Roinntear na hainmfhocail ina gcúig dhíochlaonadh, de réir fhoirm a dtuisil ghinidigh, mar a léirítear i dtábla 2E.
An tAinmneach agus an Cuspóireach
Is ionann foirm don dá thuiseal seo anois, san uatha agus san iolra, agus áirítear iad araon faoin teideal Ainmneach i ndíochlaonadh na n‑ainmfhocal.
An Tabharthach
Is ionann foirm freisin don tabharthach agus don ainmneach, uatha agus iolra (ach féach 2.3.3), agus áirítear an tuiseal sin freisin faoin teideal Ainmneach.
An Ginideach
Tugtar foirm an ghinidigh sna díochlaontaí éagsúla sna táblaí sa chaibidil seo agus sa chur síos ar na díochlaontaí ar leithligh.
An Gairmeach
Sa tuiseal gairmeach, cuirtear an mhír ghairmeach a roimh an ainmfhocal agus séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar a lorg. Is ionann foirm don ghairmeach agus don ainmneach ach amháin sa Chéad Díochlaonadh agus ní gá an gairmeach a shonrú ar leithligh taobh amuigh den díochlaonadh sin (féach 2.2.3 agus 2.2.4(c)).
Is féidir iolraí na n‑ainmfhocal a roinnt ina dhá bpríomhaicme: tréaniolraí agus lagiolraí. Déantar cur síos ar an dá aicme anseo thíos:
Tréaniolraí
Tugtar tréaniolra ar iolra ainmfhocail i gcás gurb ionann foirm iolra an ainmfhocail sna tuisil go léir.
| An Díochlaonadh | Uatha | Iolra | ||
|---|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Ainmneach | Ginideach | |
| An Chéad Díochlaonadh | cás | cáis | cásanna | cásanna |
| ceol | ceoil | ceolta | ceolta | |
| An Dara Díochlaonadh | foirm | foirme | foirmeacha | foirmeacha |
| sliabh | sléibhe | sléibhte | sléibhte | |
| An Tríú Díochlaonadh | feirmeoir | feirmeora | feirmeoirí | feirmeoirí |
| foráil | forála | forálacha | forálacha | |
| An Ceathrú Díochlaonadh | amhránaí | amhránaí | amhránaithe | amhránaithe |
| gloine | gloine | gloiní | gloiní | |
| An Cúigiú Díochlaonadh | deartháir | dearthár | deartháireacha | deartháireacha |
| lasair | lasrach | lasracha | lasracha | |
| Ainmfhocail Neamhrialta | leaba | leapa | leapacha | leapacha |
| teach | tí | tithe | tithe | |
Lagiolraí
Tugtar lagiolra ar iolra ainmfhocail i gcás nach ionann foirm an ainmfhocail sa ghinideach iolra agus foirm an ainmfhocail sna tuisil eile san iolra. Leis an aicme sin, baineann:
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus a gcaolaítear a gconsan deiridh san ainmneach iolra agus sa ghinideach uatha, e.g., fear, tá na fir ag teacht, hata an fhir; eitleán, feictear na heitleáin sa spéir, athraíodh roth an eitleáin. Is sa Chéad Díochlaonadh amháin atá na hainmfhocail sin. Léirítear sampla sa tábla thíos:
| An Chéad Díochlaonadh | ||
|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | |
| Uatha | fear | fir |
| Iolra | fir | fear |
Ainmfhocail a ghabhann -a san ainmneach iolra gan coimriú ná malartú guta nó gutaí ná leathnú ar an ainmneach uatha — cailleann siad an guta deiridh -a sa ghinideach iolra. Is sa Dara Díochlaonadh is mó atá na hiolraí sin, e.g., géag crainn, do ghéaga a shíneadh, laige na ngéag. Léirítear sampla sa tábla thíos:
| An Dara Díochlaonadh | ||
|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | |
| Uatha | fuinneog | fuinneoige |
| Iolra | fuinneoga | fuinneog |
Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt ainmfhocal a leanann an patrún céanna sa Chéad Díochlaonadh, e.g., úll, itheadh na húlla, blas na n‑úll; sa Tríú Díochlaonadh, e.g., tréad caorach, tréada is comhaltas, seoladh na dtréad; agus sa Cheathrú Díochlaonadh, e.g., gach aon neach, na neacha daonna, teacht na neach neamhshaolta.
