Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Caibidil 9 | An Uimhir

#9.1 Ginearálta

#9.1.1

Is iad na príomhleaganacha den uimhir sa Ghaeilge an Mhaoluimhir, an Bhunuimhir, an Uimhir Phearsanta, an Orduimhir, an Codán agus an Uimhir Dheachúlach.

  1. An Mhaoluimhir

    Tugtar maoluimhir ar uimhir nach dtagann ainmfhocal go díreach ar a lorg. Úsáidtear an mhaoluimhir i gcomhaireamh lom, e.g., a haon; a cúig; a deich (féach 9.2).

  2. An Bhunuimhir

    Tugtar bunuimhir ar uimhir a chuirtear roimh ainmfhocal chun líon rudaí a chur in iúl, e.g., trí leabhar; seacht gcupán; naoi mbád (féach 9.3).

  3. An Uimhir Phearsanta

    Tugtar uimhir phearsanta ar uimhir a úsáidtear chun daoine a chomhaireamh, e.g., beirt bhan; ceathrar daltaí; ochtar feirmeoirí (féach 9.4).

  4. An Orduimhir

    Tugtar orduimhir ar uimhir lena gcuirtear ionad ruda i sraith rudaí in iúl, e.g., an chéad teach; an dara bean; an fichiú haois (féach 9.5).

  5. An Codán

    Cainníocht uimhriúil nach slánuimhir (uimhir iomlán) is ea an codán, e.g., ceathrú (1/4); ceithre chúigiú (4/5); cúig shéú (5/6) (féach 9.6).

  6. An Uimhir Dheachúlach

    Bealach eile chun cainníocht uimhriúil nach slánuimhir a chur in iúl, agus úsáid á baint as an bpointe deachúlach, is ea an uimhir dheachúlach, e.g., 3.1; 7.5; 18.49; 34.023 (féach 9.7).

#9.1.2

Tugtar rogha idir dhá chóras chun déileáil le bunuimhreacha agus le huimhreacha pearsanta sa scríbhneoireacht: an Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe. Úsáidtear an Córas Seanbhunaithe le huimhreacha ó 1–19 i gcónaí. Is féidir an Córas Seanbhunaithe nó an Córas Simplithe a úsáid le huimhreacha ó 20 ar aghaidh.


#9.2 An Mhaoluimhir

Tugtar maoluimhir ar uimhir a úsáidtear i gcomhaireamh lom nuair nach gcuirtear líon nó ord rudaí nó daoine in iúl, e.g., a haon; a trí déag; a tríocha trí; céad nócha a cúig; míle, ceithre chéad seachtó a naoi.

#9.2.1 Na Maoluimhreacha 0–99

  1. Cuirtear an mhír a roimh uimhreacha ó 1–19, e.g., a haon; a dó; a trí; bus a ceathair; a hocht déag; agus i gcás 20–99 (seachas na deicheanna), cuirtear í roimh an uimhir dheiridh, e.g., fiche a haon; daichead a sé; seachtó a hocht.

  2. Tá comhstádas ag na focail ceathracha agus daichead.

Seo mar a scríobhtar na maoluimhreacha ó 0–19.

Tábla 9ANa Maoluimhreacha 0–19
Na Maoluimhreacha 0–19
0–10 náid/neamhní, a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich
11–19 a haon déag, a dó dhéag, a trí déag, a ceathair déag, a cúig déag, a sé déag, a seacht déag, a hocht déag, a naoi déag

Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear an mhaoluimhir i gcúrsaí ama, e.g., a haon a chlog; a seacht a chlog; a fiche tar éis a cúig. Seo mar a scríobhtar an t‑am i bhfoirm figiúirí: 5.30 p.m.; 4.26 p.m.; 13:00; 16:47.

Seo mar a scríobhtar na maoluimhreacha ó 20–99. Tugtar an córas iomlán idir 20 agus 29 sa tábla agus tugtar samplaí i gcás na ndeicheanna eile.

Tábla 9BNa Maoluimhreacha 20–99
Na Maoluimhreacha 20–99
20–29 fiche, fiche a haon, fiche a dó, fiche a trí, fiche a ceathair, fiche a cúig, fiche a sé, fiche a seacht, fiche a hocht, fiche a naoi 60–69 seasca, seasca a haon, seasca a dó, seasca a trí, seasca a ceathair, seasca a cúig, seasca a sé …
30–39 tríocha, … tríocha a ceathair, tríocha a cúig, tríocha a sé … 70–79 seachtó, … seachtó a seacht, seachtó a hocht, seachtó a naoi
40–49 daichead/ceathracha, daichead a seacht/ceachreacha a seacht, daichead a hocht/ceathracha a hocht, daichead a naoi/ceathracha a naoi 80–89 ochtó, ochtó a haon, ochtó a dó, ochtó a trí …
50–59 caoga, caoga a haon, caoga a dó, caoga a trí… 90–99 nócha, nócha a ceathair, nócha a cúig, nócha a sé …

#9.2.2 Na Maoluimhreacha 100+

  1. Is ainmfhocail iad na huimhreacha céad, míle, milliún, billiún, etc. Dá bhrí sin, is é córas na mbunuimhreacha a úsáidtear má tá na huimhreacha 2–19 roimh shraith náideanna a fhreagraíonn do céad, míle, milliún, billiún, etc., e.g., ceithre chéad; dhá chéad míle; naoi milliún déag; dhá bhilliún; ocht mbilliún (féach 9.3 An Bhunuimhir).
  2. Ní dhéantar athrú tosaigh ar an ainmfhocal i ndiaidh na ndeicheanna, e.g., fiche míle; tríocha milliún; etc.
Tábla 9CNa Maoluimhreacha Na Deicheanna
Na Maoluimhreacha Na Deicheanna
100 céad 200 dhá chéad
1,000 míle 4000 ceithre míle
1,000,000 milliún 5,000,000 cúig milliún
1,000,000,000 billiún 17,000,000,000 seacht mbilliún déag
Tábla 9DNa Maoluimhreacha 100–9,999
Na Maoluimhreacha 100–9,999
103 céad trí 1,001 míle a haon
115 céad a cúig déag 1,126 míle, céad is fiche a sé
120 céad fiche 1,230 míle, dhá chéad tríocha
181 céad ochtó a haon 2,915 dhá mhíle, naoi gcéad a cúig déag
273 dhá chéad seachtó a trí 3,824 trí mhíle, ocht gcéad fiche a ceathair
355 trí chéad caoga a cúig 4,733 ceithre mhíle, seacht gcéad tríocha a trí
446 ceithre chéad daichead a sé 5,642 cúig mhíle, sé chéad daichead a dó
519 cúig chéad a naoi déag 6,551 sé mhíle, cúig chéad caoga a haon
657 sé chéad caoga a seacht 7,460 seacht míle, ceithre chéad seasca
734 seacht gcéad tríocha a ceathair 8,379 ocht míle, trí chéad seachtó a naoi
818 ocht gcéad a hocht déag 9,288 naoi míle, dhá chéad ochtó a hocht
999 naoi gcéad nócha a naoi 9,999 naoi míle, naoi gcéad nócha a naoi

#9.2.3 Na Maoluimhreacha 10,000+

  1. Tá dhá chóras ann chun na maoluimhreacha os cionn 10,000 a chur in iúl — córas na mbunuimhreacha agus córas na maoluimhreacha.
  2. I gcóras na mbunuimhreacha leanann ord na bhfocal rialacha na mbunuimhreacha, e.g., 24,000 — ceithre mhíle is fiche (féach tábla 9N). Faoi chóras na maoluimhreacha, úsáidtear an mhaoluimhir móide an t‑ainmfhocal lom (céad, míle, etc.) gan chlaochlú, e.g., 24,000 — fiche a ceathair míle.

Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear is i gcóras na mbunuimhreacha os cionn 10,000 ach nach n‑úsáidtear é sna maoluimhreacha eile.

Seo mar a scríobhtar na maoluimhreacha os cionn 10,000.

Tábla 9ENa Maoluimhreacha 10,000+
Na Maoluimhreacha 10,000+
Córas na mBunuimhreacha Córas na Maoluimhreacha
13,452 trí mhíle dhéag, ceithre chéad caoga a dó trí déag míle, ceithre chéad caoga a dó
18,901 ocht míle dhéag, naoi gcéad a haon ocht déag míle, naoi gcéad a haon
38,482 ocht míle is tríocha, ceithre chéad ochtó a dó tríocha a hocht míle, ceithre chéad ochtó a dó
65,155 cúig mhíle is seasca, céad caoga a cúig seasca a cúig míle, céad caoga a cúig
74,048 ceithre mhíle is seachtó, daichead a hocht seachtó a ceathair míle, daichead a hocht
92,827 dhá mhíle is nócha, ocht gcéad fiche a seacht nócha a dó míle, ocht gcéad fiche a seacht
116,104 céad is sé mhíle dhéag, céad a ceathair céad a sé déag míle, céad a ceathair
520,712 cúig chéad is fiche míle, seacht gcéad a dó dhéag cúig chéad fiche míle, seacht gcéad a dó dhéag
974,345 naoi gcéad seachtó is ceithre mhíle, trí chéad daichead a cúig naoi gcéad seachtó a ceathair míle, trí chéad daichead a cúig

#9.3 An Bhunuimhir

#9.3.1 Na Bunuimhreacha 1–19

  1. Tugtar bunuimhir ar an uimhir a chuirtear le hainmfhocal chun líon rudaí a chur in iúl.
  2. Tagann an t‑ainmfhocal ar lorg aon, dhá, trí, ceithre, cúig, , seacht, ocht, naoi, deich.
  3. Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear na bunuimhreacha dhá agus ceithre seachas na foirmeacha maoluimhreach agus ceathair.
  4. Ní mór an focal amháin a lua tar éis na bunuimhreach aon agus an ainmfhocail. Ní gá, áfach, aon a lua i gcónaí, e.g., aon chapall amháin; capall amháin.
  5. Ní chuirtear séimhiú ar d, ts tar éis aon, e.g., aon doras amháin; aon teach amháin.
  6. I ndiaidh an ainmfhocail a thagann an focal déag, e.g., ceithre leabhar déag. Séimhítear an focal déag má chríochnaíonn an focal díreach roimhe ar ghuta (ach féach 9.3.2(e)), seachas i ndiaidh euro.

