Caibidil 1 | An tAlt

1.1 Ginearálta

1.1.1

Alt amháin atá sa Ghaeilge — an t‑alt cinnte. Deirtear gur ainmfhocal cinnte ainmfhocal atá faoi réir ag an alt. Tá dhá fhoirm den alt ann: an agus na. Is roimh an ainmfhocal a chuirtear an t‑alt, e.g., an baile; an mhír; na caoirigh; teach na cúirte; nó roimh cibé focal a chuirtear roimh an ainmfhocal lena cháiliú, e.g., an uile dhuine; scéal mhadra na n‑ocht gcos; tús na chéad seachtaine. Is féidir an t‑alt a chur in ionad na haidiachta sealbhaí, e.g., Tá an croí ag cur air; Bhí an ghrian ag baint na súl asam.

1.1.2

Is litir bheag a bhíonn ar an alt i lár abairte, e.g., Nach raibh tú ag an Oireachtas i mbliana?; Bhí aithne mhaith agam ar an Seabhac; ach amháin i gcásanna áirithe amhail teidil foilseachán, e.g., Cé a scríobh An tOileánach?

1.1.3

Má tá teideal a bhfuil an t‑alt ann (féach 1.1.5 (a), (b) agus (c)) á scríobh ina aonar, mar shampla ar fhógra poiblí nó ar cheannpháipéar, cuirtear an t‑alt leis i gcónaí agus is ceannlitir a bhíonn air, e.g., An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh; Na Coimisinéirí Ioncaim; An Ceoláras Náisiúnta.

1.1.4

Cuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus guta, ach amháin nuair is ceannlitir an guta, e.g., an t‑ospidéal, an tAlbanach. Ní chuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus s, e.g., an tsaoirse; an tSionainn; tús an tsaoil; ná idir an réamhlitir h agus guta, e.g., na hainmneacha; lár na habairte; stair na hUachtaránachta.

1.1.5

Úsáidtear an t‑alt sna cásanna seo a leanas.

  1. Teidil oifige, e.g., an tAire Airgeadais, an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, an Taoiseach, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

    Beidh an tAire Airgeadais ag freastal ar an gcruinniú.

    Cá bhfuil an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin?

    an Taoiseach ag labhairt leis na daltaí.

    An é sin Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe?

  2. Teidil ranna rialtais agus comhlachtaí stáit, e.g., an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Oifig um Rialú Tobac, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Phríomh-Oifig Staidrimh.

    Is san fhoirgneamh sin thall atá an Roinn Oideachais agus Scileanna.

    Chuaigh Seán go dtí an Oifig um Rialú Tobac.

    Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an-ghnóthach.

    Seo an Phríomh-Oifig Staidrimh.

  3. Teideal duine roimh ainm dílis, e.g., an tAthair Peadar Ua Laoghaire, an Captaen Ó Murchú, an tUachtarán Mhic Róibín, an Teachta de Barra, an Múinteoir Ailbhe, an Pápa Eoin Pól II, an Rí Anraí VIII.

    Ba é an tAthair Peadar Ua Laoghaire a scríobh an dráma An Sprid.

    Labhair an Captaen Ó Murchú leis na himreoirí.

    Bhí an tUachtarán Mhic Róibín le feiceáil sa ghrianghraf.

    Beidh an Dochtúir de Barra ar saoire ar feadh seachtaine.

    an Múinteoir Ailbhe i bhfeighil ar rang a sé i mbliana.

    Is í an Bhanríon Elsa a Dó atá sa scannán.

  4. Féilte, e.g., an Nollaig, an Cháisc, an Carghas.

    an Nollaig ag teannadh linn.

    Is i mí an Mhárta a bheid an Cháisc i mbliana.

    Rinne mé an Carghas ar an ól.

    Tabhair faoi deara nach n‑úsáidtear an t‑alt i leaganacha dobhriathartha áirithe, e.g., faoi Cháisc, um Nollaig, faoi Bhealtaine.

  5. Laethanta na seachtaine, e.g., an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin.

    Is é an Luan an lá is ansa liom.