Dornán ainmfhocal sa Dara Díochlaonadh, e.g., súil, leath na súile uirthi, radharc na súl; dornán sa Tríú Díochlaonadh, e.g., mionn, na mionnaí marbha, dar bhrí na mionn; dornán sa Cheathrú Díochlaonadh, e.g., bó, tá na ba sa gharraí, cró na mbó; dornán sa Chúigiú Díochlaonadh, e.g., caora, tá na caoirigh ann, líon na gcaorach; agus corr-ainmfhocal neamhrialta, e.g., bean, tá na mná ag teacht, hataí na mban; a bhfuil foirm leithleach orthu sa ghinideach iolra. Léirítear samplaí sa tábla thíos:
| An Díochlaonadh | Uatha | Iolra | ||
|---|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Ainmneach | Ginideach | |
| An Dara Díochlaonadh | ealaín | ealaíne | ealaíona | ealaíon |
| súil | súile | súile | súl | |
| An Tríú Díochlaonadh | mionn | mionna | mionnaí | mionn |
| An Ceathrú Díochlaonadh | bó | bó | ba | bó |
| grásta | grásta | grásta | grást | |
| An Cúigiú Díochlaonadh | caora | caorach | caoirigh | caorach |
| lacha | lachan | lachain | lachan | |
| Ainmfhocail Neamhrialta | bean | mná | mná | ban |
| olann | olla | olanna | olann | |
Is é is caolú ann consan leathan a dhéanamh caol. Cuirtear -i- roimh an gconsan deiridh chun caolú a chur in iúl, e.g., cnoc, cnoic. Déantar an caolú céanna i gcás consan deiridh a bhfuil ae roimhe, e.g., aer, aeir.
Is iondúil go n‑athraítear gutaí áirithe nuair a chaolaítear an consan ina ndiaidh:
-ea- agus -io- go -i-, e.g., ceann, cinn; fionn, finn (ach in ainmfhocail aonsiollacha áirithe ea- go ei-, e.g., each, eich);
-éa- agus -ia- go -éi-, e.g., béal, béil; iasc, éisc;
-ío- go -í-, e.g., síol, síl;
in ainmfhocail ilsiollacha, -ach go -aigh, -each go -igh, -íoch go -ígh, e.g., bithiúnach, bithiúnaigh; cléireach, cléirigh; gaiscíoch, gaiscígh. Baineann an t‑athrú sin leis na hainmfhocail aonsiollacha seo a leanas a scríobhtaí tráth mar fhocail dhéshiollacha, e.g., dúch, dúigh; fiach, fiaigh; agus le corr-ainmfhocal aonsiollach eile, e.g., fraoch, fraoigh.
Is é is leathnú ann consan caol a dhéanamh leathan. Déantar an -i- roimh an gconsan deiridh a ligean ar lár chun ainmfhocal a leathnú, e.g., athair, athar; droim, droma.
Is iondúil go n‑athraítear gutaí áirithe mar a leanas nuair a leathnaítear iad:
-ei- agus -i- go -ea-, e.g., greim, greama; mil, meala;
-éi- go -éa-, e.g., úinéir, úinéara;
-oi- agus -ui- go -o-, e.g., fuil, fola; toil, tola.
Is é is coimriú ann guta nó gutaí atá gairid neamhaiceanta a ligean ar lár as focal nuair a dhéantar infhilleadh air, e.g., cathair, cathrach; obair, oibre.
