#2.1 Ginearálta
#2.1.1 Na Díochlaontaí
Roinntear na hainmfhocail ina gcúig dhíochlaonadh, de réir fhoirm a dtuisil ghinidigh, mar a léirítear i dtábla 2E.
#2.1.2 Na Tuisil
An tAinmneach agus an Cuspóireach
Is ionann foirm don dá thuiseal seo anois, san uatha agus san iolra, agus áirítear iad araon faoin teideal Ainmneach i ndíochlaonadh na n‑ainmfhocal.
An Tabharthach
Is ionann foirm freisin don tabharthach agus don ainmneach, uatha agus iolra (ach féach 2.3.3), agus áirítear an tuiseal sin freisin faoin teideal Ainmneach.
An Ginideach
Tugtar foirm an ghinidigh sna díochlaontaí éagsúla sna táblaí sa chaibidil seo agus sa chur síos ar na díochlaontaí ar leithligh.
An Gairmeach
Sa tuiseal gairmeach, cuirtear an mhír ghairmeach a roimh an ainmfhocal agus séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar a lorg. Is ionann foirm don ghairmeach agus don ainmneach ach amháin sa Chéad Díochlaonadh agus ní gá an gairmeach a shonrú ar leithligh taobh amuigh den díochlaonadh sin (féach 2.2.3 agus 2.2.4(c)).
#2.1.3 An tIolra
Is féidir iolraí na n‑ainmfhocal a roinnt ina dhá bpríomhaicme: tréaniolraí agus lagiolraí. Déantar cur síos ar an dá aicme anseo thíos:
Tréaniolraí
Tugtar tréaniolra ar iolra ainmfhocail i gcás gurb ionann foirm iolra an ainmfhocail sna tuisil go léir.
Tábla 2ASamplaí de Thréaniolraí An Díochlaonadh Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach An Chéad Díochlaonadh cás cáis cásanna cásanna ceol ceoil ceolta ceolta An Dara Díochlaonadh foirm foirme foirmeacha foirmeacha sliabh sléibhe sléibhte sléibhte An Tríú Díochlaonadh feirmeoir feirmeora feirmeoirí feirmeoirí foráil forála forálacha forálacha An Ceathrú Díochlaonadh amhránaí amhránaí amhránaithe amhránaithe gloine gloine gloiní gloiní An Cúigiú Díochlaonadh deartháir dearthár deartháireacha deartháireacha lasair lasrach lasracha lasracha Ainmfhocail Neamhrialta leaba leapa leapacha leapacha teach tí tithe tithe Lagiolraí
Tugtar lagiolra ar iolra ainmfhocail i gcás nach ionann foirm an ainmfhocail sa ghinideach iolra agus foirm an ainmfhocail sna tuisil eile san iolra. Leis an aicme sin, baineann:
Ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus a gcaolaítear a gconsan deiridh san ainmneach iolra agus sa ghinideach uatha, e.g., fear, tá na fir ag teacht, hata an fhir; eitleán, feictear na heitleáin sa spéir, athraíodh roth an eitleáin. Is sa Chéad Díochlaonadh amháin atá na hainmfhocail sin. Léirítear sampla sa tábla thíos:
Tábla 2BAn Chéad Díochlaonadh — Lagiolraí An Chéad Díochlaonadh Ainmneach Ginideach Uatha fear fir Iolra fir fear Ainmfhocail a ghabhann -a san ainmneach iolra gan coimriú ná malartú guta nó gutaí ná leathnú ar an ainmneach uatha — cailleann siad an guta deiridh -a sa ghinideach iolra. Is sa Dara Díochlaonadh is mó atá na hiolraí sin, e.g., géag crainn, do ghéaga a shíneadh, laige na ngéag. Léirítear sampla sa tábla thíos:
Tábla 2CAn Dara Díochlaonadh — Lagiolraí An Dara Díochlaonadh Ainmneach Ginideach Uatha fuinneog fuinneoige Iolra fuinneoga fuinneog Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt ainmfhocal a leanann an patrún céanna sa Chéad Díochlaonadh, e.g., úll, itheadh na húlla, blas na n‑úll; sa Tríú Díochlaonadh, e.g., tréad caorach, tréada is comhaltas, seoladh na dtréad; agus sa Cheathrú Díochlaonadh, e.g., gach aon neach, na neacha daonna, teacht na neach neamhshaolta.
