-
Gortaíodh í le linn ceann de na cluichí áitiúla.
-
Tá laghdú tagtha ar mhéid mo chuid oibre.
Bíonn ainmfhocal cinnte nó éiginnte. Is ainmfhocal cinnte ainmfhocal a thagraíonn do dhuine nó do rud cinnte. Is ar cheann de na slite a léirítear in 3.1.2 thíos a dhéantar tagairt do dhuine nó do rud cinnte. Is ainmfhocal éiginnte ainmfhocal in aon chás eile.
Is ainmfhocal cinnte —
ainm dílis (ainm duine nó áite áirithe), e.g., Fionnán, Gráinne, Leamhcán:
Caoimhe is ainm di. |
Tá cónaí orthu i Meiriceá. |
ainmfhocal a bhfuil an t‑alt roimhe, e.g., an tAcht, an obair, an fhadhb:
An bhfaca tú an t‑eitleán mór sin? |
Tá an ghealach lán anocht. |
An raibh an tiománaí tacsaí ag an gcruinniú? |
ainmfhocal a bhfuil aidiacht shealbhach roimhe, e.g., mo mhac, a hathair, a ngluaisteán:
Ar bhuail tú le mo dheartháir? |
A hathair a d’inis an scéal di. |
Bhí sí ag glanadh a bróg peile. (iol.) |
Chuaigh sé i gcomhair a chupáin tae. (u.) |
ainmfhocal a bhfuil gach, gach aon nó gach uile roimhe:
Bhí gach duine den teaghlach i láthair. |
Buaileann sé isteach ag an am céanna gach aon lá. |
Baineann an t‑acht leasaithe le gach uile fheithicil inneallghluaiste. |
ainmfhocal a bhfuil uimhir nó litir ar a lorg, e.g., Cuid III, riail a sé, Bus 16, mír (b):
Bain triail as ceist a ceathair. |
Ar sheiceáil tú Aguisín A? |
ainmfhocal a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg, e.g., oifig Áine, óráid an Aire, teach mo mhic, tús gach bliana, sonraí mhír (b):
Tá an fhéile á heagrú i gcomhar le muintir Thamhlachta. |
An é leabhar an mhúinteora é? |
Ar labhair tú le bainisteoir an óstáin? |
Thug sé cuairt ar theach a iníne. |
Tá ainm gach imreora ar eolas aige. |
Tugadh ardmholadh d’fhoireann Bhus 16. |
ainmfhocal sa tuiseal gairmeach, e.g., a bhean, a dhuine uasail:
Céard atá á dhéanamh agat ansin, a mhic? |
Ní chreidfeá é, a thaisce. |
Is minic an t‑alt ina chuid d’ainm dílis (go háirithe i gcás logainmneacha) agus ní mór an t‑alt a úsáid sna cásanna sin, e.g., an Ísiltír, an tSionainn, an Longfort, an Streoillín, an Earagail, An tOileánach (nuair is é an leabhar atá i gceist), na Cruacha Dubha.
Bhí mé ar an Earagail inné. |
Cé a scríobh An Grá agus an Ghruaim? |
Tabhair faoi deara, i gcásanna inar gnách an t‑alt a úsáid le hainm dílis, nach gcuirtear an t‑alt isteach má tá an t‑ainm dílis sin ag feidhmiú i gcáil aidiachta, e.g., an Nollaig ach cárta Nollag; an Ardteist ach scrúdú Ardteiste; an Cháisc ach ubh Chásca.
Úsáidtear an t‑alt roimh ghinideach Éire, Albain, Gaillimh, e.g., oileán na hÉireann, foireann na hAlban, cathair na Gaillimhe (féach 1.1.5(i)A).
Tá an-eolas aici ar litríocht na hÉireann. |
Blas na Gaillimhe atá ar a cuid cainte. |
Fágtar an t‑alt ar lár roimh Éireann i roinnt leaganacha oifigiúla, áfach, e.g., Dáil Éireann, Seanad Éireann, Iarnród Éireann, Bus Éireann, agus i roinnt seanleaganacha agus leaganacha fileata, e.g., plúr ban Éireann, bánchnoic Éireann.
Is clár de chuid Raidió Teilifís Éireann é. |
Is í rogha ban Éireann í. |
Is féidir an t‑alt a úsáid le hainmneacha trádála nuair atá feidhm aidiachtach acu, e.g., an buidéal Coca Cola; sa mhála Supervalu; laistigh den doiciméad Word; ar an ríomhaire Apple.
Is é sin an t‑inneall fuála Singer a cheannaigh mo sheanmháthair. |
Shábháil mé sa scarbhileog Excel chéanna é. |
Ní chuirtear an t‑alt roimh ainmfhocal má tá sé cáilithe le hainmfhocal cinnte sa ghinideach, e.g., tiománaí an tacsaí, ceadúnas thiománaí an tacsaí; dáta éaga cheadúnas thiománaí an tacsaí (nuair atá tacsaí áirithe i gceist).
An raibh úinéir an tsiopa in ann cabhrú leat? |
Fágadh na heochracha in oifig chuntasóir úinéir an tsiopa. |
Cuirtear an t‑alt roimh an gcéad ainmfhocal má tá sé cáilithe le hainmfhocal éiginnte, e.g., an tiománaí tacsaí, an tiománaí leoraí (cineál áirithe tiománaí); an freastalaí beáir, an freastalaí bialainne (cineál áirithe freastalaí); an t‑oifigeach feidhmiúcháin, an t‑oifigeach riaracháin (cineál áirithe oifigigh) (féach 3.1.9).