Déantar comhfhocal nuair a cheanglaítear dhá fhocal nó níos mó le chéile, e.g., bunscoil; príomhoifigeach; ríomheolaíocht. Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., deargbhuile; rósghairdín, ach amháin nuair a thagann d, n, t, l nó s le chéile, e.g., antráth; catsúil. Úsáidtear an fleiscín i gcomhfhocal:
idir dhá ghuta, e.g., fo-aicme; mí-ádh; mí-iompar; ró-olc;
idir comhchonsain, e.g., droch-chaint; gearr-rás; gnáth-thuarastal;
idir dhá réimír, e.g., comh-cheolfhoireann; mór-cheoldráma; sin-seanathair;
i gcásanna inar bhaol go mbeadh an comhfhocal do-aitheanta d’éagmais an fhleiscín, mar shampla idir na réimíreanna do-, fo-, so- agus focail dar tús bha-, bhla-, bhra-, dha-, gha-, ghla-, ghra-, mha-, e.g., do-ghlanta; fo-bhaile; so-mharaithe;
i dteidil shainiúla agus ceannlitreacha orthu, e.g., an Ard-Chúirt; an tArd-Aighne; an Príomh-Aire; an Príomh-Bhreitheamh;
i ndiaidh an- (réimír threise) agus i ndiaidh dea-, e.g., an-aimsir; dea-bhéas. Tabhair faoi deara nach séimhítear an dara focal i gcomhfhocal i ndiaidh an- nuair a thagann d, t nó s ar a lorg, e.g., an-duine is ea é; an-drochaimsir (féach 10.2.12).
Nóta
Cuirtear dhá fhleiscín i gcomhfhocal nuair is gá ar mhaithe leis an tsoiléireacht, e.g., an-dea-aimsir; an-droch-chaint; iar-nua-aimseartha; an Leas-Phríomh-Aire.
Ní gá fleiscín a chur i dtéarma riaracháin ina bhfuil níos mó ná réimír amháin má tá brí an téarma soiléir gan é, e.g., comhfhochoiste; roghfhochoiste.
Tabhair faoi deara, má tá iar ag teacht roimh theideal a thosaíonn ar cheannlitir, nach gá fleiscín a chur idir iar agus an teideal, e.g., an t‑iarArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
|
|||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||
Nóta: Mar a luadh in 2.1.2, is ionann foirm don Tuiseal Ainmneach, don Tuiseal Cuspóireach agus don Tuiseal Tabharthach agus áirítear iad uile faoin teideal Ainmneach.
Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann formhór na n‑ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn ar chonsan leathan san ainmneach uatha. Is firinscneach do na hainmfhocail go léir sa chéad díochlaonadh.
Sa ghinideach uatha, caolaítear an consan deiridh, e.g., bord, boird; nuachtán, nuachtáin.
Gabhann na hathruithe a luaitear faoi 2.1.4 leis an gcaolú ach ní athraítear -ia- go -éi- sna hainmfhocail seo: Brian, Briain; cliant, cliaint; fiar, fiair; giar, giair; rian, riain; srian, sriain_; agus trian, triain.
Athraítear mac go mic sa ghinideach uatha agus san ainmneach iolra.
Sa ghinideach uatha, athraítear -ea- go -i-, e.g., breac, bric; cuireadh, cuiridh; leiceann, leicinn; seachas i gcás ainmfhocail aonsiollacha áirithe, e.g., each, eich.
Is ionann foirm de ghnáth don ghairmeach uatha agus don ghinideach uatha, e.g., a Chorcaígh, a mhic, a Sheáin.
Ní gnách, áfach, infhilleadh sa ghairmeach uatha:
ar shlua-ainmneacha, e.g., a chomhthionól; a phobal;
ar ainmfhocail a úsáidtear le brí mheafarach nó mar ainmneacha ceana, e.g., a cheann cipín; a chumann; a ghrá geal; a rós geal; a rún; a stór;
ar ainmfhocal a bhfuil ginideach cinnte faoi réir aige, e.g., a Chléireach na Dála; a fhear an tí; a scáthán an chirt; a shólás na ndobrónach;
ar theideal oifige ilfhoclach, e.g., a Cheann Comhairle; a Oifigeach Ealaíon; a Cheann Scoile.
