Caibidil 8 | An Forainmneach

8.1 Ginearálta

8.1.1

Ar na forainmnigh, áirítear na forainmnigh phearsanta, na haidiachtaí sealbhacha (a fheidhmíonn mar aidiachtaí agus mar fhorainmnigh), na forainmnigh réamhfhoclacha, na forainmnigh cheisteacha agus na forainmnigh thaispeántacha.


8.2 Na Forainmnigh Phearsanta

8.2.1

Is iad seo a leanas foirmeacha na bhforainmneach pearsanta.

Tábla 8A Na Forainmnigh Phearsanta
Na Bunfhoirmeacha Na Foirmeacha Treise
An Uimhir Uatha An Uimhir Iolra An Uimhir Uatha An Uimhir Iolra
An Chéad Phearsa sinn, muid mise sinne, muidne
An Dara Pearsa tú, thú sibh tusa, thusa sibhse
An Triú Pearsa (fir.) sé, é siad, iad seisean, eisean siadsan, iadsan
An Tríú Pearsa (bain.) sí, í sise, ise

8.2.2

Úsáidtear thú (thusa) mar chuspóir briathair, e.g., aithním thú; molaim thú; agus nuair is ainmní é ar lorg na faisnéise in abairt chopaileach, e.g., Mo náire thú; Is oibrí díograiseach thú.

Níor dhearmad sé thú riamh.

An é sin an áit ar rugadh thú?

Thréig sí thú ar fhear eile.

Ní aithnímse thusa.

Chugam aniar thú!

Is fearrde thú an sos.

8.2.3

Úsáidtear (tusa) i ngach cás eile.

An bhfaca clár na dtorthaí aréir?

Ní bheadh an bua againn gan .

Is tusa an captaen.

tusa níos láidre ná eisean.

Nach tusa an maor dóiteáin?

8.2.4

Sa tríú pearsa uatha agus iolra, is iad na foirmeacha (seisean), (sise) agus siad (siadsan) a úsáidtear mar ainmní an bhriathair (seachas an chopail).

Tháinig (sí, siad) isteach.

Bíonn seisean (sise, siadsan) déanach go minic.

An ndearna (sí, siad) an dinnéar?

8.2.5

Úsáidtear é (eisean), í (ise) agus iad (iadsan) i ngach cás eile.

Leag an ghaoth é.

Is mar sin is fearr é.

An é Micheál a chaill an t‑airgead?

Níl san oifig inniu ach eisean.

Chuaigh Tomás agus í ar saoire inné.

Í a phógadh is ea a rinne sé.

féin?

Bhí buaite agam murach ise.

An ndeachaigh sé amach chun iad a cheannach?

Ar deireadh thiar thall, fuair sé iad.

Is cuimhin liom iadsan ag caint air.

Iadsan a rinne é.

8.2.6

Is é an forainmneach firinscneach uatha é a úsáidtear in abairtí mar seo a leanas d’ainneoin ainmfhocal baininscneach a bheith iontu: is é mo thuairim; is é an aidhm; is é an bhrí; is é mo bharúil. Is ag tagairt don tuairim, don aidhm, don bhrí, etc. seachas don ainmfhocal féin atá an forainmneach.

Is é mo thuairimse gur fiú imeacht anois.

Is é an aidhm atá leis líon na mac léinn a mhéadú.

Is é an bhrí atá le “Coimisiún” an Coimisiún Eorpach.

Is é mo bharúilse nár chóir dó éirí as.

Is é an fhadhb go bhfuil sé ró-leisciúil.

8.2.7

Ní shéimhítear na forainmnigh phearsanta i ndiaidh réamhfhocal a dtagann séimhiú ar a lorg.

Ar imigh sé gan sinn?

Níor bhuail mé riamh le daoine mar sibh.


8.3 Na hAidiachtaí Sealbhacha

8.3.1

Sa tábla thíos, léirítear na haidiachtaí sealbhacha agus na hathruithe tosaigh a leanann iad. Is iad na leaganacha treise, agus ainmfhocail ag gabháil leo, atá leagtha amach sa tábla. Cuirtear fleiscín idir dhá s, e.g., mo phas-sa, agus idir dhá n, e.g., ár n‑arán-na. Mura mbíonn treise i gceist, fágtar na hiarmhíreanna -sa (-se), -san (-sean), -na (-ne) ar lár.