    Téim ag snámh ar an Máirt.

    Inniu an Chéadaoin.

    Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear an dobhriathar ama in ionad an ailt nuair atáthar ag tagairt do lá áirithe, e.g., Bhí mé ag caint leis Dé Céadaoin seo caite.

    Má tá réamhfhocal á úsáid roimh lá áirithe, déantar an t‑alt a chumasc leis an réamhfhocal, e.g., Ní mór na hiarratais a bheith faighte faoin Aoine, an 16 Bealtaine.

  6. Míonna na bliana

    Úsáidtear an t‑alt leis na míonna Márta, Bealtaine, Meitheamh, Samhain agus Nollaig. Ní úsáidtear an t‑alt leis na míonna eile, ach amháin sa leagan calctha san Aibreán.

    Is minic a bhíonn mí Eanáir níos fuaire ná mí na Nollag.

    Tá an Cháisc i mí an Mhárta seachas mí Aibreáin i mbliana.

  7. Dátaí

    Is cóir an t‑alt a úsáid nuair a dhéantar tagairt do dhátaí in abairt.

    Ba chóir é a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain.

    Beidh an chóisir ar síúl ar an 12 Aibreán.

    Baineann na ráitis airgeadais leis an mbliain dar chríoch an 31 Nollaig 2014.

    Pósfaidh siad an 26 Feabhra.

    Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar tar éis an 7 Márta 2016.

    Nuair atá an dáta leis féin — ar bharr litreach, nó mar dháta le sonrasc nó le hAcht, etc. — fágtar an t‑alt ar lár, e.g., 26 Feabhra 2014.

  8. Ainmneacha bailte, sléibhte agus aibhneacha

    1. Roinnt cathracha agus bailte, e.g., an Aithin, na Cealla Beaga, na Gleannta, an tSnaidhm, an Spidéal.

    2. Cnoic agus sléibhte áirithe, e.g., na hAindéis, na hAlpa, an Bhograch, an Chearc, na Comaraigh, an Earagail, na Himiléithe, an Mhucais.

    3. Formhór na n‑aibhneacha, e.g., an Bhóinn, an Danóib, an Life, an Phó, an Réin, an Róin, an tSéin, an tSionainn, an Tibir.

      Rinne mé an Mhucais a shiúl inné.

      Ar bhuaigh an Spidéal an cluiche?

      Bhí an tSionainn le feiceáil ón eitleán.

  9. Ainmneacha tíortha agus réigiún

    1. Gabhann an t‑alt le hainmneacha tíortha agus réigiún más rud é go bhfuil an t‑ainmfhocal baininscneach agus:

      1. má chríochnaíonn sé ar chonsan caol, e.g., an Airgintín, an Albáin, an Bhaváir, an Chatalóin, an Eastóin, an Eoraip, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Mhacadóin, an Namaib, an Phacastáin, an tSeineagáil, an Spáinn, an tSúdáin;

      2. má chríochnaíonn sé ar -ia, e.g., an India, an Laitvia, an tSiria;

      3. má chríochnaíonn sé ar -e, , e.g., an Chóiré, an Chrimé, an Ghuine, an tSile.

      Tá roinnt ainmneacha tíortha agus réigiún ann a chríochnaíonn ar chonsan caol ach nach ngabhann an t‑alt leo, e.g., Bairéin, Beinin, Cuáit, Éimin, Guadalúip, Lichtinstéin, Mósaimbíc, nó atá san uimhir uatha agus a chríochnaíonn ar agus nach ngabhann an t‑alt leo, e.g., Geansaí, Geirsí, Háítí, Haváí, Mailí, Taihítí. Ní úsáidtear an t‑alt ach amháin sa ghinideach i gcás Albain, Éire (féach 3.1.4).

      Is tír álainn í an Fhrainc.

      Luaitear Mósaimbíc sa leabhar.

