Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Caibidil 5 | An Briathar

#5.1 Na Briathra Rialta

#5.1.1

Tá dhá réimniú ar na briathra rialta.

#5.1.2

Baineann leis an gCéad Réimniú:

  1. briathra ó fhréamhacha aonsiollacha, e.g., bog, bris, caith, mol, lena n‑áirítear briathra a chríochnaíonn ar -igh, e.g., breoigh, clóigh, cráigh, iaigh, luaigh, reoigh, sáigh;
  2. briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -áil, e.g., sábháil, tarrtháil, agus roinnt briathra ilsiollacha ar leith, e.g., adhlaic, ceiliúir, gearán, seachaid, taispeáin, tíolaic.

#5.1.3

Baineann leis an Dara Réimniú:

  1. briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)igh, e.g., ceannaigh, imigh
  2. briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)il, -(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrítear sa réimniú, e.g., agair, codail, cogain, iompair, tochail;
  3. líon beag briathra ar leith ar nós foghlaim, fulaing, tarraing, tuirling.

#5.1.4

Is ionann réimniú de ghnáth do bhriathar comhshuite agus don bhriathar ónar cumadh é:

  1. aisíoc, athdhear agus comhlíon sa chéad réimniú ar aon dul le íoc, dear agus líon; agus
  2. athchomhairligh, comhdhlúthaigh agus comhshínigh sa dara réimniú ar aon dul le comhairligh, dlúthaigh agus sínigh.

#5.1.5 An Modh Foshuiteach

  1. Má tá feidhm ghuítheach ag abairt is sa mhodh foshuiteach a bhíonn sí i gcónaí, e.g., Go raibh maith agat; Go dté tú slán. Bíonn rogha idir an modh foshuiteach láithreach agus an aimsir fháistineach nuair is aimsir phríomha atá ag briathar an phríomhchlásail sna cásanna seo a leanas:

    1. i ndiaidh na gcónasc ama ach a, go, nó go, sula, e.g., Gheobhaimid an scéal ceart ach a dtaga (a dtiocfaidh) Pól; Ná beannaigh don diabhal go mbeannaí (go mbeannóidh) sé duit; Beidh tú ann nó go bhfása (nó go bhfásfaidh) coincleach ort; Beidh siad ann sula mbuailtear (sula mbuailfear) clog an aingil;
    2. i ndiaidh na gcónasc aidhme go, nó go, e.g., Féach é go bhfeice (go bhfeicfidh) ; Suigh nó go raibh (nó go mbeidh) do scíth déanta agat;
    3. i gcéadbheart oscailte i ndiaidh mura, e.g., Mura gcuire (mura gcuirfidh) , ní bhainfidh tú.
  2.  

    1. Is ionann foirmeacha an mhodha fhoshuitigh chaite agus foirmeacha na haimsire gnáthchaite spleáiche (ach amháin i gcás an bhriathair ) (féach an Fhoirm Spleách, 5.1.8). Is féidir freisin foirm an mhodha choinníollaigh a úsáid thar ceann an fhoshuitigh chaite más san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach atá an príomhchlásal, e.g., Tháinig (thagadh, thiocfadh) sí isteach sula bhfeictí (bhfeicfí) í. I gcás an bhriathair is ionann foirmeacha don mhodh foshuiteach caite agus don mhodh coinníollach.
    2. Sna táblaí sa chaibidil seo, léirítear an modh foshuiteach láithreach leis an mír go. Bíodh go leanann urú an mhír sin agus roinnt eile, ní hamhlaidh i gcás gach míre a ghabhann leis an modh foshuiteach. Séimhiú a leanann nár, e.g., Nár fhana sé i bhfad.

#5.1.6 An Mhír Dhiúltach

Is í (níor) an mhír dhiúltach agus léirítear í sna táblaí ina dtugtar an fhoirm dhiúltach.

#5.1.7 An Fhoirm Neamhspleách

Is í an fhoirm neamhspleách an fhoirm den bhriathar a úsáidtear i bpríomhchlásal ráiteasach dearfach, e.g., bhí mé; ceannóidh sé; mholfadh sí. Mura bhfuil a mhalairt ráite, is í an fhoirm neamhspleách a thugtar sa réimniú sa chuid eile den chaibidil seo, ach amháin sa Mhodh Foshuiteach Láithreach.

#5.1.8 An Fhoirm Spleách

Is í an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha coibhneasta agus na míreanna briathartha seo: a/ar (= an mhír choibhneasta), a/ar (= an méid a/ar), an/ar, cá/cár, dá/dár, (dedo + a (ar)) agus (coinníollach), go/gur, mura/murar, nach/nár, ní/níor, sula/sular (féach 10.4.2 agus 10.8.2).

#5.1.9 Aimsir an Bhriathair i gcás agus nuair

Is í an aimsir ghnáthláithreach a leanann chun coinníoll sa todhchaí a chur in iúl, e.g., Déanfaidh mé um thráthnóna é má bhíonn deis agam. Is í an aimsir fháistineach a leanann nuair má táthar ag trácht ar rud atá le tarlú amach anseo, e.g., Glan é nuair a thiocfaidh tú isteach amárach.

#5.1.10 Muid

Is féidir muid a úsáid leis an bhfoirm scartha den bhriathar sa chéad phearsa iolra de rogha ar na foirmeacha táite den bhriathar (a thugtar sna táblaí) i ngach uile mhodh agus aimsir. Tá comhstádas ag an bhfoirm scartha muid agus ag na foirmeacha táite den bhriathar sa chéad phearsa iolra.

Tábla 5AAn Fhoirm Scartha muid
An Aimsir/Modh An Fhoirm Scartha + muid An Fhoirm Tháite den Bhriathar
An Aimsir Láithreach molann muid
tá muid
molaimid
táimid
An Aimsir Chaite cheannaigh muid
ní fhaca muid
cheannaíomar
ní fhacamar
An Aimsir Ghnáthchaite d’itheadh muid
chrádh muid
d’ithimis
chráimis
An Aimsir Fháistineach láimhseoidh muid
rachaidh muid
láimhseoimid
rachaimid
An Modh Coinníollach chloisfeadh muid
nífeadh muid
chloisfimis
nífimis
An Modh Foshuiteach go gceanglaí muid
go dtaga muid
go gceanglaímid
go dtagaimid
An Modh Ordaitheach déanadh muid
fágadh muid
déanaimis
fágaimis

