Roinntear na haidiachtaí ina dtrí dhíochlaonadh.
Ní dhíochlaontar an aidiacht ach amháin nuair a úsáidtear mar aidiacht cháilíochta í.
Braitheann foirm aidiachta cáilíochta ar inscne, tuiseal agus uimhir an ainmfhocail atá á cháiliú léi agus ar dhíochlaonadh na haidiachta féin. Féach Caibidil 9 le haghaidh rialacha maidir le haidiachtaí a úsáid le huimhreacha.
Réitíonn an aidiacht cháilíochta leis an ainmfhocal ó thaobh inscne, tuisil agus uimhreach. I gcás sraith ainmfhocal, réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal deiridh, e.g., mná agus fir ghnaíúla; peann, páipéar agus bileog ghorm. I gcás sraith aidiachtaí i ndiaidh ainmfhocal amháin, réitíonn gach aidiacht leis an ainmfhocal, e.g., ailt shuimiúla thábhachtacha fhada.
Tháinig na mná agus na fir ghnaíúla isteach. |
Tháinig na fir agus na mná gnaíúla isteach. |
Bhí sciorta, cóta agus scaif ghorm uirthi. |
Tá cait mhóra fhiáine i ngairdín na n‑ainmhithe. |
San uimhir uatha —
i gcás ainmfhocal firinscneach, ní shéimhítear an aidiacht atá á cháiliú, e.g., an fear beag; ag an bhfear beag; ach amháin sa tuiseal gairmeach agus sa tuiseal ginideach e.g., a fhir bhig; hata an fhir bhig;
má tá Córas an tSéimhithe (féach 1.7) in úsáid, séimhítear an aidiacht a cháilíonn ainmfhocal firinscneach sa tuiseal tabharthach má ghabhann an t‑alt leis an ainmfhocal sin, e.g., ag an fhear bheag.
San uimhir uatha, i gcás ainmfhocal baininscneach, séimhítear an aidiacht atá á cháiliú sna tuisil go léir, e.g., an bhean bheag; a bhean bheag; ag an mbean bheag; ach amháin sa tuiseal ginideach, e.g., hata na mná bige.
Tugtar léiriú i Caibidil 9 ar an aidiacht cháilíochta nuair atá uimhir roimh an ainmfhocal atá á cháiliú.
Fágtar aidiacht lom nó cuirtear séimhiú uirthi bunaithe ar inscne agus tuiseal an ainmfhocail atá á cháiliú léi. Léirítear na cásanna sa tábla thíos. Féach an plé ar dhíochlaonadh na haidiachta (4.3) chun eolas a fháil ar athrú foirme (seachas séimhiú) ar an aidiacht féin.
| An Tuiseal | Ainmfhocal Firinscneach Uatha | Ainmfhocal Baininscneach Uatha |
|---|---|---|
Ainmneach agus Cuspóireach |
gan séimhiú |
séimhiú |
Gairmeach |
séimhiú |
séimhiú |
Tabharthach* |
gan séimhiú |
séimhiú |
Ginideach |
séimhiú |
gan séimhiú |
*Ach féach 1.7 Córas an tSéimhithe
San uimhir iolra, séimhítear túschonsan aidiachta má chríochnaíonn an t‑ainmfhocal iolra ar chonsan caol, mar atá sa tábla thíos (féach freisin 10.3.1).
| Séimhiú | Gan Séimhiú |
|---|---|
| Ainmfhocal dar críoch consan caol san iolra | Ainmfhocal dar críoch consan leathan nó guta san iolra |
| na báid fhada | na cailíní cliste |
| na costais shonracha | na doirse móra |
| na foirgnimh bhreátha | na páirceanna móra |
| na fir bheaga | na táilliúirí costasacha |
| na goirt mhóra | clanna na mban cáiliúil |
| na héisc gheala | clanna na bhfear beag |
| na húdair cháiliúla | éifeacht na bhforálacha forlíontacha |
| na nóiméid dheireanacha | méid na bhfuinneog cearnach |
| na pinn ghorma | obair na ngaibhne dubha |
| na sparáin theanna | seirbhísí na leabharlann poiblí |
Is ionann foirm don aidiacht sa tuiseal ainmneach, sa tuiseal cuspóireach agus sa tuiseal tabharthach uatha, agus is ionann foirm don aidiacht sa tuiseal ainmneach, sa tuiseal cuspóireach agus sa tuiseal tabharthach iolra.