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo. Is lagiolraí iad na hainmfhocail a gcaolaítear a ndeireadh, e.g., amhrán; amhráin; nó a gcuirtear -a leo gan aon athrú eile, e.g., nod; noda; úll; úlla; san ainmneach iolra. Tréaniolraí is ea na hainmfhocail eile.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Chéad Díochlaonta le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcaolaítear an consan deiridh agus go n‑athraítear -(e)ach go -(a)igh.
Tréaniolraí
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha | Iolra | |
|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Gach Tuiseal | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta, -tha san iolra
Formhór na n‑ainmfhocal aonsiollach ina bhfuil guta fada (nó défhoghar) agus a chríochnaíonn ar -l, -n (ach ní ar -ll, -nn) san ainmneach uatha. Cuirtear -tha san iolra le corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -r (ach ní ar -rr) san ainmneach uatha.
|
braon | braoin | braonta |
| fál | fáil | fálta | |
| glór | glóir | glórtha | |
| líon | lín | líonta | |
| pór | póir | pórtha | |
| tuar | tuair | tuartha | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -aí, -í san iolra
Ainmfhocail ilsiollacha áirithe a chríochnaíonn ar -ch, agus roinnt ar -dh, san ainmneach uatha, mar aon le roinnt ainmfhocail eile.
|
árthach | árthaigh | árthaí |
| cladach | cladaigh | cladaí (gin. iol. cladach) | |
| cúram | cúraim | cúraimí | |
| daichead | daichid | daichidí | |
| margadh | margaidh | margaí | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -taí, -thaí san iolra | aonach | aonaigh | aontaí |
| dearcadh | dearcaidh | dearcthaí | |
| toradh | toraidh | torthaí | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -anna san iolra | cás | cáis | cásanna |
| praghas | praghais | praghsanna | |
| saghas | saghais | saghsanna | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -e san iolra agus a dhéantar a choimriú | bóthar | bóthair | bóithre |
| doras | dorais | doirse | |
| uasal | uasail | uaisle | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra | cineál | cineáil | cineálacha |
| coinníoll | coinníll | coinníollacha | |
| tobar | tobair | toibreacha | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra | claíomh | claímh | claimhte |
| muileann | muilinn | muilte | |
| smaoineamh | smaoinimh | smaointe | |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | breitheamh | breithimh | breithiúna |
| briathar | briathair | briathra | |
| gníomh | gnímh | gníomhartha | |
| scaitheamh | scaithimh | scaití | |
Lagiolraí
| Aicmí Lagiolraí | Uatha | Iolra | ||
|---|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Ainmneach | Ginideach | |
| Ainmfhocail a chaolaítear san ainmneach iolra | amhrán | amhráin | amhráin | amhrán |
| beithíoch | beithígh | beithígh | beithíoch | |
| foirgneamh | foirgnimh | foirgnimh | foirgneamh | |
| iasc | éisc | éisc | iasc | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san ainmneach iolra | bruach | bruaigh | bruacha | bruach |
| ceap | cip | ceapa | ceap | |
| giall | géill | gialla | giall | |
| úll | úill | úlla | úll | |
An Gairmeach Iolra
Is ionann foirm don ghairmeach iolra agus don ainmneach iolra ach amháin i gcás na lagiolraí. Is gnách -a a chur le foirm an ainmnigh uatha de na hainmfhocail sin chun an gairmeach iolra a dhéanamh, e.g., Corcaíoch, a Chorcaíocha; fear, a fheara; Gael, a Ghaela.
Críochnaíonn ainmfhocail an díochlaonta seo ar chonsan, leathan nó caol, san ainmneach uatha. Is baininscneach dóibh uile seachas im agus sliabh.
Cuirtear -e leis an ainmneach uatha agus más consan leathan is críoch dó caolaítear é, e.g., bróg, bróige; coill, coille; earr, eirre; ach amháin i gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach.
I gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach, déantar -(a)í den -(e)ach, e.g., scornach, scornaí; cailleach, caillí.
