-
Cad a tharla?
-
Cad is brí leis sin?
Úsáidtear cónasc ar a dtugtar an mhír choibhneasta (deimhneach: a, ar; diúltach: nach, nár) chun príomhchlásal agus fochlásal coibhneasta a nascadh le chéile.
Is roimh an mbriathar san fhochlásal a chuirtear an mhír choibhneasta. Más í an chopail atá san fhochlásal, ní úsáidtear mír choibhneasta chun an príomhchlásal agus an fochlásal a nascadh le chéile ach bíonn foirm ar leith ar an gcopail féin (féach 11.8).
Tugtar réamhtheachtaí ar an bhfocal nó ar an bhfrása sa phríomhchlásal a thagann go díreach roimh an mír choibhneasta.
Cá bhfuil an madra a fuair sí? |
Eagraíodh cóisir dóibh siúd a chríochnaigh inniu. |
Is iartheachtaí a thugtar ar fhorainmneach (lena n‑áirítear aidiacht shealbhach) lena dtagraítear siar don réamhtheachtaí i gclásail choibhneasta indíreacha.
Tabhair sin don bhuachaill a bhfuil slaghdán air. |
Nach ise an bhean a mbíodh teach ósta aici? |
Clásal coibhneasta díreach a bhíonn i gceist sna cásanna seo a leanas. Ní bhíonn iartheachtaí i gclásal coibhneasta díreach —
más é an réamhtheachtaí ainmní an bhriathair sa chlásal coibhneasta:
Phóg an bhean sin Gearóid. |
→ Sin í an bhean a phóg Gearóid. |
Bhuail carr úrnua an leoraí. |
→ Ba charr úrnua an carr a bhuail an leoraí. |
Socróidh an fear sin an cluiche. |
→ Sin é an fear a shocróidh an cluiche. |
Bíonn an bhean sin ar an teilifís. |
→ Sin í an bhean a bhíonn ar an teilifís. |
más cuspóir díreach don bhriathar sa chlásal coibhneasta an réamhtheachtaí:
Phóg Gearóid an bhean sin. |
→ Sin í an bhean a phóg Gearóid. |
Bhuail an leoraí carr úrnua. |
→ Ba charr úrnua an carr a bhuail an leoraí. |
Chum an fear an dán sin. |
→ Sin é an dán a chum an fear. |
Ceannóidh an teaghlach an teach sin. |
→ Sin é an teach a cheannóidh an teaghlach. |
Nóta: Mar is léir ó (a) agus (b) roimhe seo, is abairtí débhríocha iad na habairtí: Sin í an bhean a phóg Gearóid; Ba charr úrnua an carr a bhuail an leoraí. D’fhéadfadh sé gur ainmní nó cuspóir díreach don bhriathar sa chlásal coibhneasta an réamhtheachtaí i ngach cás. Is fearr clásal coibhneasta indíreach a úsáid i gcásanna den sórt sin más gá débhrí a sheachaint (féach 11.3.1(a) ina dhiaidh seo). Níl an abairt sin é an dán a chum an fear débhríoch toisc nach bhféadfadh an réamhtheachtaí (an dán) a bheith ina ainmní don bhriathar.
más cuspóir d’ainm briathartha (cuspóir díreach nó a (aidiacht shealbhach)) sa chlásal coibhneasta an réamhtheachtaí:
Sin (é) an leabhar. Tá sé á léamh aige. |
→ Sin (é) an leabhar atá á léamh aige. |
Cheannaigh sí an gúna. Bhí mé á iarraidh. |
→ Cheannaigh sí an gúna a bhí mé a iarraidh. |
Nóta: Is féidir clásal coibhneasta díreach den sórt a úsáidtear sa dara sampla thuas a úsáid i gcás an chéad sampla freisin, e.g., Sin (é) an leabhar a bhí sé a léamh. Mar an gcéanna: Sin an cineál cairr atá á thiomáint aige; Sin an cineál cairr atá sé a thiomáint.