    Tabhair faoi deara, más aonad brí ar leith an t‑ainmfhocal agus an cáilitheoir, e.g., madra rua; cat crainn; teach tábhairne; láthair champála (seachas gnáth-ainmfhocal agus cáilitheoir, e.g., leabhar dearg) is i ndiaidh an ainmfhocail agus an cháilitheora a chuirtear déag, e.g., ceithre mhadra rua dhéag; cúig theach tábhairne dhéag; sé chat crainn déag; seacht n‑iora ghlasa dhéag. Cuirtear aon cháilitheoir eile i ndiaidh déag, e.g., sé chat crainn déag mhóra; seacht n‑iora ghlasa dhéag fhiáine.

  7. Ní shéimhítear dhá i ndiaidh an ailt, aoncéad, e.g., an dá leabhar; an chéad dá leabhar; aon dá leabhar.
  8. Cuireann na bunuimhreacha aon, dhá (ach féach 8.3.3), trí, ceithre, cúig agus séimhiú ar an ainmfhocal uatha a thagann ina ndiaidh, e.g., trí bhád; ach ní shéimhítear an focal cent, e.g., trí cent.
  9. Cuireann na bunuimhreacha seacht, ocht, naoi agus deich urú ar an ainmfhocal uatha agus iolra a thagann ina ndiaidh, e.g., seacht gcnámh; deich gcinn; ach ní uraítear an focal euro, e.g., ocht euro; naoi euro, ná cent, e.g., ocht cent; deich cent.
Tábla 9FNa Bunuimhreacha 1–19
Na Bunuimhreacha 1–19
1 bád/bád amháin/aon bhád amháin
ábhar/ábhar amháin/aon ábhar amháin
11 aon bhád déag
aon ábhar déag
2 dhá bhád
dhá ábhar
12 dhá bhád déag
dhá oíche déag
3 trí bhád
trí ábhar
13 trí bhád déag
trí ábhar déag
4 ceithre bhád
ceithre ábhar
14 ceithre bhád déag
ceithre ábhar déag
5 cúig bhád
cúig ábhar
15 cúig bhád déag
cúig oíche déag
6 sé bhairille
sé oíche
16 sé bhairille dhéag
sé ábhar déag
7 seacht mbairille
seacht n‑oíche
17 seacht mbairille dhéag
seacht n‑oíche déag
8 ocht mbairille
ocht n‑oíche
18 ocht mbád déag
ocht n‑oíche déag
9 naoi mbairille
naoi n‑oíche
19 naoi mbairille dhéag
naoi n‑oíche dhéag
10 deich mbairille
deich n‑oíche

#9.3.2 Ainmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu i nDiaidh na mBunuimhreacha

Tá roinnt ainmfhocal ann arb í foirm an ainmnigh iolra díobh, nó leagan iolra ar leith díobh, a úsáidtear i ndiaidh na mbunuimhreacha 3–10 agus i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 3–9. Léirítear na hainmfhocail sin sa tábla thíos. Cé nach leagan iolra é fichid, áirítear an leagan sin san aicme seo.

Tábla 9GNa Bunuimhreacha — Foirmeacha na nAinmfhocal a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
2 3–6 7–10
bliain bhliain bliana mbliana
seachtain sheachtain seachtaine seachtaine
ceann
(seachas sa bhrí ball beatha)
ceann cinn gcinn
cloigeann
(seachas sa bhrí ball beatha)
chloigeann cloigne gcloigne
fiche fhichead fichid bhfichid
pingin phingin pingine bpingine
trian thrian treana dtreana
troigh throigh troithe dtroithe
uair
(sa bhrí babhta)
uair huaire n‑uaire
  1. Foirm an ainmnigh uatha de na hainmfhocail a úsáidtear leis na bunuimhreacha 1–2 agus i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 1–2, e.g., aon phingin amháin; dhá bhliain; aon uair déag; dhá cheann is tríocha.
  2. Ní chuirtear séimhiú ar an leagan iolra i ndiaidh 3–6 ná i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 3–6, e.g., trí seachtaine; ceithre cinn déag.
  3. I ndiaidh 3–6 agus i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 3–6 cuirtear h roimh an leagan iolra uaire, e.g., cúig huaire.
  4. Cuireann na huimhreacha 7–10 agus uimhreacha a chríochnaíonn ar 7–9 urú ar an leagan iolra, e.g., seacht mbliana; ocht bpingine déag.
  5. Ní chuirtear séimhiú ar déag i ndiaidh an leagain iolra, fiú amháin sa chás go gcríochnaíonn sé ar ghuta, e.g., trí bliana déag; ocht n‑uaire déag.
  6. Is í foirm an ainmnigh uatha a úsáidtear i ndiaidh na ndeicheanna (seachas deich), e.g., fiche bliain; tríocha pingin; ochtó troigh.
Tábla 9HNa Bunuimhreacha — Samplaí d’Fhoirmeacha na nAinmfhocal a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
Na Bunuimhreacha — Leaganacha Iolra ar leith
1 aon bhliain amháin 11 aon uair déag
2 dhá cheann 12 dhá phingin déag
3 trí cinn 13 trí bliana déag
4 ceithre cloigne 14 ceithre cinn déag
5 cúig fichid 15 cúig seachtaine déag
6 sé huaire 16 sé cloigne déag
7 seacht bpingine 17 seacht bhfichid déag
8 ocht seachtaine 18 ocht dtroithe déag
9 naoi mbliana 19 naoi bpingine déag
10 deich dtroithe

#9.3.3 An Aidiacht leis na Bunuimhreacha 1–19

  1. Ar lorg na bunuimhreach 1, is san uimhir uatha a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal agus í ar aon inscne leis an ainmfhocal.
  2. Ar lorg na n‑uimhreacha eile (2–19), bíonn an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í.
  3. Cuirtear an focal déag roimh aidiacht nó aidiachtaí atá ag gabháil leis an ainmfhocal (ach féach 9.3.1(f)).
Tábla 9INa Bunuimhreacha 1–19 — Foirm na hAidiachta
An Aidiacht leis na Bunuimhreacha
1 aon leabhar mór amháin
aon fhuinneog mhór amháin
11 aon leabhar déag mhóra
aon fhuinneog déag mhóra
2 dhá leabhar mhóra 12 dhá oíche dhéag fhuara
3 trí fhuinneog mhóra 13 trí leabhar déag mhóra
4 ceithre oíche fhuara 14 ceithre fhuinneog déag mhóra
5 cúig fhuinneog mhóra 15 cúig leabhar déag mhóra
6 sé leabhar mhóra 16 sé fhuinneog déag mhóra
7 seacht bhfuinneog mhóra 17 seacht leabhar déag mhóra
8 ocht leabhar mhóra 18 ocht bhfuinneog déag mhóra
9 naoi bhfuinneog mhóra 19 naoi n‑oíche dhéag fhuara
10 deich leabhar mhóra

#9.3.4 Foirm na hAidiachta leis na hAinmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu

  1. Ar lorg na bunuimhreach 1, is san uimhir uatha a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal, agus í ar aon inscne leis an ainmfhocal.
  2. Cuirtear an aidiacht san uimhir iolra i ndiaidh an leagain iolra ach ní chuirtear séimhiú ar an aidiacht sa chás go gcríochnaíonn an leagan iolra sin ar ghuta. Séimhítear an aidiacht i ndiaidh cinn agus fichid.
Tábla 9JNa Bunuimhreacha 1–19 — Foirm na hAidiachta leis na hAinmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
An Aidiacht leis na hAinmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
1 aon bhliain mhaith amháin 11 aon uair déag chiúine
2 dhá cheann bhána 12 dhá chloigeann déag mhaola
3 trí cinn dhubha 13 trí bliana déag maithe
4 ceithre cloigne maola 14 ceithre cinn déag bhána
5 cúig cinn mhóra 15 cúig pingine déag salacha
6 sé troithe dearga 16 sé cloigne déag maola
7 seacht bpingine beaga 17 seacht gcinn déag mhóra
8 ocht seachtaine fada 18 ocht dtroithe déag cearnacha
9 naoi mbliana fada 19 naoi bpingine déag beaga
10 deich dtroithe cearnacha