Gabhann na hathruithe a luaitear faoi 2.1.4 leis an gcaolú faoi réir na n‑ainmfhocal seo a leanas:
-ea- go -ei-, e.g., beach, beiche (athraítear -ea- go -i- san ainmfhocal aonsiollach, e.g., beann, binne; cearc, circe; agus sa siolla neamhaiceanta d’ainmfhocail ilsiollacha, e.g., bruinneall, bruinnille; ficheall, fichille); agus
-ia- go -i- san fhocal scian, scine.
Tá dhá fhoirm den tabharthach uatha ann i gcás ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan:
foirm is ionann agus foirm an ainmnigh uatha;
seanfhoirm leithleach nach n‑úsáidtear ach in abairtíní seanbhunaithe, e.g., cur i gcéill; cur dá chois; airgead ar láimh; bolg le gréin; imithe le gealaigh; cur de láimh; faoi bhois an chait; bíonn a chroí ar a bhois i gcónaí aige; ar éill; etc.
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Dara Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar -e agus go gcaolaítear an consan deiridh más consan leathan é, agus i gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach, go n‑athraítear -(e)ach go -(a)í.
Tréaniolraí
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha | Iolra | |
|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Gach Tuiseal | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san iolra agus a ndéantar coimriú, leathnú nó malartú ar a ngutaí | dabhach | daibhche | dabhcha |
| roinn | roinne | ranna | |
| scian | scine | sceana | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)anna san iolra | áit | áite | áiteanna |
| blaosc | blaoisce | blaoscanna | |
| im | ime | imeanna | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -í san iolra
Ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha.
|
abairt | abairte | abairtí |
| cáipéis | cáipéise | cáipéisí | |
| earráid | earráide | earráidí | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra
Ainmfhocail aonsiollacha, agus ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha (seachas iníon a chríochnaíonn ar chonsan leathan).
|
bainis | bainise | bainiseacha |
| iall | éille | iallacha | |
| iníon | iníne | iníonacha | |
| maidin | maidine | maidineacha | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta san iolra
Roinnt ainmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar -l nó -n leathan san ainmneach uatha.
|
buíon | buíne | buíonta |
| grian | gréine | grianta | |
| steall | steille | steallta | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra
Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -l nó -n caol san ainmneach uatha.
|
aill | aille | aillte |
| bléin | bléine | bléinte | |
| linn | linne | linnte | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -e san iolra agus a dhéantar a choimriú | caingean | caingne | caingne |
| coinneal | coinnle | coinnle | |
| foireann | foirne | foirne | |
| maighean | maighne | maighne | |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | culaith | culaithe | cultacha |
| gualainn | gualainne | guaillí | |
| sliabh | sléibhe | sléibhte | |
| uair | uaire | uaireanta | |
Lagiolraí
| Aicmí Lagiolraí | Uatha | Iolra | ||
|---|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Ainmneach | Ginideach | |
| Ainmfhocail aonsiollacha agus ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan san ainmneach uatha agus a gcuirtear -a leo san ainmneach iolra gan aon athrú eile | amharclann | amharclainne | amharclanna | amharclann |
| beach | beiche | beacha | beach | |
| dallóg | dallóige | dallóga | dallóg | |
| gealach | gealaí | gealacha | gealach | |
| girseach | girsí | girseacha | girseach | |
| maighdean | maighdine | maighdeana | maighdean | |
| Ainmfhocail a leathnaítear agus a chríochnaíonn ar -a san ainmneach iolra | cill | cille | cealla | ceall |
| deoir | deoire | deora | deor | |
| ealaín | ealaíne | ealaíona | ealaíon | |
| rinn | rinne | reanna | reann | |
| Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha agus a chríochnaíonn ar -e san ainmneach iolra | ainimh | ainimhe | ainimhe | aineamh |
| dúil | dúile | dúile | dúl | |
| glúin | glúine | glúine | glún | |
| súil | súile | súile | sú | |
Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -áil, -aíl, -cht, -éir, -eoir, -irt, -óir, -úil, -úint, -úir (seachas i gcás ainmneacha tíortha atá sa Dara Díochlaonadh, e.g., an Ailgéir, an Bhrasaíl, an Iodáil).
