomlán ar fáil faoi na crostagairtí sa cholún ar chlé.

Tábla 10A Achoimre ar an Séimhiú
An Séimhiú
Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh an ailt an san ainmneach uatha baininscneach, sa ghinideach uatha firinscneach agus, i roinnt cásanna, sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach (10.2.1) an bhean; hata an fhir; don chlár; sa pháirc
I ndiaidh na míre gairmí, uatha nó iolra, firinscneach nó baininscneach (10.2.2) a bhuachaill; a dhaoine uaisle
I ndiaidh na n‑aidiachtaí sealbhacha mo, do agus a (fir. uatha); i ndiaidh na haidiachta rannaí uile; agus i ndiaidh na haidiachta éiginnte aon (10.2.3) mo pheann; do chat; a ghuthán; gach uile dhuine; aon bhord
I ndiaidh na n‑uimhreacha aon, céad; dhá; agus trí, ceithre, cúig, (10.2.4) aon chailín amháin; an chéad bhróg; dhá mhadra; trí bhád
I ndiaidh na réamhfhocal de, do, faoi, ionsar, mar, ó, roimh, trí; um mura b, m, p túslitir an ainmfhocail; agus ar, gan, idir, thar i gcásanna áirithe (10.2.5) faoi bhord; um Cháisc; ar bhád; idir fhir agus mhná
I ndiaidh réamhfhocal comhshuite más ainmfhocal cinnte an t‑ainmfhocal (10.2.6) in aice Bhaile Átha Cliath; timpeall mhí na Nollag
I ndiaidh ainmfhocal baininscneach seachas sna cásanna a luaitear in 10.2.7(a)(m) (10.2.7) cloch shneachta; tuarascáil pharlaiminte
I ndiaidh ainmfhocal san iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol i ngach cás nach luaitear in 10.2.8(a)(f) (10.2.8) éin chlóis; ceadúnais ghnó
I ndiaidh ainmfhocal atá san uatha nó san iolra, firinscneach nó baininscneach, más ainmfhocal cinnte sa ghinideach é (10.2.10) Cuan Bhaile Átha Cliath; doras Theach an Phiarsaigh
I sloinnte i ndiaidh Mhic, Mhig, , Nic, Nig, , agus i ndiaidh Mac (Mag) i gcásanna áirithe (10.2.11) Úna Nic Shuibhne; Isibéal Nig Fhloinn
Más é an dara focal i gcomhfhocal é (10.2.12) dea-cháil; deargbhuile; rósghairdín
I ndiaidh na copaile sa mhodh táscach, aimsir chaite agus aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach (10.2.13) Ba mheicneoir é; Nár cheoltóir maith é?; Ba dhóigh leis gur ghadaí é.
Cuirtear séimhiú ar an aidiacht sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh ainmfhocal atá san ainmneach, tabharthach nó gairmeach uatha baininscneach; sa ghinideach nó sa ghairmeach uatha firinscneach; san ainmneach nó sa tabharthach iolra má chríochnaíonn an t‑ainmfhocal ar chonsan caol (nó sa tabharthach uatha firinscneach má tá Córas an tSéimhithe in úsáid) nó i ndiaidh ainmfhocal san uatha má tá dhá nó uimhir ó trí go deich roimhe (10.3.1) feoil bhlasta; leis an mbean cháiliúil; a ghirseach chiúin; úinéir an chapaill ghlais; a éin bhig; lipéid shothuigthe; ar na scamaill mhóra dhubha; dhá ghadhar fhíochmhara; dhá chat thanaí; trí fhuinneog mhóra
Ar an tslí chéanna ar a séimhítear ainmfhocal ar lorg réamhfhocal simplí, ar lorg réamhfhocal simplí agus an ailt, ar lorg aidiacht shealbhach, agus sa tuiseal ginideach firinscneach (10.3.2) laistigh de cheithre mhí; sa chúigiú háit; a dtríú hiarracht (tríú pearsa fir.); bróga an cheathrú girseach
Ar na haidiachtaí dhá agus dháréag (10.3.3) dhá bhróg; Bhí dháréag i láthair.
Ar déag i ndiaidh agus ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta; agus ar fichead i ndiaidh ainmfhocal iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol (10.3.4) a dó dhéag; cúig bhó dhéag; trí cinn fhichead
Más é an dara focal i gcomhfhocal é (10.3.5) beagmhaith; fíordheas; ollmhór
I ndiaidh na copaile sa mhodh táscach, aimsir chaite agus aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach (10.3.6) ba dheas; nár dhona; níor cheart
Cuirtear séimhiú ar an mbriathar sna cásanna seo a leanas: Samplaí
Ar an mbriathar neamhspleách sa mhodh táscach, aimsir chaite agus aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach; i ndiaidh a, coibhneas díreach; i ndiaidh na gcónasc agus ó; agus san fhochlásal dearfach atá mar ainmní ag an gcopail (10.4.1) mhol mé; mholainn; mholfainn; an bhean a thiomáineann é; má dhéanann tú; Is ann a cheannaíonn sé leabhair.
Ar an mbriathar spleách i ndiaidh na gcónasc agus na míreanna briathartha seo a leanas: ar, cár, dár, gur, murar, nár, , níor, sular (10.4.2) ar chuir tú; nár phós sé; níor cheannaigh mé; sular tháinig sé
Cuirtear séimhiú ar an bhforainmneach taispeántach sna cásanna seo a leanas Samplaí
Ar sin i ndiaidh ó sa fhrása ó shin (10.5.1) ó shin i leith

Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina gcuirtear urú ar ainmfhocail, ar aidiachtaí agus ar bhriathra.

Tábla 10B Achoimre ar an Urú
An tUrú
Cuirtear urú ar an ainmfhocal sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh an ailt an sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, i roinnt cásanna; sna frásaí mar an gcéanna agus um an dtaca agus sa tuiseal ginideach iolra, firinscneach agus baininscneach (10.6.1) ar an gcapall; leis an mbean; ón mbosca; tríd an bpáirc; seolta na mbád beag
I ndiaidh ár, bhur, a (tríú pearsa iol.) agus i ndiaidh dhá má thagann sé i ndiaidh ár, bhur, a (tríú pearsa iol.) (10.6.2) ár n‑athair; bhur bpáistí; a gcótaí; ár dhá gcapall; bhur dhá dteach
I ndiaidh seacht, ocht, naoi, deich (10.6.3) seacht ndícheall; ocht gcinn
I ndiaidh i; i ndiaidh ar i roinnt frásaí; agus i ndiaidh go i gcásanna áirithe (10.6.4) i mbád; ar gcúl; go bhfios dom
I ndiaidh sa fhrása seanbhunaithe cá bhfios (10.6.5) cá bhfios dó?
Cuirtear urú ar an aidiacht sna cásanna seo a leanas: Samplaí
Ar an tslí chéanna ar a n‑uraítear ainmfhocal ar lorg réamhfhocal simplí, ar lorg réamhfhocal simplí agus an ailt, ar lorg aidiacht shealbhach agus sa tuiseal ginideach iolra (10.7) i gceithre leabhar; ar an gcúigiú duine; a dtríú hiarracht (tríú pearsa iol.); scéal mhadra na n‑ocht gcos
Cuirtear urú ar an mbriathar sna cásanna seo a leanas: Samplaí
San fhochlásal coibhneasta i ndiaidh a, coibhneas indíreach, agus nach, i ndiaidh réamhfhocal atá i gcumasc le a, coibhneas indíreach, agus i ndiaidh a (sa bhrí an méid a) agus (as de+a, do+a) (10.8.1) an bhean a dtagann a páistí ar scoil; an bainne nach n‑óltar; tá a dteastódh uait acu; an leabhar dá dtagraítear
Ar an mbriathar spleách i ndiaidh na gcónasc agus na míreanna briathartha seo a leanas: an, , (coinníollach), go, mura, nach, sula, agus i ndiaidh i gcás an leagain spleách den bhriathar faigh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach (10.8.2) an mbeidh; dá mbeadh; mura ndéanfaidh; Nach n‑ólann sé bainne?; ní bhfuair; ní bhfaighidh sé; ní bhfaighfeá

Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina gcuirtear t roimh ghuta ag tús ainmfhocail agus aidiachta.

Tábla 10C Achoimre ar t roimh Ghuta
t Roimh Ghuta
Cuirtear t roimh ghuta ag tús ainmfhocail agus ag tús aidiachta sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh an ailt an roimh ainmfhocal firinscneach san ainmneach uatha agus roimh aon, aonú, ochtú, ochtódú, ochtú (10.9.1) an t‑eitleán; an t‑aon duine; an t‑ochtú clár sa tsraith

Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina gcuirtear t roimh s ag tús ainmfhocail.