#9.3.5 An tAlt leis na Bunuimhreacha 1–19

  1. Foirm uatha an ailt
    1. Cuirtear foirm uatha an ailt roimh an mbunuimhir 1, roimh uimhreacha a chríochnaíonn ar 1, agus roimh iolraithe ar 10 ó 20 ar aghaidh.
    2. Cuirtear t‑ roimh an mbunuimhir aon ar lorg an ailt, e.g., an t‑aon leabhar amháin; an t‑aon bhileog amháin. Baintear an t‑ i ndiaidh réamhfhocal, e.g., san aon leabhar amháin; tríd an aon fhuinneog amháin.
    3. Foirm uatha an ailt a chuirtear roimh an mbunuimhir dhá freisin ach déantar den bhunuimhir, e.g., an dá chapall.
  2. Foirm iolra an ailt
    1. Is í foirm iolra an ailt a chuirtear roimh na bunuimhreacha 3–9 agus 13–19.
    2. Cuirtear h roimh bhunuimhir dar tús guta i ndiaidh fhoirm iolra an ailt, e.g., na hocht gcapall.
  3. Ní dhéanann an t‑alt aon difear d’aidiacht ar lorg bunuimhreacha agus ainmfhocal, e.g., an dá chapall mhóra.
Tábla 9KNa Bunuimhreacha 1–19 — An tAlt
An tAlt leis na Bunuimhreacha
1 an t‑aon chapall amháin
an t‑aon fhuinneog amháin
11 an t‑aon chapall déag +
an t‑aon fhuinneog déag
2 an dá chapall 12 an dá chapall déag
3 na trí chapall 13 na trí chapall déag
4 na ceithre chapall 14 na ceithre chapall déag
5 na cúig chapall 15 na cúig chapall déag
6 na sé fhuinneog 16 na sé fhuinneog déag
7 na seacht bhfuinneog 17 na seacht bhfuinneog déag
8 na hocht bhfuinneog 18 na hocht bhfuinneog déag
9 na naoi bhfuinneog 19 na naoi bhfuinneog déag
10 na deich bhfuinneog

#9.3.6 Na Bunuimhreacha 1–19 — An Tuiseal Ginideach gan an tAlt

  1. Téann athrú foirme ar ainmfhocal agus ar aidiacht sa ghinideach i ndiaidh aon, e.g., ualach aon chapaill mhóir amháin; fráma aon fhuinneoige báine amháin; ach amháin nuair atá déag ag gabháil leis, e.g., ualach aon chapall déag mhóra; fráma aon fhuinneog déag bhána.
  2. I gcás 2–19, ní théann aon athrú foirme sa ghinideach ar an ainmfhocal ná ar an mbunuimhir, e.g., fad dhá mhéadar; costas trí fhuinneog; úinéir seacht ngabhar; tréimhse naoi n‑oíche; tiománaithe trí thacsaí dhéag; ach cuirtear an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í, e.g., costas trí fhuinneog dheasa; úinéir seacht ngabhar chrosta; tiománaithe trí thacsaí dhéag chostasacha; ach amháin más leagan iolra ar leith é a chríochnaíonn ar ghuta nó ar chonsan leathan, e.g., trí bliana crua.

#9.3.7 Na Bunuimhreacha 1–19 — An Tuiseal Ginideach leis an Alt

  1. aon

    Téann athrú foirme ar ainmfhocal agus ar aidiacht sa ghinideach i ndiaidh aon nuair atá an t‑alt ann faoi réir na bpointí seo a leanas.

    1. De réir inscne an ainmfhocail, úsáidtear anna sa tuiseal ginideach roimh an mbunuimhir aon nuair nach bhfuil déag ag gabháil leis, e.g., ualach an aon chapaill amháin; costas na haon fhuinneoige amháin; ach ábhar an aon chuntas déag amháin; ag ceartú an aon aiste dhéag shuimiúla.
    2. Más ainmfhocal baininscneach atá i gceist, ní foláir h a chur roimh an mbunuimhir aon, e.g., i gcaitheamh na haon oíche amháin sin.
    3. Más ainmfhocal firinscneach atá i gceist, baintear an t‑ roimh an mbunuimhir aon, e.g., ar feadh an aon lae amháin sin.
  2. Déantar de dhá i ndiaidh an ailt uatha (an, don, sa, etc.).
  3. I gcás na mbunuimhreacha trí go deich, uraítear na bunuimhreacha inuraithe (trí, ceithre, cúig, ocht, deich) sa tuiseal ginideach i ndiaidh an ailt (na).
  4. Tá na rialacha céanna le cur i bhfeidhm ar na hainmfhocail a bhfuil leagan iolra ar leith acu agus ar na haidiachtaí a ghabhann leo (féach 9.3.4) agus a chuirtear i bhfeidhm sa tuiseal ainmneach, e.g., tréimhse na sé bliana fada; deireadh na naoi seachtaine déag fada; Cogadh na Naoi mBliana; costas na dtrí troithe cearnacha eile; úinéir an dá cheann bhána; praghas na dtrí cinn mhóra.
Tábla 9LNa Bunuimhreacha 1–19 — An Tuiseal Ginideach leis an Alt
Tuiseal Ginideach na mBunuimhreacha leis an Alt
1 ualach an aon chapaill mhóir amháin
tréimhse na haon bhliana fada amháin
11 stábla an aon chapall déag mhóra
ag oscailt an aon fhuinneog déag throma
2 luach an dá theach bheaga 12 tréimhse an dá bhliain déag fhada
3 meáchan na dtrí bhó éagsúla 13 innill na dtrí ghluaisteán déag chumhachtacha
4 gaois na gceithre cloigne móra 14 leathanaigh na gceithre leabhar déag ghearra
5 ag dúnadh na gcúig fhuinneog ghlasa 15 fad na gcúig oíche dhéag ghaofara
6 fad na sé bliana fada 16 gaois na sé cloigne déag maola
7 ualach na seacht gcapall mhóra 17 géaga na seacht gcrann déag dhuilleacha
8 seolta na n‑ocht mbád bheaga 18 achar na n‑ocht bpáirc déag mhóra
9 leithead na naoi gcinn dheasa 19 deireadh na naoi seachtaine déag fada
10 achar na ndeich ngairdín chlocharacha

#9.3.8 Na Bunuimhreacha a scríobh ina bhFigiúirí 1–19

Is ionann na rialacha a bhaineann leis na bunuimhreacha 1–19 a scríobh ina bhfigiúirí agus iad a scríobh ina bhfocail, e.g., 1 chapall mór; 3 bhád bheaga; 7 n‑oíche dhorcha; 13 seachtaine fuara; 17 ngluaisteán shaora; 19 mbliana fada.

#9.3.9 Na Bunuimhreacha 20+ — Na Deicheanna

  1. Is í foirm an ainmnigh uatha den ainmfhocal a chuirtear i ndiaidh na ndeicheanna. Ní dhéantar aon athrú tosaigh ar an ainmfhocal.
  2. Má tá aidiacht leis, réitíonn an aidiacht le hinscne an ainmfhocail.
  3. Cuirtear foirm uatha an ailt roimh na deicheanna, e.g., an fiche teach nua; an seasca duine cáiliúil.
  4. Sa tuiseal ginideach, mura bhfuil an t‑alt ann, ní théann aon athrú foirme ar an ainmfhocal ná ar an mbunuimhir.
  5. Má tá an t‑alt ann sa tuiseal ginideach, imríonn an t‑alt ar thúslitir na huimhreach mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach ach ní dhéantar aon athrú tosaigh ar fs.
Tábla 9MNa Bunuimhreacha — Tuiseal Ainmneach agus Tuiseal Ginideach na nDeicheanna
An Tuiseal Ainmneach An Tuiseal Ginideach
gan an tAlt
An Tuiseal Ginideach
leis an Alt
20 fiche leabhar mór meáchan fiche leabhar mór meáchan an fiche leabhar mór
30 tríocha méadar glas achar tríocha méadar glas achar an tríocha méadar glas
40 daichead bád beag lastas daichead bád beag lastas an daichead bád beag
50 caoga císte milis costas caoga císte milis costas an chaoga císte milis
60 seasca bó bhán bainne seasca bó bhán bainne an seasca bó bhán
70 seachtó bliain fhada tréimhse seachtó bliain fhada tréimhse an seachtó bliain fhada
80 ochtó cloigeann maol gaois ochtó cloigeann maol gaois an ochtó cloigeann maol
90 nócha pingin bheag luach nócha pingin bheag luach an nócha pingin bheag

#9.3.10 Na Bunuimhreacha eile 20+

  1. Tá dhá chóras ann maidir leis na bunuimhreacha os cionn 20 (seachas na deicheanna roimhe seo, féach 9.3.9): an Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe. Baineann an dá chóras seo leis na bunuimhreacha agus iad scríofa ina bhfocail agus ina bhfigiúirí. Tá an dá chóras seo ar comhstádas agus inghlactha.
  2. An Córas Seanbhunaithe

    1. Bíonn an t‑ainmfhocal sa leagan uatha nó sa leagan iolra ar leith atá aige agus déantar an t‑athrú tosaigh cuí ar an ainmfhocal.
    2. Tar éis uimhreacha a chríochnaíonn ar 1, réitíonn an aidiacht le hinscne an ainmfhocail. I gcás uimhreacha a chríochnaíonn ar 2–9, bíonn an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í (ach féach 9.3.4).
  3. An Córas Simplithe