Is leis an díochlaonadh seo freisin a bhaineann roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan, leathan nó caol, san ainmneach uatha. I gcás na n‑ainmfhocal sin, críochnaíonn an ginideach uatha ar -a agus leathnaítear an consan deiridh más gá, e.g., buachaill, buachalla; gleann, gleanna (féach 2.1.5).
Mar a luadh in (b) thuas, críochnaíonn an ginideach uatha ar -a.
Is iondúil go n‑athraítear -io- go -ea- sa ghinideach uatha i gcás ainmfhocail aonsiollacha, e.g., crios, creasa; lios, leasa; ach cion (sa bhrí coir), ciona.
Ligtear an -t ar lár sa ghinideach uatha as ainmfhocail a chríochnaíonn ar -int, e.g., oiliúint, oiliúna (ach amháin sna heisceachtaí cogaint, coganta; cosaint, cosanta; seachaint, seachanta). Déantar -th- den -t i gcás ainmfhocail a chríochnaíonn ar -irt, e.g., imirt, imeartha.
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Tríú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar -a agus go leathnaítear an consan deiridh más consan caol é.
Tréaniolraí
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha | Iolra | |
|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Gach Tuiseal | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í san iolra
Ainmfhocail ilsiollacha (firinscneach seachas corrcheann, e.g., altóir, seanmóir) a chríochnaíonn ar -éir, -eoir, -óir, -úir, agus ainmfhocail ilsiollacha (baininscneach seachas corrcheann, e.g., bunreacht, comhlacht, complacht, gnólacht) a chríochnaíonn ar -cht, -irt, -úint san ainmneach uatha.
|
athnuachan | athnuachana | athnuachaintí |
| bagairt | bagartha | bagairtí | |
| báicéir | báicéara | báicéirí | |
| beannacht | beannachta | beannachtaí | |
| dlíodóir | dlíodóra | dlíodóirí | |
| dochtúir | dochtúra | dochtúirí | |
| eisiúint | eisiúna | eisiúintí | |
| múinteoir | múinteora | múinteoirí | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)anna san iolra
Ainmfhocail fhirinscneacha ilsiollacha (seachas roinnt ainmfhocal atá baininscneach, e.g., cuid, dleacht, troid, uaim).
|
droim | droma | dromanna |
| rang | ranga | ranganna | |
| troid | troda | troideanna | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san iolra agus a ndéantar coimriú, leathnú nó malartú ar a ngutaí | feadhain | feadhna | feadhna |
| gamhain | gamhna | gamhna | |
| slios | sleasa | sleasa | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -acha san iolra
Ainmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -l, -n nó -r caol (eisceachtaí: anam, anama, anamacha; úim, úma, úmacha) san ainmneach uatha.
Tabhair faoi deara gur mar sin a chumtar ginideach uatha ainmfhocal a chríochnaíonn ar -aíl freisin, e.g., feadaíl, feadaíola; sceamhaíl, sceamhaíola.
|
admháil | admhála | admhálacha |
| barúil | barúla | barúlacha | |
| fíniúin | fíniúna | fíniúnacha | |
| onóir | onóra | onóracha | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta san iolra
Ainmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar -l nó -n leathan (firinscneach) nó caol (baininscneach) san ainmneach uatha.
|
cion (sa bhrí coir) | ciona | cionta |
| feoil | feola | feolta | |
| gleann | gleanna | gleannta | |
| Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra | cluain | cluana | cluainte |
| móin | móna | móinte | |
| táin | tána | táinte | |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | anacair | anacra | anacraí |
| buachaill | buachalla | buachaillí | |
| conradh | conartha | conarthaí | |
| maitheas | maitheasa | maitheasaí | |
| roth | rotha | rothaí | |
Lagiolraí
| Aicmí Lagiolraí | Uatha | Iolra | ||
|---|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Ainmneach | Ginideach | |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | béas | béasa | béasa | béas |
| dreas | dreasa | dreasa | dreas | |
| mionn | mionna | mionnaí | mionn | |
| tréad | tréada | tréada | tréad | |
| treas | treasa | treasa | treas | |
Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail fhirinscneacha a chríochnaíonn ar -ín, díspeagthaí a chríochnaíonn ar -ín, formhór na n‑ainmfhocal a chríochnaíonn ar ghuta, agus líon beag ainmfhocail eile.