más é an dobhriathar ama uair nó an cónasc nuair an réamhtheachtaí:
Inseoidh mé an scéal duit nuair a bheidh deis agam. |
An cuimhin leat an uair a chuamar go dtí an Spáinn? |
más dobhriathar ama amhail an tráth, an mhaidin, an dáta, an oíche, an t‑am, etc. an réamhtheachtaí:
An bhfuil a fhios agat cén tráth a fhoilseofar é? |
An cuimhin leat an lá a thit an crann? |
Nóta: Is féidir an clásal coibhneasta indíreach a úsáid in ionad an chlásail choibhneasta dhírigh i gcás na ndobhriathra ama sin, e.g., An bhfuil a fhios agat cén tráth a bhfoilseofar é?; An cuimhin leat an lá ar thit an crann? (féach 11.3.1(g)).
más é atá sa réamhtheachtaí réamhfhocal simplí, réamhfhocal comhshuite, forainmneach réamhfhoclach nó frása dobhriathartha a thugtar chun tosaigh agus an chopail roimhe chun béim a leagan air (féach 11.8.4):
Déanfar an obair de réir a chéile. |
→ Is de réir a chéile a dhéanfar an obair. |
Shábháil mé an t‑airgead sa chomhar creidmheasa. |
→ Is sa chomhar creidmheasa a shábháil mé an t‑airgead. |
Bíonn sé ag labhairt thar ceann an pholaiteora. |
→ Is thar ceann an pholaiteora a bhíonn sé ag labhairt. |
Fuair mé an bronntanas uaidh. |
→ Is uaidh a fuair mé an bronntanas. |
Clásal coibhneasta indíreach a bhíonn i gceist sna cásanna seo a leanas. Déantar tagairt le hiartheachtaí sa chlásal coibhneasta indíreach don réamhtheachtaí sa phríomhchlásal. Úsáidtear clásal coibhneasta indíreach —
chun débhrí a sheachaint nuair is cuspóir díreach don bhriathar sa chlásal coibhneasta an réamhtheachtaí (féach 11.2.1(b) roimhe seo):
Phóg Gearóid an bhean sin. |
→ Sin í an bhean ar phóg Gearóid í. |
Buailfidh an sliotar an fear sin. |
→ Sin é an fear a mbuailfidh an sliotar é. |
Chaill an cailín a cóta nua. |
→ Ba chóta nua an cóta ar chaill an cailín é. |
más cuspóir d’ainm briathartha sa chlásal coibhneasta an réamhtheachtaí:
Cheannaigh sí an gúna. Bhí mé ag iarraidh é a fháil. |
→ Cheannaigh sí an gúna a raibh mé ag iarraidh é a fháil. |
Dhíol siad an chathaoir. Bhí mé ag moladh í a choimeád. |
→ Dhíol siad an chathaoir a raibh mé ag moladh í a choimeád. |
nuair is cuspóir indíreach don bhriathar sa chlásal coibhneasta an réamhtheachtaí:
Cuireadh an t‑agallamh ar an mbean sin. |
→ Sin í an bhean ar cuireadh an t‑agallamh uirthi. |
Ceannaím éadaí ón bhfear sin. |
→ Sin é an fear a gceannaím éadaí uaidh. |
Déantar tagairt don leabhar sa chlár. |
→ Sin é an leabhar a ndéantar tagairt dó sa chlár. |
Rinneadh ráiteas thar ceann an chomhlachta sin. |
→ Sin é an comhlacht a ndearnadh ráiteas thar a cheann. |
Cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach i leith an fhoirgnimh. |
→ Sin é an foirgneamh ar cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach ina leith. |
Tabhair faoi deara:
I gcás gur réamhfhocal simplí (as, de, do, etc.) a cheanglaíonn an briathar leis an gcuspóir indíreach, is féidir an réamhfhocal a thabhairt chun tosaigh roimh an mír choibhneasta. Déantar cumasc ansin idir na réamhfhocail de, do, faoi, i, le, ó agus trí agus na míreanna coibhneasta a agus ar, faoi seach (féach 11.6.1(c)).
