Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Caibidil 4 | An Aidiacht

#4.1 An Aidiacht Cháilíochta

#4.1.1

Roinntear na haidiachtaí ina dtrí dhíochlaonadh.

#4.1.2

Ní dhíochlaontar an aidiacht ach amháin nuair a úsáidtear mar aidiacht cháilíochta í.

#4.1.3

Braitheann foirm aidiachta cáilíochta ar inscne, tuiseal agus uimhir an ainmfhocail atá á cháiliú léi agus ar dhíochlaonadh na haidiachta féin. Féach Caibidil 9 le haghaidh rialacha maidir le haidiachtaí a úsáid le huimhreacha.


#4.2 Inscne, Tuiseal agus Uimhir na hAidiachta Cáilíochta

#4.2.1

Réitíonn an aidiacht cháilíochta leis an ainmfhocal ó thaobh inscne, tuisil agus uimhreach. I gcás sraith ainmfhocal, réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal deiridh, e.g., mná agus fir ghnaíúla; peann, páipéar agus bileog ghorm. I gcás sraith aidiachtaí i ndiaidh ainmfhocal amháin, réitíonn gach aidiacht leis an ainmfhocal, e.g., ailt shuimiúla thábhachtacha fhada.

Tháinig na mná agus na fir ghnaíúla isteach.
Tháinig na fir agus na mná gnaíúla isteach.
Bhí sciorta, cóta agus scaif ghorm uirthi.
Tá cait mhóra fhiáine i ngairdín na n‑ainmhithe.

#4.2.2

  1. San uimhir uatha —

    1. i gcás ainmfhocal firinscneach, ní shéimhítear an aidiacht atá á cháiliú, e.g., an fear beag; ag an bhfear beag; ach amháin sa tuiseal gairmeach agus sa tuiseal ginideach e.g., a fhir bhig; hata an fhir bhig;

    2. má tá Córas an tSéimhithe (féach 1.7) in úsáid, séimhítear an aidiacht a cháilíonn ainmfhocal firinscneach sa tuiseal tabharthach má ghabhann an t‑alt leis an ainmfhocal sin, e.g., ag an fhear bheag.

  2. San uimhir uatha, i gcás ainmfhocal baininscneach, séimhítear an aidiacht atá á cháiliú sna tuisil go léir, e.g., an bhean bheag; a bhean bheag; ag an mbean bheag; ach amháin sa tuiseal ginideach, e.g., hata na mná bige.

#4.2.3

Tugtar léiriú i Caibidil 9 ar an aidiacht cháilíochta nuair atá uimhir roimh an ainmfhocal atá á cháiliú.

#4.2.4 Séimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Uatha

Fágtar aidiacht lom nó cuirtear séimhiú uirthi bunaithe ar inscne agus tuiseal an ainmfhocail atá á cháiliú léi. Léirítear na cásanna sa tábla thíos. Féach an plé ar dhíochlaonadh na haidiachta (4.3) chun eolas a fháil ar athrú foirme (seachas séimhiú) ar an aidiacht féin.

Tábla 4ASéimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Uatha
An TuisealAinmfhocal Firinscneach UathaAinmfhocal Baininscneach Uatha
Ainmneach agus Cuspóireach

gan séimhiú

an fear beag

séimhiú

an bhean bheag

Gairmeach

séimhiú

a fhir bhig

séimhiú

a bhean bheag

Tabharthach*

gan séimhiú

ar an bhfear beag

séimhiú

ar an mbean bheag

Ginideach

séimhiú

clann an fhir bhig

gan séimhiú

clann na mná bige

*Ach féach 1.7 Córas an tSéimhithe

#4.2.5 Séimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Iolra

San uimhir iolra, séimhítear túschonsan aidiachta má chríochnaíonn an t‑ainmfhocal iolra ar chonsan caol, mar atá sa tábla thíos (féach freisin 10.3.1).