Dornán ainmfhocal sa Dara Díochlaonadh, e.g., súil, leath na súile uirthi, radharc na súl; dornán sa Tríú Díochlaonadh, e.g., mionn, na mionnaí marbha, dar bhrí na mionn; dornán sa Cheathrú Díochlaonadh, e.g., bó, tá na ba sa gharraí, cró na mbó; dornán sa Chúigiú Díochlaonadh, e.g., caora, tá na caoirigh ann, líon na gcaorach; agus corr-ainmfhocal neamhrialta, e.g., bean, tá na mná ag teacht, hataí na mban; a bhfuil foirm leithleach orthu sa ghinideach iolra. Léirítear samplaí sa tábla thíos:
Tábla 2DLagiolraí Eile — Samplaí An Díochlaonadh Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach An Dara Díochlaonadh ealaín ealaíne ealaíona ealaíon súil súile súile súl An Tríú Díochlaonadh mionn mionna mionnaí mionn An Ceathrú Díochlaonadh bó bó ba bó grásta grásta grásta grást An Cúigiú Díochlaonadh caora caorach caoirigh caorach lacha lachan lachain lachan Ainmfhocail Neamhrialta bean mná mná ban olann olla olanna olann
#2.1.4 Caolú
Is é is caolú ann consan leathan a dhéanamh caol. Cuirtear -i- roimh an gconsan deiridh chun caolú a chur in iúl, e.g., cnoc, cnoic. Déantar an caolú céanna i gcás consan deiridh a bhfuil ae roimhe, e.g., aer, aeir.
Is iondúil go n‑athraítear gutaí áirithe nuair a chaolaítear an consan ina ndiaidh:
- -ea- agus -io- go -i-, e.g., ceann, cinn; fionn, finn (ach in ainmfhocail aonsiollacha áirithe ea- go ei-, e.g., each, eich);
- -éa- agus -ia- go -éi-, e.g., béal, béil; iasc, éisc;
- -ío- go -í-, e.g., síol, síl;
- in ainmfhocail ilsiollacha, -ach go -aigh, -each go -igh, -íoch go -ígh, e.g., bithiúnach, bithiúnaigh; cléireach, cléirigh; gaiscíoch, gaiscígh. Baineann an t‑athrú sin leis na hainmfhocail aonsiollacha seo a leanas a scríobhtaí tráth mar fhocail dhéshiollacha, e.g., dúch, dúigh; fiach, fiaigh; agus le corr-ainmfhocal aonsiollach eile, e.g., fraoch, fraoigh.
#2.1.5 Leathnú
Is é is leathnú ann consan caol a dhéanamh leathan. Déantar an -i- roimh an gconsan deiridh a ligean ar lár chun ainmfhocal a leathnú, e.g., athair, athar; droim, droma.
Is iondúil go n‑athraítear gutaí áirithe mar a leanas nuair a leathnaítear iad:
- -ei- agus -i- go -ea-, e.g., greim, greama; mil, meala;
- -éi- go -éa-, e.g., úinéir, úinéara;
- -oi- agus -ui- go -o-, e.g., fuil, fola; toil, tola.
#2.1.6 Coimriú
Is é is coimriú ann guta nó gutaí atá gairid neamhaiceanta a ligean ar lár as focal nuair a dhéantar infhilleadh air, e.g., cathair, cathrach; obair, oibre.
#2.1.7 An Comhfhocal
Déantar comhfhocal nuair a cheanglaítear dhá fhocal nó níos mó le chéile, e.g., bunscoil; príomhoifigeach; ríomheolaíocht. Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., deargbhuile; rósghairdín, ach amháin nuair a thagann d, n, t, l nó s le chéile, e.g., antráth; catsúil. Úsáidtear an fleiscín i gcomhfhocal:
- idir dhá ghuta, e.g., fo-aicme; mí-ádh; mí-iompar; ró-olc;
- idir comhchonsain, e.g., droch-chaint; gearr-rás; gnáth-thuarastal;
- idir dhá réimír, e.g., comh-cheolfhoireann; mór-cheoldráma; sin-seanathair;
- i gcásanna inar bhaol go mbeadh an comhfhocal do-aitheanta d’éagmais an fhleiscín, mar shampla idir na réimíreanna do-, fo-, so- agus focail dar tús bha-, bhla-, bhra-, dha-, gha-, ghla-, ghra-, mha-, e.g., do-ghlanta; fo-bhaile; so-mharaithe;
- i dteidil shainiúla agus ceannlitreacha orthu, e.g., an Ard-Chúirt; an tArd-Aighne; an Príomh-Aire; an Príomh-Bhreitheamh;
- i ndiaidh an- (réimír threise) agus i ndiaidh dea-, e.g., an-aimsir; dea-bhéas. Tabhair faoi deara nach séimhítear an dara focal i gcomhfhocal i ndiaidh an- nuair a thagann d, t nó s ar a lorg, e.g., an-duine is ea é; an-drochaimsir (féach 10.2.12).