#5.2 An Chéad Réimniú

#5.2.1 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan seachas -gh

Tábla 5BAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair mol
Mol
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
molaim mhol mé mholainn molfaidh mé
molann tú mhol tú mholtá molfaidh tú
molann sé/sí mhol sé/sí mholadh sé/sí molfaidh sé/sí
molaimid mholamar mholaimis molfaimid
molann sibh mhol sibh mholadh sibh molfaidh sibh
molann siad mhol siad mholaidís molfaidh siad
sb. moltar sb. moladh sb. mholtaí sb. molfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
mholfainn go mola mé molaim
mholfá go mola tú mol
mholfadh sé/sí go mola sé/sí moladh sé/sí
mholfaimis go molaimid molaimis
mholfadh sibh go mola sibh molaigí
mholfaidís go mola siad molaidís
sb. mholfaí sb. go moltar sb. moltar
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
moladh molta
Tábla 5CAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair bris
Bris
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
brisim bhris mé bhrisinn brisfidh mé
briseann tú bhris tú bhristeá brisfidh tú
briseann sé/sí bhris sé/sí bhriseadh sé/sí brisfidh sé/sí
brisimid bhriseamar bhrisimis brisfimid
briseann sibh bhris sibh bhriseadh sibh brisfidh sibh
briseann siad bhris siad bhrisidís brisfidh siad
sb. bristear sb. briseadh sb. bhristí sb. brisfear
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
bhrisfinn go mbrise mé brisim
bhrisfeá go mbrise tú bris
bhrisfeadh sé/sí go mbrise sé/sí briseadh sé/sí
bhrisfimis go mbrisimid brisimis
bhrisfeadh sibh go mbrise sibh brisigí
bhrisfidís go mbrise siad brisidís
sb. bhrisfí sb. go mbristear sb. bristear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
briseadh briste
  1. Is ar an gcuma chéanna le mol a réimnítear briathra rialta ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan, agus is ar an gcuma chéanna le bris a réimnítear briathra rialta ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol.
  2. Má ghabhann fréamh a chríochnaíonn ar -t-th (e.g., at, loit, caith, leath) foirceann dar tús -t (e.g., -tar/-tear, -taí/-tí, -tá/-teá, -ta/-te), déantar -t- den -t(h)t-:

    Críochnaíonn ar -t(h) leathan Críochnaíonn ar -t(h) caol
    -t(h) + t- -t- -t(h) + t- -t-
    An Aimsir Láithreach at + tar atar loit + tear loitear
    leath + tar leatar caith + tear caitear
    An Aimsir Ghnáthchaite d’at + taí d’ataí loit + tí loití
    leath + taí leataí caith + tí chaití
    An Aidiacht Bhriathartha at + ta ata loit + te loite
    leath + ta leata caith + te caite
  3. Má ghabhann fréamh a chríochnaíonn ar -bh-mh (e.g., gabh, ríomh) foirceann dar tús -th- (e.g., -tha san aidiacht bhriathartha), déantar -f- den -bhth- nó den -mhth-:

    Críochnaíonn ar -bh Críochnaíonn ar -mh
    -bh + th- -f- -mh + th- -f-
    An tAinm Briathartha gabh + tha gafa ríomh + tha ríofa
    scríobh + tha scríofa promh + tha profa
  4. Coinnítear -bh, -mh agus -th roimh -f-, e.g., scríobhfaí, ríomhfá, chaithfeá:

    Críochnaíonn ar -bh Críochnaíonn ar -mh Críochnaíonn ar -th
    -bh + f- -bhf- -mh + f- -mhf- -th + f- -thf-
    An Modh Coinníollach scríobh + fá scríobhfá ríomh + fá ríomhfá chaith + fí chaithfí

#5.2.2 Briathra ó Fhréamhacha Ilsiollacha

Tábla 5DAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair sábháil
Sábháil
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
sábhálaim shábháil mé shábhálainn sábhálfaidh mé
sábhálann tú shábháil tú shábháilteá sábhálfaidh tú
sábhálann sé/sí shábháil sé/sí shábháladh sé/sí sábhálfaidh sé/sí
sábhálaimid shábhálamar shábhálaimis sábhálfaimid
sábhálann sibh shábháil sibh shábháladh sibh sábhálfaidh sibh
sábhálann siad shábháil siad shábhálaidís sábhálfaidh siad
sb. sábháiltear sb. sábháladh sb. shábháiltí sb. sábhálfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
shábhálfainn go sábhála mé sábhálaim
shábhálfá go sábhála tú sábháil
shábhálfadh sé/sí go sábhála sé/sí sábháladh sé/sí
shábhálfaimis go sábhálaimid sábhálaimis
shábhálfadh sibh go sábhála sibh sábhálaigí
shábhálfaidís go sábhála siad sábhálaidís
sb. shábhálfaí sb. go sábháiltear sb. sábháiltear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
sábháil sábháilte
Tábla 5EAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair tíolaic
Tíolaic
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
tíolacaim thíolaic mé thíolacainn tíolacfaidh mé
tíolacann tú thíolaic tú thíolactá tíolacfaidh tú
tíolacann sé/sí thíolaic sé/sí thíolacadh sé/sí tíolacfaidh sé/sí
tíolacaimid thíolacamar thíolacaimis tíolacfaimid
tíolacann sibh thíolaic sibh thíolacadh sibh tíolacfaidh sibh
tíolacann siad thíolaic siad thíolacaidís tíolacfaidh siad
sb. tíolactar sb. tíolacadh sb. thíolactaí sb. tíolacfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
thíolacfainn go dtíolaca mé tíolacaim
thíolacfá go dtíolaca tú tíolaic
thíolacfadh sé/sí go dtíolaca sé/sí tíolacadh sé/sí
thíolacfaimis go dtíolacaimid tíolacaimis
thíolacfadh sibh go dtíolaca sibh tíolacaigí
thíolacfaidís go dtíolaca siad tíolacaidís
sb. thíolacfaí sb. go dtíolactar sb. tíolactar
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
tíolacadh tíolactha
  1. Briathra a réimnítear ar nós sábháil:
    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    bácáil bácálaim bácáil bácáilte
    cóipeáil cóipeálaim cóipeáil cóipeáilte
    nótáil nótálaim nótáil nótáilte
    péinteáil péinteálaim péinteáil péinteáilte
  2. Briathra a réimnítear ar nós tíolaic:
    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    adhair adhraim adhradh adhartha
    adhlaic adhlacaim adhlacadh adhlactha
    ceiliúir ceiliúraim ceiliúradh ceiliúrtha
    seachaid seachadaim seachadadh seachadta
    tionóil tionólaim tionól tionólta
  3. Briathra a choinnítear caol tríd síos (gan an t‑ainm briathartha a áireamh) ina réimniú:
    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    toirmisc toirmiscim toirmeasc toirmiscthe
    tiomáin tiomáinim tiomáint tiomáinte
  4. Briathra a choinnítear leathan tríd síos ina réimniú:
    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    coimeád coimeádaim coimeád coimeádta
    gearán gearánaim gearán gearánta