Cuireadh an t‑agallamh ar an mbean sin. |
→ Sin í an bhean ar ar cuireadh an t‑agallamh. |
Ceannaím éadaí ón bhfear sin. |
→ Sin é an fear óna gceannaím éadaí. |
Déantar tagairt don leabhar sa chlár. |
→ Sin é an leabhar dá ndéantar tagairt sa chlár. |
I gcás gur réamhfhocal comhshuite (ar son, i leith, etc.) a cheanglaíonn an briathar leis an gcuspóir indíreach, is féidir an réamhfhocal comhshuite a thabhairt chun tosaigh. (Murab ionann agus (i) thuas, i gcás gur réamhfhocal comhshuite a thugtar chun tosaigh is clásal coibhneasta díreach an clásal briathartha a thagann ina dhiaidh.)
Rinneadh an ráiteas thar ceann an chomhlachta sin. |
→ Sin é an comhlacht ar thar a cheann a rinneadh an ráiteas. |
Cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach i leith an fhoirgnimh. |
→ Sin é an foirgneamh ar ina leith a cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach. |
nuair atá nasc ginidigh idir an réamhtheachtaí agus ainmní nó cuspóir (díreach nó indíreach) an bhriathair sa chlásal coibhneasta. Sa chás sin, aidiacht shealbhach atá san iartheachtaí:
Bhí iníon na mná sin ar an teilifís aréir. |
→ Sin í an bhean a raibh a hiníon ar an teilifís aréir. |
Ghoid an gadaí carr na mná óige. |
→ Ba bhean óg an bhean ar ghoid an gadaí a carr. |
Cuireadh agallamh ar mhac an fhir sin. |
→ Sin é an fear ar cuireadh agallamh ar a mhac. |
má dhéantar tagairt don réamhtheachtaí i gclásal briathartha ar clásal briathartha é atá faoi réir ag an mbriathar sa chlásal coibhneasta:
Cheap mé nach n‑inseodh an duine sin an fhírinne choíche. |
→ Ba dhuine é ar cheap mé nach n‑inseodh sé an fhírinne choíche. |
Sílim go bhfaca mé iníon na mná sin ar an teilifís aréir. |
→ Sin í an bhean a sílim go bhfaca mé a hiníon ar an teilifís aréir. |
Creideann an t‑oifigeach gur cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach i leith an fhoirgnimh sin. |
→ Sin é an foirgneamh a gcreideann an t‑oifigeach gur cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach ina leith. |
Teastaíonn uainn fál a thógáil idir an pháirc sin agus an bóthar. |
→ Sin í an pháirc a dteastaíonn uainn fál a thógáil idir í agus an bóthar. |
Nóta: Féach freisin an míniú ar chlásal idiraisnéiseach in 11.4, e.g., Ba dhuine í a cheap mé a chonaic mé cheana.
i gcás forainmnigh cheisteacha amhail cé, cad (é), etc. nuair a dhéantar réamhfhocal simplí, réamhfhocal comhshuite nó forainmneach réamhfhoclach a thabhairt chun tosaigh san abairt chun go dtagann sé go díreach ar lorg an fhorainmnigh cheistigh:
Cé hé + is ina aghaidh a bheidh sibh ag imirt. |
→ Cé ina aghaidh a mbeidh sibh ag imirt? |
Cad (é) + is ina thaobh a rinne tú sin. |
→ Cad (é) ina thaobh a ndearna tú sin? |
Cé hé + is leis a bhí tú ag caint. |
→ Cé leis a raibh tú ag caint? |
nuair is dobhriathar ama ar nós an tráth, an t‑am, etc. an réamhtheachtaí, is féidir an clásal coibhneasta indíreach a úsáid in ionad an chlásail choibhneasta dhírigh (úsáidtear an clásal coibhneasta díreach i ndiaidh nuair agus uair i gcónaí, féach 11.2.1(d)):
An bhfuil a fhios agat cén tráth a bhfoilseofar é? |
An cuimhin leat an lá ar thit an crann? |
Nóta: Is féidir an clásal coibhneasta díreach a úsáid in ionad an chlásail choibhneasta indírigh i gcás na ndobhriathra ama freisin, e.g., An bhfuil a fhios agat cén tráth a fhoilseofar é?; An cuimhin leat an lá a thit an crann? (féach 11.2.1(e)).