Is é an t‑úinéir talún is fearr sa cheantar é. |
Is í an t‑imreoir sacair is gasta dá bhfaca mé riamh í. |
Tá roinnt frásaí ainmfhoclacha ann a bhfuil ainmfhocal iontu a bheadh cinnte de réir 3.1.2 ach atá éiginnte toisc go bhfuil an frása iomlán á úsáid ina aonad amháin brí mar ainmfhocal éiginnte. Uaireanta, sna cásanna sin, úsáidtear an t‑alt nuair atá an frása iomlán ag feidhmiú mar ainmfhocal cinnte, e.g., an Leabhar Eoin; an Choróin Mhuire; ba mhór an grá Dia é; an fear sin na n‑uibheacha.
D’imigh siad leo nuair a bhí an uair an chloig caite. |
Nach é an trua Mhuire é! |
Tabhair faoi deara go gcoinnítear an t‑alt freisin i gcás go dtagann uimhir nó litir i ndiaidh ainmfhocal atá á cháiliú le forainmneach taispeántach, e.g., an t‑alt sin 5; an mhír sin (f).
Maidir le teidil a mbíonn blianta ag gabháil leo — teidil féilte agus tuarascálacha bliantúla, mar shampla — níor cheart an t‑alt a úsáid ach amháin más aonaid bhrí ar leithligh iad an dáta agus an chuid eile den teideal. Ní hionann brí An tOireachtas, 2010 agus Oireachtas 2010 ná An Tuarascáil Bhliantúil, 2009 agus Tuarascáil Bhliantúil 2009.
An bhfuil Tuarascáil Bhliantúil 2015 réidh? |
Foilseofar Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Faisnéise, 2014 go luath. |
Eisíodh an tAcht Oideachais, 2015 inné. |
Úsáidtear an tuiseal ginideach sna cásanna seo a leanas (féach na cásanna eile in 1.5.1) —
nuair atá ainmfhocal cinnte á cháiliú le hainmfhocal cinnte eile:
an cóta + an bhean |
→ |
Is é sin cóta na mná. |
an t‑údar + na leabhair |
→ |
Is í údar na leabhar í. |
nuair atá ainmfhocal éiginnte á cháiliú le hainmfhocal éiginnte eile:
cóta + bean |
→ |
Is cóta mná é. |
údar + leabhair |
→ |
Is údar leabhar í. |
nuair atá ainmfhocal cinnte á cháiliú le hainmfhocal éiginnte:
an cóta + bean |
→ |
An bhfaca tú an cóta mná sin? |
an t‑údar + leabhair |
→ |
Is í an t‑údar leabhar is cáiliúla in Éirinn í. |
A thúisce a cháilítear ainmfhocal éiginnte le hainmfhocal cinnte, ní ainmfhocal éiginnte é a thuilleadh ach ainmfhocal cinnte. Dá réir sin, más brí éiginnte atá i gceist, ní foláir fochlásal réamhfhoclach nó réamhfhocal a úsáid chun an nasc idir na hainmfhocail a léiriú.
Úsáidtear de más cuid nó páirt atá i gceist, e.g., Ballstát den Aontas Eorpach; gloine den bheoir gheal:
An bhfuair tú cuid den airgead? |
Tháinig na ceisteanna ó dhaoine den phobal. |
Úsáidtear de chuid i gcás gur ní as measc grúpa de nithe iomadúla den saghas céanna atá i gceist, e.g., iománaí de chuid na Gaillimhe; feidhmeanna áirithe de chuid an choiste:
Briseadh ríomhaire de chuid na hoifige. |
Is deontas de chuid na Roinne é. |
Úsáidtear réamhfhocal eile (le, etc.) i gcásanna eile chun éiginnteacht a chur in iúl, e.g., deartháir le Bríd; úrscéal le Máire:
Ba bhréagán le Caoimhe an bréagán a bhris sé. |
Ar léigh sibh tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa? |
Is minic i gcás 3.1.10(b) thuas, áfach, gur feiliúnaí ceann de na focail ionadacha ceann, cuid nó duine a chur in ionad an chéad ainmfhocail, e.g., ceann de ríomhairí na hoifige; duine d’iománaithe na Gaillimhe. Is féidir, freisin, an t‑ainmfhocal a úsáid faoi dhó, e.g., dán de dhánta Uí Bhruadair.
Bhris sé ceann de na cupáin sa chistin. |
Rachaidh cuid den aos óg thar sáile i gcónaí. |
Is duine d’fhoireann na hoifige é. |
Nach amhrán d’amhráin Kíla é? |
Nóta: Úsáidtear na struchtúir chéanna uaireanta i gcás ainmfhocail chinnte, e.g., an ghloine dheireanach den fhíon dearg; an chuid is fearr den leabhar.
Bhí gach ríomhaire de chuid na cuideachta briste. |
Ba é an ceann ba mheasa de na scannáin uile a chonaiceamar é. |
Ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ghiorrúchán nó ar acrainm riamh. (SAM — Stáit Aontaithe Mheiriceá; OÉ — Ollscoil na hÉireann.)
Scríobh sé leabhar faoi SAM. |
Tá agallamh aige le OÉ Gaillimh. |
Is é in (seachas i) an fhoirm den réamhfhocal i a úsáidtear roimh ghiorrúchán nó acrainm. (RTÉ — Raidió Teilifís Éireann; CSE — Ciste Sóisialta na hEorpa.)
Tá sí ag obair in RTÉ. |
Tá na milliúin euro in CSE. |
Ní chiorraítear na réamhfhocail de agus do go d' roimh ghiorrúchán nó acrainm a thosaíonn ar ghuta. (OLAF — an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise; ÍMAT — Íoc mar a Thuillir.)
Is ag cruinnithe de OLAF a pléadh an cheist. |
Tugadh aitheantas do ÍMAT mar chóras cánach a bhfuil ag éirí go maith leis. |
Tabhair faoi deara go mbíonn sé de rogha ag an scríbhneoir na focail ar a bhfuil an giorrúchán nó an t‑acrainm bunaithe a scríobh amach i gcónaí.