    2. Ní ghabhann an t‑alt le hainmneacha tíortha agus réigiún más rud é go bhfuil an t‑ainmfhocal firinscneach agus:

      1. má chríochnaíonn sé ar chonsan leathan, e.g., Barbadós, Eacuadór, Guam, Hondúras, Natal, Óman, Sead, Siam, Suranam;

      2. má chríochnaíonn sé ar -eo, , e.g., Boirneo, Maracó, Meicsiceo, Monacó, Samó (eisceacht: an Congó);

      3. má chríochnaíonn sé ar -a, , -iú, -ua, e.g., Alasca, Ceanada, Cúba, Gána, Meiriceá, Nicearagua, Panama, Papua, Paragua, Peiriú, Sasana;

      4. má chríochnaíonn sé ar -ael, e.g., Iosrael.

    3. Gabhann an t‑alt le hainmneacha tíortha agus réigiún is ainmfhocail san uimhir iolra, e.g., na hAsóir, na Bahámaí, na Garbhchríocha, na Scigirí.

      I Muir Chairib atá na Bahámaí.

      Rinneadh an scannán a thaifeadadh sna Garbhchríocha.

  10. Paidreacha agus roisc chatha áirithe, e.g., an Choróin Mhuire, an Ghlóir, an Dord Fiann.

    Dúradh an Ghlóir i lár an Aifrinn.

    Ní minic a chloistear an Dord Fiann.

    Dúirt sé an Choróin Mhuire os ard.

  11. Úsáid dháileach

    Úsáidtear an t‑alt chun ráta a chur in iúl nuair a bhíonn an bhrí gach ceann ar leithlighin aghaidh i gceist.

    Dhíol sé na leabhair ar euro an ceann.

    Eagraítear comóradh uair sa bhliain.

    Bhí mála an duine ag na páistí scoile.

  12. Brí theibí nó brí choincheapúil a bheith leis an ainmfhocal

    Nuair a bhíonn an t‑ól istigh, bíonn an chiall amuigh.

    Ní maith í an fhearg.

    Tugadh isteach an colscaradh in Éirinn roinnt blianta ó shin.

    Is rud nua í an taiscéalaíocht sa spás.

    Ní féidir taisteal san am.

    Inseoidh an aimsir.

    Is maith an t‑anlann an t‑ocras.

    Tabhair faoi deara nach nós an t‑alt a úsáid i nathanna áirithe, e.g., Tá ciall cheannaithe aige; ná nuair nach bhfuil brí ghinearálta leis an ainmfhocal, e.g., Bhí ocras orm; Tá siad i ngrá.

  13. Tinnis áirithe, e.g., an ailse, an déideadh, an titimeas, an bhruitíneach.

    Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí.

    An bhfuil leigheas ar an titimeas?

  14. Teangacha, e.g., an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Béarla.

    Is í an Ghaeilge teanga ár sinsear.

    Labhraítear an Ghearmáinis san Ostair.

    Bhí an Béarla go maith aici.

    Tabhair faoi deara go ligtear an t‑alt ar lár mura bhfuil an bhrí forleathan, e.g., Tá Fraincis aici; Cuir i nGaeilge é; rang Iodáilise.


Na Tuisil

Cúig thuiseal atá sa Ghaeilge: an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal tabharthach, an tuiseal ginideach agus an tuiseal gairmeach (féach 2.1.2). Sna táblaí a leanas, taispeántar na hathruithe a dhéantar ar an alt agus ar thúslitir an ainmfhocail bunaithe ar cheithre ní — inscne, tuiseal, uimhir agus túslitir an ainmfhocail. Féach freisin Caibidil 10 le haghaidh eolas breise ar na hathruithe tosaigh.

1.2 An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Cuspóireach Uatha

Is ionann foirm an ainmfhocail sa tuiseal ainmneach agus sa tuiseal cuspóireach uatha. Féach an tábla thíos ina léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sna tuisil sin.