Tábla 10D Achoimre ar t roimh s
t Roimh s
Cuirtear t roimh s ag tús ainmfhocail sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh an ailt an i gcás ainmfhocal baininscneach uatha (agus ainmfhocal firinscneach uatha i gCóras an tSéimhithe) atá san ainmneach nó sa tabharthach agus a thosaíonn ar s + gutasl-, sn-, sr-; agus i gcás ainmfhocal firinscneach uatha sa ghinideach a thosaíonn ar s + gutasl-, sn-, sr- (10.10.1) an tsúil; ar an tsráid; leis an tsreang; deireadh an tséasúir; eochair an tsiopadóra

Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina gcuirtear h roimh ghuta ag tús ainmfhocail, aidiachta, dobhriathair, forainmnigh nó briathair.

Tábla 10E Achoimre ar h roimh Ghuta
h Roimh Ghuta
Cuirtear h roimh ghuta ag tús ainmfhocail sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh an ailt na sa ghinideach uatha baininscneach agus san ainmneach iolra agus sa tabharthach iolra (10.11.1) ainm na háite; na heitleáin; faoi na hábhair
I ndiaidh na n‑orduimhreacha (ach amháin céad) (10.11.2(a)) an dara háit; an ceathrú halt
I ndiaidh na mbunuimhreacha trí, ceithre, cúig, i gcás uaire (10.11.2(b)) trí huaire
I ndiaidh le agus go (nuair is go dtí is ciall le go) (10.11.3) le hintinn mhaith; go hAlasca
I ndiaidh an fhorainmnigh cheistigh (10.11.4) Cá hiontas?
I ndiaidh Ó i sloinnte (10.11.5) Seán Ó hAodha
I ndiaidh in Dé hAoine (10.11.6) Dé hAoine
I ndiaidh na haidiachta sealbhaí a, tríú pearsa uatha baininscneach (10.11.7) a hathair; a húll
I ndiaidh (foirm dhiúltach, aimsir láithreach den chopail) ar na hainmfhocail áibhéil, áil, éigean, eol, ionadh, iontas, ualach, sna frásaí copaile réamhfhoclacha acmhainn do, aitheanta do, aithnid do, éadáil le, ealaín do, éigean do, eol do, áil le agus i gcorr-sheanfhocal (10.11.8) ní háibhéil é; ní hionadh é; ní hacmhainn di; ní healaín dó; ní huair chairde í; ní heolas go haontíos
Cuirtear h roimh ghuta ag tús aidiachta agus dobhriathair sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh chomh, go, le (10.12.1) chomh hard le teach; go hálainn; le haon duine
I ndiaidh (foirm dhiúltach, aimsir láithreach den chopail) ar na haidiachtaí amháin, aon, ionann, iondúil, sna frásaí copaile réamhfhoclacha eagal do/le, oircheas do, agus ar na dobhriathra amhlaidh, annamh (10.12.2) ní haon ionadh é; ní hiondúil go dtarlaíonn sé; ní hamhlaidh nár insíodh di
I ndiaidh a, na sna huimhreacha (10.12.3) a hocht; na hocht gcáipéis
Cuirtear h roimh ghuta ag tús forainmnigh sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh , ar na forainmnigh phearsanta é, ea, í, iad (10.13.1) cé hí; ní hé
I ndiaidh ar na forainmnigh thaispeántacha éard, eo, in, iúd (10.13.2) ní héard; ní hin
I ndiaidh le ar na forainmnigh phearsanta é, í, iad (10.13.3) le hiad
Cuirtear h roimh ghuta ag tús briathair sna cásanna seo a leanas: Samplaí
I ndiaidh sa mhodh ordaitheach (10.14.1) ná habair; ná himigh

Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina gcuirtear d' roimh ghuta nó fh‑ ag tús briathair.

Tábla 10F Achoimre ar d' roimh Ghuta nó fh
d' roimh Ghuta nó fh
Cuirtear d' roimh ghuta nó fh‑ ag tús briathair sna cásanna seo a leanas: Samplaí
San aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach san áit a mbeadh séimhiú ar chonsan (10.15) d’fhreagair sé; má d’fheiceadh sé; d’imigh sí; d’aithneofaí í