An bhfuil an cur chuige bunaithe ar an Ionstraim Eorpach Aonair? |
Tá súil ag na Náisiúin Aontaithe go mbeidh dea-thoradh ar an bpróiseas. |
Tá dhá chóras is féidir a úsáid chun plé le giorrúcháin agus le hacrainmneacha ar teidil iad ar eagraíochtaí, foilseacháin, conarthaí, comhaontuithe, scéimeanna, córais nó nithe eile dá samhail nach ann ach do cheann amháin acu — an córas gan an t‑alt agus an córas leis an alt. Cé is moite de théacsanna reachtúla ina n‑úsáidtear an córas gan an t‑alt i gcónaí, is faoin scríbhneoir atá sé an córas a úsáidfear a roghnú. Moltar gan an dá chóras a mheascadh.
Nithe aonaracha — an córas gan an t‑alt
Sa chóras gan an t‑alt, is mar ainmfhocail chinnte a phléitear le giorrúcháin agus le hacrainmneacha agus ní chuirtear an t‑alt rompu (ach féach 3.2.3(b)). (CTT — an Clár Tacaíochta Teaghlaigh; NA — na Náisiúin Aontaithe; OÉ — Ollscoil na hÉireann)
Tá SAM ina bhall den Chomhairle Slándála. |
Tá beartais OÉ dírithe ar an oideachas a fhorbairt. |
Tagann Airí Bhallstáit AE le chéile sa Chomhairle. |
Tá obair ar bun le haghaidh dhíscaoileadh CTT. |
Tá sí ag obair i gcomhar le Gasra Imscrúdaithe de chuid NA. |
Is mar ainmfhocal firinscneach uatha a dhéantar tagairt do ghiorrúchán nó d’acrainm gan beann ar uimhir ná inscne na bhfocal ar a bhfuil sé bunaithe. (FSS — Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.)
An é FSS a bhfuil freagracht air as cúrsaí sláinte? |
Maidir le NA, is é 193 líon a bhall. |
Nithe aonaracha — an córas leis an alt
Sa chóras leis an alt, úsáidtear an t‑alt roimh ghiorrúcháin nó roimh acrainmneacha de réir mar is cuí. Bíonn úsáid an ailt faoi réir ag struchtúr na bhfocal ar a bhfuil na giorrúcháin nó na hacrainmneacha bunaithe, mar seo a leanas —
ní chuirtear an t‑alt roimh ghiorrúcháin nó roimh acrainmneacha má tá siad bunaithe ar ainmfhocail chinnte nach gcuirtear an t‑alt leo, e.g., Stáit Aontaithe Mheiriceá, Raidió Teilifís Éireann, nó má tá an t‑alt i lár na bhfocal ar a bhfuil na giorrúcháin nó na hacrainmneacha bunaithe, e.g., Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ollscoil na hÉireann:
Tá SAM ina bhall den Chomhairle Slándála. |
Tá beartais OÉ dírithe ar an oideachas a fhorbairt. |
cuirtear an t‑alt roimh ghiorrúcháin nó roimh acrainmneacha má tá siad bunaithe ar ainmfhocail a gcuirtear an t‑alt rompu chun iad a dhéanamh cinnte. Úsáidtear foirm uatha nó iolra an ailt ag brath ar uimhir na bhfocal ar a bhfuil na giorrúcháin nó na hacrainmneacha bunaithe:
Tagann Airí Bhallstáit an AE le chéile sa Chomhairle. |
Cé atá i dteideal maoiniú faoin CTT? |
Tá sí ag obair i gcomhar le Gasra Imscrúdaithe de chuid na NA. |
is mar ainmfhocal firinscneach uatha a dhéantar tagairt do ghiorrúchán nó d’acrainm gan beann ar uimhir ná inscne na bhfocal ar a bhfuil sé bunaithe. (an IEA — an Ionstraim Eorpach Aonair.)
Maidir leis na NA, is é 193 líon a bhall. |
Síníodh an IEA sa bhliain 1986 agus tá feidhm reachtach aige. |
Má bhaineann giorrúchán nó acrainm le nithe iomadúla (nithe a bhfuil níos mó ná ceann amháin acu ann), is féidir an t‑alt a chur roimhe ar mhaithe lena idirdhealú ó nithe eile den chineál céanna. (CIN — Corparáid Ilnáisiúnta; PO — Príomhoifigeach.)
Is fostaí de chuid CIN rannpháirteach í. |
- ach Is fostaí de chuid an CIN rannpháirtigh sin í. |
Úsáidtear an seomra mar oifig PO. |
- ach Úsáidtear an seomra mar oifig an PO sin. |
Is féidir an t‑alt a úsáid le hainmfhocal atá á cháiliú le giorrúchán nó le hacrainm a bhfuil feidhm aidiachtach leis ar mhaithe le rud sonrach as measc nithe iomadúla a aithint. (uimhir PSP — uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí; CBL — Cáin Bhreisluacha; DART — Dublin Area Rapid Transit.)
Tabharfar uimhir PSP duit. |
- ach Cá bhfuil an uimhir PSP a tugadh duit? |
Tá ráta ard CBL i bhfeidhm. |
- ach Tá an ráta céanna CBL i bhfeidhm le fada. |
Tá stáisiún DART sa cheantar seo. |
- ach An é an stáisiún DART sin atá i gceist? |
Cruthaítear leagan iolra de ghiorrúchán nó d’acrainm a bhaineann le nithe iomadúla trí -anna a chur leis má chríochnaíonn sé ar chonsan agus trí -nna a chur leis má chríochnaíonn sé ar ghuta. Is mar ainmfhocal firinscneach iolra a dhéantar tagairt do ghiorrúchán nó d’acrainm atá san iolra.