Tábla 1A An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Cuspóireach Uatha
Firinscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan gach consan an gan aon athrú
  • an cnoc
  • an diabhal
  • an fear
  • an saol
  • an Seapánach
  • an teach
Guta gach guta an t roimhe
  • an t‑íochtar
  • an t‑uisce
  • an t‑alt
  • an tAcht
  • an tUltach
Baininscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan consan inséimhithe*,
(seachas d, ts)
an séimhiú
  • an fhuinneog
  • an chaibidil
dt an gan aon athrú
  • an deoch
  • an teanga
s
(seachas sc-, sf-, sm-, sp-, st-, sv-)
an t roimhe
  • an tsráid
  • an tSeapáin
Guta gach guta an gan aon athrú
  • an áit
  • an Astráil
  • an Iodáil
  • an obair

*Is iad seo na consain inséimhithe: b, c, d, f, g, m, p, s agus t


1.3 An Tuiseal Tabharthach Uatha

1.3.1

Tugtar an tuiseal tabharthach ar an tuiseal a thagann i ndiaidh na réamhfhocal a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, fara, go, i, ionsar, le, ó, roimh, trí agus um. Is de réir mar atá leagtha amach sna táblaí ina dhiaidh seo a phléitear le hainmfhocail ar lorg an ailt sa tuiseal tabharthach uatha.

1.3.2

Is é an tuiseal ainmneach a leanann na focail ach, amhail, gan, go dtí, idir, mar, murach, agus seachas agus an t‑alt, e.g., gan an t‑uisce; idir an t‑am sin agus an t‑am seo; mar an t‑aistriúchán. Úsáidtear an tuiseal tabharthach sa leagan calctha mar an gcéanna.

1.3.3

Cuirtear gnáthrialacha an tabharthaigh i bhfeidhm ar mhúnlaí den saghas seo: réamhfhocal + ainmfhocal + a + ainm briathartha, e.g., leis an ngnó a dhéanamh; as an árasán a dhíol.

1.3.4

I gcás na réamhfhocal de, do, faoi, i agus ó, déantar cumasc idir an réamhfhocal agus an t‑alt san uimhir uatha, mar a léirítear thíos.

de + an

den

do + an

don

faoi + an

faoin

i + an

sa, san

ó + an

ón

1.3.5

Bíonn foirmeacha ar leith ar na réamhfhocail sa tábla thíos nuair a thagann siad roimh an alt san uimhir uatha.

fara + an

fairis an

le + an

leis an

trí + an

tríd an


1.4 An Tuiseal Tabharthach Uatha — An Córas Lárnach

1.4.1

Maidir le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha dar tús consan (seachas d, t agus s), cuirtear séimhiú orthu i ndiaidh den, don, sa/san agus urú i ngach cás eile, mar a léirítear sa tábla thíos.

Tábla 1B An Tuiseal Tabharthach Uatha — An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s
An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s
Firinscneach Baininscneach
ag an bhfear maith ag an gcuideachta bheag
ar an mbosca dearg ar an mbean shaibhir
as an ngleann mór as an bpáirc chéanna
chuig an gCoimisinéir coinsiasach chuig an mbean ghairmiúil
den chrann caol den bhean fhlaithiúil
don fhear trom don chuideachta ghnóthach
fairis an ngarda béasach fairis an mbean chairdiúil
faoin bhfógra práinneach faoin ngrian bhreá
sa bhosca buí
sa fhraoch bán

ACH i gcás f roimh ghuta:
san fhéar fliuch
sa chomhairle shóisialta
sa fhrithréabhlóid fhíochmhar

ACH i gcás f roimh ghuta:
san fharraige ghlan
leis an bhfasach cruinn leis an mbáisteach throm
ón gcaisleán fuar ón gcathair mhór
roimh an gcruinniú tábhachtach roimh an mbainis bheag
thar an gcnoc bán thar an bhfarraige chiúin
tríd an ngairdín breá tríd an bhfuinneog ghorm
um an mBille fada um an ngníomhaireacht reachtúil

1.4.2

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha dar tús s sa tuiseal tabharthach. Cuirtear t roimh s ar ainmfhocail bhaininscneacha (seachas i gcás ainmfhocail dar tús sc-, sf-, sm-, sp-, st-sv- a fhágtar lom) mar a léirítear sa tábla thíos.