#5.2.3 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar -gh

  1. Cráigh, dóigh

    Tábla 5FAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair cráigh
    Cráigh
    An Modh Táscach
    An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
    cráim chráigh mé chráinn cráfaidh mé
    cránn tú chráigh tú chráiteá cráfaidh tú
    cránn sé/sí chráigh sé/sí chrádh sé/sí cráfaidh sé/sí
    cráimid chrámar chráimis cráfaimid
    cránn sibh chráigh sibh chrádh sibh cráfaidh sibh
    cránn siad chráigh siad chráidís cráfaidh siad
    sb. cráitear sb. crádh sb. chráití sb. cráfar
    An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
    chráfainn go gcrá mé cráim
    chráfá go gcrá tú cráigh
    chráfadh sé/sí go gcrá sé/sí crádh sé/sí
    chráfaimis go gcráimid cráimis
    chráfadh sibh go gcrá sibh cráigí
    chráfaidís go gcrá siad cráidís
    sb. chráfaí sb. go gcráitear sb. cráitear
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    crá cráite
    Tábla 5GAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair dóigh
    Dóigh
    An Modh Táscach
    An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
    dóim dhóigh mé dhóinn dófaidh mé
    dónn tú dhóigh tú dhóiteá dófaidh tú
    dónn sé/sí dhóigh sé/sí dhódh sé/sí dófaidh sé/sí
    dóimid dhómar dhóimis dófaimid
    dónn sibh dhóigh sibh dhódh sibh dófaidh sibh
    dónn siad dhóigh siad dhóidís dófaidh siad
    sb. dóitear sb. dódh sb. dhóití sb. dófar
    An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
    dhófainn go ndó mé dóim
    dhófá go ndó tú dóigh
    dhófadh sé/sí go ndó sé/sí dódh sé/sí
    dhófaimis go ndóimid dóimis
    dhófadh sibh go ndó sibh dóigí
    dhófaidís go ndó siad dóidís
    sb. dhófaí sb. go ndóitear sb. dóitear
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    dóite
    1. Briathra a réimnítear ar nós cráigh, dóigh:

      An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
      An Aimsir Láithreach
      An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
      báigh báim báite
      cneáigh cneáim cneá cneáite
      meáigh meáim meá meáite
      leáigh leáim leá leáite
      clóigh clóim cló clóite
      breoigh breoim breo breoite
      dreoigh dreoim dreo dreoite
      feoigh feoim feo feoite
      reoigh reoim reo reoite
      brúigh brúim brú brúite
      crúigh crúim crú crúite
      liúigh liúim liú liúite
      súigh súim súite
      luaigh luaim lua luaite
    2. Briathra a bhfuil ainm briathartha ar leith acu:

      An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
      An Aimsir Láithreach
      An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
      beoigh beoim beochan beoite
      buaigh buaim buachan buaite
      cruaigh cruaim cruachan cruaite
      fuaigh fuaim fuáil fuaite
      glaoigh glaoim glaoch glaoite
      iaigh iaim iamh iata
  2. Léigh, nigh

    I gcás briathra a bhfuil guta gearr sa fhréamh iontu, fágtar an guta gan fadú roimh -t, e.g., nitear, niteá, nite, ach ním, níodh, nífí, etc. Is guta fada, áfach, a bhíonn ag léigh etc. síos tríd, e.g., léitear, léiteá, léite.

    Tábla 5HAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair léigh
    Léigh
    An Modh Táscach
    An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
    léim léigh mé léinn léifidh mé
    léann tú léigh tú léiteá léifidh tú
    léann sé/sí léigh sé/sí léadh sé/sí léifidh sé/sí
    léimid léamar léimis léifimid
    léann sibh léigh sibh léadh sibh léifidh sibh
    léann siad léigh siad léidís léifidh siad
    sb. léitear sb. léadh sb. léití sb. léifear
    An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
    léifinn go lé mé léim
    léifeá go lé tú léigh
    léifeadh sé/sí go lé sé/sí léadh sé/sí
    léifimis go léimid léimis
    léifeadh sibh go lé sibh léigí
    léifidís go lé siad léidís
    sb. léifí sb. go léitear sb. léitear
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    léamh léite
    Tábla 5IAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair nigh
    Nigh
    An Modh Táscach
    An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
    ním nigh mé nínn nífidh mé
    níonn tú nigh tú niteá nífidh tú
    níonn sé/sí nigh sé/sí níodh sé/sí nífidh sé/sí
    nímid níomar nímis nífimid
    níonn sibh nigh sibh níodh sibh nífidh sibh
    níonn siad nigh siad nídís nífidh siad
    sb. nitear sb. níodh sb. nití sb. nífear
    An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
    nífinn go ní mé ním
    nífeá go ní tú nigh
    nífeadh sé/sí go ní sé/sí níodh sé/sí
    nífimis go nímid nímis
    nífeadh sibh go ní sibh nígí
    nífidís go ní siad nídís
    sb. nífí sb. go nitear sb. nitear
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    nite
    1. Briathra a réimnítear ar nós léigh:

      An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
      An Aimsir Láithreach
      An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
      éigh éim éamh éite
      téigh (sa bhrí teas) téim téamh téite
      pléigh pléim plé pléite
      spréigh spréim spré spréite
      caígh caím caí caíte
      cloígh cloím cloí cloíte
      cnaígh cnaím cnaí cnaíte
    2. Briathra a réimnítear ar nós nigh:

      An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
      An Aimsir Láithreach
      An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
      dligh dlím dlí dlite
      figh fím fite
      guigh guím guí guite
      ligh lím lite
      luigh luím luí luite
      snigh sním sní snite
      snoigh snoím snoí snoite
      suigh suím suí suite
    3. Briathra a bhfuil ainm briathartha ar leith acu:

      An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
      An Aimsir Láithreach
      An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
      bligh blím bleán blite
      buígh buím buíochan buíte
      righ rím ríochan rite