más ceann de na focail áit, bealach, caoi, cúis, dóigh, fáth, réasún, slí nó treo (nó focal a bhfuil an bhrí chéanna leis) an réamhtheachtaí agus má tá sé ag feidhmiú mar dhobhriathar atá ag cáiliú an bhriathair sa chlásal coibhneasta:
Sin é an tslí a ndearnadh é. |
Cén chaoi a bhfuil tú? |
Cad é an dóigh ar briseadh é? |
Sin é an chúis ar tháinig mé. |
Cén fáth ar imigh siad? |
Cé na háiteanna a ndeachaigh sibh? |
Nóta: Ní mór clásal díreach a úsáid in abairtí ina bhfuil focal den sórt sin ina chuspóir díreach ag an mbriathar, mar seo a leanas: Seo an áit is deise; Cad é an áit a cheannaigh sé?; Ar chuala tú an fáth a thug sí?; An maith leat an chaoi atáim a chur ar an seomra?
nuair atá mar ag feidhmiú mar dhobhriathar agus an bhrí áit leis:
Sin an leabharlann dhigiteach nua, mar a gcuirtear áiseanna taighde ar fáil do mhic léinn. |
Gheobhaidh tú san oifig í, mar a mbíonn sí gach oíche. |
Ceadófar achomhairc a dhéanamh, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt. |
Ach má tá mar in úsáid mar chónasc, is é an clásal coibhneasta díreach a leanann é, e.g., Sin mar atá cúrsaí.
Is clásal é clásal idiraisnéiseach ina dtugtar faisnéis faoin gclásal a thagann ina dhiaidh gan cur isteach ar mhúnla na habairte. Má bhaintear an clásal idiraisnéiseach den abairt, tá sí fós slán ó thaobh céille agus gramadaí de.
Briathra a úsáidtear chun tuairim nó caint a chur in iúl, e.g., abair, ceap, maígh, síl, etc., is mó a bhíonn i gclásail idiraisnéiseacha.
Nóta: Féach freisin 11.3.1(e) le haghaidh míniú ar chásanna ina ndéantar tagairt don réamhtheachtaí i gclásal briathartha atá faoi réir ag an mbriathar sa chlásal coibhneasta, e.g., Ba dhuine é ar cheap mé nach n‑inseodh sé an fhírinne choíche.
Is clásal díreach an clásal idiraisnéiseach, ach féadfaidh an clásal ar a lorg a bheith díreach nó indíreach ag brath ar mhúnla na habairte.
| An Clásal Idiraisnéiseach | |
|---|---|
| An dara clásal ina chlásal coibhneasta díreach | An dara clásal ina chlásal coibhneasta indíreach |
| Ba dhuine í a cheap mé a chonaic mé cheana. | Cén fáth a cheapann tú a ndeachaigh siad ann? |
| Cad a shíleann tú a tharlóidh di? | Cén chaoi is dóigh leat ar tharla a leithéid? |
| Chaith sé éadaí nár mheas mé a chaithfeadh sé go deo. | Cén dóigh a mheasann tú a ndéanfar an obair sin? |
Nóta: Is féidir clásal díreach nó indíreach a úsáid i roinnt cásanna, e.g., Fuair mé é in áit ar mheas mé a gheobhainn é seachas Fuair mé é in áit a mheas mé a bhfaighinn é.