Tábla 4BSéimhiú ar Aidiacht Cháilíochta san Uimhir Iolra
SéimhiúGan Séimhiú
Ainmfhocal dar críoch consan caol san iolraAinmfhocal dar críoch consan leathan nó guta san iolra
na báid fhadana cailíní cliste
na costais shonrachana doirse móra
na foirgnimh bhreáthana páirceanna móra
na fir bheagana táilliúirí costasacha
na goirt mhóraclanna na mban cáiliúil
na héisc ghealaclanna na bhfear beag
na húdair cháiliúlaéifeacht na bhforálacha forlíontacha
na nóiméid dheireanachaméid na bhfuinneog cearnach
na pinn ghormaobair na ngaibhne dubha
na sparáin theannaseirbhísí na leabharlann poiblí

#4.3 Díochlaonadh na hAidiachta

#4.3.1

Is ionann foirm don aidiacht sa tuiseal ainmneach, sa tuiseal cuspóireach agus sa tuiseal tabharthach uatha, agus is ionann foirm don aidiacht sa tuiseal ainmneach, sa tuiseal cuspóireach agus sa tuiseal tabharthach iolra.

#4.3.2

Sa tuiseal ginideach iolra —

  1. más tréaniolra atá ag an ainmfhocal, úsáidtear an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear sa tuiseal ainmneach iolra:

    Ainmneach iolraIs maith liom na filí móra.
    Ginideach iolraIs maith liom dánta na bhfilí móra.
  2. más lagiolra atá ag an ainmfhocal, úsáidtear an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear sa tuiseal ainmneach uatha:

    Ainmneach uathaFoilsíonn an t‑údarás áitiúil tuarascáil gach bliain.
    Ginideach iolraFoilsíodh tuarascálacha na n‑údarás áitiúil.

#4.3.3

  1. Ní shéimhítear ná ní infhilltear aidiacht sa ghairmeach firinscneach más ainm ceana nó brí mheafarach atá i gceist.

    Cén chaoi a bhfuil tú, a athair beag?
    A dheartháir dílis, bhí a fhios agam go maith gur tú a bhí ann.
    A bhéal cumhra, nach muid a bheidh sásta le chéile.
    Conas atá tú, a mhac bán?
  2. Séimhítear túslitir na haidiachta, áfach, más ainmfhocal baininscneach atá roimpi.

    Cad é mar atá tú inniu, a thaisce mhilis?
    A mháthair bheag, ní bheidh deireadh go deo le do chuid oibre.

#4.3.4

Ní infhilltear an aidiacht i ndiaidh ainmneacha baiste ban, e.g., Máire Mhór, teach Mháire Mhór.

#4.3.5

Ní infhilltear an aidiacht ná ní dhéantar athrú tosaigh uirthi ar lorg dobhriathra nó aidiachtaí a úsáidtear mar dhobhriathra amhail cuibheasach, sách, measartha, réasúnta, etc.

Is bean measartha saibhir í.
Mná measartha saibhir is ea iad.
Fir sách ard is ea iad.
Páistí réasúnta ciúin is ea iad.
Maidin sách fuar a bhí ann.
Bliain cuibheasach tirim atá uainn.

#4.3.6

Ní infhilltear an aidiacht ar lorg na míre treise an-.

Is daoine an-bhreá iad.
Déanfar na gnéithe an-tábhachtach sin a mheas.
Ní páistí an-chiúin iad.

#4.3.7

Ní infhilltear an aidiacht ná ní chuirtear séimhiú uirthi más cuid de fhrása aidiachtach ilfhoclach í, e.g., athnuachan saor in aisce; tuarascáil cothrom le dáta.

Is bean mór le rá í i réimse na heolaíochta.
Ba é údar na tuarascála cothrom le dáta a thug an cur i láthair.

#4.3.8

Is faoi gach díochlaonadh ar leithligh a thugtar cur síos ar fhoirm an ghinidigh uatha.


#4.4 An Chéad Díochlaonadh

Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan, leathan nó caol, seachas aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil agus roinnt aidiachtaí a chríochnaíonn ar -ir (féach 4.5).

#4.4.1 Foirm an Ghinidigh Uatha

  1. Firinscneach

    1. Más consan leathan is críoch don aidiacht, caolaítear an consan mar a dhéantar le hainmfhocail sa Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2).