#5.3 An Dara Réimniú

#5.3.1 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)igh

Tábla 5JAn Dara Réimniú — Réimniú an Bhriathair beannaigh
Beannaigh
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
beannaím bheannaigh mé bheannaínn beannóidh mé
beannaíonn tú bheannaigh tú bheannaíteá beannóidh tú
beannaíonn sé/sí bheannaigh sé/sí bheannaíodh sé/sí beannóidh sé/sí
beannaímid bheannaíomar bheannaímis beannóimid
beannaíonn sibh bheannaigh sibh bheannaíodh sibh beannóidh sibh
beannaíonn siad bheannaigh siad bheannaídís beannóidh siad
sb. beannaítear sb. beannaíodh sb. bheannaítí sb. beannófar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
bheannóinn go mbeannaí mé beannaím
bheannófá go mbeannaí tú beannaigh
bheannódh sé/sí go mbeannaí sé/sí beannaíodh sé/sí
bheannóimis go mbeannaímid beannaímis
bheannódh sibh go mbeannaí sibh beannaígí
bheannóidís go mbeannaí siad beannaídís
sb. bheannófaí sb. go mbeannaítear sb. beannaítear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
beannú beannaithe
Tábla 5KAn Dara Réimniú — Réimniú an Bhriathair cruinnigh
Cruinnigh
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
cruinním chruinnigh mé chruinnínn cruinneoidh mé
cruinníonn tú chruinnigh tú chruinníteá cruinneoidh tú
cruinníonn sé/sí chruinnigh sé/sí chruinníodh sé/sí cruinneoidh sé/sí
cruinnímid chruinníomar chruinnímis cruinneoimid
cruinníonn sibh chruinnigh sibh chruinníodh sibh cruinneoidh sibh
cruinníonn siad chruinnigh siad chruinnídís cruinneoidh siad
sb. cruinnítear sb. cruinníodh sb. chruinnítí sb. cruinneofar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
chruinneoinn go gcruinní mé cruinním
chruinneofá go gcruinní tú cruinnigh
chruinneodh sé/sí go gcruinní sé/sí cruinníodh sé/sí
chruinneoimis go gcruinnímid cruinnímis
chruinneodh sibh go gcruinní sibh cruinnígí
chruinneoidís go gcruinní siad cruinnídís
sb. chruinneofaí sb. go gcruinnítear sb. cruinnítear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
cruinniú cruinnithe

#5.3.2 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonnar -(a)il, -(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrítear sa réimniú

Tábla 5LAn Dara Réimniú — Réimniú an Bhriathair ceangail
Ceangail
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
ceanglaím cheangail mé cheanglaínn ceanglóidh mé
ceanglaíonn tú cheangail tú cheanglaíteá ceanglóidh tú
ceanglaíonn sé/sí cheangail sé/sí cheanglaíodh sé/sí ceanglóidh sé/sí
ceanglaímid cheanglaíomar cheanglaímis ceanglóimid
ceanglaíonn sibh cheangail sibh cheanglaíodh sibh ceanglóidh sibh
ceanglaíonn siad cheangail siad cheanglaídís ceanglóidh siad
sb. ceanglaítear sb. ceanglaíodh sb. cheanglaítí sb. ceanglófar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
cheanglóinn go gceanglaí mé ceanglaím
cheanglófá go gceanglaí tú ceangail
cheanglódh sé/sí go gceanglaí sé/sí ceanglaíodh sé/sí
cheanglóimis go gceanglaímid ceanglaímis
cheanglódh sibh go gceanglaí sibh ceanglaígí
cheanglóidís go gceanglaí siad ceanglaídís
sb. cheanglófaí sb. go gceanglaítear sb. ceanglaítear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
ceangal ceangailte
Tábla 5MAn Dara Réimniú — Réimniú an Bhriathair díbir
Díbir
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
díbrím dhíbir mé dhíbrínn díbreoidh mé
díbríonn tú dhíbir tú dhíbríteá díbreoidh tú
díbríonn sé/sí dhíbir sé/sí dhíbríodh sé/sí díbreoidh sé/sí
díbrímid dhíbríomar dhíbrímis díbreoimid
díbríonn sibh dhíbir sibh dhíbríodh sibh díbreoidh sibh
díbríonn siad dhíbir siad dhíbrídís díbreoidh siad
sb. díbrítear sb. díbríodh sb. dhíbrítí sb. díbreofar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
dhíbreoinn go ndíbrí mé díbrím
dhíbreofá go ndíbrí tú díbir
dhíbreodh sé/sí go ndíbrí sé/sí díbríodh sé/sí
dhíbreoimis go ndíbrímid díbrímis
dhíbreodh sibh go ndíbrí sibh díbrígí
dhíbreoidís go ndíbrí siad díbrídís
sb. dhíbreofaí sb. go ndíbrítear sb. díbrítear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
díbirt díbeartha
  1. Briathra a réimnítear ar nós ceangail:

    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    codail codlaím codladh codalta
    fógair fógraím fógairt fógartha
    labhair labhraím labhairt labhartha
    oscail osclaím oscailt oscailte
    tionscain tionscnaím tionscnamh tionscanta
  2. Briathra a réimnítear ar nós díbir:

    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    aithin aithním aithint aitheanta
    eitil eitlím eitilt eitilte
    imir imrím imirt imeartha
    inis insím insint inste

#5.3.3 Briathra Eile sa Dara Réimniú

  1. Ní choimrítear briathra ó fhréamhacha a chríochnaíonn ar -aim, -(a)ing:

    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    foghlaim foghlaimím foghlaim foghlamtha
    fulaing fulaingím fulaingt fulaingthe
    tarraing tarraingím tarraingt tarraingthe
    tuirling tuirlingím tuirlingt tuirlingthe
  2. Briathra eile nach gcoimrítear:

    An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
    An Aimsir Láithreach
    An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
    aithris aithrisím aithris aithriste
    freastail freastalaím freastal freastalta
    taistil taistealaím taisteal taistealta

#5.4 Na Briathra Neamhrialta

#5.4.1

Aon bhriathar déag neamhrialta atá ann. Is iad seo a leanas na briathra neamhrialta: abair, beir, , clois/cluin, déan, faigh, feic, ith, tabhair, tar, téigh.

#5.4.2

Ní choinníonn na briathra neamhrialta an fhréamh chéanna tríd síos ina réimniú agus tá leaganacha ar leith ar chuid acu san fhoirm spleách.

#5.4.3

Is ionann fréamh an bhriathair san aimsir ghnáthláithreach agus san aimsir ghnáthchaite sna briathra neamhrialta go léir, e.g., cloisimid, chloisimis; deirim, deirinn; tugann sí, thugadh sí. Seachas i gcás an bhriathair , bíonn an fhréamh chéanna leis an modh foshuiteach láithreach freisin, e.g., go gcloise; go ndeire; go dtuga.

#5.4.4

Is ionann fréamh an bhriathair san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach sna briathra neamhrialta go léir, e.g., déarfaidh mé, déarfainn; déanfaidh tú, dhéanfá; tabharfaidh siad, thabharfaidís.

#5.4.5 An Fhoirm Spleách

Is í an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha coibhneasta agus na míreanna briathartha seo: a/ar (= an mhír choibhneasta), a/ar (= an méid a/ar), an/ar, cá/cár, dá/dár (dedo+a (ar)) agus (coinníollach), go/gur, mura/murar, nach/nár, ní/níor, sula/sular (féach 10.4.2 agus 10.8.2). Is le go a léirítear an fhoirm spleách sna táblaí.