    1. Bíonn an t‑ainmfhocal san uimhir uatha i gcónaí, fiú más ainmfhocal é a bhfuil leagan iolra ar leith aige, agus ní dhéantar aon athrú tosaigh air. Bíonn an aidiacht san uimhir uatha i gcónaí agus séimhítear í de réir inscne an ainmfhocail.
    2. I gcás uimhreacha a chríochnaíonn ar 2 nó 4, úsáidtear na foirmeacha maoluimhreach agus ceathair in ionad dhá agus ceithre.
  4. Más iolraí ar 10 atá i gceist, níl ann ach leagan amháin, e.g., céad is fiche bád.
  5. Maidir leis an alt, leantar an patrún a úsáidtear leis na bunuimhreacha 1–19 leis na bunuimhreacha os cionn 20, e.g., an t‑aon leabhar is fiche; an dá bhord is tríocha; na cúig pheann is seasca (féach 9.3.5).
Tábla 9NNa Bunuimhreacha 21–99 — An Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe
An Córas Seanbhunaithe An Córas Simplithe
21
  • aon chapall mór amháin is fiche
  • capall mór is fiche
fiche a haon capall mór
33 trí oíche dhorcha is tríocha tríocha a trí oíche dhorcha
42 dhá chapall mhóra is daichead daichead a dó capall mór
55 cúig fhuinneog dhúnta is caoga caoga a cúig fuinneog dhúnta
67 seacht leabhar shuimiúla is seasca seasca a seacht leabhar suimiúil
74 ceithre pingine beaga is seachtó seachtó a ceathair pingin bheag
86 sé bhó mhóra is ochtó ochtó a sé bó mhór
99 naoi mbád chostasacha is nócha nócha a naoi bád costasach

#9.3.11 Na Bunuimhreacha 100+

Sa Chóras Seanbhunaithe, is é malairt na comhréire a úsáidtear faoi bhun 100 a úsáidtear le huimhreacha os cionn 100, e.g., céad fiche is aon chapall amháin; dhá mhíle, trí chéad is ceithre chapall; etc.

Is ionann na rialacha eile agus na rialacha maidir leis na bunuimhreacha a luaitear in 9.3.10.

Tábla 9ONa Bunuimhreacha 100+ — An Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe
An Córas Seanbhunaithe An Córas Simplithe
191 céad nócha is aon mhéadar amháin céad nócha a haon méadar
282 dhá chéad ochtó is dhá chat fhiáine dhá chéad ochtó a dó cat fiáin
364 trí chéad seasca is ceithre chapall mhóra trí chéad seasca a ceathair capall mór
1,446 míle, ceithre chéad daichead is sé bhó chrosta míle, ceithre chéad daichead a sé bó chrosta
18,437 ocht míle dhéag, ceithre chéad tríocha is seacht gcás chasta ocht déag míle, ceithre chéad tríocha a seacht cás casta
25,528 cúig mhíle is fiche, cúig chéad fiche is ocht leabhar shuimiúla fiche a cúig míle, cúig chéad fiche a hocht leabhar suimiúil
100,513 céad míle, cúig chéad is trí mhilseán déag dhearga céad míle, cúig chéad a trí déag milseán dearg

#9.3.12 Na Bunuimhreacha a scríobh ina bhFigiúirí 20+

Cuirtear rialacha an Chórais Sheanbhunaithe agus an Chórais Shimplithe, faoi seach, (féach 9.3.10) i bhfeidhm nuair a scríobhtar na bunuimhreacha os cionn 20 ina bhfigiúirí.

Tábla 9PNa Bunuimhreacha 20+ ina bhFigiúirí — An Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe
An Córas Seanbhunaithe An Córas Simplithe
21 21 bhád costasach 21 bád costasach
22 22 bhád mhóra 22 bád mór
37 37 n‑ábhar shuimiúla 37 ábhar suimiúil
44 44 fhuinneog dhúnta 44 fuinneog dhúnta
53 53 bhó mhóra 53 bó mhór
68 68 n‑oíche ghaofara 68 oíche ghaofar
76 76 dhuine ghnóthacha 76 duine gnóthach
89 89 dtroithe cearnacha 89 troigh chearnach
95 95 mhéadar chearnacha 95 méadar cearnach
191 191 bhád costasach 191 bád costasach

#9.4 An Uimhir Phearsanta

Tugtar uimhir phearsanta ar uimhir a chuireann líon daoine in iúl.

#9.4.1 Úsáid na nUimhreacha Pearsanta

  1. Úsáidtear na huimhreacha pearsanta (2–10 agus 12) chun daoine a chomhaireamh.
  2. Is é gnáthchóras na mbunuimhreacha a úsáidtear chun aon duine dhéag nó líon daoine is mó ná dháréag a chomhaireamh, e.g., aon duine dhéag; trí dhuine dhéag; ceithre dhuine is daichead.
Tábla 9QNa hUimhreacha Pearsanta
Na hUimhreacha Pearsanta
1 duine/aon duine amháin 7 seachtar
2 beirt 8 ochtar
3 triúr 9 naonúr
4 ceathrar 10 deichniúr
5 cúigear 11 aon duine dhéag
6 seisear 12 dháréag

#9.4.2 Úsáid Lom na nUimhreacha Pearsanta

  1. An uimhir phearsanta lom
    1. Is féidir uimhir phearsanta a úsáid lom (gan ainmfhocal ar a lorg) chun líon daoine a chomhaireamh, e.g., An bhfaca tú an bheirt?; Gabhadh seachtar.
    2. Is mar ghnáth-ainmfhocal a chaitear leis an uimhir phearsanta lom sa ghinideach, e.g., cor beirte; col ceathrair; col seisir.
  2. an t‑alt roimh an uimhir phearsanta lom
    1. Ainmfhocail fhirinscneacha is ea na huimhreacha pearsanta go léir seachas beirt, e.g., an bheirt; an ceathrar; an t‑ochtar.
    2. Ní shéimhítear dháréag i ndiaidh an ailt, aoncéad, e.g., bhí an dáréag ann; gach aon dáréag acu; an chéad dáréag a cháiligh.
    3. Is mar ghnáth-ainmfhocal a chaitear leis an uimhir phearsanta lom sa ghinideach nuair atá an t‑alt roimhe, e.g., cótaí an tseisir; ticéid an ochtair; gluaisteán na beirte.
    Tábla 9RNa hUimhreacha Pearsanta Loma — An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Ginideach leis an Alt
    An Uimhir An Tuiseal Ainmneach An Tuiseal Ginideach
    1 an t‑aon duine amháin ainm an aon duine amháin
    2 an bheirt tuairimí na beirte
    3 an triúr éadaí an triúir
    4 an ceathrar táillí an cheathrair
    5 an cúigear bád an chúigir
    6 an seisear teach an tseisir
    7 an seachtar scoil an tseachtair
    8 an t‑ochtar meitheal an ochtair
    9 an naonúr foireann an naonúir
    10 an deichniúr tithe an deichniúir
    11 an t‑aon duine dhéag foireann an aon duine dhéag
    12 an dáréag airgead an dáréag
  3. An aidiacht leis an uimhir phearsanta lom — Beirt
    1. Má cháilíonn aidiacht an focal beirt agus é san ainmneach*, is san ainmneach iolra a bhíonn an aidiacht agus í séimhithe, e.g., an bheirt cháiliúla; beirt mhisniúla; don bheirt óga.
    2. Má tá an focal beirt, agus é ar lorg an ailt agus é sa ghinideach, á cháiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, is sa ghinideach baininscneach uatha a bhíonn an aidiacht, e.g., tuairimí na beirte díograisí; nótaí na beirte misniúla; iarrachtaí na beirte cróga.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag ainmfhocal eile, bíonn an aidiacht san iolra ar lorg beirt agus í séimhithe (agus ní théann athrú an ghinidigh ar an bhfocal beirt ach cuirtear séimhiú air), e.g., moltaí bheirt mhisniúla; tuairimí bheirt cháiliúla; obair bheirt acadúla.
    4. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ainm briathartha, bíonn an aidiacht san iolra ar lorg beirt agus í séimhithe (agus ní dhéantar aon athrú ar an bhfocal beirt ach an oiread), e.g., le haghaidh beirt inniúla; ag moladh beirt mhaithe.
  4. An aidiacht leis an uimhir phearsanta lom — Triúr go dháréag
    1. Má tá na huimhreacha pearsanta triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)), agus iad san ainmneach*, á gcáiliú le haidiacht a thagann ina ndiaidh, is san ainmneach uatha a bhíonn an aidiacht gan aon séimhiú uirthi, e.g., triúr mór; ceathrar ard; an cúigear saibhir; don dáréag clúiteach.
    2. Má tá na huimhreacha pearsanta triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)), agus iad sa ghinideach, á gcáiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, cuirtear na gnáthrialacha maidir le haidiacht atá ar lorg ainmfhocal sa ghinideach i bhfeidhm ar na haidiachtaí a ghabhann leo, e.g., éadaí an cheathrair bhig; meitheal ochtair dhíograisigh; airgead an dáréag chlúitigh (féach Caibidil 4).
  5. * Nó sa ghairmeach, sa chuspóireach nó sa tabharthach.