Sa tuiseal ginideach iolra —
más tréaniolra atá ag an ainmfhocal, úsáidtear an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear sa tuiseal ainmneach iolra:
Ainmneach iolra |
Is maith liom na filí móra. |
Ginideach iolra |
Is maith liom dánta na bhfilí móra. |
más lagiolra atá ag an ainmfhocal, úsáidtear an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear sa tuiseal ainmneach uatha:
Ainmneach uatha |
Foilsíonn an t‑údarás áitiúil tuarascáil gach bliain. |
Ginideach iolra |
Foilsíodh tuarascálacha na n‑údarás áitiúil. |
Ní shéimhítear ná ní infhilltear aidiacht sa ghairmeach firinscneach más ainm ceana nó brí mheafarach atá i gceist.
Cén chaoi a bhfuil tú, a athair beag? |
A dheartháir dílis, bhí a fhios agam go maith gur tú a bhí ann. |
A bhéal cumhra, nach muid a bheidh sásta le chéile. |
Conas atá tú, a mhac bán? |
Séimhítear túslitir na haidiachta, áfach, más ainmfhocal baininscneach atá roimpi.
Cad é mar atá tú inniu, a thaisce mhilis? |
A mháthair bheag, ní bheidh deireadh go deo le do chuid oibre. |
Ní infhilltear an aidiacht i ndiaidh ainmneacha baiste ban, e.g., Máire Mhór, teach Mháire Mhór.
Ní infhilltear an aidiacht ná ní dhéantar athrú tosaigh uirthi ar lorg dobhriathra nó aidiachtaí a úsáidtear mar dhobhriathra amhail cuibheasach, sách, measartha, réasúnta, etc.
Is bean measartha saibhir í. |
Mná measartha saibhir is ea iad. |
Fir sách ard is ea iad. |
Páistí réasúnta ciúin is ea iad. |
Maidin sách fuar a bhí ann. |
Bliain cuibheasach tirim atá uainn. |
Ní infhilltear an aidiacht ar lorg na míre treise an-.
Is daoine an-bhreá iad. |
Déanfar na gnéithe an-tábhachtach sin a mheas. |
Ní páistí an-chiúin iad. |
Ní infhilltear an aidiacht ná ní chuirtear séimhiú uirthi más cuid de fhrása aidiachtach ilfhoclach í, e.g., athnuachan saor in aisce; tuarascáil cothrom le dáta.
Is bean mór le rá í i réimse na heolaíochta. |
Ba é údar na tuarascála cothrom le dáta a thug an cur i láthair. |
Is faoi gach díochlaonadh ar leithligh a thugtar cur síos ar fhoirm an ghinidigh uatha.
Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan, leathan nó caol, seachas aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil agus roinnt aidiachtaí a chríochnaíonn ar -ir (féach 4.5).
Firinscneach
Más consan leathan is críoch don aidiacht, caolaítear an consan mar a dhéantar le hainmfhocail sa Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2).
Cár fhág sé hata an fhir mhóir? |
Caithfear coinníollacha an chonartha bhuain a léamh go cúramach. |
Léigh sé leabhar an imreora chlúitigh nuair a foilsíodh é. |
Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar -ch(t) (ach amháin bocht), e.g., beacht, caoch, déach, fliuch, lách, moch, nocht.