Nóta
- Cuirtear dhá fhleiscín i gcomhfhocal nuair is gá ar mhaithe leis an tsoiléireacht, e.g., an-dea-aimsir; an-droch-chaint; iar-nua-aimseartha; an Leas-Phríomh-Aire.
- Ní gá fleiscín a chur i dtéarma riaracháin ina bhfuil níos mó ná réimír amháin má tá brí an téarma soiléir gan é, e.g., comhfhochoiste; roghfhochoiste.
- Tabhair faoi deara, má tá iar ag teacht roimh theideal a thosaíonn ar cheannlitir, nach gá fleiscín a chur idir iar agus an teideal, e.g., an t‑iarArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
#2.1.8 Gearrléiriú ar na Díochlaontaí
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
#2.2 An Chéad Díochlaonadh
#2.2.1 An tUatha
Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann formhór na n‑ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn ar chonsan leathan san ainmneach uatha. Is firinscneach do na hainmfhocail go léir sa chéad díochlaonadh.
#2.2.2 An Ginideach Uatha
- Sa ghinideach uatha, caolaítear an consan deiridh, e.g., bord, boird; nuachtán, nuachtáin.
- Gabhann na hathruithe a luaitear faoi 2.1.4 leis an gcaolú ach ní athraítear -ia- go -éi- sna hainmfhocail seo: Brian, Briain; cliant, cliaint; fiar, fiair; giar, giair; rian, riain; srian, sriain; agus trian, triain.
- Athraítear mac go mic sa ghinideach uatha agus san ainmneach iolra.
- Sa ghinideach uatha, athraítear -ea- go -i-, e.g., breac, bric; cuireadh, cuiridh; leiceann, leicinn; seachas i gcás ainmfhocail aonsiollacha áirithe, e.g., each, eich.
#2.2.3 An Gairmeach Uatha
- Is ionann foirm de ghnáth don ghairmeach uatha agus don ghinideach uatha, e.g., a Chorcaígh, a mhic, a Sheáin.
Ní gnách, áfach, infhilleadh sa ghairmeach uatha:
- ar shlua-ainmneacha, e.g., a chomhthionól; a phobal;
- ar ainmfhocail a úsáidtear le brí mheafarach nó mar ainmneacha ceana, e.g., a cheann cipín; a chumann; a ghrá geal; a rós geal; a rún; a stór;
- ar ainmfhocal a bhfuil ginideach cinnte faoi réir aige, e.g., a Chléireach na Dála; a fhear an tí; a scáthán an chirt; a shólás na ndobrónach;
- ar theideal oifige ilfhoclach, e.g., a Cheann Comhairle; a Oifigeach Ealaíon; a Cheann Scoile.
#2.2.4 An tIolra
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo. Is lagiolraí iad na hainmfhocail a gcaolaítear a ndeireadh, e.g., amhrán; amhráin; nó a gcuirtear -a leo gan aon athrú eile, e.g., nod; noda; úll; úlla; san ainmneach iolra. Tréaniolraí is ea na hainmfhocail eile.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Chéad Díochlaonta le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcaolaítear an consan deiridh agus go n‑athraítear -(e)ach go -(a)igh.