      Cár fhág sé hata an fhir mhóir?
      Caithfear coinníollacha an chonartha bhuain a léamh go cúramach.
      Léigh sé leabhar an imreora chlúitigh nuair a foilsíodh é.
    2. Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar -ch(t) (ach amháin bocht), e.g., beacht, caoch, déach, fliuch, lách, moch, nocht.

      Bhí orthu an fhéile a chur ar siúl ag deireadh an tsamhraidh fhliuch.
      Tá na páistí i rang an mhúinteora bheacht i mbliana.
      Goideadh ba an fheirmeora bhoicht.
    3. Más consan caol nó -íoch is críoch don aidiacht, ní dhéantar infhilleadh uirthi.

      Ba mhaith liom labhairt le tuismitheoirí an bhuachalla chiúin.
      Bhí gach duine i bhfabhar an fheachtais thionsclaíoch.
    4. Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan dúbailte (ach amháin dall, donn, fionn), e.g., cearr, corr, gann, gearr, mall, teann, toll.

      Tá praghas an bhia ghann ag ardú gach lá.
      Chuir costas an turais ghearr iontas orthu.
      Bhí boladh an aráin dhoinn ar fud an tí.
    5. Ní dhéantar infhilleadh sa ghinideach uatha firinscneach ar na haidiachtaí aonsiollacha seo a leanas: amh, cúng, deas (sa bhrí cineálta), leamh, mear, seang, searbh, tearc, tiubh, trom, tur.

      Chuir sí ola ar dhoras an bhealaigh chúng.
      Labhair mé le húinéir an chapaill mhear.
  2. Baininscneach

    1. Cuirtear -e leis an gconsan deiridh, agus caolaítear é más leathan dó, e.g., gorm, goirme; maith, maithe mar a dhéantar le hainmfhocail sa Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2)).

      Féach ar áilleacht na spéire goirme.
      Cé hé údar na tuarascála maithe?
    2. I gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -(e)ach, cuirtear -(a)í in ionad -(e)ach, e.g., isteach, aistí; iontach, iontaí; mar a dhéantar le hainmfhocail sa Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2)).

      Tá guth na caillí aistí le cloisteáil ar an taifead.
      Thaitin téama na haiste iontaí liom.
    3. I gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -íoch, athraítear -íoch go -íche, e.g., eacnamaíoch, eacnamaíche.

      Cathain a bhraithfimid deireadh na géarchéime eacnamaíche?
      Is maith an rud é fás na hearnála tionsclaíche.
    4. Féach Caibidil 2 don chur síos cuimsitheach ar athrú gutaí.

#4.4.2 Foirm an Ghairmigh Uatha

Is ionann foirm don ghairmeach uatha agus don ainmneach uatha, ach amháin i gcás aidiachtaí a gcaolaítear a gconsan deiridh sa ghinideach uatha firinscneach. I gcás na n‑aidiachtaí sin, is gnách gurb ionann foirm an ghairmigh uatha fhirinscnigh agus foirm an ghinidigh uatha fhirinscnigh, e.g., a fhir mhóir; cóta an fhir mhóir.

#4.4.3 Foirm an Iolra — Gach Tuiseal

Cuirtear -a leis na haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus -e leis na haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan caol agus coimrítear aidiachtaí áirithe (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).

Cá bhfuil na peileadóirí clúiteacha?
Foilseofar na haistí maithe san iris bhliantúil.
Bhí na daoine uaisle i láthair inné.

#4.4.4 Coimriú san Uatha agus san Iolra

Déantar coimriú sa tuiseal ginideach uatha baininscneach agus san uimhir iolra i ngach tuiseal ar na haidiachtaí sa tábla seo a leanas, i measc eile, ach ní choimrítear na foirmeacha idir lúibíní.