Bhí orthu an fhéile a chur ar siúl ag deireadh an tsamhraidh fhliuch. |
Tá na páistí i rang an mhúinteora bheacht i mbliana. |
Goideadh ba an fheirmeora bhoicht. |
Más consan caol nó -íoch is críoch don aidiacht, ní dhéantar infhilleadh uirthi.
Ba mhaith liom labhairt le tuismitheoirí an bhuachalla chiúin. |
Bhí gach duine i bhfabhar an fheachtais thionsclaíoch. |
Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan dúbailte (ach amháin dall, donn, fionn), e.g., cearr, corr, gann, gearr, mall, teann, toll.
Tá praghas an bhia ghann ag ardú gach lá. |
Chuir costas an turais ghearr iontas orthu. |
Bhí boladh an aráin dhoinn ar fud an tí. |
Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar na haidiachtaí aonsiollacha seo a leanas: amh, cúng, deas (sa bhrí cineálta), leamh, mear, seang, searbh, tearc, tiubh, trom, tur.
Chuir sí ola ar dhoras an bhealaigh chúng. |
Labhair mé le húinéir an chapaill mhear. |
Baininscneach
Cuirtear -e leis an gconsan deiridh, agus caolaítear é más leathan dó, e.g., gorm, goirme; maith, maithe mar a dhéantar le hainmfhocail sa Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2)).
Féach ar áilleacht na spéire goirme. |
Cé hé údar na tuarascála maithe? |
I gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -(e)ach, cuirtear -(a)í in ionad -(e)ach, e.g., isteach, aistí; iontach, iontaí; mar a dhéantar le hainmfhocail sa Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2)).
Tá guth na caillí aistí le cloisteáil ar an taifead. |
Thaitin téama na haiste iontaí liom. |
I gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -íoch, athraítear -íoch go -íche, e.g., eacnamaíoch, eacnamaíche.
Cathain a bhraithfimid deireadh na géarchéime eacnamaíche? |
Is maith an rud é fás na hearnála tionsclaíche. |
Féach Caibidil 2 don chur síos cuimsitheach ar athrú gutaí.
Is ionann foirm don ghairmeach uatha agus don ainmneach uatha, ach amháin i gcás aidiachtaí a gcaolaítear a gconsan deiridh sa ghinideach uatha firinscneach. I gcás na n‑aidiachtaí sin, is gnách gurb ionann foirm an ghairmigh uatha fhirinscnigh agus foirm an ghinidigh uatha fhirinscnigh, e.g., a fhir mhóir; cóta an fhir mhóir.
Cuirtear -a leis na haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus -e leis na haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan caol agus coimrítear aidiachtaí áirithe (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).
Cá bhfuil na peileadóirí clúiteacha? |
Foilseofar na haistí maithe san iris bhliantúil. |
Bhí na daoine uaisle i láthair inné. |
Déantar coimriú sa tuiseal ginideach uatha baininscneach agus san uimhir iolra i ngach tuiseal ar na haidiachtaí sa tábla seo a leanas, i measc eile, ach ní choimrítear na foirmeacha idir lúibíní.
| Ainmneach Uatha | Ginideach Uatha Baininscneach | Iolra |
|---|---|---|
álainn |
áille |
áille |
aoibhinn |
aoibhne |
aoibhne |
bodhar |
(bodhaire) |
bodhra |
daibhir |
daibhre |
daibhre |
daingean |
daingne |
daingne |
deimhin |
deimhne |
deimhne |
dílis |
dílse |
dílse |
doilbhir |
doilbhre |
doilbhre |
domhain |
doimhne |
doimhne |
folamh |
foilmhe |
folmha |
íseal |
ísle |
ísle |
láidir |
láidre |
láidre |
milis |
milse |
milse |
ramhar |
raimhre |
ramhra |
righin |
righne |
righne |
saibhir |
saibhre |
saibhre |
sleamhain |
(sleamhaine) |
sleamhna |
soilbhir |
soilbhre |
soilbhre |
uasal |
uaisle |
uaisle |
Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil, mar aon le roinnt aidiachtaí a chríochnaíonn ar -ir, e.g., óir, deacair, socair.