Is clásal dar múnla an chopail agus breischéim aidiachta clásal breischéime. Má bhaintear an clásal breischéime den abairt, tá sí fós slán ó thaobh céille agus gramadaí de.
Is clásal díreach an clásal breischéime, ach féadfaidh an clásal ar a lorg a bheith díreach nó indíreach ag brath ar mhúnla na habairte.
| An Clásal Breischéime | |
|---|---|
| An dara clásal ina chlásal coibhneasta díreach | An dara clásal ina chlásal coibhneasta indíreach |
| Sin (iad) na ceisteanna is minice a chuirtear. | Is í an tUachtarán an duine is cáiliúla ar bhuail mé léi. |
| Ba é an rud ba mhó é a theastaigh uaithi. | Cá háit is fusa a n‑eagrófar an cheolchoirm? |
| Sin (é) an t‑amhrán is fearr a thaitin liom. | Is é sin an chaoi is gasta a ndéanfar é. |
Nóta: Féadfaidh clásal idiraisnéiseach agus clásal breischéime a bheith in aon abairt amháin, e.g., Ba é an banna ceoil ba cháiliúla a shíleann sé a bhainistigh an gnólacht sin riamh.
An Clásal Coibhneasta Díreach
Más clásal coibhneasta díreach atá ann, is é a an fhoirm den mhír choibhneasta a úsáidtear roimh na briathra rialta agus neamhrialta i ngach aimsir (seachas i gcás aimsir láithreach an bhriathair bí — féach (ii) thíos). Séimhítear an briathar i ndiaidh na míre coibhneasta dírí a ach amháin i gcás an tsaorbhriathair, aimsir chaite (ach féach 11.7.1(b)).
Sin é an stáisiún raidió a chraolann cláir do leanaí. |
Cén uair a chraolfar an clár? |
D’éirigh leo stáisiún raidió a chraolfadh popcheol a bhunú. |
Nach í sin an tsraith a chraoltaí gach maidin? |
Is é sin an clár a chraol siad inné. |
An í sin an bhean a théann go dtí na cluichí go léir? |
Sin é an bus a rachaidh go dtí an staid pheile. |
Sin í an bhean a rachadh go dtí an cluiche dá bhféadfadh sí. |
Nach é sin an fear a théadh go dtí na cluichí go léir? |
Sin í an bhean a chuaigh go dtí an staid pheile. |
Déantar cumasc idir an mhír choibhneasta a agus an fhoirm neamhspleách láithreach den bhriathar bí chun na foirmeacha atá, atáim, atáimid a chruthú.
Sin iad na leabhair atá á n‑iarraidh agam. |
Seo iad na héadaí atáim a cheannach. |
Sin é an ní atáimid chun a dhíol. |
An Clásal Coibhneasta Indíreach
Más clásal coibhneasta indíreach atá ann, úsáidtear a roimh na briathra rialta agus neamhrialta i ngach aimsir seachas san aimsir chaite (ach féach (iii) ina dhiaidh seo). Uraítear an briathar i ndiaidh na míre coibhneasta indírí a.
Sin é an clár a gcraolann an stáisiún raidió é. |
Cá háit a gcraolfar an clár? |
Cad chuige a gcraolfadh an stáisiún raidió popcheol? |
Is sraith í a gcraoltaí clár dá cuid gach maidin. |
An í sin an bhean a dtéann a hiníon go dtí na cluichí go léir? |
Sin é an fear a rachaidh a mhac go dtí an staid pheile. |
Sin í an bhean a rachadh a hiníon go dtí an cluiche dá bhféadfadh sí. |
Nach é sin an fear a dtéadh a pháistí go dtí na cluichí go léir? |
Sin é an ní a bhfuilimid chun é a dhíol. |
San aimsir chaite, is é ar an fhoirm den mhír choibhneasta a úsáidtear roimh na briathra rialta agus roimh na briathra neamhrialta beir, clois/cluin, ith, tabhair agus tar.