  1. Úsáidtear na míreanna sin leis na briathra neamhrialta ar an modh céanna ar a n‑úsáidtear iad leis na briathra rialta.

    An dtabharfadh sí síob chun na scoile duit?
    Dúirt siad go dtagann sí ar cuairt gach Satharn.
    Níor rug siad ar na gadaithe go fóill.
    Nár chuala tú faoin gcruinniú?
    Ar ith sé a dhóthain?

    Ach ní úsáidtear na leaganacha a chríochnaíonn ar -r de na míreanna sin san aimsir chaite, modh táscach, leis na briathra abair, , déan (i gcás foirmeacha dar tús dearn-), faigh, feic, téigh.

    Nach ndeachaigh sibh abhaile fós?
    Cá bhfacamar cheana é?
    An ndúirt sé dada leatsa faoi?
    Deir sí go raibh siad ann.
    Ní bhfuair sé an t‑airgead fós.
  2. Ní shéimhítear an briathar abair in aon chás, e.g., ní deirim (deirimis, dúirt sé, déarfainn), má deir tú (deiridís), na rudaí a déarfaidh (a déarfadh) .

  3. Táthaítear an mhír choibhneasta a leis an mbriathar san aimsir láithreach — atáim, atá, atáimid, atáthar. Cuirtear , in ionad nár, roimh fhoirmeacha an mhodha fhoshuitigh de , e.g., Ná raibh maith agat.

Tábla 5NNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair abair
Abair
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
deirim dúirt mé deirinn déarfaidh mé
deir tú dúirt tú deirteá déarfaidh tú
deir sé/sí dúirt sé/sí deireadh sé/sí déarfaidh sé/sí
deirimid dúramar deirimis déarfaimid
deir sibh dúirt sibh deireadh sibh déarfaidh sibh
deir siad dúirt siad deiridís déarfaidh siad
sb. deirtear sb. dúradh sb. deirtí sb. déarfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
déarfainn go ndeire mé abraim
déarfá go ndeire tú abair
déarfadh sé/sí go ndeire sé/sí abradh sé/sí
déarfaimis go ndeirimid abraimis
déarfadh sibh go ndeire sibh abraigí
déarfaidís go ndeire siad abraidís
sb. déarfaí sb. go ndeirtear sb. abraítear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
ráite
Tábla 5ONa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair beir
Beir
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
beirim rug mé bheirinn béarfaidh mé
beireann tú rug tú bheirteá béarfaidh tú
beireann sé/sí rug sé/sí bheireadh sé/sí béarfaidh sé/sí
beirimid rugamar bheirimis béarfaimid
beireann sibh rug sibh bheireadh sibh béarfaidh sibh
beireann siad rug siad bheiridís béarfaidh siad
sb. beirtear sb. rugadh sb. bheirtí sb. béarfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
bhéarfainn go mbeire mé beirim
bhéarfá go mbeire tú beir
bhéarfadh sé/sí go mbeire sé/sí beireadh sé/sí
bhéarfaimis go mbeirimid beirimis
bhéarfadh sibh go mbeire sibh beirigí
bhéarfaidís go mbeire siad beiridís
sb. bhéarfaí sb. go mbeirtear sb. beirtear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
breith beirthe
Tábla 5PNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Ghnáthláithreach
Neamhspleách Dearfach Neamhspleách Diúltach Spleách
táim/tá mé nílim/níl mé go bhfuilim/go bhfuil mé bím
tá tú níl tú go bhfuil tú bíonn tú
tá sé/sí níl sé/sí go bhfuil sé/sí bíonn sé/sí
táimid nílimid go bhfuilimid bímid
tá sibh níl sibh go bhfuil sibh bíonn sibh
tá siad níl siad go bhfuil siad bíonn siad
sb. táthar sb. níltear sb. go bhfuiltear sb. bítear
An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
Neamhspleách Spleách
bhí mé ní raibh mé bhínn beidh mé
bhí tú ní raibh tú bhíteá beidh tú
bhí sé/sí ní raibh sé/sí bhíodh sé/sí beidh sé/sí
bhíomar ní rabhamar bhímis beimid
bhí sibh ní raibh sibh bhíodh sibh beidh sibh
bhí siad ní raibh siad bhídís beidh siad
sb. bhíothas sb. ní rabhthas sb. bhítí sb. beifear
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
bheinn go raibh mé bím
bheifeá go raibh tú
bheadh sé/sí go raibh sé/sí bíodh sé/sí
bheimis go rabhaimid bímis
bheadh sibh go raibh sibh bígí
bheidís go raibh siad bídís
sb. bheifí sb. go rabhthar sb. bítear
An tAinm Briathartha
a bheith*

*a bheith a bhíonn ann seachas i ndiaidh chun nó réamhfhocail shimplí áirithe, e.g., chun bheith, as bheith, gan bheith, le bheith.