Tréaniolraí
Tábla 2FTréaniolraí sa Chéad Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Tréaniolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Gach Tuiseal Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta, -tha san iolraFormhór na n‑ainmfhocal aonsiollach ina bhfuil guta fada (nó défhoghar) agus a chríochnaíonn ar -l, -n (ach ní ar -ll, -nn) san ainmneach uatha. Cuirtear -tha san iolra le corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -r (ach ní ar -rr) san ainmneach uatha.braon braoin braonta fál fáil fálta glór glóir glórtha líon lín líonta pór póir pórtha tuar tuair tuartha Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -aí, -í san iolraAinmfhocail ilsiollacha áirithe a chríochnaíonn ar -ch, agus roinnt ar -dh, san ainmneach uatha, mar aon le roinnt ainmfhocail eile.árthach árthaigh árthaí cladach cladaigh cladaí (gin. iol. cladach) cúram cúraim cúraimí daichead daichid daichidí margadh margaidh margaí Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -taí, -thaí san iolra aonach aonaigh aontaí dearcadh dearcaidh dearcthaí toradh toraidh torthaí Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -anna san iolra cás cáis cásanna praghas praghais praghsanna saghas saghais saghsanna Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -e san iolra agus a dhéantar a choimriú bóthar bóthair bóithre doras dorais doirse uasal uasail uaisle Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra cineál cineáil cineálacha coinníoll coinníll coinníollacha tobar tobair toibreacha Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra claíomh claímh claimhte muileann muilinn muilte smaoineamh smaoinimh smaointe Ainmfhocail ilghnéitheacha breitheamh breithimh breithiúna briathar briathair briathra gníomh gnímh gníomhartha scaitheamh scaithimh scaití Lagiolraí
Tábla 2GLagiolraí sa Chéad Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Lagiolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach Ainmfhocail a chaolaítear san ainmneach iolra amhrán amhráin amhráin amhrán beithíoch beithígh beithígh beithíoch foirgneamh foirgnimh foirgnimh foirgneamh iasc éisc éisc iasc Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san ainmneach iolra bruach bruaigh bruacha bruach ceap cip ceapa ceap giall géill gialla giall úll úill úlla úll An Gairmeach Iolra
Is ionann foirm don ghairmeach iolra agus don ainmneach iolra ach amháin i gcás na lagiolraí. Is gnách -a a chur le foirm an ainmnigh uatha de na hainmfhocail sin chun an gairmeach iolra a dhéanamh, e.g., Corcaíoch, a Chorcaíocha; fear, a fheara; Gael, a Ghaela.
#2.3 An Dara Díochlaonadh
#2.3.1 An tUatha
Críochnaíonn ainmfhocail an díochlaonta seo ar chonsan, leathan nó caol, san ainmneach uatha. Is baininscneach dóibh uile seachas im agus sliabh.
#2.3.2 An Ginideach Uatha
- Cuirtear -e leis an ainmneach uatha agus más consan leathan is críoch dó caolaítear é, e.g., bróg, bróige; coill, coille; earr, eirre; ach amháin i gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach.
- I gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach, déantar -(a)í den -(e)ach, e.g., scornach, scornaí; cailleach, caillí.
- Gabhann na hathruithe a luaitear faoi 2.1.4 leis an gcaolú faoi réir na n‑ainmfhocal seo a leanas:
- -ea- go -ei-, e.g., beach, beiche (athraítear -ea- go -i- san ainmfhocal aonsiollach, e.g., beann, binne; cearc, circe; agus sa siolla neamhaiceanta d’ainmfhocail ilsiollacha, e.g., bruinneall, bruinnille; ficheall, fichille); agus
- -ia- go -i- san fhocal scian, scine.
#2.3.3 An Tabharthach Uatha
Tá dhá fhoirm den tabharthach uatha ann i gcás ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan:
- foirm is ionann agus foirm an ainmnigh uatha;
- seanfhoirm leithleach nach n‑úsáidtear ach in abairtíní seanbhunaithe, e.g., cur i gcéill; cur dá chois; airgead ar láimh; bolg le gréin; imithe le gealaigh; cur de láimh; faoi bhois an chait; bíonn a chroí ar a bhois i gcónaí aige; ar éill; etc.
#2.3.4 An tIolra
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Dara Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar -e agus go gcaolaítear an consan deiridh más consan leathan é, agus i gcás ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach, go n‑athraítear -(e)ach go -(a)í.