Tábla 1C An Tuiseal Tabharthach Uatha — An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús s
An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús s
Firinscneach Baininscneach
Gan athrú Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st-sv-
ag an Seapánach cliste ag an tseanmháthair bhocht
ar an suíochán fliuch ar an tsráid ghlan
as an sailéad blasta as an tsaoire bhliantúil
chuig an Seanadóir nuacheaptha chuig an tsatailít mhór
den saighdiúir sásúil den tslándáil shóisialach
don Seanad nua don tsaoirse cheart
fairis an saineolaí lách fairis an tseanbhean shaibhir
faoin sonrasc déanach faoin tslí dhíreach
sa soitheach gorm sa tseacláid mhilis
leis an salann bán leis an tslat fhada
ón suirbhé pearsanta ón scoil bheag
roimh an samhradh fada roimh an tseachtain mhór
thar an seol mór thar an tSionainn fhada
tríd an sorcas mór tríd an tseift chliste
um an sainchomhairleoir cruinn um an tseirbhís mhaith

1.4.3

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús guta.

Tábla 1D An Tuiseal Tabharthach Uatha — An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús Guta
An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús Guta
Firinscneach Baininscneach
ag an Albanach ciallmhar ag an aeráid ghaofar
ar an eitleán dubh ar an olann bhán
as an uisce glan as an iris cháiliúil
chuig an Aire ilteangach chuig an Ostair shléibhtiúil
den alt fada den uimhir chruinn
don údarás céanna don obair chrua
fairis an oifigeach múinte fairis an ógbhean chliste

1.4.4

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús d agus t.

Tábla 1E An Tuiseal Tabharthach Uatha — An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús d agus t
An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús d agus t
Firinscneach Baininscneach
faoin dréimire bhriste faoin deacracht bhreise
sa theas mór sa deoch fhuar
leis an duine ciúin leis an taithí mhaith
ón deartháir cineálta ón teanga líofa
roimh an tarbh fiáin roimh an deighilt mhór
thar an teach gorm thar an diallait nua
tríd an talamh crua tríd an drochaimsir ghránna
um an dlí coiriúil um an tagairt chuí
N.B.

I dteannta an Chórais Lárnaigh a thugtar sa chaibidil seo, ceadaítear na roghanna seo a leanas:

  1. urú ar an ainmfhocal (in ionad séimhiú) i ndiaidh den agus don, e.g., den gcrann, don bhfear; nó

  2. urú ar an ainmfhocal (in ionad séimhiú) i ndiaidh sa, e.g., sa bpáirc, sa gcarr.


1.5 An Tuiseal Ginideach Uatha

1.5.1

Is gnách foirm an ghinidigh a úsáid i gcás go bhfuil an t‑ainmfhocal faoi réir ag ceann de na nithe seo a leanas — 

  1. ainmfhocal eile:

    Cár fhág tú eochair an chairr?

    Tá muintir na háite sásta le foireann na leabharlainne.

  2. ainm briathartha:

    Is maith leis na gasúir a bheith ag réiteach an dinnéir.

    Is í Síle atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana.

  3. réamhfhocal comhshuite, e.g., faoi chomhair, i gcás, le haghaidh:

    Bíonn an cat ina shuí ansin os comhair na tine gach uile oíche.

    Ba iad na hailtirí a bhí i mbun an scrúdaithe.

  4. ceann de na focail cois, dála, fearacht, timpeall, trasna:

    Chuala mé go ndeachaigh sibh ar thuras timpeall an domhain.

    Shiúlamar cois na habhann.

  5. an réamhfhocal chun:

    Tá an grúpa uile ag dul chun na Spáinne i mí Iúil.

    Rinne siad achomharc chun na cúirte.

Féach 3.3 le haghaidh cásanna ina n‑úsáidtear foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh.

1.5.2

Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.