Tábla 5QNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair clois/cluin
Clois/Cluin
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
cloisim/cluinim chuala mé chloisinn/chluininn cloisfidh/cluinfidh mé
cloiseann/cluineann tú chuala tú chloisteá/chluinteá cloisfidh/cluinfidh tú
cloiseann/cluineann sé/sí chuala sé/sí chloiseadh/chluineadh sé/sí cloisfidh/cluinfidh sé/sí
cloisimid/cluinimid chualamar chloisimis/chluinimis cloisfimid/cluinfimid
cloiseann/cluineann sibh chuala sibh chloiseadh/chluineadh sibh cloisfidh/cluinfidh sibh
cloiseann/cluineann siad chuala siad chloisidís/chluinidís cloisfidh/cluinfidh siad
sb. cloistear/cluintear sb. chualathas sb. chloistí/chluintí sb. cloisfear/cluinfear
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
chloisfinn/chluinfinn go gcloise/go gcluine mé cloisim/cluinim
chloisfeá/chluinfeá go gcloise/go gcluine tú clois/cluin
chloisfeadh/chluinfeadh sé/sí go gcloise/go gcluine sé/sí cloiseadh/cluineadh sé/sí
chloisfimis/chluinfimis go gcloisimid/go gcluinimid cloisimis/cluinimis
chloisfeadh/chluinfeadh sibh go gcloise/go gcluine sibh cloisigí/cluinigí
chloisfidís/chluinfidís go gcloise/go gcluine siad cloisidís/cluinidís
sb. chloisfí/chluinfí sb. go gcloistear/go gcluintear sb. cloistear/cluintear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
cloisteáil/cluinstin cloiste/cluinte
Tábla 5RNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair déan
Déan
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
Neamhspleách Spleách
déanaim rinne/dhein mé ní dhearna/níor dhein mé dhéanainn déanfaidh mé
déanann tú rinne/dhein tú ní dhearna/níor dhein tú dhéantá déanfaidh tú
déanann sé/sí rinne/dhein sé/sí ní dhearna/níor dhein sé/sí dhéanadh sé/sí déanfaidh sé/sí
déanaimid rinneamar/dheineamar ní dhearnamar/níor dheineamar dhéanaimis déanfaimid
déanann sibh rinne/dhein sibh ní dhearna/níor dhein sibh dhéanadh sibh déanfaidh sibh
déanann siad rinne/dhein siad ní dhearna/níor dhein siad dhéanaidís déanfaidh siad
sb. déantar sb. rinneadh/deineadh sb. ní dhearnadh/níor deineadh sb. dhéantaí sb. déanfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
dhéanfainn go ndéana mé déanaim
dhéanfá go ndéana tú déan
dhéanfadh sé/sí go ndéana sé/sí déanadh sé/sí
dhéanfaimis go ndéanaimid déanaimis
dhéanfadh sibh go ndéana sibh déanaigí
dhéanfaidís go ndéana siad déanaidís
sb. dhéanfaí sb. go ndéantar sb. déanta
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
déanamh déanta
Tábla 5SNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair faigh
Faigh
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
Neamhspleách Spleách
faighim fuair mé d’fhaighinn gheobhaidh mé ní bhfaighidh mé
faigheann tú fuair tú d’fhaighteá gheobhaidh tú ní bhfaighidh tú
faigheann sé/sí fuair sé/sí d’fhaigheadh sé/sí gheobhaidh sé/sí ní bhfaighidh sé/sí
faighimid fuaireamar d’fhaighimis gheobhaimid ní bhfaighimid
faigheann sibh fuair sibh d’fhaigheadh sibh gheobhaidh sibh ní bhfaighidh sibh
faigheann siad fuair siad d’fhaighidís gheobhaidh siad ní bhfaighidh siad
sb. faightear sb. fuarthas sb. d’fhaightí sb. gheofar sb. ní bhfaighfear
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
Neamhspleách Spleách
gheobhainn ní bhfaighinn go bhfaighe mé faighim
gheofá ní bhfaighfeá go bhfaighe tú faigh
gheobhadh sé/sí ní bhfaigheadh sé/sí go bhfaighe sé/sí faigheadh sé/sí
gheobhaimis ní bhfaighimis go bhfaighimid faighimis
gheobhadh sibh ní bhfaigheadh sibh go bhfaighe sibh faighigí
gheobhaidís ní bhfaighidís go bhfaighe siad faighidís
sb. gheofaí sb. ní bhfaighfí sb. go bhfaightear sb. faightear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
fáil faighte
Tábla 5TNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair feic
Feic
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
Neamhspleách Spleách
feicim chonaic mé ní fhaca mé d’fheicinn feicfidh mé
feiceann tú chonaic tú ní fhaca tú d’fheicteá feicfidh tú
feiceann sé/sí chonaic sé/sí ní fhaca sé/sí d’fheiceadh sé/sí feicfidh sé/sí
feicimid chonaiceamar ní fhacamar d’fheicimis feicfimid
feiceann sibh chonaic sibh ní fhaca sibh d’fheiceadh sibh feicfidh sibh
feiceann siad chonaic siad ní fhaca siad d’fheicidís feicfidh siad
sb. feictear sb. chonacthas sb. ní fhacthas sb. d’fheictí sb. feicfear
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
d’fheicfinn go bhfeice mé feicim
d’fheicfeá go bhfeice tú feic
d’fheicfeadh sé/sí go bhfeice sé/sí feiceadh sé/sí
d’fheicfimis go bhfeicimid feicimis
d’fheicfeadh sibh go bhfeice sibh feicigí
d’fheicfidís go bhfeice siad feicidís
sb. d’fheicfí sb. go bhfeictear sb. feictear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
feiceáil feicthe
Tábla 5UNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair ith
Ith
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
ithim d’ith mé d’ithinn íosfaidh mé
itheann tú d’ith tú d’iteá íosfaidh tú
itheann sé/sí d’ith sé/sí d’itheadh sé/sí íosfaidh sé/sí
ithimid d’itheamar d’ithimis íosfaimid
itheann sibh d’ith sibh d’itheadh sibh íosfaidh sibh
itheann siad d’ith siad d’ithidís íosfaidh siad
sb. itear sb. itheadh sb. d’ití sb. íosfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
d’íosfainn go n‑ithe mé ithim
d’íosfá go n‑ithe tú ith
d’íosfadh sé/sí go n‑ithe sé/sí itheadh sé/sí
d’íosfaimis go n‑ithimid ithimis
d’íosfadh sibh go n‑ithe sibh ithigí
d’íosfaidís go n‑ithe siad ithidís
sb. d’íosfaí sb. go n‑itear sb. itear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
ithe ite
Tábla 5VNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair tabhair
Tabhair
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
tugaim thug mé thugainn tabharfaidh mé
tugann tú thug tú thugtá tabharfaidh tú
tugann sé/sí thug sé/sí thugadh sé/sí tabharfaidh sé/sí
tugaimid thugamar thugaimis tabharfaimid
tugann sibh thug sibh thugadh sibh tabharfaidh sibh
tugann siad thug siad thugaidís tabharfaidh siad
sb. tugtar sb. tugadh sb. thugtaí sb. tabharfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
thabharfainn go dtuga mé tugaim
thabharfá go dtuga tú tabhair
thabharfadh sé/sí go dtuga sé/sí tugadh sé/sí
thabharfaimis go dtugaimid tugaimis
thabharfadh sibh go dtuga sibh tugaigí
thabharfaidís go dtuga siad tugaidís
sb. thabharfaí sb. go dtugtar sb. tugtar
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
tabhairt tugtha
Tábla 5WNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair tar
Tar
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
tagaim tháinig mé thagainn tiocfaidh mé
tagann tú tháinig tú thagtá tiocfaidh tú
tagann sé/sí tháinig sé/sí thagadh sé/sí tiocfaidh sé/sí
tagaimid thángamar thagaimis tiocfaimid
tagann sibh tháinig sibh thagadh sibh tiocfaidh sibh
tagann siad tháinig siad thagaidís tiocfaidh siad
sb. tagtar sb. thángthas sb. thagtaí sb. tiocfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
thiocfainn go dtaga mé tagaim
thiocfá go dtaga tú tar
thiocfadh sé/sí go dtaga sé/sí tagadh sé/sí
thiocfaimis go dtagaimid tagaimis
thiocfadh sibh go dtaga sibh tagaigí
thiocfaidís go dtaga siad tagaidís
sb. thiocfaí sb. go dtagtar sb. tagtar
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
teacht tagtha
Tábla 5XNa Briathra Neamhrialta — Réimniú an Bhriathair téigh
Téigh
An Modh Táscach
An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach
Neamhspleách Spleách
téim chuaigh mé ní dheachaigh mé théinn rachaidh mé
téann tú chuaigh tú ní dheachaigh tú théiteá rachaidh tú
téann sé/sí chuaigh sé/sí ní dheachaigh sé/sí théadh sé/sí rachaidh sé/sí
téimid chuamar ní dheachamar théimis rachaimid
téann sibh chuaigh sibh ní dheachaigh sibh théadh sibh rachaidh sibh
téann siad chuaigh siad ní dheachaigh siad théidís rachaidh siad
sb. téitear sb. chuathas sb. ní dheachthas sb. théití sb. rachfar
An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach
rachainn go dté mé téim
rachfá go dté tú téigh
rachadh sé/sí go dté sé/sí téadh sé/sí
rachaimis go dtéimid téimis
rachadh sibh go dté sibh téigí
rachaidís go dté siad téidís
sb. rachfaí sb. go dtéitear sb. téitear
An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha
dul dulta