Nach iad sin na CINanna a bhfuil dea-cháil orthu? |
Is POnna ar fad iad sin. |
Má thagann ainmfhocal cinnte sa ghinideach i ndiaidh ainmfhocal eile, is gnách an t‑ainmfhocal eile sin a fhágáil gan infhilleadh agus a thúschonsan a shéimhiú nuair atá sé faoi réir ag focal nó ag leagan a leanann an ginideach é (féach freisin 10.2.6). Fágtar ainmfhocal a bhfuil uimhir nó litir ar a lorg gan infhilleadh agus séimhítear a thúschonsan freisin —
ainm dílis (ainm duine nó áite áirithe):
Sin é teach Ghráinne. |
→ |
Sin í eochair theach Ghráinne. |
An raibh foireann Chorcaí ann? |
→ |
Bhí bus fhoireann Chorcaí ann. |
ainmfhocal a bhfuil an t‑alt roimhe:
Pléadh forais chreidmheasa an Stáit. |
→ |
Dúradh go bhfuil cobhsaíocht fhorais chreidmheasa an Stáit ríthábhachtach. |
Ar labhair tú le bainisteoir na hoifige? |
→ |
D’fhág mé nóta le haghaidh bhainisteoir na hoifige. |
ainmfhocal a bhfuil aidiacht shealbhach roimhe:
Cad atá á dhéanamh le doras a ghluaisteáin? |
→ |
Tá an meicneoir ag deisiú dhoras a ghluaisteáin. |
An le toil a dtuismitheoirí a rinne siad é? |
→ |
Ní hea, ach in éadan thoil a dtuismitheoirí. |
ainmfhocal a bhfuil gach, gach aon, nó gach uile roimhe:
Cheartaigh sé ceacht gach linbh. |
→ |
Chuir sé réalta órga ag bun cheacht gach linbh. |
Tá cearta gach aon saoránaigh tábhachtach. |
→ |
Tá siad ag gníomhú ar son chearta gach aon saoránaigh. |
ainmfhocal a bhfuil uimhir nó litir ar a lorg:
Sin é Traein 20. |
→ |
Cá bhfuil tiománaí Thraein 20? |
Ar luaigh tú fomhír (i)? |
→ |
Luaigh, tá an fhaisnéis i lár fhomhír (i). |
ainmfhocal a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg:
Tá téarmaí an Achta soiléir. |
→ |
Tá na ceapacháin faoi réir théarmaí an Achta. |
Cá bhfuil bainisteoir an óstáin? |
→ |
Tá oifigí bhainisteoir an óstáin san fhoirgneamh sin. |
Ach, más ainm briathartha an t‑ainmfhocal a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg, déantar athrú an ghinidigh air má thagann ainmfhocal eile roimhe, e.g., cosaint, madra cosanta na monarchan; fuascailt, bean fuascailte na ceiste; cealgadh, beach cealgtha an pháiste; bualadh, innill buailte an arbhair; bailiú, seachtain bailithe na rátaí.
I gcás ainm briathartha a bheith ina dhlúthchuid d’aonad áirithe, e.g., cur chun cinn; cur chuige; teacht i bhfeidhm; atá faoi réir ag ainmfhocal eile nó ag leagan a leanann an ginideach é:
má tá an t‑alt roimh an ainm briathartha sin, is é an t‑alt firinscneach uatha a bhíonn roimhe i ngach tuiseal agus ní dhéantar an t‑ainm briathartha a infhilleadh, e.g., luas an dul chun cinn; ag moladh an teacht i bhfeidhm; le linn an tabhairt amach; i bhfianaise an tabhairt suas; faoi réir an leagan amach. Imríonn an t‑alt ar thúslitir an ainm bhriathartha, áfach, mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach uatha sa ghinideach, e.g., fad an chur síos; castacht an chur chuige; ag cáineadh an éirí in airde; ag comóradh an éirí amach; de dheasca an tsracfhéachaint ar gcúl; d’ainneoin an chéim ar gcúl (féach 3.3.3(c)):
Tá an t‑iniúchóir ag fiosrú an chur i gcéill sin faoi láthair. |
Bhí sí i mbun an chur i láthair nuair a theip ar an ríomhaire. |
má tá aidiacht shealbhach roimh an ainm briathartha, déantar a thúschonsan a shéimhiú nó a urú, de réir mar is cuí, ach fágtar é gan infhilleadh, e.g., i bhfianaise mo chur chuige; luas ár ndul chun cinn; ag moladh a gcur chuige (iol.):
Tá siad ag moladh a chur chuige ó mhínigh sé dóibh é. |
Dúirt sí go raibh an t‑eolas ag teastáil le haghaidh a cur i láthair. |
Nuair atá ainmfhocal nó abairtín ainmfhoclach á cheangal ag an réamhfhocal a (as do) le hainm briathartha, fágtar an t‑ainmfhocal san ainmneach ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é.
| An Ginideach | Foirm an Ainmnigh in ionad an Ghinidigh |
|---|---|
Chuir sé chun an rialtais é. |
Tá sé ann chun an obair a dhéanamh. |
Ní fhanann sé i bhfad tar éis dinnéir. |
Tá na leanaí tar éis dinnéar a réiteach duit. |
Tharla sé le linn na tréimhse sin. |
Is le linn na hoibrithe a fhostú a tháinig an cheist sin chun cinn. |
Tá an lánúin óg ar tí a bpósta. |
Bhí na fir shlándála ar tí na doirse a dhúnadh. |
Cuideachta áitiúil atá i mbun na hoibre. |
Cuideachta áitiúil atá i mbun an teach a thógáil. |
An bhfuil siad ag geallúint an airgid dúinn? |
Níl aon duine ag bagairt an t‑airgead a thógáil ar ais. |
Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar na focail ceann agus cuid nuair atá ginideach rannaíoch nó tabharthach rannaíoch faoina réir.
Gortaíodh í le linn ceann de na cluichí áitiúla. |
Tá laghdú tagtha ar mhéid mo chuid oibre. |
Bhí siad ag díbirt cuid mhór acu. |
Ritheadh é d’ainneoin an chuid eile den alt. |
Ach, infhilltear iad nuair is gnáth-ainmfhocail iad.