Tábla 8B Na hAidiachtaí Sealbhacha
An tUatha An tIolra
An Chéad Phearsa
  • mo chapallsa
  • mo phas-sa
  • mo bhailese
  • m’athairse
  • ár mbádna
  • ár n‑arán-na
  • ár bpáircne
  • ár n‑earraíne
An Dara Pearsa
  • do chapallsa
  • do phas-sa
  • do bhailese
  • d’athairse
  • bhur mbádsa
  • bhur n‑aránsa
  • bhur bpáircse
  • bhur n‑earraíse
An Triú Pearsa (fir.)
  • a chapallsan
  • a phas-san
  • a bhailesean
  • a athairsean
  • a mbádnasan
  • a n‑aránsan
  • a bpáircnsan
  • a n‑earráinsan
An Tríú Pearsa (bain.)
  • a capallsa
  • a pas-sa
  • a bailese
  • a hathairse

An bhfaca tú mo mhálasa?

Cad a tharla dár mbronntanaisne?

Chaill siad a gcluichesean.

8.3.2

Is féidir na foirmeacha treise den fhorainmneach pearsanta (seisean, sise, siadsan) a úsáid freisin chun treise a chur in iúl, e.g., a gheansaí seisean; a cóta sise; a dteach siadsan.

Ní raibh mórán i gceist lena mhodúil seisean.

An bhfaca tú a carr sise?

Tá neart le déanamh ar a bhfeirm siadsan.

8.3.3

I gcás ina bhfuil an bhunuimhir dhá idir an aidiacht shealbhach agus an t‑ainmfhocal, ní ar an mbunuimhir ach ar an ainmfhocal a dhéantar na hathruithe tosaigh.

Tábla 8C An Aidiacht Shealbhach agus dhá
An tUatha
(i ndiaidh dhá)
An tIolra
(i ndiaidh dhá)
An Chéad Phearsa
  • mo dhá charr
  • mo dhá úll
  • mo dhá fheirm
  • ár dhá gcarr
  • ár dhá n‑úll
  • ár dhá bhfeirm
An Dara Pearsa
  • do dhá charr
  • do dhá úll
  • do dhá fheirm
  • bhur dhá gcarr
  • bhur dhá n‑úll
  • bhur dhá bhfeirm
An Triú Pearsa (fir.)
  • a dhá charr
  • a dhá úll
  • a dhá fheirm
  • a dhá gcarr
  • a dhá n‑úll
  • a dhá bhfeirm
An Tríú Pearsa (bain.)
  • a dhá carr
  • a dhá húll
  • a dhá feirm

Buail do dhá bhos ar a chéile.

Thit sí ar a dhá glúin. (bain.)

Ar dhíol siad a dhá n‑árasán? (iol.)

8.3.4

Chun feidhm forainmnigh shealbhaigh a chomhlíonadh — 

  1. úsáidtear aidiacht shealbhach móide ceanncuid arna threisiú le hiarmhír, e.g., mo cheannsa; a gcuidsean; nó

  2. úsáidtear aidiacht shealbhach móide cuid arna threisiú le hiarmhír agus leis an ainmfhocal, e.g., ár gcuidne airgid; bhur gcuidse iarrachtaí.

Tábla 8D An Aidiacht Shealbhach agus ceanncuid
An tUatha An tIolra An tUatha An tIolra
An Chéad Phearsa mo cheannsa ár gceann-na mo chuidse ár gcuidne
An Dara Pearsa do cheannsa bhur gceannsa do chuidse bhur gcuidse
An Triú Pearsa (fir.) a cheannsan a gceannsan a chuidsean a gcuidsean
An Tríú Pearsa (bain.) a cheannsa a cuidse

Is é sin mo cheannsa.

Cé acu ceann a ceannsa?

Cá bhfuil bhur gcuidse?

Ní bhfuair siad a gcuidsean.

Déan do chuidse oibre.

Mhill sé a chuidsean gruaige.

Is é ár gcuidne airgid é.

An bhfaca tú mo chinnse?

8.3.5

Chun aidiacht shealbhach a úsáid mar chuspóir ainm bhriathartha, cuirtear an réamhfhocal do roimh an aidiacht shealbhach sa chéad agus sa dara pearsa, uatha agus iolra, agus cuirtear á roimh an tríú pearsa, uatha agus iolra, mar seo a leanas:

Tábla 8E An Aidiacht Shealbhach mar Chuspóir Ainm Bhriathartha
An tUatha An tIolra An tUatha An tIolra
An Chéad Phearsa do m’ainmniú dár n‑ainmniú do mo thástáil dár dtástáil
An Dara Pearsa do d’ainmniú do bhur n‑ainmniú do do thástáil do bhur dtástáil
An Triú Pearsa (fir.) á ainmniú á n‑ainmniú á thástáil á dtástáil
An Tríú Pearsa (bain.) á hainmniú á tástáil

Ná bí do mo chéasadh!

An bhfuil an obair á déanamh agaibh?

Bhí sé dár gcuardach.