Firinscneach
Ní théann aon infhilleadh ar aidiachtaí an díochlaonta seo.
Cá bhfuil athair an fhir chóir? |
Léigh mé tús an leabhair shuimiúil. |
Baininscneach
Leathnaítear an consan deiridh agus cuirtear -a leis.
Cá bhfuil athair na mná cáiliúla? |
Léigh mé tús na haiste deacra. |
Leathnaítear an consan deiridh agus cuirtear -a leis mar a dhéantar sa ghinideach uatha baininscneach (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).
Cá bhfuil na fir cháiliúla agus na mná dathúla? |
Léigh mé na dánta suimiúla inné. |
Coimrítear deacair, deacra; socair, socra sa ghinideach uatha agus san uimhir iolra.
Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar ghuta, e.g., cliste, cróga.
Ní dhéantar infhilleadh ach ar dhá aidiacht sa díochlaonadh seo: breá agus te. Athraíonn breá go breátha sa ghinideach uatha baininscneach agus san uimhir iolra agus athraíonn te go teo san uimhir iolra (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).
Ainmneach uatha |
Tine bhreá the a bhí ann. |
Ginideach uatha |
Dath na tine breátha te. |
Ainmneach iolra |
Lasadh na tinte breátha teo. |
| Ainmfhocal Firinscneach Uatha | |||
|---|---|---|---|
| Tuiseal | An Chéad Díochlaonadh | An Dara Díochlaonadh | An Triú Díochlaonadh |
| Ainmneach | an fear beag | an fear misniúil | an cóta buí |
| an peileadóir clúiteach | an duine cóir | an garda cróga | |
| an buachaill ciúin | an t‑óstóir flaithiúil | an duine cuí | |
| Gairmeach | a fhir bhig | a fhir mhisniúil | a gharda chróga |
| a pheileadóir chlúiteach | a dhuine chóir | a dhuine chuí | |
| a bhuachaill chiúin | a t‑óstóir fhlaithiúil | a fhear chliste | |
| Tabharthach* | ag an bhfear beag | don fhear misniúil | ar an gcóta buí |
| don pheileadóir clúiteach | chuig an duine cóir | ag an ngarda cróga | |
| leis an mbuachaill ciúin | ón óstóir flaithiúil | leis an duine cuí | |
| Ginideach | caipín an fhir bhig | eachtra an fhir mhisniúil | úinéir an chóta bhuí |
| ainm an pheileadóra chlúitigh | clann an duine chóir | thar ceann an duine chuí | |
| rang an bhuachalla chiúin | comhairle an óstóra fhlaithiúil | guth an gharda chróga | |
*Ach féach 1.7 Córas an tSéimhithe
| Ainmfhocal Baininscneach Uatha | |||
|---|---|---|---|
| Tuiseal | An Chéad Díochlaonadh | An Dara Díochlaonadh | An Triú Díochlaonadh |
| Ainmneach | an bhean bheag | an bhean ghairmiúil | an éide ghalánta |
| an bhó álainn | an tuairisc mhíosúil | an aiste ghonta | |
| an mháthair imníoch | an aiste dheacair | an mhí fhada | |
| Gairmeach | a bhean bheag | a bhean ghairmiúil | a bhean chróga |
| a aintín álainn | a aintín fhlaithiúil | a aintín ghalánta | |
| a mháthair imníoch | a mháthair chóir | a mháthair chróga | |
| Tabharthach | don bhean bheag | don bhean ghairmiúil | ar an éide ghalánta |
| ag an aintín álainn | sa tuairisc mhíosúil | san aiste ghonta | |
| leis an máthair imníoch | san aiste dheacair | den mhí fhada | |
| Ginideach | teach na mná bige | maoin na mná gairmiúla | luach na héide galánta |
| peata na máthar imníche | fad na tuairisce míosúla | údar na haiste gonta | |