D’ainneoin na Coda sin, ritheadh an Bille. |
Thit sí ar mhullach a cinn. |
Nuair a úsáidtear aon ainmfhocal coiteann amháin gan an t‑alt leis mar ainm comhlachta, cumainn nó cláir, ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar an ainmfhocal, e.g., buaicphointe Múscailt, ceannáras Muintearas, ceardlanna Síolta, gníomhairí Bóthar.
Bhuail mé le Príomhfheidhmeannach Trócaire ann. |
Cá bhfuil príomhoifig Bóthar? |
Is é is ainm briathartha ann focal a bhfuil feidhm ainmfhocail agus feidhm bhriathair araon aige. Is féidir focail amhail eitilt, foghlaim, snámh, etc. a úsáid mar ainmfhocal, e.g., deireadh na heitilte; foghlaim a fháil; snámh féileacáin, agus mar ainm briathartha, e.g., ag eitilt sa spéir; ag foghlaim teanga; ag snámh in aghaidh easa. Déantar cur síos anseo ar chásanna ina n‑úsáidtear foirm an ainmnigh den ainm briathartha in ionad fhoirm an ghinidigh de.
Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainm briathartha nuair atá an forainmneach réamhthagrach a roimhe.
Tá sé tar éis a rá go ndéanfaidh sé é. |
Tá sé ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh gach ní ina cheart. |
Má tá ainm briathartha sa struchtúr chun + ainm briathartha á úsáid chun gníomh atá le teacht a chur in iúl, ní dhéantar athrú an ghinidigh air.
An bhfuil sé chun iomáint le Corcaigh? |
Níl an eagraíocht chun snámh in aghaidh easa. |
Tá na páistí chun dul abhaile. |
Tá an ghaoth chun séideadh níos measa. |
Níl siad chun seasamh siar. |
Tá sí chun pósadh go luath. |
Tá sé chun imirt. |
Ach, más í an bhrí le haghaidh atá ag chun, úsáidtear an ginideach.
I gcás ainm briathartha a bheith ina dhlúthchuid d’aonad áirithe, e.g., cur chun cinn; cur chuige; atá faoi réir ag ainmfhocal eile nó ag leagan a leanann an ginideach é, má tá sé éiginnte fágtar an t‑ainm briathartha gan infhilleadh agus ní dhéantar a thúschonsan a shéimhiú, e.g., fad cur síos; i gcás cur i gcéill; ag ullmhú cur i láthair; i bhfianaise teacht i bhfeidhm (féach 3.3.1(b)):
Cén cineál cur chuige a d’úsáid siad? |
Bhí sí i mbun cur i láthair nuair a theip ar an teilgeoir. |
Tá an plean dul chun cinn sa tuarascáil bhliantúil. |
Má tá gnáthghinideach de réir ceann de na díochlaontaí (féach 5.6.1(a)) ar ainmfhocal éiginnte a úsáidtear mar ainm briathartha freisin, ní dhéantar athrú an ghinidigh air nuair a úsáidtear mar ainm briathartha é.
Bhí na léirsitheoirí ag diúltú imeacht. |
Níl na déagóirí ag iarraidh troid (sa bhrí ag iarraidh troid a dhéanamh). |
Tá sé tar éis siúl abhaile. |
Ach, déantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal nuair a úsáidtear mar ainmfhocal éiginnte é.
Tá sé ag tabhairt léime. |
Bíonn an fhoireann ag imirt iomána gach deireadh seachtaine. |
Bíonn siad amuigh istoíche ag iarraidh troda (sa bhrí ag lorg troda). |
Mura bhfuil gnáthghinideach de réir ceann de na díochlaontaí (féach 5.6.1(a)) ar ainmfhocal éiginnte a úsáidtear mar ainm briathartha freisin, agus má tá sé ina chuspóir go díreach ag ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe, ní dhéantar athrú an ghinidigh air.
Tá siad ag déanamh leasú (athrú, marú, coigeartú). |
Is minic é a thabhairt moladh (bualadh, ordú, ardú). |
Acht do dhéanamh leasú (iniúchadh, scrúdú) de réir moladh ón Aire. |
An bhfuil tú ag iarraidh suí (éirí, pósadh)? |
Tá sí ag fáil ardú (cáiliú, breisiú, greadadh). |
Cé a bhí a dhéanamh cáineadh (múineadh, díscaoileadh, fuirseadh)? |
Ach, nuair atá an t‑ainmfhocal cinnte, déantar athrú an ghinidigh air.
Cé atá ag déanamh an athraithe? |
An bhfuil an tArd-Rúnaí ag dréachtú an ordaithe? |
Bhí a gcairde ag beannú a bpósta. |
Is ag léamh gach leasaithe roimh an gcruinniú atá sí. |
Mura bhfuil gnáthghinideach de réir ceann de na díochlaontaí (féach 5.6.1(a)) ar ainmfhocal éiginnte a úsáidtear mar ainm briathartha freisin, agus má tá sé faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó i ndiaidh chun, ní dhéantar athrú an ghinidigh air.
Tá an lánúin sin ar tí pósadh. |
Nílim ach tar éis éirí. |
Nach deas dul ag siúl i ndiaidh suí? |
Tá an lá ag dul chun síneadh. |
Ach, nuair atá an t‑ainmfhocal cinnte, déantar athrú an ghinidigh air.
Níl siad ar son an cholscartha. |
Tá sé ar tí a phósta. |
Ní mór staidéar a dhéanamh i gcomhair gach scrúdaithe. |
Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte i gclásal ina bhfuil an t‑ainmfhocal éiginnte faoi réir ag ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe más rud é nach féidir leis an gclásal ainm bhriathartha sin feidhmiú go neamhspleách gan réamhfhocal simplí nó clásal réamhfhoclach a bheith ina dhiaidh. Na focail a bhfuil cló trom orthu anseo thíos, ní féidir leo feidhmiú go neamhspleách astu féin.