Sin é an clár ar chraol an stáisiún raidió é. |
Cheannaigh mé leabhar nua ar mhol an léirmheastóir é. |
Bhuail mé le fear ar chum a mhac amhráin Ghaeilge. |
Sin í an bhean ar cheannaigh mé na héadaí uaithi. |
Céard a tharla don duine ar rug tú greim air? |
Tá an scannán ar chuala mé faoi ar taispeáint sa phictiúrlann. |
Cá bhfuil an bhean ar bronnadh céim uirthi? |
An raibh ionadh ar an mbean ar tháinig a mac abhaile ón Astráil? |
San aimsir chaite, is é a an fhoirm den mhír choibhneasta a úsáidtear roimh na briathra neamhrialta abair, bí, déan, faigh, feic agus téigh.
Dar liom gurb é sin an fear a ndúradh linn é a leanúint. |
Tá aithne agam ar an mbean a raibh a hiníon ar an teilifís. |
Arbh é sin an leabhar a ndearnadh tagairt dó? |
Sin é an múinteoir a bhfuair mé litir uaidh. |
Nach í sin an bhean a bhfaca an fear í? |
D’fhill mé ar an áit a ndeachaigh mé fadó. |
Foirmeacha cumaisc
Déantar cumasc idir na réamhfhocail de, do, faoi, i, le, ó agus trí agus na míreanna coibhneasta a agus ar, faoi seach, mar a leagtar amach anseo thíos (féach freisin 11.3.1(c)(i)). Tabhair faoi deara nach féidir cumasc a dhéanamh idir an réamhfhocal agus na míreanna coibhneasta diúltacha.
| An Réamhfhocal | + an mhír choibhneasta a | + an mhír choibhneasta ar |
|---|---|---|
de |
dá |
dár |
do |
dá |
dár |
faoi |
faoina |
faoinar |
i |
ina |
inar |
le |
lena |
lenar |
ó |
óna |
ónar |
trí |
trína |
trínar |
An Clásal Coibhneasta Díreach agus Indíreach
I gclásail dhiúltacha dhíreacha agus indíreacha, is é nach an fhoirm den mhír choibhneasta a fhreagraíonn do a roimh na briathra rialta agus neamhrialta, ach amháin san aimsir chaite (ach féach (iii) thíos).
Is duine é nach nglacann comhairle. |
Sin é an stáisiún nach gcraoladh an clár. |
Sin é an clár nach gcraolfadh an stáisiún raidió é. |
Is í sin an bhean nach nglacfaidh a hiníon dea-chomhairle. |
Sin é an fear nach gceannaínn aon earraí uaidh. |
An í sin an cháis nach n‑íosfadh an fear? |
Sin í an bhean nach dtagann a mac abhaile gach bliain. |
San aimsir chaite, freagraíonn nár do a agus ar i gcás na mbriathra rialta agus i gcás na mbriathra neamhrialta beir, clois/cluin, ith, tabhair agus tar.
Ba dhuine é nár ghlac comhairle. |
Sin é an stáisiún nár chraol an clár. |
Sin é an clár nár chraol an stáisiún é. |
Is í sin an bhean nár ghlac a hiníon dea-chomhairle. |
Sin é an fear nár cheannaigh mé aon earraí uaidh. |
Céard a tharla don duine nár rug tú greim air? |
Tá scannán nár chuala mé trácht air ar siúl sa phictiúrlann anocht. |
Ar chaith tú amach an bia nár ith an madra? |
Sin an bhean nár thug mé leabhar di. |
An bhfuil aon duine nár tháinig abhaile ón gceolchoirm fós? |
San aimsir chaite, freagraíonn nach do a i gcás na mbriathra neamhrialta abair, bí, déan, faigh, feic agus téigh.