| ceol na haintín áille | teideal na haiste deacra | deireadh na míosa fada | |
| Ainmfhocal Firinscneach Iolra | |||
|---|---|---|---|
| Tuiseal | An Chéad Díochlaonadh | An Dara Díochlaonadh | An Triú Díochlaonadh |
| Ainmneach | na fir bheaga | na leabhair shuimiúla | na cótaí buí |
| na peileadóirí clúiteacha | na daoine córa | na daoine cuí | |
| na buachaillí ciúine | na páistí flaithiúla | na gardaí cróga | |
| Gairmeach | a fheara beaga | a fheara misniúla | a dhaoine cuí |
| a pheileadóirí clúiteacha | a dhaoine córa | a fheara cliste | |
| a bhuachaillí ciúine | a pháistí flaithiúla | a ghardaí cróga | |
| Tabharthach | ar na fir bheaga | do na fir mhisniúla | ar na cótaí buí |
| na peileadóirí clúiteacha | leis na daoine córa | leis na daoine cuí | |
| leis na buachaillí ciúine | ó na páistí flaithiúla | do na gardaí cróga | |
| Ginideach | caipíní na bhfear beag | bás na bhfear misniúil | úinéirí na gcótaí buí |
| bróga na bpeileadóirí clúiteacha | clann na ndaoine córa | ar son na ndaoine cuí | |
| rang na mbuachaillí ciúine | airgead na bpáistí flaithiúla | hataí na ngardaí cróga | |
| Ainmfhocal Baininscneach Iolra | |||
|---|---|---|---|
| Tuiseal | An Chéad Díochlaonadh | An Dara Díochlaonadh | An Triú Díochlaonadh |
| Ainmneach | na mná beaga | na mná gairmiúla | na héidí galánta |
| na haintíní áille | na haintíní córa | na haistí gonta | |
| na máithreacha imníocha | na hiníonacha flaithiúla | na míonna fada | |
| Gairmeach | a mhná beaga | a mhná gairmiúla | a mhná galánta |
| a aintíní áille | a aintíní córa | a iníonacha cróga | |
| a mháithreacha imníocha | a iníonacha flaithiúla | a aintíní cliste | |
| Tabharthach | do na mná beaga | do na mná gairmiúla | leis na héidí galánta |
| ag na haintíní áille | leis na haintíní córa | sna haistí gonta | |
| leis na máithreacha imníocha | ó na hiníonacha flaithiúla | de na míonna fada | |
| Ginideach | teach na mban beag | pá na mban gairmiúil | luach na n‑éidí galánta |
| ceol na n‑aintíní áille | clann na n‑aintíní córa | údair na n‑aistí gonta | |
| deifir na máithreacha imníocha | airgead na n‑iníonacha flaithiúla | tús na míonna fada | |
Is gnách gurb ionann foirm do bhreischéim agus do shárchéim aidiachta agus don ghinideach uatha baininscneach, e.g., ard, airde; breá, breátha; cóir, córa; dathúil, dathúla; deacair, deacra; díreach, dírí.
Faigh an luach is airde air. |
Is í Ciara an cailín is dathúla sa rang. |
An rud is deacra faoin bhfilíocht, a léamh mar is cóir. |
Is ionann freisin foirm do bhreischéim agus do shárchéim aidiachta agus don ghinideach uatha baininscneach i gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -íoch, e.g., buíoch, buíche; débhríoch, débhríche; imníoch, imníche; impíoch, impíche; taithíoch, taithíche; uathoibríoch, uathoibríche.
Is iadsan na daoine is imníche sa tír. |
Is eisean is taithíche ar an obair seo. |
Cuirfear an córas is uathoibríche i bhfeidhm. |
Tá foirmeacha neamhrialta ar roinnt aidiachtaí, e.g., beag, lú; dócha, dóichí; fada, faide (sia); fogas, foisce; furasta, fusa; gearr, giorra; iomaí, lia; maith, fearr; mór, mó; olc, measa; te, teo.