Tábla 1F An Tuiseal Ginideach Uatha
Firinscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan consan inséimhithe*,
(seachas d, ts)
an séimhiú
  • barr an chnoic
  • hata an fhir
dt an gan aon athrú
  • chun an diabhail
  • doras an tí
s
(seachas sc-, sf-, sm-, sp-, st-, sv-)
an t roimhe
  • tús an tsaoil
  • pas an tSeapánaigh
Guta gach guta an gan aon athrú
  • de réir an ailt
  • faoi réir an Achta
  • pas an Albanaigh
Baininscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan gach consan na gan aon athrú
  • leac na fuinneoige
  • deireadh na caibidle
  • bun na sráide
  • muintir na Téalainne
Guta gach guta na h roimhe
  • timpeall na háite
  • foireann na hÍsiltíre

*Is iad seo na consain inséimhithe: b, c, d, f, g, m, p, s agus t


1.6 An tIolra

Is é na foirm iolra an ailt. Is ionann foirm an ailt don dá inscne agus sna tuisil go léir san uimhir iolra.

1.6.1 An Tuiseal Ainmneach Iolra agus an Tuiseal Cuspóireach Iolra

Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ainmneach iolra agus sa tuiseal cuspóireach iolra.

Tábla 1G An Tuiseal Ainmneach Iolra agus an Tuiseal Cuspóireach Iolra
Firinscneach agus Baininscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan na gan aon athrú
  • na capaill ghlasa
  • na cnoic arda
  • na fuinneoga móra
  • na Seapánaigh
  • na sráideanna
Guta na h roimhe
  • na hAchtanna tábhachtacha
  • na háiteanna
  • na hAlbanaigh bhródúla
  • na hÉireannaigh
  • na híomhánna

1.6.2 An Tuiseal Tabharthach Iolra

Leanann an tuiseal tabharthach na réamhfhocail a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, fara, go, i, ionsar, le, ó, roimh, trí agus um. Déantar cumasc idir an réamhfhocal i agus an t‑alt san uimhir iolra: i + na = sna. Tá foirm ar leith ar fara agus le roimh an alt san uimhir iolra: fara, fairis; le, leis. Léirítear sa tábla thíos an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal tabharthach iolra.

Tábla 1H An Tuiseal Tabharthach Iolra
Firinscneach agus Baininscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan na gan aon athrú
  • ag na fir mhóra
  • ar na mná cliste
  • as na seirbhísí poiblí
  • chuig na mic léinn ghlóracha
  • de na crainn
  • do na Teachtaí
  • faoi na daoine
  • fairis na gardaí
  • leis na fasaigh
  • ó na múinteoirí
  • roimh na cait
  • sna boscaí
  • thar na farraigí
  • trí na gairdíní
  • um na coillte
Guta na h roimhe
  • ag na hiníonacha fásta
  • ar na hoileáin ghaofara
  • as na hirisí acadúla
  • chuig na hoifigigh dheasa
  • de na huimhreacha
  • do na hoibreacha
  • faoi na heachtraí
  • fairis na hógmhná
  • leis na heochracha
  • ó na hÉireannaigh
  • roimh na héin
  • sna heitleáin
  • thar na háiteanna
  • trí na haistriúcháin
  • um na hAchtanna

1.6.3 An Tuiseal Ginideach Iolra

Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.

Tábla 1I An Tuiseal Ginideach Iolra
Firinscneach agus Baininscneach
Túslitir an Ainmfhocail Foirm an Ailt An Tionchar ar an Túslitir Samplaí
Consan inuraithe* na urú
  • trasna na gcnoc íseal
  • leaca na bhfuinneog
  • i measc na ndaoine
Guta na urú
  • líon na n‑áiteanna breátha
  • costas na n‑oibreacha
  • líon na nAlbanach

*Is iad seo na consain inuraithe: b, c, d, f, g, p agus t.


1.7 An Tuiseal Tabharthach Uatha — Córas an tSéimhithe

1.7.1

Sa tuiseal tabharthach uatha amháin, tá rogha eile ann ar a dtugtar Córas an tSéimhithe. Moltar cloí le córas amháin — an Córas Lárnach nó Córas an tSéimhithe — agus gan na córais a mheascadh.

1.7.2

Is ionann na rialacha a bhaineann leis an tuiseal tabharthach iolra sa Chóras Lárnach agus i gCóras an tSéimhithe (féach 1.6.2).