Is firinscneach freisin d’ainmneacha ceirde a chríochnaíonn ar -(a)í nó -aire, e.g., ceannaí, cócaire.
Is baininscneach d’ainmfhocail theibí a chríochnaíonn ar -e agus a chumtar ó aidiachtaí, e.g., airde, gile, saoirse.
Ní théann aon athrú foirme ar ainmfhocail an díochlaonta seo sa ghinideach uatha.
Is baininscneach de ghnáth don díspeagadh -ín, más focal baininscneach coitianta an bunfhocal. Tá eisceachtaí ann, e.g., paidir (bain.), paidrín (fir.); toit (bain.), toitín (fir.). Is mar ainmfhocal firinscneach, áfach, a dhíochlaontar gach díspeagadh sa ghinideach agus sa ghairmeach uatha, e.g., an bheainín bheag, teach an bheainín bhig, a bheainín bhig.
Tá roinnt ainmfhocal sa Díochlaonadh seo nach bhfuil aon uimhir iolra acu, e.g., cruach (sa bhrí miotal), dóthain, gorta, lucht (sa bhrí daoine), oiread, tobac.
Tréaniolraí atá ag formhór mór na n‑ainmfhocal sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Cheathrú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an uatha sa tábla ina dhiaidh seo, is é sin, gurb ionann foirm an ghinidigh uatha agus foirm an ainmnigh uatha.
Tréaniolraí
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
| Gach Tuiseal | Gach Tuiseal | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í san iolra
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a, -e, -ín san uatha.
|
altra | altraí |
| báidín | báidíní | |
| fáinne | fáinní | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra
Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -le, -ne san uatha.
|
baile | bailte |
| sloinne | sloinnte | |
| tine | tinte | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(i)the san iolra
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í, -aoi, -é san uatha (ní ghiorraítear -í- sna hainmfhocail aonsiollacha, seachas ní, nithe).
|
ainmhí | ainmhithe |
| draoi | draoithe | |
| giúiré | giúiréithe | |
| rí | ríthe | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -nna san iolra
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -á, -ao, -eá, -eo, -ia, -ó, -ogha, -ú, -ua san uatha.
|
bogha | boghanna |
| ceo | ceonna | |
| cnó | cnónna | |
| cú | cúnna | |
| grua | gruanna | |
| íomhá | íomhánna | |
| lao | laonna | |
| meá | meánna | |
| nia | nianna | |
| Roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan san uatha agus a gcuirtear -(e)anna leo san iolra gan aon athrú eile | bus | busanna |
| seic | seiceanna | |
| téacs | téacsanna | |
| Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -ite san iolra | comhrá | comhráite |
| cró | cróite | |
| crú | crúite | |
| rá | ráite | |
| slua | sluaite | |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | achainí | achainíocha |
| airí | airíonna | |
| aithne | aitheanta | |
| aturnae | aturnaetha | |
| bó | ba (gin. iol. bó) | |
| cine | ciníocha | |
| claí | claíocha | |
| duine | daoine | |
| gabha | gaibhne | |
| gnó | gnóthaí | |
| oíche | oícheanta | |
| slí | slite | |
| teanga | teangacha |
Nóta: Tabhair faoi deara go mbaineann na hainmfhocail seo a leanas, nach dual dóibh foirm iolra a bheith orthu, leis an díochlaonadh seo freisin: cruach (sa bhrí miotal), dóthain, gorta, iomad, lucht (sa bhrí daoine), oiread, tobac; mar aon le hainmneacha pearsanta áirithe, e.g., Cáit, Liam, Pilib, Siobhán, Uileag.
Is baininscneach d’fhormhór na n‑ainmfhocal sa díochlaonadh seo.