Is rud é nach ndúirt mé riamh. |
An í sin an bhean nach raibh a hiníon i láthair? |
Cad a dhéanfar faoin obair nach ndearnadh? |
Sin é an múinteoir nach bhfuair mé litir uaidh. |
Sin í an bhean nach bhfaca an dochtúir í. |
Cad a rinne sibh an uair sin nach ndeachaigh sibh ar saoire? |
Úsáidtear an fhoirm neamhspleách den bhriathar i ndiaidh na míre coibhneasta a i gclásail choibhneasta dhíreacha dheimhneacha.
An bhfaca tú an cóta nua a fuair mé? |
An é sin an fear a théadh go dtí na cluichí go léir? |
Séimhítear an briathar (seachas abair) san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach (ach féach 11.6.1(a)(ii)).
Sin é an sliotar a bhuaileann sí gach maidin. |
Sin é an sliotar a bhuailfear le linn an chluiche. |
Tabhair faoi deara go séimhítear an saorbhriathar sna cásanna ina séimhítear na foirmeacha eile den bhriathar, e.g., na héadaí a cheannaítear (a cheannófar, a cheannaítí) seachas san aimsir chaite, e.g., na héadaí a ceannaíodh. Ní shéimhítear an saorbhriathar neamhspleách san aimsir chaite ach amháin i gcás chonacthas, chualathas, chuathas agus thángthas.
Úsáidtear an fhoirm spleách den bhriathar i ndiaidh na míreanna coibhneasta ar agus a i gclásail choibhneasta indíreacha dheimhneacha.
Séimhítear an fhoirm spleách den bhriathar i ndiaidh na míre coibhneasta ar (ach amháin i gcás an tsaorbhriathair san aimsir chaite, e.g., ar goideadh; ar buaileadh).
Sin é an sliotar ar bhuail an bhean é. |
Sin í an bhean ar ghoid an gadaí a carr. |
Uraítear an fhoirm spleách den bhriathar i ndiaidh na míre coibhneasta a.
Sin é an ríomhaire a n‑úsáideann an bhean é le haghaidh na hoibre. |
Sin í an bhean a gceannóidh an buachaill a carr. |
An í sin an cailín a ndeachaigh a madra amú uirthi? |
Cá ndeachaigh an fear a bhfaca mé a mhac ag dul isteach san fhoirgneamh? |
Úsáidtear an fhoirm spleách den bhriathar i ndiaidh na míreanna coibhneasta nach agus nár i gclásail choibhneasta dhíreacha agus indíreacha dhiúltacha.
Uraítear an fhoirm spleách den bhriathar i ndiaidh nach.
Sin é an sliotar nach mbuaileann an bhean. |
Sin é an gaothscáth nach mbrisfidh an buachaill. |
Sin é an sliotar nach mbuaileann an bhean é. |
Sin í an bhean nach gceannóidh an buachaill a carr. |
Séimhítear an fhoirm spleách den bhriathar i ndiaidh nár ach amháin i gcás an tsaorbhriathair, aimsir chaite, e.g., nár ceannaíodh; nár blaiseadh.
Sin é an sliotar nár bhuail an bhean. |
Sin é an gaothscáth nár bhris an buachaill. |
Sin é an sliotar nár bhuail an bhean é. |
Sin í an bhean nár cheannaigh an buachaill a carr. |
Tá foirm choibhneasta neamhspleách ar leith ar an mbriathar san aimsir láithreach, san aimsir ghnáthláithreach agus san aimsir fháistineach. Is féidir an fhoirm sin a úsáid sa chlásal coibhneasta de rogha ar na foirmeacha scartha den bhriathar, e.g., Sin é an chéad leabhar eile a bheas á léamh agam; Céard a dhéanfas tú anois?
Is í an fhoirm leithleach choibhneasta neamhspleách den bhriathar lean a úsáidtear i gcónaí in abairtí mar na focail seo a leanas.