Tá siad ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann eile anois. |
Is ag baint leas as an gcóras atá siad. |
Tá an scoil ag cur deireadh leis an scéim. |
Is léir go bhfuil na mic léinn ag baint taitneamh as an oíche. |
Tá sé ag fágáil slán leis. |
Stiúrthóirí do thabhairt aird ar leasanna fostaithe. |
Tá siad ag baint triail as roghchlár nua. |
Bhí an eagraíocht ag cur tionscadail chun cinn. (iol.) |
Tá an Roinn ag cur beartais i bhfeidhm. (iol.) |
Ach, d’ainneoin sin, más rud é gur dlúthchuid den chlásal ainm bhriathartha an t‑ainmfhocal éiginnte agus gur féidir leis an gclásal ainm bhriathartha sin feidhmiú go neamhspleách, déantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte sin. Na focail a bhfuil cló trom orthu anseo thíos, is féidir leo feidhmiú go neamhspleách astu féin agus déantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte dá réir sin.
Bhí sé ag cur báistí (i gCorcaigh). |
Tá sí ag déanamh oibre (san oifig). |
Bíonn siad ag bailiú airgid (ann). |
Beidh sé ag tabhairt cabhrach (in am an ghátair). |
Tá sí ag fáil bháis (san ospidéal). |
An bhfuil sí ag imirt peile (leis na comharsana)? |
Bhí siad ag gabháil fhoinn (sa teach). |
Má tá frásaí ilfhoclacha áirithe a bhfuil brí ar leith leo, e.g., bolg le gréin; buail isteach; buaileam sciath; cos ar bolg; cúl le rath; uisce faoi thalamh; etc. faoi réir ag focal nó ag leagan a leanann an ginideach é, ní infhilltear an chéad ainmfhocal sa fhrása ilfhoclach ná ní chuirtear séimhiú air.
Gheobhaidh mé bia beir leat ar mo shlí abhaile dom. |
Tá sé ag déanamh bolg le gréin sa Fhrainc faoi láthair. |
Tá ionad buail isteach acu i lár na cathrach. |
I gcás aonad dhá ainmfhocal éiginnte arb é tús, lár nó deiradh (san uatha) an chéad ainmfhocal den aonad sin, fágtar an chéad ainmfhocal sa tuiseal ainmneach nuair atá sé faoi réir ag focal nó ag leagan a leanann an ginideach é.
Tá gach rud eagraithe don chruinniú tús bliana. |
Bain taitneamh as an sos lár téarma! |
Déantar ócáid deireadh seachtaine a eagrú gach bliain. |
Má tá ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal lena gcuirtear cainníocht chinnte in iúl á chur i láthair in oideas nó i bhfoirm liosta, ní dhéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal ná ar aidiacht atá á cháiliú.
500g plúr |
1lb plúr bán |
250g siúcra mín |
150ml uachtar |
1/2 taesp. púdar bácála |
2 spúnóg bhoird mil |
Is é an tabharthach rannaíoch a úsáidtear sa phrós.
Déan 500g de phlúr bán agus 250g de shiúcra mín a mheascadh i mbabhla. |
Cuir 150ml de bhainne agus 150ml d’uachtar leis an meascán. |
Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe, faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó faoi réir ag cainníocht éiginnte má tá an t‑ainmfhocal éiginnte cáilithe le ceann de na cáilitheoirí a liostaítear i dtáblaí 3B, 3C agus 3D ina dhiaidh seo.
Ní foláir an t‑ainmfhocal éiginnte féin a bheith cáilithe leis an gcáilitheoir chun an ginideach a chur ar ceal. Má tá feidhm seachas feidhm aidiachtach ag an gcáilitheoir (feidhm dhobhriathair, mar shampla), déantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte (féach 3.3.12(b)).
Nuair atá ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe cáilithe leis na cáilitheoirí a liostaítear anseo thíos, ní dhéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte (ná ar an aidiacht a ghabhann leis).
| Cáilitheoir | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
Aidiacht cháilíochta, nó ainmfhocal i gcáil aidiachta |
Thosaigh sé ag imirt peil Mheiriceánach sna Stáit Aontaithe anuraidh. |
Chaith sé tamall ag glacadh grianghraif áille i nGarraithe Náisiúnta na Lus. |
Tá siad ag coinneáil súil ghéar ar na himeachtaí. |
Bímse ag ullmhú lóin shláintiúla dom féin. |
|
Táim ag réiteach cupán tae. |
Níl siad ach ag éileamh pinsin stáit. |
|
Bíonn siad ag casadh ceol tíre ar an Aoine. |
An mbíonn sé ag scríobh leabhair staire? |
|
Frása réamhfhoclach amhail ar bith, ar leith, den scoth, etc. má tá feidhm aidiachtach aige |
Níl siad ag fáil pingin ar bith. |
Bíonn an chuideachta sin ag tógáil foirgnimh den scoth. |
Tá an Chomhairle Contae ag ullmhú scéim den sórt sin. |
Tá na fostaithe ag iarraidh tuarastail as an ngnáth. |
|
Ritheadh ionstraim do leasú riail ar leith. |
Ritheadh ordú d’fhionraí liúntais den sórt sin. |
|
Clásal coibhneasta |
Tá sé ag cuardach scéal a scríobh sé anuraidh. |
Tá an coiste ag athbhreithniú cláir ar cuireadh tús leo fadó. |
Tá an Rialtas ag leasú Acht a ritheadh san ochtú haois déag. |
Bhí sé ag moladh scannáin a mbeadh spéis agam iontu. |
|
Ní fiú bheith ag ordú trealamh atá daor. |
Thosaigh siad ag díol milseáin a bhí an-bhlasta. |
|
An aidiacht éiginnte aon nó an réimír threise an- |
An bhfuil sí ag réiteach aon straitéis chun déileáil leis? |
An bhfuil siad ag tógáil aon fhoirgnimh faoi láthair? |
Ní léir dom go bhfuil siad ag déanamh aon iarracht. |
Nílim ag ceannach aon dearbháin uait i mbliana. |
|
Tá na mic léinn ag déanamh an-obair ar an tionscadal sin. |
Nuair atá ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag réamhfhocal comhshuite (nó cois, dála, fearacht, timpeall, trasna) cáilithe leis na cáilitheoirí a liostaítear anseo thíos, ní dhéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte (ná ar an aidiacht a ghabhann leis).