Tréaniolraí
Tábla 2HTréaniolraí sa Dara Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Tréaniolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Gach Tuiseal Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san iolra agus a ndéantar coimriú, leathnú nó malartú ar a ngutaí dabhach daibhche dabhcha roinn roinne ranna scian scine sceana Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)anna san iolra áit áite áiteanna blaosc blaoisce blaoscanna im ime imeanna Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -í san iolraAinmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha.abairt abairte abairtí cáipéis cáipéise cáipéisí earráid earráide earráidí Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolraAinmfhocail aonsiollacha, agus ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha (seachas iníon a chríochnaíonn ar chonsan leathan).bainis bainise bainiseacha iall éille iallacha iníon iníne iníonacha maidin maidine maidineacha Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta san iolraRoinnt ainmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar -l nó -n leathan san ainmneach uatha.buíon buíne buíonta grian gréine grianta steall steille steallta Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolraCorr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -l nó -n caol san ainmneach uatha.aill aille aillte bléin bléine bléinte linn linne linnte Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -e san iolra agus a dhéantar a choimriú caingean caingne caingne coinneal coinnle coinnle foireann foirne foirne maighean maighne maighne Ainmfhocail ilghnéitheacha culaith culaithe cultacha gualainn gualainne guaillí sliabh sléibhe sléibhte uair uaire uaireanta Lagiolraí
Tábla 2ILagiolraí sa Dara Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Lagiolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach Ainmfhocail aonsiollacha agus ilsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan san ainmneach uatha agus a gcuirtear -a leo san ainmneach iolra gan aon athrú eile amharclann amharclainne amharclanna amharclann beach beiche beacha beach dallóg dallóige dallóga dallóg gealach gealaí gealacha gealach girseach girsí girseacha girseach maighdean maighdine maighdeana maighdean Ainmfhocail a leathnaítear agus a chríochnaíonn ar -a san ainmneach iolra cill cille cealla ceall deoir deoire deora deor ealaín ealaíne ealaíona ealaíon rinn rinne reanna reann Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol san ainmneach uatha agus a chríochnaíonn ar -e san ainmneach iolra ainimh ainimhe ainimhe aineamh dúil dúile dúile dúl glúin glúine glúine glún súil súile súile sú
#2.4 An Tríú Díochlaonadh
#2.4.1 An tUatha
- Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -áil, -aíl, -cht, -éir, -eoir, -irt, -óir, -úil, -úint, -úir (seachas i gcás ainmneacha tíortha atá sa Dara Díochlaonadh, e.g., an Ailgéir, an Bhrasaíl, an Iodáil).
- Is leis an díochlaonadh seo freisin a bhaineann roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan, leathan nó caol, san ainmneach uatha. I gcás na n‑ainmfhocal sin, críochnaíonn an ginideach uatha ar -a agus leathnaítear an consan deiridh más gá, e.g., buachaill, buachalla; gleann, gleanna (féach 2.1.5).
#2.4.2 An Ginideach Uatha
- Mar a luadh in (b) thuas, críochnaíonn an ginideach uatha ar -a.
- Is iondúil go n‑athraítear -io- go -ea- sa ghinideach uatha i gcás ainmfhocail aonsiollacha, e.g., crios, creasa; lios, leasa; ach cion (sa bhrí coir), ciona.
- Ligtear an -t ar lár sa ghinideach uatha as ainmfhocail a chríochnaíonn ar -int, e.g., oiliúint, oiliúna (ach amháin sna heisceachtaí cogaint, coganta; cosaint, cosanta; seachaint, seachanta). Déantar -th- den -t i gcás ainmfhocail a chríochnaíonn ar -irt, e.g., imirt, imeartha.
#2.4.3 An tIolra
Tá idir lagiolraí agus tréaniolraí sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Tríú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sna táblaí ina dhiaidh seo, is é sin, go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar -a agus go leathnaítear an consan deiridh más consan caol é.