8.3.6

Má tá aidiacht shealbhach ar lorg réamhfhocail, ní dhéantar cumasc idir an réamhfhocal agus an aidiacht shealbhach i gcásanna den sórt seo a leanas.

Bhí carr ag mo mháthair nuair a bhí sí óg.

Ar thug tú bronntanas do do mháthair?

Cad a thug tú do d'athair?

Bhí hata ar a cheann. (fir.)

Bhí caipín ar a ceann. (bain.)

Tugadh an t‑uisce as ár dtobarna.

An grianghraf de bhur dteach é?

Tá siad géar as a mbarr.

8.3.7

I gcás na réamhfhocal de agus do, déantar cumasc idir an réamhfhocal agus an aidiacht shealbhach sa tríú pearsa, uatha agus iolra, agus sa chéad phearsa iolra mar a leanas:

de + a

do + a

de + ár

dár

do + ár

dár

Bhain sé an hata dá cheann. (fir.)

Bhain sí an hata dá ceann. (bain.)

Bhain siad na hataí dá gceann. (iol.)

Thug sé dá athair é. (fir.)

Thug sí dá hathair é. (bain.)

Thug siad dá n‑athair é. (iol.)

Scaoileamar dár ngreim.

Thugamar dár n‑aintíní iad.

8.3.8

Cuirtear n idir na réamhfhocail faoi, i, le, ó agus trí agus an aidiacht shealbhach nó an mhír a sna cásanna seo a leanas:

  1. an aidiacht shealbhach;

    Fuair sé inár gcarr é.

    Labhair sé faoina mhac.

  2. an mhír uimhriúil a;

    Beidh mé ann faoina sé a chlog.

    Beidh an scannán ar siúl óna ceathair a chlog.

  3. an mhír theibí a;

    Fuair sé ardmholadh trína fheabhas a rinne sé an obair.

    Ní raibh mé sásta lena fhad a thóg sé.

  4. i bhfrásaí amhail a lán; a leithéid; a thuilleadh;

    Ceadófar post lánaimseartha ina leithéid de chás.

    Fuair sí billí óna lán siopadóirí.

  5. an mhír choibhneasta a;

    Sin an t‑áras ina seolfar an leabhar.

    Cuir ríomhphost chugam faoina bhfuil socraithe agat.

    Nóta: Ní chuirtear n idir go dtí agus an aidiacht shealbhach nó an mhír a in aon chás.

    Chuaigh sí go dtí a teach tar éis na hoibre.

    Ní dheachamar go dtí ár gcóisir féin.

    Níor thosaigh an léacht go dtí a cúig a chlog.

    Bhíomar ann go dtí a dó dhéag.

8.3.9

Cuirtear n idir an réamhfhocal ar agus an aidiacht shealbhach a chun arna a chruthú. Réitíonn an t‑ainm briathartha le hinscne agus le huimhir an ainmfhocail a thagann roimhe, e.g., leabhar arna eisiúint; tuarascáil arna seoladh; doiciméid arna bhfoilsiú.

Measfar é a bheith arna thoghadh faoin Acht seo. (fir.)

Ciallaíonn "Cúirt Chuarda" an Chúirt Chuarda arna bunú le dlí. (bain.)

Déanfar é faoi réir rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt 7. (iol.)


8.4 Na Forainmnigh Réamhfhoclacha

Tábla 8F Na Forainmnigh Réamhfhoclacha
An tUatha An tIolra
An Chéad Phearsa An Dara Pearsa An Triú Pearsa (fir.) An Tríú Pearsa (bain.) An Chéad Phearsa An Dara Pearsa An Triú Pearsa
ag agam agat aige aici againn agaibh acu
ar orm ort air uirthi orainn oraibh orthu
as asam asat as aisti asainn asaibh astu
chuig chugam chugat chuige chuici chugainn chugaibh chucu
de díom díot de di dínn díbh díobh
do dom duit di dúinn daoibh dóibh
faoi fúm fút faoi fúithi fúinn fúibh fúthu
fara faram farat fairis farae farainn faraibh faru
i ionam ionat ann inti ionainn ionaibh iontu
idir - - - - eadrainn eadraibh eatarthu
ionsar ionsorm ionsort ionsair ionsuirthi ionsorainn ionsoraibh ionsorthu
le liom leat leis léi linn libh leo
ó uaim uait uaidh uaithi uainn uaibh uathu
roimh romham romhat roimhe roimpi romhainn romhaibh rompu
thar tharam tharat thairis thairsti tharainn tharaibh tharstu
trí tríom tríot tríd tríthi trínn tríbh tríothu
um umam umat uime uimpi umainn umaibh umpu

Tabhair faoi deara:

  1. Chun treise a léiriú leis na forainmnigh réamhfhoclacha, déantar cumasc idir na forainmneacha réamhfhoclacha agus na hiarmhíreanna -sa (-se), -san (-sean), -ne , e.g., agamsa, agatsa, aigesean, aicise, againne, agaibhse, acusan.