#5.5 An tAinm Briathartha

#5.5.1 Ainmneacha Briathartha sa Chéad Réimniú

Sa tábla thíos, taispeántar na cineálacha éagsúla ainmneacha briathartha atá sa chéad réimniú.

Tábla 5YAinmneacha Briathartha — An Chéad Réimniú
Tréith Samplaí
An deireadh -(e)adh blaiseadh, briseadh, ceapadh, glanadh, meascadh, pósadh
Leathnú ar an bhfréamh agus an deireadh -adh bualadh, fáscadh, loscadh, rúscadh, troscadh
Leathnú ar an bhfréamh brath, cumasc, cur, gol, lot, siúl, toirmeasc, tomhas
Ionann is an fhréamh amharc, crith, díol, fás, íoc, ól, ríomh, scríobh, teagasc, teip
An deireadh -áil fágáil, féadachtáil, gabháil, maireachtáil, tógáil
-t a chur leis an bhfréamh adhaint, baint, ceilt, deighilt, meilt, roinnt
An deireadh -(e)amh buaireamh, caitheamh, fónamh, léamh, seasamh, téamh
An deireadh -(e)an airleacan, leagan, ligean, teilgean, tionlacan, tréigean
An deireadh -chan athnuachan, beochan, buíochan, buachan, cruachan
An deireadh -(e)acht éisteacht, fanacht, gluaiseacht
An deireadh -im druidim, léim, titim
An deireadh úint creidiúint, feiliúint, giniúint, leanúint, oiliúint
Guta fada nó défhoghar (fréamh a chríochnaíonn ar -igh, -ígh) bá, brú, cloí, dlí, feo, guí, lí, lua, meá, ní, plé, reo, sleá, sní, sú, suí, trá, treá
Ainmneacha briathartha eile bleán, faire, fóirithint, iarraidh, screadach, seinm, tuiscint

#5.5.2 Ainmneacha Briathartha sa Dara Réimniú

Sa tábla thíos, taispeántar na cineálacha éagsúla ainmneacha briathartha atá sa dara réimniú.

Tábla 5ZAinmneacha Briathartha — An Dara Réimniú
Tréith Samplaí
An deireadh -(i)ú achoimriú, bailiú, cabhrú, daingniú, eagrú, fuarú, gríosú, oibriú
An deireadh cónaí, corraí, eachtraí, fiafraí, ionsaí
An deireadh achainí, éirí, impí, taithí
-t a chur leis an bhfréamh aithint, bagairt, cosaint, eitilt, fógairt, imirt, oscailt, seachaint
Leathnú ar an bhfréamh ceangal, cogar, freastal, iompar, rómhar, soláthar, taisteal
An deireadh -(e)amh áireamh, cúiteamh, éileamh, iomramh, machnamh, smaoineamh
An deireadh -(e)ach ceannach, cnuasach, eiteach, réiteach, taifeach
An deireadh -(e)acht aoireacht, dúiseacht, fortacht, imeacht, tairngreacht
An deireadh -áil admháil, athchúrsáil, teagmháil
An deireadh -aíocht marcaíocht, ráthaíocht, tóraíocht
Ainmneacha briathartha eile damhsa, dúchan, eisiúint, insint, tiúchan

#5.6 Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha

#5.6.1 An Ginideach

  1. Is ionann foirm de ghnáth do ghinideach an ainm bhriathartha agus don aidiacht bhriathartha sna cásanna a léirítear sa tábla thíos:

    Tábla 5AADíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Ginideach an Ainm Bhriathartha ar Aon Fhoirm leis an Aidiacht Bhriathartha
    Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh
    Ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh
    • bearradh
    • cáineadh
    • folcadh
    • moladh
    • scian bhearrtha
    • rún cáinte
    • dabhach folctha
    • dán molta
    Ainmneacha briathartha aonsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta fada nó ar dhéfhoghar
    1. cló
    2. reo
    1. leabhar clóite
    2. uachtar reoite
    3. páipéar súite
    Ainmneacha briathartha ilsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta fada
    1. cónaí
    2. éalú
    3. ionsaí
    1. áit chónaithe
    2. bealach éalaithe
    3. lucht ionsaithe
    Ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -ilt, -in(g)t, (ach amháin -áint, -úint), -irt
    1. cuimilt
    2. cosaint
    3. labhairt
    1. barr cuimilte
    2. gléas cosanta
    3. deis labhartha
    Roinnt ainmneacha briathartha firinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan
    1. coimeád
    2. léamh
    3. scríobh
    1. fear coimeádta
    2. lucht léite
    3. an focal scríofa
    Corrainm briathartha eile
    1. bruith
    2. druidim
    1. práta bruite
    2. dorn druidte
  2. Is é ginideach an ainmfhocail, de réir an díochlaonta lena mbaineann, a bhíonn —

    1. ar ainmneacha briathartha áirithe:

      Tábla 5BBDíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Ainmneacha Briathartha Áirithe
      Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh
      Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2)
      • gol
      • machnamh
      • fonn goil
      • ag déanamh a machnaimh
      Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) fóirithint foireann fóirithinte
      Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh, i gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -áil, -aíl, -áint, -úint, -cht agus corrainm briathartha eile (féach 2.4.2)
      • admháil
      • dúiseacht
      • iomáint
      • lúbarnaíl
      • oiliúint
      • díolaim
      • éag
      • tuiscint
      • páipéar admhála
      • clog dúiseachta
      • foireann iomána
      • le teann lúbarnaíola
      • coláiste oiliúna
      • fear díolama
      • ar chúl éaga
      • bua tuisceana
    2. ar ghnáth-ainmfhocail a úsáidtear chun feidhmeanna de chuid ainm briathartha a dhéanamh ach nach dtéann réimniú briathair thairis sin orthu:

      Tábla 5CCDíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Gnáth-Ainmfhocail a úsáidtear chun Feidhmeanna de chuid Ainm Briathartha a dhéanamh
      Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh
      Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2)
      • ag magadh
      • ag seanchas
      • cúis mhagaidh
      • fear seanchais
      Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2)
      • ag báisteach
      • ag fearthainn
      • fuadar
      • cuma bháistí
      • fearthainne
      Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh, i gcásanna ina gcuirtear foirceann leis an mbun-ainmfhocal, e.g., bádóir, bádóireacht; peata, peataireacht agus i gcás corrainm briathartha eile (féach 2.4.2)
      • ag bádóireacht
      • ag peataireacht
      • ag bradaíl
      • ag feadaíl
      • cumann bádóireachta
      • an iomarca peataireachta
      • bó bhradaíola
      • port feadaíola
    3. ar na hathleaganacha atá ar mhórán ainmneacha briathartha chun leanúnachas, minicíocht, teibíocht, torann, treise, fochiall nó beart aonair a chur in iúl, e.g., aistriú go aistriúchán; liú go liúireach:

      Tábla 5DDDíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Athleaganacha ar Ainmneacha Briathartha
      Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh
      Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) níochán meaisín níocháin
      Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) preabarnach rás preabarnaí
      Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh (féach 2.4.2) léitheoireacht ábhar léitheoireachta
  3. Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a bhfuil dhá fhoirm orthu sa ghinideach — foirm na haidiachta briathartha agus foirm de réir ceann de dhíochlaontaí na n‑ainmfhocal:

    Tábla 5EEDíochlaonadh Ainmneacha Briathartha a bhfuil Dhá Fhoirm orthu sa Ghinideach — Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí
    Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh de réir Ceann de na Díochlaontaí
    Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (formhór na n‑ainmneacha briathartha firinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan) (féach 2.2.2)
    • brath
    • ceannach
    • comhrac
    • gearán
    • iompar
    • tochas
    • lucht braith
    • árthach ceannaigh
    • céile comhraic
    • cúis ghearáin
    • gléas iompair
    • cuaille tochais
    Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (beagán ainmneacha briathartha baininscneacha) (féach 2.3.2)
    • aithris
    • breith
    • insint
    • léim
    • titim
    • úsáid
    • cóir aithrise
    • lá breithe
    • an sórt insinte
    • ag caitheamh léime
    • fonn titime
    • easpa úsáide
    Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh (ainmneacha briathartha baininscneacha a chríochnaíonn ar -chan agus crith, foghlaim, íoc, reic, rith, seinm, slad, snámh, sníomh, tairiscint, tál, trácht, triall, troid, tuiscint) (féach 2.4.2)
    • beochan
    • crith
    • foghlaim
    • íoc
    • reic
    • rith
    • seinm
    • sníomh
    • trácht
    • troid
    • deoch bheochana
    • galar creatha
    • aos foghlama
    • fear íoca
    • stalla reaca
    • ligean reatha
    • lucht seanma
    • fearsaid sníomha
    • brú tráchta
    • babhta troda
    1. Is í foirm na haidiachta briathartha a úsáidtear nuair atá cuspóir ag gabháil leis an ainm briathartha.
    2. Is í an fhoirm eile a úsáidtear nuair is feidhm ainmfhocail nó feidhm aidiachta a bhíonn ag an ainm briathartha.

      Tábla 5FFDíochlaonadh Ainmneacha Briathartha a bhfuil Dhá Fhoirm orthu sa Ghinideach — Foirm na hAidiachta Briathartha agus Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí
      Ainm Briathartha Ginideach — Foirm na hAidiachta Briathartha Ginideach — Foirm de réir Ceann de na Díochlaonta
      brath fear a bhraite lucht braith
      ceannach fear ceannaithe na mbeithíoch árthach ceannaigh
      déan fear déanta brící sórt déanaimh
      insint fear inste scéil an sórt insinte
      íoc lá íoctha na rátaí fear íoca
      iompar tar éis a iompartha gléas iompair
      ól lucht ólta poitín boladh óil
      úsáid modh a úsáidte easpa úsáide

#5.6.2 An tIolra

Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a úsáidtear mar ghnáth-ainmfhocail freisin. Bíonn foirm iolra orthu sin de réir an díochlaonta lena mbaineann siad.

  1. I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh, is gnách -taí (-tí) a chur in ionad an -(e)adh más -ch, -d, -l, -ll, -n, -rr, -s-t is críoch don fhréamh, agus -thaí (-thí), más consan eile is críoch di, e.g., baisteadh, baistí; casadh, castaí; cinneadh, cinntí; moladh, moltaí; pósadh, póstaí; tarscaoileadh, tarscaoiltí; bloscadh, bloscthaí; colscaradh, colscarthaí; crapadh, crapthaí; loscadh, loscthaí; madhmadh, madhmthaí; scríobadh, scríobthaí; speireadh, speirthí; tíolacadh, tíolacthaí, nó corruair -teacha, -thacha, e.g., filleadh, fillteacha; gearradh, gearrthacha.
  2. I gcás ainmneacha briathartha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(i)ú, cuirtear -(u)ithe in ionad an -(i)ú, e.g., athrú, athruithe; ceartú, ceartuithe; cruinniú, cruinnithe; fiosrú, fiosruithe; míniú, mínithe; ordú, orduithe; scrúdú, scrúduithe; toiliú, toilithe.
  3. I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -áil, leathnaítear an l agus cuirtear -acha leis, e.g., admháil, admhálacha; ofráil, ofrálacha.
  4. I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar cht, cuirtear -aí leo, e.g., gluaiseacht, gluaiseachtaí, agus cuirtear le hainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -lt, -nt, -rt, e.g., bagairt, bagairtí; creidiúint, creidiúintí; oscailt, oscailtí; tairiscint, tairiscintí.
  5. I gcás ainmneacha briathartha aonsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta, cuirtear -nna nó, corruair, -ite leo, e.g., breo, breonna; brú, brúnna; cló, clónna; , dónna; liú, liúnna; meá, meánna; , súnna; crú, crúite; , ráite; , sáite.

#5.7 An Aidiacht Bhriathartha

#5.7.1 Réimíreanna leis an Aidiacht Bhriathartha

Úsáidtear na réimíreanna do-, in-, so- le foirm na haidiachta briathartha chun rangabhálacha a dhéanamh, e.g., dochoiscthe, dofheicthe, doghluaiste, dothuigthe, indéanta, inscrúdaithe, sofheicthe, sofhoghlamtha, sophacáilte. (Féach 4.12 le haghaidh tuilleadh eolais ar an aidiacht bhriathartha.)