Is leis an díochlaonadh seo freisin a bhaineann roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta san ainmneach uatha agus ar chonsan leathan (-ch, -d, -(n)n, -r) sa ghinideach uatha.
Tréaniolraí atá ag formhór mór na n‑ainmfhocal atá sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Chúigiú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sa tábla ina dhiaidh seo, is é sin, críochnaíonn an ginideach uatha ar na consain leathana -ch, -d, -(n)n, -r (seachas correisceacht, e.g., Nollaig, Nollag).
Tréaniolraí
| Aicmí Tréaniolraí | Uatha | Iolra | |
|---|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Gach Tuiseal | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra
Ainmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -il, -in, -ir san ainmneach uatha (eisceacht: siúr, siúrach). Sa ghinideach uatha, leathnaítear consan deiridh ainmfhocal aonsiollach, agus ainmfhocal eile nach ndéantar coimriú orthu, agus cuirtear -ach leo (eisceacht: cathaoir, cathaoireach).
Coimrítear ainmfhocail ilsiollacha más guta gearr atá sa siolla deiridh acu agus cuirtear -(e)ach leo.
|
cathair | cathrach | cathracha |
| draein | draenach | draenacha | |
| litir | litreach | litreach | |
| rial | rialach | rialacha | |
| traein | traenach | traenacha | |
| treoir | treorach | treoracha | |
| triail | trialach | trialacha | |
| uimhir | uimhreach | uimhreacha | |
|
Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -inn, -ir san ainmneach uatha, a leathnaítear sa ghinideach uatha agus a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra.
(Eisceacht: bráthair, bráthar, bráithre.)
|
abhainn | abhann | aibhneacha |
| máthair | máthar | máithreacha | |
| teorainn | teorann | teorainneacha | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -na, -ne san iolra
Ainmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar ghuta san ainmneach uatha agus ar -n sa ghinideach uatha (eisceachtaí: díle, díleann, dílí; lacha, lachan, lachain (gin. iol. lachan)).
|
ceathrú | ceathrún | ceathrúna |
| comharsa | comharsan | comharsana (gin. iol. comharsana) | |
| ionga | iongan | ingne | |
| leite | leitean | — | |
| monarcha | monarchan | monarchana | |
| pearsa | pearsan | pearsana (gin. iol. pearsan) | |
|
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -idí san iolra
Corr-ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn ar -d sa ghinideach uatha.
Tabhair faoi deara go mbaineann daichead (daichid, daichidí) leis an gcéad díochlaonadh.
|
fiche (tabh. uatha fichid) | fichead | fichidí |
| tríocha | tríochad | tríochaidí | |
| ceathracha | ceathrachad | ceathrachaidí | |
| caoga | caogad | caogaidí | |
| seasca | seascad | seascaidí | |
| seachtó | seachtód | seachtóidí | |
| ochtó | ochtód | ochtóidí | |
| nócha | nóchad | nóchaidí | |
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | bráid | brád | bráide |
| cara | carad | cairde | |
| caora | caorach | caoirigh (gin. iol. caorach) | |
| Éire (tabh. uatha Éirinn) | Éireann | — | |
| namhaid | namhad | naimhde | |
| Nollaig | Nollag | Nollaigí | |
Ní fhreagraíonn infhilleadh na n‑ainmfhocal seo a leanas d’aon cheann de na díochlaontaí:
| Uatha | Iolra | |
|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Gach Tuiseal |
| bean | mná | mná (gin. iol. ban) |
| deirfiúr | deirfiúracha | deirfiúracha |
| deoch | deochanna | deochanna |
| dia | déithe | déithe |
| lá | lae | laethanta |
| leaba | leapa | leapacha |
| mí | míosa | míonna |
| olann | olla | olanna (gin. iol. olann) |
| talamh (fir.) |
talaimh (fir.) talún (bain.) |
tailte |
| teach | tí | tithe |
Nóta: Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear seanfhoirm leithleach den fhocal lá sa fhrása seanbhunaithe ar athló, e.g., Tá an Dáil ar athló.