Is é Rónán an duine is fearr sa rang. |
Is í an chuimhne is faide (is sia) siar i mo cheann í. |
Cé acu ceann is mó? |
I ndiaidh dá agus a, is cuma feidhm réamhthagrach nó feidhm iarthagrach a bheith acu, is gnách go n‑úsáidtear foirm is ionann agus foirm na breischéime den aidiacht nó foirm a dhíorthaíonn ón mbreischéim nó ón mbunchéim agus a chríochnaíonn ar -cht.
Ní úsáidtear ach foirm amháin i gcás na n‑aidiachtaí seo a leanas: dócha, dóichí; dona, donacht; furasta, fusacht; gearr, giorracht; agus i gcás na leaganacha neamhrialta seo: beag, laghad; fada, fad; iomaí, liacht; maith, feabhas; mór, méad/méid; olc, olcas; tiubh, tiús.
Úsáidtear méid seachas méad i gcásanna áirithe, e.g., dá mhéad airgead a bhí aici ach a mhéid is indéanta le réasún; a mhéid is gá.
B’aoibhinn liom a áille (a bhinne, a chruinne, a líofa, a réidhe, a shoiléire) a labhair sí. |
Ní chreidfeá a achrannaí (a dhonacht, a olcas, a shleamhaine, a uaigní) a bhí an áit. |
Fuair sé ardmholadh trína fheabhas a rinne sé an obair. |
Dá chríonna (dá chróga, dá fheabhas, dá ghlice, dá oilte) é, níor éirigh an gnó leis. |
Dá dhonacht (dá ghránna, dá leisciúla, dá olcas, dá shuaraí) é, caithfear glacadh leis. |
Dá mhéad dúil a bhí aici ann, níor cheannaigh sí sa deireadh é. |
De bhrí go bhfeidhmíonn na haidiachtaí sealbhacha, mo, do, a (firinscneach agus baininscneach uatha), ár, bhur agus a (iolra) mar fhorainmneacha sa ghinideach, déantar trácht orthu i gCaibidil 8.
Is iad seo, sin, siúd agus úd na haidiachtaí taispeántacha. (Cé gur forainmnigh thaispeántacha iad seo, sin agus siúd, is minic a dhéantar tagairt dóibh mar aidiachtaí taispeántacha.)
Tá an fear seo tinn. |
Beidh an buachaill seo ag teacht liom. |
Is liomsa iad seo. |
Níl an doras sin dúnta. |
Síle is ainm don chailín sin. |
Díoladh a theach siúd inné. |
Is aige siúd a bhí an t‑airgead. |
An bhfeiceann tú an pháirc úd thall? |
Is aidiacht fhaisnéiseach aidiacht atá ag cáiliú an ainmní mar fhaisnéis nó mar chuid den fhaisnéis, e.g., Nach deas é?; Tá an aimsir fuar. Ní dhéantar an aidiacht fhaisnéiseach a infhilleadh ná ní chuirtear séimhiú uirthi.
Bhí an traein folamh. |
Bíonn na busanna déanach. |
An bhfuil an bhean sin saibhir? |
Beidh an bhainis sin mór. |
Feidhmíonn an aidiacht bhriathartha mar ghnáthaidiacht. Úsáidtear an aidiacht bhriathartha —
mar aidiacht cháilíochta, e.g., Is bean phósta í;
mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg na copaile, e.g., Ní briste atá sé;
mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg an bhriathair bí ag léiriú staid an chuspóra tar éis an ghnímh, e.g., Is í atá tugtha don obair;
mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg an bhriathair bí ag léiriú staid an ghníomhaí tar éis an ghnímh, e.g., Táimid beirthe go maith leis an socrú sin.