#9.4.3 Ainmfhocail leis na hUimhreacha Pearsanta

  1. Foirm na huimhreach pearsanta agus foirm an ainmfhocail ar a lorg
    1. Má tá an focal beirt, agus é san ainmneach*, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, is sa ghinideach iolra a bhíonn an t‑ainmfhocal agus é séimhithe (seachas ainmfhocal a thosaíonn ar d, ts), e.g., beirt chaptaen; beirt chumadóirí; beirt drumadóirí; ag beirt bhan.
    2. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach gan an t‑alt, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag ainmfhocal eile, ní théann athrú an ghinidigh ar an bhfocal beirt ach cuirtear séimhiú air agus bíonn an t‑ainmfhocal sa ghinideach iolra agus cuirtear séimhiú air (seachas ainmfhocal a thosaíonn ar d, ts), e.g., moltaí bheirt chumadóirí; tuairimí bheirt chaptaen; obair bheirt saineolaithe.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ainm briathartha, ní dhéantar aon athrú ar an bhfocal beirt agus bíonn an t‑ainmfhocal sa ghinideach iolra agus cuirtear séimhiú air (seachas ainmfhocal a thosaíonn ar d, ts), e.g., le haghaidh beirt mholtóirí; ag moladh beirt saighdiúirí.
    4. Is é ginideach iolra an ainmfhocail a leanann na huimhreacha pearsanta ó triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)) nuair atá daoine á gcomhaireamh, e.g., triúr bádóirí; ceathrar múinteoirí.
    5. Ní théann athrú an ghinidigh ar uimhreacha pearsanta ó triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)) má tá ainmfhocal ar a lorg, e.g., athair ceathrar mac; máthair cúigear iníonacha; geansaithe dháréag peileadóirí.

    * Nó sa ghairmeach, sa chuspóireach nó sa tabharthach.

    Tábla 9SNa hUimhreacha Pearsanta — Foirm an Ainmfhocail ar lorg Uimhir Phearsanta
    An Uimhir An Tuiseal Ainmneach An Tuiseal Ginideach
    1 fear amháin/aon fhear amháin
    bean amháin/aon bhean amháin
    hata aon fhir amháin +
    hata aon mhná amháin
    2 beirt bhan páistí bheirt bhan
    3 triúr bádóirí báid triúr bádóirí
    4 ceathrar scoláirí torthaí ceathrar scoláirí
    5 cúigear fear gaolta cúigear fear
    6 seisear ban páistí seisear ban
    7 seachtar bádóirí long seachtar bádóirí
    8 ochtar báicéirí cístí ochtar báicéirí
    9 naonúr fear talamh naonúr fear
    10 deichniúr girseach airgead deichniúr girseach
    11* aon imreoir déag cultacha aon imreoir déag
    12 dháréag bádóirí soitheach dháréag bádóirí

    * Tabhair faoi deara go gcaitear le 11 mar a chaitear leis i gcóras na mbunuimhreacha, agus nach gcuirtear an t‑ainmfhocal sa ghinideach (féach 9.3.6(a)).

  2. an t‑alt roimh uimhir phearsanta a bhfuil ainmfhocal ar a lorg
    1. Is é foirm uatha an ailt a úsáidtear roimh na huimhreacha pearsanta. Is firinscneach dóibh go léir ach amháin beirt.
    2. Ní shéimhítear dháréag i ndiaidh an ailt, aoncéad, e.g., an Dáréag Aspal; gach aon dáréag scoláirí; an chéad dáréag múinteoirí a cháiligh.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ar lorg an ailt, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, is sa ghinideach iolra a bhíonn an t‑ainmfhocal agus ní shéimhítear é (ach téann athrú an ghinidigh ar an bhfocal beirt), e.g., tuairimí na beirte múinteoirí; nótaí na beirte saineolaithe; tuairiscí na beirte comhfhreagraithe; tithe na beirte deartháireacha.
    4. Ní théann athrú foirme sa ghinideach ar na huimhreacha pearsanta ó triúr go dháréag ná ar an ainmfhocal ar a lorg, ach imríonn an t‑alt ar thúslitir na n‑uimhreacha pearsanta mar a d’imreodh ar ghinideach aon ainmfhocail uatha eile, e.g., cótaí an cheathrar daltaí; oifig an tseachtar tréidlianna; Scoil an tSeachtar Laoch.
    Tábla 9TNa hUimhreacha Pearsanta — An tAlt roimh Uimhir Phearsanta a bhfuil Ainmfhocal ar a lorg
    An Uimhir An Tuiseal Ainmneach An Tuiseal Ginideach
    1 an t‑aon fhear amháin
    an t‑aon bhean amháin
    hata an aon fhir amháin
    hata na haon mhná amháin
    2 an bheirt bhan páistí na beirte ban
    3 an triúr bádóirí báid an triúr bádóirí
    4 an ceathrar scoláirí torthaí an cheathrar scoláirí
    5 an cúigear fear gaolta an chúigear fear
    6 an seisear ban páistí an tseisear ban
    7 an seachtar bádóirí long an tseachtar bádóirí
    8 an t‑ochtar báicéirí cístí an ochtar báicéirí
    9 an naonúr fear talamh an naonúr fear
    10 an deichniúr girseach airgead an deichniúr girseach
    11* an t‑aon imreoir déag cluiche an aon imreoir déag
    12 an dáréag bádóirí soitheach an dáréag bádóirí

    * Tabhair faoi deara go gcaitear le 11 mar a chaitear leis i gcóras na mbunuimhreacha, agus nach gcuirtear an t‑ainmfhocal sa ghinideach (féach 9.3.7(a)(i)).

  3. An aidiacht le hainmfhocal atá ar lorg uimhir phearsanta
    1. Ar lorg na huimhreach pearsanta beirt, is san ainmneach iolra a bhíonn an aidiacht agus séimhítear í, e.g., beirt bhan cháiliúla; beirt ghirseach chruthaitheacha; beirt amhránaithe cháiliúla; beirt mhúinteoirí shealadacha.
    2. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le hainmfhocal + aidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag ainmfhocal eile, bíonn an aidiacht atá á cháiliú san iolra agus í séimhithe, e.g., moltaí bheirt léachtóirí acadúla; tuairimí bheirt iriseoirí sheanbhunaithe; saothar bheirt ghramadóirí chliste.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le hainmfhocal + aidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ainm briathartha, bíonn an aidiacht atá á cháiliú san iolra agus í séimhithe, e.g., le haghaidh beirt mholtóirí dheasa; ag moladh beirt chumadóirí shamhlaíocha.
    4. Ar lorg na n‑uimhreacha pearsanta triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)), is sa ghinideach iolra a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal, e.g., triúr scoláirí díograiseacha; ceathrar girseach éirimiúil; bád an triúr bádóirí tuirseacha; airgead an deichniúr ban bríomhar. Léirítear samplaí leis an alt agus gan an t‑alt sa tábla ina dhiaidh seo.
    Tábla 9UNa hUimhreacha Pearsanta — An Aidiacht le hAinmfhocal atá ar lorg Uimhir Phearsanta
    An Uimhir An Tuiseal Ainmneach An Tuiseal Ginideach
    1
    • fear ciallmhar amháin
    • bean shaibhir amháin
    • an t‑aon fhear cineálta amháin
    • an t‑aon bhean dheas amháin
    • cóta aon fhir chiallmhair amháin
    • geansaí aon mhná saibhre amháin
    • cóta an aon fhir chineálta amháin
    • geansaí na haon mhná deise amháin
    2
    • beirt bhan mhisniúla
    • beirt fhear chróga
    • beirt scoláirí chumasacha
    • an bheirt bhan mhisniúla
    • an bheirt fhear chróga
    • an bheirt scoláirí chumasacha
    • oifig bheirt bhan mhisniúla
    • páistí bheirt fhear chróga
    • cóipleabhair bheirt scoláirí chumasacha
    • oifig na beirte ban mhisniúla
    • páistí na beirte fear chróga
    • cóipleabhair na beirte scoláirí chumasacha
    3
    • triúr fear mór
    • triúr girseach galánta
    • an triúr bádóirí tuirseacha
    • hataí triúr fear mór
    • gúnaí triúr girseach galánta
    • báid an triúr bádóirí tuirseacha
    4 ceathrar (an ceathrar) scoláirí maithe scrúduithe ceathrar (an cheathrar) scoláirí maithe
    5 cúigear (an cúigear) fear inniúil gaolta cúigear (an chúigear) fear inniúil
    6 seisear (an seisear) ban cumasach páistí seisear (an tseisear) ban cumasach
    7 seachtar (an seachtar) bádóirí óga long seachtar (an tseachtar) bádóirí óga
    8 ochtar (an t‑ochtar) báicéirí díograiseacha cístí ochtar (an ochtar) báicéirí díograiseacha
    9 naonúr (an naonúr) fear ocrach talamh naonúr (an naonúr) fear ocrach
    10 deichniúr (an deichniúr) girseach bríomhar airgead deichniúr (an deichniúr) girseach bríomhar
    11* aon (an t‑aon) imreoir déag thapa cultacha aon (an aon) imreoir déag thapa
    12 dháréag (an dáréag) scoláirí borba leabhair dháréag (an dáréag) scoláirí borba

    * Tabhair faoi deara go gcaitear le 11 mar a chaitear leis i gcóras na mbunuimhreacha, agus nach gcuirtear an t‑ainmfhocal sa ghinideach (féach 9.3.6(a) agus 9.3.7(a)(i)).