Tábla 4CCoimriú san Uatha agus san Iolra
Ainmneach UathaGinideach Uatha BaininscneachIolra
álainn áille áille
aoibhinn aoibhne aoibhne
bodhar (bodhaire) bodhra
daibhir daibhre daibhre
daingean daingne daingne
deimhin deimhne deimhne
dílis dílse dílse
doilbhir doilbhre doilbhre
domhain doimhne doimhne
folamh foilmhe folmha
íseal ísle ísle
láidir láidre láidre
milis milse milse
ramhar raimhre ramhra
righin righne righne
saibhir saibhre saibhre
sleamhain (sleamhaine) sleamhna
soilbhir soilbhre soilbhre
uasal uaisle uaisle

#4.5 An Dara Díochlaonadh

Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil, mar aon le roinnt aidiachtaí a chríochnaíonn ar -ir, e.g., óir, deacair, socair.

#4.5.1 Foirm an Ghinidigh Uatha

  1. Firinscneach

    Ní théann aon infhilleadh ar aidiachtaí an díochlaonta seo.

    Cá bhfuil athair an fhir chóir?
    Léigh mé tús an leabhair shuimiúil.
  2. Baininscneach

    Leathnaítear an consan deiridh agus cuirtear -a leis.

    Cá bhfuil athair na mná cáiliúla?
    Léigh mé tús na haiste deacra.

#4.5.2 Foirm an Iolra — Gach Tuiseal

  1. Leathnaítear an consan deiridh agus cuirtear -a leis mar a dhéantar sa ghinideach uatha baininscneach (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).

    Cá bhfuil na fir cháiliúla agus na mná dathúla?
    Léigh mé na dánta suimiúla inné.
  2. Coimrítear deacair, deacra; socair, socra sa ghinideach uatha agus san uimhir iolra.


#4.6 An Tríú Díochlaonadh

#4.6.1

Cuimsítear sa díochlaonadh seo aidiachtaí a chríochnaíonn ar ghuta, e.g., cliste, cróga.

#4.6.2

Ní dhéantar infhilleadh ach ar dhá aidiacht sa díochlaonadh seo: breá agus te. Athraíonn breá go breátha sa ghinideach uatha baininscneach agus san uimhir iolra agus athraíonn te go teo san uimhir iolra (ach féach lagiolraí sa ghinideach iolra, 4.3.2(b)).

Ainmneach uathaTine bhreá the a bhí ann.
Ginideach uathaDath na tine breátha te.
Ainmneach iolraLasadh na tinte breátha teo.

#4.7 Achoimre ar Dhíochlaontaí na nAidiachtaí

Tábla 4DAchoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta — Firinscneach Uatha
Ainmfhocal Firinscneach Uatha
TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Triú Díochlaonadh
Ainmneachan fear beagan fear misniúilan cóta buí
an peileadóir clúiteachan duine cóiran garda cróga
an buachaill ciúinan t‑óstóir flaithiúilan duine cuí
Gairmeacha fhir bhiga fhir mhisniúila gharda chróga
a pheileadóir chlúiteacha dhuine chóira dhuine chuí
a bhuachaill chiúina t‑óstóir fhlaithiúila fhear chliste
Tabharthach*ag an bhfear beagdon fhear misniúilar an gcóta buí
don pheileadóir clúiteachchuig an duine cóirag an ngarda cróga
leis an mbuachaill ciúinón óstóir flaithiúilleis an duine cuí
Ginideachcaipín an fhir bhigeachtra an fhir mhisniúilúinéir an chóta bhuí
ainm an pheileadóra chlúitighclann an duine chóirthar ceann an duine chuí
rang an bhuachalla chiúincomhairle an óstóra fhlaithiúilguth an gharda chróga