1.7.3

I gCóras an tSéimhithe, cuirtear séimhiú ar ainmfhocail dar tús consan (seachas d, t agus s) agus ar na haidiachtaí a ghabhann leo. Féach an tábla thíos.

Tábla 1J An Tuiseal Tabharthach Uatha — Córas an tSéimhithe —
Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s
Córas an tSéimhithe —
Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s
Firinscneach Baininscneach
ag an fhear mhaith ag an chuideachta bheag
ar an bhosca dhearg ar an bhean shaibhir
as an ghleann mhór as an pháirc chéanna
chuig an Choimisinéir choinsiasach chuig an bhean ghairmiúil
den chrann chaol den bhean fhlaithiúil
don fhear throm don chuideachta ghnóthach
fairis an gharda bhéasach fairis an bhean chairdiúil
faoin fhógra phráinneach faoin ghrian bhreá
sa bhosca bhuí
sa fhraoch bhán

ACH i gcás f roimh ghuta:
san fhéar fhliuch
sa chomhairle shóisialta
sa fhrithréabhlóid fhíochmhar

ACH i gcás f roimh ghuta:
san fharraige ghlan
leis an fhasach chruinn leis an bháisteach throm
ón chaisleán fhuar ón chathair mhór
roimh an chruinniú thábhachtach roimh an bhainis bheag
thar an chnoc bhán thar an fharraige chiúin
tríd an ghairdín bhreá tríd an fhuinneog ghorm
um an Bhille fhada um an ghníomhaireacht reachtúil

1.7.4

Maidir le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha dar tús s, cuirtear t roimh an s (seachas i gcás ainmfhocail dar tús sc-, sf-, sm-, sp-, st-sv- a fhágtar lom) mar a léirítear sa tábla thíos.

Tábla 1K An Tuiseal Tabharthach Uatha — Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús s
Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús s
Firinscneach Baininscneach
Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st-sv-
ag an tSeapánach chliste ag an tseanmháthair bhocht
ar an tsuíochán fhliuch ar an tsráid ghlan
as an tsailéad bhlasta as an tsaoire bhliantúil
chuig an tSeanadóir nuacheaptha chuig an tsatailít mhór
den tsaighdiúir shásúil den tslándáil shóisialach
don tSeanadóir nua don tsaoirse cheart
fairis an tsaineolaí lách fairis an tseanbhean shaibhir
faoin tsonrasc déanach faoin tslí dhíreach
sa tsoitheach ghorm sa tseacláid mhilis
leis an tsalann bhán leis an tslat fhada
ón tsuirbhé phearsanta ón scoil bheag
roimh an tsamhradh fhada roimh an tseachtain mhór
thar an tseol mhór thar an tSionainn fhada
tríd an tsorcas mhór tríd an tseift chliste
um an tsainchomhairleoir chruinn um an tseirbhís mhaith

1.7.5

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús guta. Féach an tábla thíos.

Tábla 1L An Tuiseal Tabharthach Uatha — Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús Guta
Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús Guta
Firinscneach Baininscneach
ag an Albanach chiallmhar ag an aeráid ghaofar
ar an eitleán dhubh ar an olann bhán
as an uisce ghlan as an iris cháiliúil
chuig an Aire ilteangach chuig an Ostair shléibhtiúil
den alt fhada den uimhir chruinn
don údarás céanna don obair chrua
fairis an oifigeach mhúinte fairis an ógbhean chliste

1.7.6

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús d agus t. Féach an tábla thíos.

Tábla 1M An Tuiseal Tabharthach Uatha — Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús d agus t
Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús d agus t
Firinscneach Baininscneach
faoin dréimire bhriste faoin deacracht bhreise
sa theas mór sa deoch fhuar
leis an duine ciúin leis an taithí mhaith
ón deartháir cineálta ón teanga líofa
roimh an tarbh fiáin roimh an deighilt mhór
thar an teach gorm thar an diallait nua
tríd an talamh crua tríd an drochaimsir ghránna
um an dlí coiriúil um an tagairt chuí