#9.4.4 Na hUimhreacha Pearsanta a Scríobh ina bhFigiúirí

  1. Moltar na huimhreacha pearsanta ó 1–12 a scríobh ina bhfocail seachas ina bhfigiúirí. Má dhéantar iad a scríobh ina bhfigiúirí, is mar bhunuimhreacha a chaitear leo, e.g., 2 bhean bheaga, 4 bhádóir cháiliúla, 7 bhfeirmeoir shaibhre (féach 9.3.8).
  2. Úsáidtear córas na mbunuimhreacha chun líon daoine os cionn dháréag a chomhaireamh. Féach 9.3.1 le haghaidh cur síos ar chóras na mbunuimhreacha ó 1–19, e.g., trí bhean déag; ceithre ghirseach déag ghalánta; 17 mbádóir; 19 bhfear ocracha; agus féach 9.3.10 le haghaidh cur síos ar chóras na mbunuimhreacha os cionn 20, e.g., trí bhean arda is caoga; 49 ngirseach ghalánta.

#9.4.5 Na hUimhreacha Pearsanta — An Córas Simplithe

Is féidir córas simplithe a úsáid leis na bunuimhreacha agus leis na huimhreacha pearsanta os cionn fiche. Féach 9.3.10(c) le haghaidh cur síos ar an gCóras Simplithe sin, e.g., fiche a cúig fear mór; tríocha a sé bean shaibhir; 46 bádóir cumasach; 56 girseach chróga.


#9.5 An Orduimhir

Is le horduimhir a chuirtear ionad ruda nó duine i sraith in iúl.

#9.5.1 An Orduimhir 1

  1. Is féidir an orduimhir céad (an chéad) a úsáid le hainmfhocal uatha nó iolra. Úsáidtear an t‑alt uatha nuair atá ainmfhocal uatha ar a lorg, e.g., an chéad chaibidil, agus an t‑alt iolra nuair atá ainmfhocal iolra ar a lorg, e.g., na chéad chaibidlí.
  2. Bíonn séimhiú ar an orduimhir céad i ndiaidh an ailt, e.g., an chéad leabhar; na chéad rialacha, ach ní bhíonn séimhiú uirthi:

    1. sna cásanna a luaitear i gCaibidil 1 ina mbíonn urú i ndiaidh an ailt sa tuiseal tabharthach, e.g., ar an gcéad duine; leis an gcéad cheadúnas;
    2. nuair a úsáidtear céad mar réimír in ainmfhocal firinscneach nó in ainmfhocal san iolra, e.g., céadainm, an céadainm; Céad-Aire, an Céad-Aire; céadonóracha, na céadonóracha; (ach céadghairm, an chéadghairm; céadsearc, an chéadsearc; de réir ghnáthrialacha an ainmfhocail bhaininscnigh); nó mar réimír i mbriathar, e.g., céadbhlaisim, céadbhlaisfidh sé (ach ón uair a chéadbhlais mé é, de réir ghnáthrialacha na mbriathra san aimsir chaite, modh táscach);
    3. ar lorg na n‑aidiachtaí sealbhacha a (baininscneach, tríú pearsa uatha), e.g., a céad cheolchoirm agus ár, bhur, a (tríú pearsa iolra), e.g., ár gcéad teach; bhur gcéad charr; a gcéad mhac.
  3. Cuireann an orduimhir céad séimhiú ar an ainmfhocal nó ar an aidiacht ar a lorg i ngach tuiseal, e.g., an chéad fhear; an chéad bhean; na chéad cheithre ghloine; na chéad bhlianta; clann an chéad fhir; mac na chéad mhná; lucht na chéad bhliana; mura d, ts a thúslitir, e.g., na chéad daoine, an chéad saighdiúir; an chéad turas; ceadúnas an chéad tógálaí. (Féach 9.5.4 chun tuilleadh eolais a fháil ar orduimhreacha sa tuiseal ginideach.)
  4. Úsáidtear an orduimhir céad i gcás 1, ach i gcás na n‑orduimhreacha eile a chríochnaíonn ar 1, úsáidtear an focal aonú. Sa tuiseal ainmneach, cuirtear t‑ roimh aonú i ndiaidh an ailt, e.g., an t‑aonú lá is tríocha.

#9.5.2 Na hOrduimhreacha 1–100 — Eolas Ginearálta

  1. Is é foirm uatha an ailt a bhíonn roimh na horduimhreacha (seachas an orduimhir 1, féach 9.5.1), e.g., an dara bean; an dóú teach; an tríú tuarascáil; an ceathrú bean is fiche; an cúigiú comhartha is seasca.
  2. I ndiaidh na horduimhreach dara agus na n‑orduimhreacha go léir dar críoch , cuirtear h roimh ainmfhocal dar tús guta, e.g., an dara hoíche; an tríú hurlár; an séú hóstán déag; an t‑ochtú hurlár is tríocha.
  3. Bíonn an t‑alt roimh an gcéad uimhir san orduimhir de ghnáth, mura mbíonn aidiacht shealbhach nó gach roimpi, e.g., an tríú lá ach gach dara bliain; a tríú bliain.
  4. Úsáidtear córas a leanann comhréir na mbunuimhreacha (An Córas Seanbhunaithe) chun ionad ruda i sraith faoi bhun 100 a chur in iúl, e.g., an dara hábhar is tríocha; an ceathrú cathaoir is caoga; an seachtú hoíche is seachtó; an t‑ochtú madra is nócha.
  5. Ní chuirtear séimhiú ar an bhfocal déag san orduimhir, e.g., an tríú duine déag; an t‑ochtú bosca déag; an naoú leabhar déag.
Tábla 9VNa hOrduimhreacha 1–100
Na hOrduimhreacha 1–100
an chéad fhear 11ú an t‑aonú bean déag 20ú an fichiú capall 30ú an tríochadú bean
an dara/dóú bean 12ú an dara/dóú bosca déag 21ú an t‑aonú capall is fiche 39ú an naoú hoíche is tríocha
an tríú leabhar 13ú an tríú méadar déag 22ú an dara/dóú bean is fiche 40ú an daicheadú/ceathrachadú cuairteoir
an ceathrú méadar 14ú an ceathrú bád déag 23ú an tríú leabhar is fiche 48ú an t‑ochtú bó is daichead
an cúigiú bád 15ú an cúigiú hábhar déag 24ú an ceathrú méadar is fiche 57ú an seachtú fuinneog is caoga
an séú hábhar 16ú an séú bó déag 25ú an cúigiú bád is fiche 66ú an séú hábhar is seasca
an seachtú fuinneog 17ú an seachtú fuinneog déag 26ú an séú hábhar is fiche 75ú an cúigiú bád is seachtó
an t‑ochtú bó 18ú an t‑ochtú hoíche déag 27ú an seachtú fuinneog is fiche 84ú an ceathrú méadar is ochtó
an naoú hoíche 19ú an naoú capall déag 28ú an t‑ochtú bó is fiche 93ú an tríú leabhar is nócha
10ú an deichiú capall 29ú an naoú hoíche is fiche 100ú an céadú custaiméir

#9.5.3 Na hOrduimhreacha 100+

  1. Úsáidtear córas atá bunaithe ar chóras na maoluimhreacha chun ionad ruda i sraith os cionn 100 a chur in iúl, e.g., céad a ceathair — an céad is ceathrú feirmeoir; cúig chéad seasca a ceathair — an cúig chéad seasca is ceathrú heitleán; seacht míle, ceithre chéad a naoi déag — an seacht míle, ceithre chéad is naoú hóstán déag.
  2. Cuirtear séimhiú ar an bhfocal déag i ndiaidh na huimhreach míle, e.g., an trí mhíle dhéag is ceathrú hoileán.
Tábla 9WNa hOrduimhreacha 100+
Na hOrduimhreacha 1–100
104ú an céad is ceathrú feirmeoir 1007ú an míle is seachtú bliain
116ú an céad is séú babhta déag 7219ú an seacht míle, dhá chéad is naoú méadar déag
131ú an céad tríocha is aonú capall 10,000ú an deich míliú lá
132ú an céad tríocha is dóú hasal 223,413ú an dá chéad fiche is trí mhíle, ceithre chéad is tríú cloigeann déag
211ú an dá chéad is aonú bád déag 613,564ú an sé chéad is trí mhíle dhéag, cúig chéad seasca is ceathrú bó
1,000ú an míliú heitilt 1,000,000ú an milliúnú huair

#9.5.4 Na hOrduimhreacha sa Tuiseal Ginideach

  1. I gcás na horduimhreach céad, díochlaontar an t‑ainmfhocal ina dhiaidh agus géilleann an t‑alt d’uimhir agus d’inscne an ainmfhocail, e.g., an chéad fhear, clann an chéad fhir; an chéad bhean, clann na chéad mhná; na chéad cheithre bliana, tús na chéad cheithre bliana; na chéad chúig charr, plátaí clárúcháin na chéad chúig charr; na chéad taiscéalaithe, eachtraí na chéad taiscéalaithe.
  2. I gcás na n‑orduimhreacha eile go léir, ní dhéantar díochlaonadh riamh ar an ainmfhocal, e.g., mac an dara bean; mac an dara fear; eagraíocht tríú tír; oideachas tríú leibhéal; clúdach an cheathrú tuarascáil; deireadh an fichiú haois; tús an aonú haois is fiche.
  3. Cailltear an t‑ roimh aonú, ochtú, ochtódú, etc., e.g., an t‑aonú bliain déag, tús an aonú bliain déag; an t‑ochtú haois déag, tús an ochtú haois déag; an t‑ochtódú cruinniú, miontuairiscí an ochtódú cruinniú.
  4. Imríonn an t‑alt ar thúslitir na horduimhreach mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach, e.g., bróga an chúigiú girseach; seoladh an cheathrú teach is daichead; ach ní dhéantar athrú tosaigh ar fs, e.g., lucht an seachtú hoifig; bonn an fichiú himreoir; deireadh an seascadú comhdháil.
Tábla 9XNa hOrduimhreacha sa Tuiseal Ginideach
Na hOrduimhreacha sa Tuiseal Ginideach
marcach an chéad chapaill
tús na chéad chaibidle
39ú deireadh an naoú hoíche is tríocha
14ú seol an cheathrú bád déag 100ú gearán an chéadú custaiméir
20ú torthaí an fichiú dalta 104ú beithígh an chéad is ceathrú feirmeoir

#9.5.5 Aidiachtaí leis na hOrduimhreacha

Díochlaontar an aidiacht de réir an ainmfhocail, e.g., an chéad bhean mhór; an chéad fhear mór; seol an chéad bháid ghoirm; deireadh na chéad tuarascála cuimsithí; na chéad scoláirí maithe; eachtraí na chéad taiscéalaithe cáiliúla; an tríú fear mór is tríocha; cóta an daicheadú bean mhór.