  2. Déantar -nne de -nn + -ne, e.g., againne, orainne, etc., agus cuirtear fleiscín idir dhá s, e.g., as-san, leis-sean, thairis-sean.


8.5 Na Forainmnigh Cheisteacha

8.5.1

Is iad , cad, agus céard na forainmnigh cheisteacha.

bhfuil tú ag dul?

ndeachaigh sé ar maidin?

Cad as duit?

Cad mar gheall ar an gceann seo?

atá ag teacht?

na ceisteanna atá agat?

Céard a tharla aréir?

Céard a rinne siad tar éis na hoibre?

8.5.2

Cuirtear h roimh fhocal dar tús guta ar lorg (féach 10.11.4).

Cá háit a ndeachaigh siad?

Cá huair a bheidh tú ag filleadh?

Cá hiontas?

Cá haois é?

8.5.3

Cuirtear h roimh na forainmnigh é (eisean), í (ise) agus iad (iadsan) ar lorg (féach 10.13.1)).

Cé hé an fear sin?

Cé hí féin?

Cé hiad na saineolaithe?

Cé hiadsan?

8.5.4

Ní shéimhítear na forainmnigh cheisteacha (féach 10.5.2), ach déantar cumasc idir , agus an chopail chun na foirmeacha cár, cárb, cárbh, cér, cérb agus cérbh a chruthú (féach 7.3.1). Déantar cumasc idir agus an t‑alt uatha an chun cén a chruthú.

Cár chuir tú é?

Cárb as thú?

Cárbh ard é?

Cér de/díobh é?

Cérb é sin?

Cérbh iad na cuairteoirí?

Cén t-achar anseo tú?

Cén dochar é?

8.5.5

Úsáidtear an leagan firinscneach uatha den fhorainmneach réamhfhoclach nó den aidiacht shealbhach a in abairtí ceisteacha, beag beann ar uimhir nó inscne an ní nó na nithe dá bhfuiltear ag tagairt, e.g., Cé leis a raibh tú ag caint? (is ag tagairt d’fhear, do bhean nó do ghrúpa atá leis); Cé ina aghaidh a raibh siad ag imirt? (is ag tagairt d’fhear, do bhean nó do ghrúpa atá an aidiacht shealbhach a).

Cad é a chuir tú ann?

aige a bhfuil na ticéid?

Céard faoi a bhfuil sibh ag caint?


8.6 Na Forainmnigh Thaispeántacha

8.6.1

Is forainmnigh thaispeántacha iad seo, sin agus siúd. Úsáidtear na forainmnigh thaispeántacha ar cheithre bhealach:

  1. go comhaisnéiseach le forainmneach atá roimhe, e.g., Is bronntanas é sin; Tabhair cabhair dóibh seo; Cá bhfuil a cóipleabhar siúd?; dá rachaidís siúd;

  2. go comhaisnéiseach roimh an bhforainmneach pearsanta, e.g., Sin é an bronntanas; Seo é an cóipleabhar; Siúd iad na múinteoirí; Siúd í an traein chugainn;

  3. thar ceann an fhorainmnigh phearsanta, e.g., Tá sin álainn; Ith seo; An bhfuil siúd amhlaidh?; D’imigh siúd leis an mbus; Sin madra; Seo an mála; Siúd an fhírinne; Cad seo?; Cé sin?; Sin sin; mar seo; go dtí sin; gan siúd a ól;

  4. le feidhm dhobhriathair, e.g., chomh híseal seo (sin, siúd); chomh mór seo (sin, siúd).

8.6.2

Is minic a úsáidtear na foirmeacha eo, in agus iúd in ionad seo, sin agus siúd ar lorg na copaile. Tabhair faoi deara nach n‑úsáidtear na leaganacha eo, iniúd tar éis is.

B'eo an áit.

heo é an leabhar.

Nach eo é mo chótasa?

B'in é é.

hin mar a bheadh an cás.

Dúirt sí gurb in é an fear.

B'iúd iad ag imeacht ar cosa in airde.

Is dócha gurbh iúd é é.

An iúd iad na comharsana?

8.6.3

Is cumasc idir é agus rud é an forainmneach taispeántach éard a úsáidtear ar lorg na copaile.

Is éard is cúram dúinne airgead a thabhairt on loan.

Ba éard a bhí mé a rá go mbeidh sé críochnaithe go luath.

Shílfeadh duine gurb éard atá á chur i gcéill agat ná go ndearnadh d’aon ghnó é.

An éard atá beartaithe foirgneamh nua a thógáil ann?