| Cáilitheoir | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
Aidiacht cháilíochta, nó ainmfhocal i gcáil aidiachta |
Tá an dlíodóir ag gníomhú thar ceann eagraíocht áitiúil. |
Cheannaigh mé leabhair dóibh in ionad bréagáin úra. |
Shuigh siad cois abhainn chiúin. |
Is éasca léim trasna srutháin bheaga. |
|
Chuaigh sé i gcomhair cupán tae. |
Chuaigh sí ar thóir buidéil uisce. |
|
Ní mór an páipéarachas cuí a chomhlánú le haghaidh scéim pinsin ceirde. |
Is suíomh gréasáin le haghaidh mic léinn é. |
|
Frása réamhfhoclach amhail ar bith, ar leith, den scoth, etc. má tá feidhm aidiachtach aige |
Ní foláir leanúint ar aghaidh d’ainneoin moill den sórt sin. |
Teastaíonn uathu cláir nua-aimseartha a chur in ionad seanchláir gan mhaith. |
Ní fiú a bheith i mbun obair in aisce. |
Cuireadh na bailiúcháin faoi chúram leabharlanna ar leith. |
|
Fochlásal réamhfhoclach, e.g., ar an mBille, faoin mbord, sa phóstaer, etc., nó forainmneach réamhfhoclach, e.g., air, fúithi, uainn, etc., má tá feidhm aidiachtach aige |
Bhuaigh siad ticéid i gcomhair turas chun na Fraince. |
Fuarthas an admháil i measc iarratais ó dhaltaí scoile. |
Tá sí ag obair ann de bhun conradh leis an Roinn. |
Bunaíodh scéim ar leith le haghaidh amharclanna i lár na cathrach. |
|
Fuair siad maoiniú le haghaidh scéim i dtaca le cúram leanaí. |
Scríobh sé alt i dtaobh amhráin faoin imirce. |
|
An ndúirt sé go raibh sé i mbun eagarthóireacht air? |
Is ábhar é seo ar thagair mé dó le linn cainteanna leis. |
|
Clásal coibhneasta |
Fágadh gan mhaoiniú iad de bharr scéim ar tháinig deireadh léi. |
Tá sé ar thóir leabhair a ndearnadh scannáin díobh. |
Bhí sé i mbéal an phobail de thoradh amhrán dar teideal An Dreoilín. |
Tá an scéal á fhiosrú arís i bhfianaise páipéir a aimsíodh. |
|
Nach iontach a bheith ag siúl trasna sráid a tógadh sa 14ú haois! |
Rith siad trasna páirceanna a bhí lán de bhláthanna beaga. |
|
An aidiacht éiginnte aon |
Bíonn an obair sin le déanamh i gcás aon chonradh. |
Socraítear téarmaí ar leith gcomhair aon tionscail. |
Ní dhearnadh gearán i gcoinne aon mhúinteoir sa scoil seo. |
An bhfuil an fhoráil sin faoi réir aon chomhaontuithe fostaíochta? |
|
Ní foláir dúinn airgead a thuilleamh fearacht aon eagras. |
Dála aon údair, chaith siad go leor ama ag déanamh taighde. |
Tabhair faoi deara gur frása réamhfhoclach a bhfuil brí faoi leith aige é réamhfhocal comhshuite, e.g., i gcás sa bhrí más rud é. Réamhfhocal simplí + ainmfhocal is múnla dó. Níl feidhm ag tábla 3C má tá ainmfhocal éiginnte faoi réir ag réamhfhocal agus ainmfhocal nach réamhfhocal comhshuite, e.g., i gcas sa bhrí in imeachtaí dlí, i mála.
Nuair atá ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag focal nó frása lena gcuirtear cainníocht éiginnte in iúl, e.g., barraíocht, breis, easpa, go leor, iomarca, níos mó, roinnt, cáilithe leis na cáilitheoirí a liostaítear anseo thíos, ní dhéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte (ná ar an aidiacht a ghabhann leis).
| Cáilitheoir | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
Aidiacht cháilíochta, nó ainmfhocal i gcáil aidiachta |
Thit go leor báisteach throm an tseachtain seo caite. |
Tá an-chuid foirgnimh cháiliúla i mBaile Átha Cliath. |
An dteastaíonn roinnt arán cruithneachta uait? |
Bhí scata báid iascaigh sa chuan. |
Tabhair faoi deara go mbreathnaítear ar chainníocht éiginnte mar chainníocht chinnte nuair a chuirtear aidiacht shealbhach roimpi agus sa chás sin go ndéantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal a thagann ina dhiaidh (agus ar an aidiacht a ghabhann leis), e.g., a chuid gruaige fada; a dóthain bia the; a ndóthain saineolais theicniúil; ár gcuid oibre baile.