Seo thíos foirmeacha na copaile a úsáidtear i gclásail choibhneasta (féach freisin 7.2.3 agus 7.2.4 le haghaidh tuilleadh faisnéise).
| An Aimsir Láithreach agus An Aimsir Fháistineach | An Aimsir Chaite, An Aimsir Ghnáthchaite agus An Modh Coinníollach | |||
|---|---|---|---|---|
| roimh chonsan | roimh guta | roimh chonsan nó roimh fh- + consan | roimh guta nó roimh fh- + guta | |
| Díreach Deimhneach | is | ba | ab | |
| Indíreach Deimhneach | ar | arb | ar | arbh |
| Díreach agus Indíreach Diúltach | nach | nár | nárbh | |
Úsáidtear na foirmeacha a chríochnaíonn ar -b nó -bh roimh fhocal dar tús guta nó fh- roimh ghuta.
Ba í an bhean ab éirimiúla í. |
Is é sin an buachaill arb eol dó an freagra. |
Is í sin an cailín arbh aoibhinn léi an eolaíocht. |
Níor éist sé leis an ráiteas nárbh fhíor é. |
Leanann séimhiú foirmeacha na copaile san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach.
Ba í ba bhainisteoir orthu. |
Ba é an rud ab fhusa a dhéanamh é. |
Is í sin an bhean ar mhór aici do chabhair. |
Níor tharla aon ní arbh fhiú trácht air. |
Ní dhearna mé aon ní nár chuí liom. |
I gcás go mbaintear leas as an gcopail chun béim a leagan ar réamhfhocal simplí, réamhfhocal comhshuite, forainmneach réamhfhoclach nó frása dobhriathartha a thugtar chun tosaigh, is clásal coibhneasta díreach an dara clásal.
Is arú inné a tháinig siad abhaile. |
Is ón gcomhar creidmheasa a fuair mé an t‑airgead. |
Ba leis-sean a bhí mé ag caint. |
An ar an traein a chuaigh tú go Sligeach? |
Is chun na Fraince a théann sé ar saoire. |
Is de réir a chéile a dhéantar dul chun cinn. |
Déantar cumasc idir na foirmeacha den chopail ar, arb agus arbh agus na réamhfhocail de, do, faoi, i, le, ó agus trí mar a leagtar amach anseo thíos (féach freisin 7.3.2).
| Réamhfhocal | + ar na copaile | + arb na copaile | + arbh na copaile |
|---|---|---|---|
de/do |
dar |
darb |
darbh |
faoi |
faoinar |
faoinarb |
faoinarbh |
i |
inar |
inarb |
inarbh |
le |
lenar |
lenarb |
lenarbh |
ó |
ónar |
ónarb |
ónarbh |
trí |
trínar |
trínarb |
trínarbh |
| Coibhneas Díreach | Sampla |
|---|---|
cad |
|
cathain |
Cathain a fuair tú an carr nua? |
cá fhad, cén fhad* |
|
cá mhéad, cé mhéad, cén méid |
|
cé |
Cé a bhí leat? |
cé acu, cibé acu |
|
céard |
Céard atá ar siúl agat? |
cá huair, cén uair |
|
chomh + dobhriathar ama + is |
|
conas |
Conas a dhéanann tú é? |
cad é mar, mar (cónasc) |
|
nuair |
Cuirfidh mé scairt ort nuair a bheidh deis agam. |
*Leagan seanbhunaithe is ea cén fhad. Is ainmfhocal firinscneach é fad i gcónaí.
| Coibhneas Indíreach | Sampla |
|---|---|
an áit, cá háit, cén áit |
|
an chaoi, cén chaoi |
|
an dóigh, cén dóigh |
|
an fáth, cén fáth |
|
cad chuige |
Cad chuige a ndearna tú sin? |
cad ina thaobh |
Cad ina thaobh ar inis tú bréag? |
an tslí, cén tslí |
|
a, ar (sa bhrí an méid a, an méid ar); gach a, gach ar (sa bhrí gach rud a, gach rud ar) |
|
mar (sa bhrí áit) |
|