Tréaniolraí
Tábla 2JTréaniolraí sa Tríú Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Tréaniolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Gach Tuiseal Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í san iolraAinmfhocail ilsiollacha (firinscneach seachas corrcheann, e.g., altóir, seanmóir) a chríochnaíonn ar -éir, -eoir, -óir, -úir, agus ainmfhocail ilsiollacha (baininscneach seachas corrcheann, e.g., bunreacht, comhlacht, complacht, gnólacht) a chríochnaíonn ar -cht, -irt, -úint san ainmneach uatha.athnuachan athnuachana athnuachaintí bagairt bagartha bagairtí báicéir báicéara báicéirí beannacht beannachta beannachtaí dlíodóir dlíodóra dlíodóirí dochtúir dochtúra dochtúirí eisiúint eisiúna eisiúintí múinteoir múinteora múinteoirí Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)anna san iolraAinmfhocail fhirinscneacha ilsiollacha (seachas roinnt ainmfhocal atá baininscneach, e.g., cuid, dleacht, troid, uaim).droim droma dromanna rang ranga ranganna troid troda troideanna Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -a san iolra agus a ndéantar coimriú, leathnú nó malartú ar a ngutaí feadhain feadhna feadhna gamhain gamhna gamhna slios sleasa sleasa Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -acha san iolraAinmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -l, -n nó -r caol (eisceachtaí: anam, anama, anamacha; úim, úma, úmacha) san ainmneach uatha.Tabhair faoi deara gur mar sin a chumtar ginideach uatha ainmfhocal a chríochnaíonn ar -aíl freisin, e.g., feadaíl, feadaíola; sceamhaíl, sceamhaíola.admháil admhála admhálacha barúil barúla barúlacha fíniúin fíniúna fíniúnacha onóir onóra onóracha Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ta san iolraAinmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar -l nó -n leathan (firinscneach) nó caol (baininscneach) san ainmneach uatha.cion (sa bhrí coir) ciona cionta feoil feola feolta gleann gleanna gleannta Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolra cluain cluana cluainte móin móna móinte táin tána táinte Ainmfhocail ilghnéitheachaanacair anacra anacraí buachaill buachalla buachaillí conradh conartha conarthaí maitheas maitheasa maitheasaí roth rotha rothaí Lagiolraí
Tábla 2KLagiolraí sa Tríú Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Lagiolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach Ainmfhocail ilghnéitheacha béas béasa béasa béas dreas dreasa dreasa dreas mionn mionna mionnaí mionn tréad tréada tréada tréad treas treasa treasa treas
#2.5 An Ceathrú Díochlaonadh
#2.5.1 An tUatha
- Is leis an díochlaonadh seo a bhaineann ainmfhocail fhirinscneacha a chríochnaíonn ar -ín, díspeagthaí a chríochnaíonn ar -ín, formhór na n‑ainmfhocal a chríochnaíonn ar ghuta, agus líon beag ainmfhocail eile.
- Is firinscneach freisin d’ainmneacha ceirde a chríochnaíonn ar -(a)í nó -aire, e.g., ceannaí, cócaire.
- Is baininscneach d’ainmfhocail theibí a chríochnaíonn ar -e agus a chumtar ó aidiachtaí, e.g., airde, gile, saoirse.
#2.5.2 An Ginideach Uatha
- Ní théann aon athrú foirme ar ainmfhocail an díochlaonta seo sa ghinideach uatha.
- Is baininscneach de ghnáth don díspeagadh -ín, más focal baininscneach coitianta an bunfhocal. Tá eisceachtaí ann, e.g., paidir (bain.), paidrín (fir.); toit (bain.), toitín (fir.). Is mar ainmfhocal firinscneach, áfach, a dhíochlaontar gach díspeagadh sa ghinideach agus sa ghairmeach uatha, e.g., an bheainín bheag, teach an bheainín bhig, a bheainín bhig.
- Tá roinnt ainmfhocal sa Díochlaonadh seo nach bhfuil aon uimhir iolra acu, e.g., cruach (sa bhrí miotal), dóthain, gorta, lucht (sa bhrí daoine), oiread, tobac.
#2.5.3 An tIolra
Tréaniolraí atá ag formhór mór na n‑ainmfhocal sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Cheathrú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an uatha sa tábla ina dhiaidh seo, is é sin, gurb ionann foirm an ghinidigh uatha agus foirm an ainmnigh uatha.
Tréaniolraí
Tábla 2LTréaniolraí sa Cheathrú Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Tréaniolraí Uatha Gach Tuiseal Gach Tuiseal Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í san iolraAinmfhocail a chríochnaíonn ar -a, -e, -ín san uatha.altra altraí báidín báidíní fáinne fáinní Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -te san iolraCorr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -le, -ne san uatha.baile bailte sloinne sloinnte tine tinte Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(i)the san iolraAinmfhocail a chríochnaíonn ar -(a)í, -aoi, -é san uatha (ní ghiorraítear -í- sna hainmfhocail aonsiollacha, seachas ní, nithe).ainmhí ainmhithe draoi draoithe giúiré giúiréithe rí ríthe Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -nna san iolraAinmfhocail a chríochnaíonn ar -á, -ao, -eá, -eo, -ia, -ó, -ogha, -ú, -ua san uatha.bogha boghanna ceo ceonna cnó cnónna cú cúnna grua gruanna íomhá íomhánna lao laonna meá meánna nia nianna Roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan san uatha agus a gcuirtear -(e)anna leo san iolra gan aon athrú eile bus busanna seic seiceanna téacs téacsanna Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -ite san iolra comhrá comhráite cró cróite crú crúite rá ráite slua sluaite Ainmfhocail ilghnéitheacha achainí achainíocha airí airíonna aithne aitheanta aturnae aturnaetha bó ba (gin. iol. bó) cine ciníocha claí claíocha duine daoine gabha gaibhne gnó gnóthaí oíche oícheanta slí slite teanga teangacha
#2.6 An Cúigiú Díochlaonadh
#2.6.1 An tUatha
- Is baininscneach d’fhormhór na n‑ainmfhocal sa díochlaonadh seo.