Lasmuigh de na cásanna atá sonraithe i dtáblaí 3B, 3C agus 3D, déantar athrú an ghinidigh ar an ainmfhocal éiginnte sa struchtúr ainmfhocal + ainmfhocal éiginnte + cáilitheoir.
| Uatha | Iolra |
|---|---|
An leabhar múinteora scoile é seo? |
Is calafort bád iascaigh é. |
Cé a thosaigh an togra oideachais Gaeltachta sin? |
Cá huair a tionscnaíodh an scéim ealaíon pobail? |
Bhain mé úsáid as an tSeirbhís Eolais Gnó. |
Tá monarcha scáileán ríomhaire sa pháirc ghnó. |
Is fear tí solais é. |
Ní mór an plean bóithre náisiúnta a athbhreithniú. |
An cathaoirleach boird stáit í? |
Tionóladh cruinniú d’eagarthóirí nuachtán áitiúil. |
Scríobh sé amhrán ceoil tíre. |
An ball de chumann óstán idirnáisiúnta é? |
Cá bhfuil an tIonad Nuálaíochta Gnó? |
Cá bhfuil an t‑ionad diúscartha crann Nollag? |
Ní mór páirt a ghlacadh i bpróiseas réitigh díospóidí tionscail. |
Cén cineál taithí a bhíonn ag láithreoirí clár cúrsaí reatha? |
Déantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag réamhfhocal comhshuite agus a dtagann frása réamhfhoclach, fochlásal réamhfhoclach nó forainmneach réamhfhoclach ina dhiaidh mura bhfuil an t‑ainmfhocal éiginnte cáilithe leis an bhfrása réamhfhoclach, leis an bhfochlásal réamhfhoclach nó leis an bhforainmneach réamhfhoclach sin (mar shampla, más é an briathar seachas an t‑ainmfhocal éiginnte atá cáilithe) ná le haon cheann de na cáilitheoirí eile a luaitear i dtábla 3C.
| Uatha | Iolra |
|---|---|
Bhí siad i mbun ceoil ar an tsráid. |
Bhí an madra ar thóir éan sa pháirc. |
Chuaigh siad le haghaidh dinnéir ar an 14 Samhain. |
Dúirt siad go raibh siad chun tithe a thógáil in ionad árasán i mbliana. |
Bhí sí ann ar feadh tamaill le cailíní eile ón gceantar. |
Fuair sé brioscaí in áit bonnóg sa siopa. |
Mar áis tagartha, tugtar achoimre anseo ar na cásanna ina n‑úsáidtear foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh.
| Má tá: | Faoi réir ag: | Úsáidtear foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh: |
|---|---|---|
Ainmfhocal a thagann roimh ainmfhocal cinnte sa ghinideach (3.3.1(a)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Bhí bus fhoireann Chorcaí ann. |
Aonad cinnte áirithe a bhfuil ainm briathartha ina dhlúthchuid de (3.3.1(b)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Tá an t‑iniúchóir ag fiosrú an chur i gcéill sin faoi láthair. |
Ainmfhocal nó abairtín ainmfhoclach, cinnte nó éiginnte, atá á cheangal ag an réamhfhocal a (as do) le hainm briathartha (3.3.2(a)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Bhí na fir shlándála ar tí na doirse a dhúnadh. |
cuid agus ceann, agus ginideach rannaíoch nó tabharthach rannaíoch faoina réir (3.3.2(b)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
|
Ainmfhocal coiteann amháin gan an t‑alt leis atá á úsáid mar ainm comhlachta, cumainn nó cláir (3.3.2(c)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Cá bhfuil príomhoifig Bóthar? |
Ainm briathartha a bhfuil an forainmneach réamhthagrach a roimhe (3.3.3(a)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Tá sé tar éis a rá go ndéanfaidh sé é. |
Ainm briathartha (3.3.3(b)) |
chun, sa struchtúr chun + ainm briathartha a úsáidtear chun gníomh atá le teacht a chur in iúl |
An bhfuil sé chun iomáint le Corcaigh? |
Aonad éiginnte áirithe a bhfuil ainm briathartha ina dhlúthchuid de (3.3.3(c)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Cén cineál cur chuige a d’úsáid siad? |
Ainmfhocal éiginnte a úsáidtear mar ainm briathartha freisin, agus a bhfuil gnáthghinideach aige de réir ceann de na díochlaontaí, atá á úsáid mar ainm briathartha (3.3.4(a)) |
Ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe nó réamhfhocal comhshuite |
|
Ainmfhocal éiginnte a úsáidtear mar ainm briathartha freisin, agus nach bhfuil gnáthghinideach aige de réir ceann de na díochlaontaí, atá mar chuspóir díreach ainm bhriathartha (3.3.4(b)) |
Ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe |
An bhfuil tú ag iarraidh éirí? |
Ainmfhocal éiginnte a úsáidtear mar ainm briathartha freisin, agus nach bhfuil gnáthghinideach aige de réir ceann de na díochlaontaí (3.3.4(c)) |
Réamhfhocal comhshuite nó chun sa bhrí i dtreo |
|
Ainmfhocal éiginnte i gclásal ainm bhriathartha nach féidir feidhmiú go neamhspleách gan réamhfhocal simplí nó clásal réamhfhoclach ina dhiaidh (3.3.5) |
Ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe |
Tá siad ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann eile anois. |
An chéad ainmfhocal éiginnte i bhfrása ilfhoclach a bhfuil brí ar leith leis (3.3.6(a)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Tá sé ag déanamh bolg le gréin sa Fhrainc faoi láthair. |
tús, lár nó deireadh, más an chéad ainmfhocal in aonad dhá ainmfhocal éiginnte é (3.3.6(b)) |
Focal nó leagan a leanann an ginideach é |
Déantar ócáid deireadh seachtaine a eagrú gach bliain. |
Ainmfhocal i liosta (3.3.7) |
Focal nó frása lena gcuirtear cainníocht chinnte in iúl |
|
Ainmfhocal éiginnte atá cáilithe le cáilitheoirí áirithe (3.3.9) |
Ainm briathartha a bhfuil ag nó do (nó a as do) roimhe |
|
Ainmfhocal éiginnte atá cáilithe le cáilitheoirí áirithe (3.3.10) |
Réamhfhocal comhshuite |
|
Ainmfhocal éiginnte atá cáilithe le cáilitheoirí áirithe (3.3.11) |
Focal nó frása lena gcuirtear cainníocht éiginnte in iúl |
Thit go leor báisteach throm an tseachtain seo caite. (u.) |