#9.5.6 Na hOrduimhreacha a Scríobh ina bhFigiúirí

  1. Scríobhtar orduimhreacha ina bhfigiúirí trí ú a chur i ndiaidh an fhigiúir, e.g., an 1ú, an 2ú, an 19ú, an 123ú.
  2. Is ionann na rialacha a bhaineann le horduimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí agus na rialacha a bhaineann le horduimhreacha a scríobh ina bhfocail (féach 9.5.1 go 9.5.5 roimhe seo). Tabhair faoi deara go gcuirtear h roimh ghuta agus nach gcuirtear séimhiú i ndiaidh 1ú toisc gur aonú atá i gceist (seachas céad).

#9.6 An Codán

#9.6.1 Comhdhéanamh an Chodáin

  1. Bíonn dhá chuid sa ghnáthchodán: an t‑uimhreoir agus an t‑ainmneoir. Cuirtear an t‑uimhreoir os cionn na líne agus an t‑ainmneoir faoi bhun na líne, e.g., i gcás 6/7, is é 6 an t‑uimhreoir agus is é 7 an t‑ainmneoir.
  2. Baintear leas as na horduimhreacha chun an t‑ainmneoir a chur in iúl seachas i gcás na bhfocal leath agus trian.

    Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear an fhoirm speisialta iolra treana den ainmfhocal trian ar lorg na n‑uimhreacha 3–10. Fágtar an t‑ainmfhocal sin lom i ndiaidh trí, ceithre, cúig, , e.g., 3/3 — trí treana; 4/3 — ceithre treana; agus uraítear é i ndiaidh seacht, ocht, naoi, deich, e.g., 9/3 — naoi dtreana; 10/3 — deich dtreana.

  3. I gcás gur uimhir idir 11–19 an t‑ainmneoir, úsáidtear leagan a dhíorthaítear ón orduimhir, e.g., 4/13 — ceithre thrídéagú; 6/15 — sé chúigdéagú.
  4. I gcás gur uimhir os cionn 20 an t‑ainmneoir, is ionann ord na bhfocal agus ord na bhfocal sna maoluimhreacha ach go gcuirtear orduimhir in ionad na maoluimhreach ag an deireadh, e.g., 1/30 — tríochadú; 4/97 — ceithre nócha seachtú.
  5. Scríobhtar codáin ar roinnt bealaí éagsúla, mar a léirítear thíos. Is í rogha (i) an struchtúr is minice a úsáidtear.

    1. Is féidir leas a bhaint as dhá mhaoluimhir agus an réamhfhocal ar nó an réamhfhocal comhshuite os cionn eatarthu chun aon chodán a chur in iúl, e.g., 1/11 — a haon ar a haon déag; a haon os cionn a haon déag; 7/8 — a seacht ar a hocht; a seacht os cionn a hocht; 4/15 — a ceathair ar a cúig déag; a ceathair os cionn a cúig déag; 33/57 — tríocha a trí ar chaoga a seacht; tríocha a trí os cionn caoga a seacht; 136/82 — céad tríocha a sé ar ochtó dó; céad tríocha a sé os cionn ochtó dó. Ní shéimhítear fiche i gcodáin, e.g., 3/24 — a trí ar fiche a ceathair.
    2. Más 1 an t‑uimhreoir, is féidir an focal cuid a úsáid leis na horduimhreacha chun codáin a chur in iúl, e.g., 1/2 — leath; an leathchuid; 1/3 — trian; an tríú cuid; 1/11 — aondéagú; an t‑aondéagú cuid. Is gnách an leagan le cuid a úsáid nuair is uimhir os cionn 20 an t‑ainmneoir, e.g., 1/27 — an fiche seachtú cuid; 1/156 — an céad caoga séú cuid. I gcás na ndeicheanna, áfach, is túisce a déarfaí tríochadú, etc. ná an tríochadú cuid.
    3. Má tá an t‑uimhreoir idir 2 agus 10, úsáidtear na bunuimhreacha agus foirm na horduimhreach (féach (b), (c) agus (d) roimhe seo) chun an codán a chur in iúl. Is gnáth-ainmfhocail iad na codáin agus leantar gnáthrialacha na mbunuimhreacha agus iad á gcomhaireamh, e.g., 7/8 — seacht n‑ochtú; 4/15 — ceithre chúigdéagú; ach ní shéimhítear fichiú, e.g., 3/20 — trí fichiú.
    4. De rogha ar (iii) thuas, má tá an t‑uimhreoir idir 2 agus 10 is féidir an t‑ainmfhocal ceann/cinn a úsáid i dteannta an réamhfhocail de agus an leagain iolra den ainmneoir, e.g., 7/8 — seacht gcinn d’ochtuithe; 4/15 — ceithre cinn de chúigdéaguithe;
    5. Más mó ná 10 an t‑uimhreoir, is féidir maoluimhreacha a úsáid mar seo a leanas: an t‑uimhreoir (á lua mar mhaoluimhir) + de + iolra an ainmneora, e.g., 33/57 — tríocha a trí de chaoga seachtuithe; 136/82 — céad tríocha a sé d’ochtó dóithe. Is fearr an leagan sin a úsáid nuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir agus nuair is mó ná 20 an t‑ainmneoir.

#9.6.2 An tAinmneoir

  1. An tAinmneoir 2–19

    Taispeántar sa tábla seo a leanas dhá rogha chun codáin a scríobh ar codáin iad ina bhfuil ainmneoir ó 2–19 agus an t‑uimhreoir 1.

    Tábla 9YNa Codáin — An tAinmneoir 2–19
    An Codán An tAinmneoir An Leagan le cuid An Codán An tAinmneoir An Leagan le cuid
    1/2 leath an leathchuid 1/11 aondéagú an t‑aondéagú cuid
    1/3 trian an tríú cuid 1/12 dódhéagú an dódhéagú cuid
    1/4 ceathrú an ceathrú cuid 1/13 trídéagú an trídéagú cuid
    1/5 cúigiú an cúigiú cuid 1/14 ceathairdéagú an ceathairdéagú cuid
    1/6 séú an séú cuid 1/15 cúigdéagú an cúigdéagú cuid
    1/7 seachtú an seachtú cuid 1/16 sédéagú an sédéagú cuid
    1/8 ochtú an t‑ochtú cuid 1/17 seachtdéagú an seachtdéagú cuid
    1/9 naoú an naoú cuid 1/18 ochtdéagú an t‑ochtdéagú cuid
    1/10 deichiú an deichiú cuid 1/19 naoidéagú an naoidéagú cuid
  2. An tAinmneoir 20+

    Tugtar samplaí sa tábla seo a leanas den tslí a ndéileáiltear le hainmneoirí os cionn 20 (seachas na deicheanna) nuair is 1 an t‑uimhreoir. Is gnách an leagan le cuid a úsáid i gcás codáin den sórt sin. Is ionann comhréir an leagain sin agus an chomhréir a úsáidtear sna maoluimhreacha ach go gcuirtear orduimhir in ionad na maoluimhreach ag an deireadh agus go bhfágtar an mhír uimhriúil a ar lár.

    Tábla 9ZNa Codáin — An tAinmneoir 20+
    An Codán An Leagan le cuid An Codán An Leagan le cuid
    1/21 an fiche aonú cuid 1/87 an t‑ochtó seachtú cuid
    1/32 an tríocha dóú cuid 1/98 an nócha ochtú cuid
    1/43 an daichead tríú cuid 1/99 an nócha naoú cuid
    1/54 an caoga ceathrú cuid 1/156 an céad caoga séú cuid
    1/65 an seasca cúigiú cuid 1/2,987 an dá mhíle naoi gcéad ochtó seachtú cuid
    1/76 an seachtó séú cuid 1/3,234,567 an trí mhilliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle, cúig chéad seasca seachtú cuid

    Tabhair faoi deara gurb í an orduimhir a úsáidtear i gcás na ndeicheanna, e.g., fichiú, céadú, míliú, etc. agus nach gnách an leagan le cuid a úsáid leo, e.g., 1/30 — tríochadú; 1/50 — caogadú.

