Úsáidtear an chopail chun dhá fhocal nó dhá abairtín a cheangal le chéile.
Is ionann an leagan den chopail a úsáidtear san aimsir láithreach agus an leagan a úsáidtear san aimsir fháistineach. Ina theannta sin, is ionann an leagan den chopail a úsáidtear san aimsir chaite agus an leagan a úsáidtear san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Tabhair faoi deara, más san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach atá faisnéis na habairte, nach gá go mbeadh aimsir na copaile agus aimsir fhaisnéis na habairte ag aontú le chéile. Féach 7.2 le haghaidh fhoirmeacha simplí na copaile.
7.1.1 Feidhmeanna na Copaile
Is iad príomhfheidhmeanna na copaile —
-
an t‑ainmní a aicmiú:
Is sáraisteoir í. |
Is éan é an faoileán. |
Strainséirí is ea iad. |
Is fear é. |
-
an t‑ainmní a ionannú:
Ba í Úna an bainisteoir. |
Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann. |
-
an t‑ainmní a cháiliú le faisnéis aidiachtach nó le frása a thosaíonn ar réamhfhocal:
Nach deas é? |
Is fíor sin. |
Is leor cúig euro. |
Is as an Muileann gCearr di. |
-
ainmfhocal nó clásal a cháiliú le haidiacht, nó le hainmfhocal, móide forainmneach réamhfhoclach:
Is maith léi an chispheil. |
Ní mór dó imeacht. |
An féidir leis é a dhéanamh? |
Is leor liom an méid sin. |
An cuimhin leat an teach sin? |
Is dona linn an briseadh seo. |
-
ainmfhocal a cháiliú le breischéim aidiachta:
Tabhair leat an ceann is fearr leat. |
Bhí na milseáin ba dheise ite sular shroich mé an chóisir. |
-
úinéireacht nó gaol idir daoine a chur in iúl trína húsáid leis an réamhfhocal le:
Ba liomsa é. |
Ní le Sorcha an ceann sin. |
Tóg ceann ar bith is leat. |
Is iníon le Seán ise. |
Is comhghleacaí le Cáit eisean. |
-
clásal a cháiliú le haidiacht:
Is gearr go mbeidh a fhios againn. |
Is fada ó bhí sé ann. |
Is maith is eol duit é. |
Is iomaí duine a thagann an treo seo. |
B'fhada ag teacht é. |
-
béim a leagan ar chuid den abairt:
Ní inniu ná inné a saolaíodh eisean. |
Is ag ceannach bainne a bhí mé. |
Is chun na Spáinne a chuaigh sí. |
Ní hí Muireann a chaill an eochair. |
Ba í Nóra a d’aistrigh é sin. |
Is aici a bhí an ceart. |
Níorbh é sin an cineál comórtais a bhí ann in 1998. |
Is inné a tháinig siad. |
Is é Peadar a dhéanfadh an beart dá mbeadh sé anseo. |
-
í a úsáid in abairtí a chuireann comparáid in iúl:
Is troime bonn dhá phingin ná bonn pingine. |
Is gile an ghrian ná an ghealach agus ná na pláinéid. |
Ní lia tír ná nós. |
Nach treise dúchas ná oiliúint? |
Nárbh fhearr gluaisteán ná rothar? |