*Ach féach 1.7 Córas an tSéimhithe

Tábla 4EAchoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta — Baininscneach Uatha
Ainmfhocal Baininscneach Uatha
TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Triú Díochlaonadh
Ainmneachan bhean bheagan bhean ghairmiúilan éide ghalánta
an bhó álainnan tuairisc mhíosúilan aiste ghonta
an mháthair imníochan aiste dheacairan mhí fhada
Gairmeacha bhean bheaga bhean ghairmiúila bhean chróga
a aintín álainna aintín fhlaithiúila aintín ghalánta
a mháthair imníocha mháthair chóira mháthair chróga
Tabharthachdon bhean bheagdon bhean ghairmiúilar an éide ghalánta
ag an aintín álainnsa tuairisc mhíosúilsan aiste ghonta
leis an máthair imníochsan aiste dheacairden mhí fhada
Ginideachteach na mná bigemaoin na mná gairmiúlaluach na héide galánta
peata na máthar imníchefad na tuairisce mhíosúlaúdar na haiste gonta
ceol na haintín áilleteideal na haiste deacradeireadh na míosa fada
Tábla 4FAchoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta — Firinscneach Iolra
Ainmfhocal Firinscneach Iolra
TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Triú Díochlaonadh
Ainmneachna fir bheagana leabhair shuimiúlana cótaí buí
na peileadóirí clúiteachana daoine córana daoine cuí
na buachaillí ciúinena páistí flaithiúlana gardaí cróga
Gairmeacha fheara beagaa fheara misniúlaa dhaoine cuí
a pheileadóirí clúiteachaa dhaoine córaa fheara cliste
a bhuachaillí ciúinea pháistí flaithiúlaa ghardaí cróga
Tabharthachar na fir bheagado na fir mhisniúlaar na cótaí buí
na peileadóirí clúiteachaleis na daoine córaleis na daoine cuí
leis na buachaillí ciúineó na páistí flaithiúlado na gardaí cróga
Ginideachcaipíní na bhfear beagbás na bhfear misniúilúinéirí na gcótaí buí
bróga na bpeileadóirí clúiteachaclann na ndaoine córaar son na ndaoine cuí
rang na mbuachaillí ciúineairgead na bpáistí flaithiúlahataí na ngardaí cróga
Tábla 4GAchoimre ar Dhíochlaontaí na hAidiachta — Baininscneach Iolra
Ainmfhocal Baininscneach Iolra
TuisealAn Chéad DíochlaonadhAn Dara DíochlaonadhAn Triú Díochlaonadh
Ainmneachna mná beagana mná gairmiúlana héidí galánta
na haintíní áillena haintíní córana haistí gonta
na máithreacha imníochana hiníonacha flaithiúlana míonna fada
Gairmeacha mhná beagaa mhná gairmiúlaa mhná galánta
a aintíní áillea aintíní córaa iníonacha cróga
a mháithreacha imníochaa iníonacha flaithiúlaa aintíní cliste
Tabharthachdo na mná beagado na mná gairmiúlaleis na héidí galánta
ag na haintíní áilleleis na haintíní córasna haistí gonta
leis na máithreacha imníochaó na hiníonacha flaithiúlade na míonna fada
Ginideachteach na mban beagpá na mban gairmiúilluach na n‑éidí galánta
ceol na n‑aintíní áilleclann na n‑aintíní córaúdair na n‑aistí gonta
deifir na máithreacha imníochaairgead na n‑iníonacha flaithiúlatús na míonna fada

#4.8 Céimeanna Comparáide na hAidiachta

#4.8.1

  1. Is gnách gurb ionann foirm do bhreischéim agus do shárchéim aidiachta agus don ghinideach uatha baininscneach, e.g., ard, airde; breá, breátha; cóir, córa; dathúil, dathúla; deacair, deacra; díreach, dírí.

    Faigh an luach is airde air.
    Is í Ciara an cailín is dathúla sa rang.
    An rud is deacra faoin bhfilíocht, a léamh mar is cóir.
  2. Is ionann freisin foirm do bhreischéim agus do shárchéim aidiachta agus don ghinideach uatha baininscneach i gcás aidiachtaí a chríochnaíonn ar -íoch, e.g., buíoch, buíche; débhríoch, débhríche; imníoch, imníche; impíoch, impíche; taithíoch, taithíche; uathoibríoch, uathoibríche.

    Is iadsan na daoine is imníche sa tír.
    Is eisean is taithíche ar an obair seo.
    Cuirfear an córas is uathoibríche i bhfeidhm.

#4.8.2

Tá foirmeacha neamhrialta ar roinnt aidiachtaí, e.g., beag, ; dócha, dóichí; fada, faide (sia); fogas, foisce; furasta, fusa; gearr, giorra; iomaí, lia; maith, fearr; mór, ; olc, measa; te, teo.