#9.6.3 An tUimhreoir

  1. An tUimhreoir 2–10
    1. Leantar córas na mbunuimhreacha nuair is mó ná 1 an t‑uimhreoir toisc gur gnáth-ainmfhocail iad na hainmneoirí (eisceacht: ní shéimhítear fichiú, e.g., trí fichiú). Tugtar samplaí sa tábla seo a leanas de chodáin nuair is uimhir idir 2 agus 10 an t‑uimhreoir.
      Tábla 9AANa Codáin — An tUimhreoir 2–10
      An Codán An Codán An Codán
      3/2 trí leath 2/11 dhá aondéagú 4/30 ceithre thríochadú
      2/3 dhá thrian 3/12 trí dhódhéagú 5/40 cúig dhaicheadú
      5/4 cúig cheathrú 4/13 ceithre thrídéagú 6/50 sé chaogadú
      4/7 ceithre sheachtú 7/16 seacht sédéagú 9/80 naoi n‑ochtódú
      8/9 ocht naoú 9/18 naoi n‑ochtdéagú 9/100 naoi gcéadú
      9/10 naoi ndeichiú 6/19 sé naoidéagú 3/1,000 trí mhíliú
      10/3 deich dtreana 3/20 trí fichiú 5/1,000,000 cúig mhilliúnú
    2. De rogha air sin, is féidir an t‑ainmfhocal ceann/cinn a úsáid i dteannta an réamhfhocail de agus an leagain iolra den ainmneoir.
      Tábla 9BBNa Codáin — An tUimhreoir 2–10 — An Leagan le ceann/cinn agus an Réamhfhocal de
      An Codán ceann/cinn + de An Codán ceann/cinn + de
      2/21 dhá cheann de fiche aonuithe 10/156 deich gcinn de chéad caoga séithe
      3/32 trí cinn de thríocha dóithe 5/209 cúig cinn de dhá chéad naoithe
      4/43 ceithre cinn de dhaichead tríthe 2/2,987 dhá cheann de dhá mhíle, naoi gcéad ochtó seachtuithe
      5/54 cúig cinn de chaoga ceathruithe 3/3,234,567 trí cinn de thrí mhilliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle, cúig chéad seasca seachtuithe
  2. Na Codáin nuair is mó ná 10 an tUimhreoir

    Nuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir úsáidtear na maoluimhreacha mar seo a leanas: an t‑uimhreoir (á lua mar mhaoluimhir) + de + iolra an ainmneora.

    Tábla 9CCNuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir úsáidtear na maoluimhreacha mar seo a leanas: an t‑uimhreoir (á lua mar mhaoluimhir) + de + iolra an ainmneora.
    An Codán An Mhaoluimhir Móide de An Codán An Mhaoluimhir Móide de
    11/2 a haon déag de leatha 19/12 a naoi déag de dhódhéaguithe
    12/3 a dó dhéag de thrianta 20/19 fiche de naoidéaguithe
    15/6 a cúig déag de shéithe 45/17 daichead a cúig de sheachtdéaguithe
    17/8 a seacht déag d’ochtuithe 87/13 ochtó a seacht de thrídéaguithe
    18/9 a hocht déag de naoithe 123/12 céad fiche a trí de dhódhéaguithe

#9.6.4 Uimhreoirí agus Ainmneoirí Móra

Nuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir agus nuair is mó ná 20 an t‑ainmneoir, is fearr an leagan leis an maoluimhir móide an réamhfhocal de agus iolra an ainmneora a úsáid. Is féidir freisin leas a bhaint as dhá mhaoluimhir agus an réamhfhocal ar nó an réamhfhocal comhshuite os cionn eatarthu chun codán a chur in iúl, e.g., 61/66 — seasca a haon ar sheasca a sé; seasca a haon os cionn seasca a sé; 74/83 — seachtó a ceathair ar ochtó a trí; seachtó a ceathair os cionn ochtó a trí; 437/500,043 — ceithre chéad tríocha a seacht ar chúig chéad míle daichead a trí; ceithre chéad tríocha a seacht os cionn cúig chéad míle daichead a trí.

Tábla 9DDNa Codáin — Uimhreoirí agus Ainmneoirí Móra
An Codán An Mhaoluimhir Móide de An Mhaoluimhir Móide ar An Mhaoluimhir Móide os cionn
23/29 fiche a trí de fiche naoithe fiche a trí ar fiche a naoi fiche a trí os cionn fiche a naoi
13/30 a trí déag de thríochaduithe a trí déag ar thríocha a trí déag os cionn tríocha
32/81 tríocha a dó d’ochtó aonuithe tríocha a dó ar ochtó a haon tríocha a dó os cionn ochtó a haon
81/84 ochtó a haon d’ochtó ceathruithe ochtó a haon ar ochtó a ceathair ochtó a haon os cionn ochtó a ceathair

#9.7 An Uimhir Dheachúlach

  1. Is é córas na maoluimhreacha a úsáidtear i gcás uimhreacha deachúlacha, e.g., 1.7 — a haon ponc a seacht; 22.4 — fiche a dó ponc a ceathair; 84.22 — ochtó a ceathair ponc a dó a dó.

  2. Ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ainmfhocal atá ar lorg uimhir dheachúlach, bíodh sí i bhfoirm focal nó figiúirí, e.g., a haon ponc a dó gram; 1.5 cileagram; 7.4 méadar ciúbach.


#9.8 Achoimre ar na hUimhreacha

Tábla 9EEAchoimre ar na hUimhreacha 1–19
0–19 An Tuiseal Ainmneach An Tuiseal Ginideach Figiúr
An Bhunuimhir
  • aon bhileog ghlan amháin
  • dhá chupán ghlasa
  • an dá chrann éagsúla
  • na seacht gcinn dhearga
  • na cúig bhád déag bheaga
  • sé oíche Shathairn déag
  • sé theach tábhairne dhéag
  • tús na haon bhileoige glaine amháin
  • dath an dá chrann éagsúla
  • costas na seacht gcinn dhearga
  • bádóirí na gcúig bhád déag bheaga
  • fuacht na n‑ocht gcloigne maola
  • 1 bhileog ghlan
  • 2 chupán ghlasa
  • 3 cinn dhearga
An Uimhir Phearsanta
  • beirt bhan mhisniúla
  • beirt fhear chróga
  • an bheirt scoláirí chumasacha
  • an ceathrar feirmeoirí gnóthacha
  • an t‑ochtar aisteoirí maithe
  • trí fheirmeoir déag Éireannacha
  • na seacht n‑oibrí dhéag ghnóthacha
  • ainmneacha na beirte ban mhisniúla
  • muintir an cheathrair
  • muintir an cheathrar feirmeoirí gnóthacha
  • róil an ochtair
  • róil an ochtar aisteoirí maithe
  • cumas na dtrí fheirmeoir déag Éireannacha
  • tuarastail na seacht n‑oibrí dhéag ghnóthacha
  • 1 oibrí cáilithe
  • 3 fheisire shinsearacha
  • 8 n‑údar fhoilsithe
  • 13 fheirmeoir Éireannacha
  • 17 n‑oibrí ghnóthacha
An Orduimhir
  • an chéad fhear cróga
  • na chéad cheithre charr mhóra
  • an tríú cupán tae
  • an cúigiú hionstraim reachtúil
  • an seachtú hábhar déag nua
  • an t‑ochtú capall déag mór
  • ráiteas an chéad fhir chróga
  • buiséad na chéad dánlainne nua-aoisí
  • blas an tríú cupán tae
  • forálacha an chúigiú hionstraim reachtúil
  • costas an seachtú hábhar déag nua
  • ualach an ochtú capall déag mór
  • an 1ú fear cróga
  • an 1ú dánlann nua-aoiseach
  • an 3ú cupán tae
  • an 5ú hionstraim reachtúil
  • an 17ú hábhar nua
  • an 18ú capall mór
Tábla 9FFAchoimre ar na hUimhreacha 20+
20+ An Córas Seanbhunaithe An Córas Simplithe
An Bhunuimhir agus an Uimhir Phearsanta
  • aon chapall mór amháin is fiche
  • trí bhean arda is ceathracha
  • cúig fhuinneog bhriste is caoga
  • seacht leabhar shuimiúla is seachtó
  • naoi nduine ghnóthacha is nócha
  • trí chéad seasca is ceithre bhuidéal fholmha
  • fiche a haon capall mór
  • ceathracha a trí bean ard
  • caoga a cúig fuinneog bhriste
  • seachtó a seacht leabhar suimiúil
  • nócha a naoi duine gnóthach
  • trí chéad seasca a ceathair buidéal folamh
  • 21 chapall mór
  • 43 bhean arda
  • 55 fhuinneog bhriste
  • 77 leabhar shuimiúla
  • 99 nduine ghnóthacha
  • 364 bhuidéal fholmha
  • 21 capall mór
  • 43 bean ard
  • 55 fuinneog bhriste
  • 77 leabhar suimiúil
  • 99 duine gnóthach
  • 364 buidéal folamh
An Orduimhir
  • an ceathrú doras dúnta is fiche
  • an daicheadú leabhar nua
  • an séú hábhar suimiúil is seasca
  • an 24ú doras dúnta
  • an 40ú leabhar nua
  • an 66ú hábhar suimiúil