- Is leis an díochlaonadh seo freisin a bhaineann roinnt ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta san ainmneach uatha agus ar chonsan leathan (-ch, -d, -(n)n, -r) sa ghinideach uatha.
#2.6.2 An tIolra
Tréaniolraí atá ag formhór mór na n‑ainmfhocal atá sa díochlaonadh seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil patrún an Chúigiú Díochlaonadh le feiceáil i gcolún an ghinidigh uatha sa tábla ina dhiaidh seo, is é sin, críochnaíonn an ginideach uatha ar na consain leathana -ch, -d, -(n)n, -r (seachas correisceacht, e.g., Nollaig, Nollag).
Tréaniolraí
Tábla 2MTréaniolraí sa Chúigiú Díochlaonadh — Samplaí Aicmí Tréaniolraí Uatha Iolra Ainmneach Ginideach Gach Tuiseal Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolraAinmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -il, -in, -ir san ainmneach uatha (eisceacht: siúr, siúrach). Sa ghinideach uatha, leathnaítear consan deiridh ainmfhocal aonsiollach, agus ainmfhocal eile nach ndéantar coimriú orthu, agus cuirtear -ach leo (eisceacht: cathaoir, cathaoireach).Coimrítear ainmfhocail ilsiollacha más guta gearr atá sa siolla deiridh acu agus cuirtear -(e)ach leo.cathair cathrach cathracha draein draenach draenacha litir litreach litreach rial rialach rialacha traein traenach traenacha treoir treorach treoracha triail trialach trialacha uimhir uimhreach uimhreacha Corr-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -inn, -ir san ainmneach uatha, a leathnaítear sa ghinideach uatha agus a chríochnaíonn ar -(e)acha san iolra.(Eisceacht: bráthair, bráthar, bráithre.)abhainn abhann aibhneacha máthair máthar máithreacha teorainn teorann teorainneacha Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -na, -ne san iolraAinmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar ghuta san ainmneach uatha agus ar -n sa ghinideach uatha (eisceachtaí: díle, díleann, dílí; lacha, lachan, lachain (gin. iol. lachan)).ceathrú ceathrún ceathrúna comharsa comharsan comharsana (gin. iol. comharsana) ionga iongan ingne leite leitean — monarcha monarchan monarchana pearsa pearsan pearsana (gin. iol. pearsan) Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -idí san iolraCorr-ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn ar -d sa ghinideach uatha.Tabhair faoi deara go mbaineann daichead (daichid, daichidí) leis an gcéad díochlaonadh.fiche (tabh. uatha fichid) fichead fichidí tríocha tríochad tríochaidí ceathracha ceathrachad ceathrachaidí caoga caogad caogaidí seasca seascad seascaidí seachtó seachtód seachtóidí ochtó ochtód ochtóidí nócha nóchad nóchaidí Ainmfhocail ilghnéitheacha bráid brád bráide cara carad cairde caora caorach caoirigh (gin. iol. caorach) Éire (tabh. uatha Éirinn) Éireann — namhaid namhad naimhde Nollaig Nollag Nollaigí
#2.7 Ainmfhocail Neamhrialta
Ní fhreagraíonn infhilleadh na n‑ainmfhocal seo a leanas d’aon cheann de na díochlaontaí:
| Uatha | Iolra | |
|---|---|---|
| Ainmneach | Ginideach | Gach Tuiseal |
| bean | mná | mná (gin. iol. ban) |
| deirfiúr | deirfiúracha | deirfiúracha |
| deoch | deochanna | deochanna |
| dia | déithe | déithe |
| lá | lae | laethanta |
| leaba | leapa | leapacha |
| mí | míosa | míonna |
| olann | olla | olanna (gin. iol. olann) |
| talamh (fir.) | talaimh (fir.) talún (bain.) | tailte |
| teach | tí | tithe |