Is é Rónán an duine is fearr sa rang.
Is í an chuimhne is faide (is sia) siar i mo cheann í.
Cé acu ceann is ?

#4.8.3 Foirmeacha ar lorg agus a

  1. I ndiaidh agus a, is cuma feidhm réamhthagrach nó feidhm iarthagrach a bheith acu, is gnách go n‑úsáidtear foirm is ionann agus foirm na breischéime den aidiacht nó foirm a dhíorthaíonn ón mbreischéim nó ón mbunchéim agus a chríochnaíonn ar -cht.

  2. Ní úsáidtear ach foirm amháin i gcás na n‑aidiachtaí seo a leanas: dócha, dóichí; dona, donacht; furasta, fusacht; gearr, giorracht; agus i gcás na leaganacha neamhrialta seo: beag, laghad; fada, fad; iomaí, liacht; maith, feabhas; mór, méad/méid; olc, olcas; tiubh, tiús.

  3. Úsáidtear méid seachas méad i gcásanna áirithe, e.g., dá mhéad airgead a bhí aici ach a mhéid is indéanta le réasún; a mhéid is gá.

B’aoibhinn liom a áille (a bhinne, a chruinne, a líofa, a réidhe, a shoiléire) a labhair sí.
Ní chreidfeá a achrannaí (a dhonacht, a olcas, a shleamhaine, a uaigní) a bhí an áit.
Fuair sé ardmholadh trína fheabhas a rinne sé an obair.
Dá chríonna (dá chróga, dá fheabhas, dá ghlice, dá oilte) é, níor éirigh an gnó leis.
Dá dhonacht (dá ghránna, dá leisciúla, dá olcas, dá shuaraí) é, caithfear glacadh leis.
Dá mhéad dúil a bhí aici ann, níor cheannaigh sí sa deireadh é.

#4.9 An Aidiacht Shealbhach

De bhrí go bhfeidhmíonn na haidiachtaí sealbhacha, mo, do, a (firinscneach agus baininscneach uatha), ár, bhur agus a (iolra) mar fhorainmneacha sa ghinideach, déantar trácht orthu i gCaibidil 8.


#4.10 An Aidiacht Thaispeántach

Is iad seo, sin, siúd agus úd na haidiachtaí taispeántacha. (Cé gur forainmnigh thaispeántacha iad seo, sin agus siúd, is minic a dhéantar tagairt dóibh mar aidiachtaí taispeántacha.)

Tá an fear seo tinn.
Beidh an buachaill seo ag teacht liom.
Is liomsa iad seo.
Níl an doras sin dúnta.
Síle is ainm don chailín sin.
Díoladh a theach siúd inné.
Is aige siúd a bhí an t‑airgead.
An bhfeiceann tú an pháirc úd thall?

#4.11 An Aidiacht Fhaisnéiseach

Is aidiacht fhaisnéiseach aidiacht atá ag cáiliú an ainmní mar fhaisnéis nó mar chuid den fhaisnéis, e.g., Nach deas é?; Tá an aimsir fuar. Ní dhéantar an aidiacht fhaisnéiseach a infhilleadh ná ní chuirtear séimhiú uirthi.

Bhí an traein folamh.
Bíonn na busanna déanach.
An bhfuil an bhean sin saibhir?
Beidh an bhainis sin mór.

#4.12 An Aidiacht Bhriathartha

#4.12.1

Feidhmíonn an aidiacht bhriathartha mar ghnáthaidiacht. Úsáidtear an aidiacht bhriathartha —

  1. mar aidiacht cháilíochta, e.g., Is bean phósta í;

  2. mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg na copaile, e.g., Ní briste atá sé;

  3. mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg an bhriathair ag léiriú staid an chuspóra tar éis an ghnímh, e.g., Is í atá tugtha don obair;

  4. mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg an bhriathair ag léiriú staid an ghníomhaí tar éis an ghnímh, e.g., Táimid beirthe go maith leis an socrú sin.