Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Caibidil 8 | An Forainmneach

#8.1 Ginearálta

#8.1.1

Ar na forainmnigh, áirítear na forainmnigh phearsanta, na haidiachtaí sealbhacha (a fheidhmíonn mar aidiachtaí agus mar fhorainmnigh), na forainmnigh réamhfhoclacha, na forainmnigh cheisteacha agus na forainmnigh thaispeántacha.


#8.2 Na Forainmnigh Phearsanta

#8.2.1

Is iad seo a leanas foirmeacha na bhforainmneach pearsanta.

Tábla 8ANa Forainmnigh Phearsanta
Na BunfhoirmeachaNa Foirmeacha Treise
An Uimhir UathaAn Uimhir IolraAn Uimhir UathaAn Uimhir Iolra
An Chéad Phearsasinn, muidmisesinne, muidne
An Dara Pearsatú, thúsibhtusa, thusasibhse
An Triú Pearsa (fir.)sé, ésiad, iadseisean, eiseansiadsan, iadsan
An Tríú Pearsa (bain.)sí, ísise, ise

#8.2.2

Úsáidtear thú (thusa) mar chuspóir briathair, e.g., aithním thú; molaim thú; agus nuair is ainmní é ar lorg na faisnéise in abairt chopaileach, e.g., Mo náire thú; Is oibrí díograiseach thú.

Níor dhearmad sé thú riamh.
An é sin an áit ar rugadh thú?
Thréig sí thú ar fhear eile.
Ní aithnímse thusa.
Chugam aniar thú!
Is fearrde thú an sos.

#8.2.3

Úsáidtear (tusa) i ngach cás eile.

An bhfaca clár na dtorthaí aréir?
Ní bheadh an bua againn gan .
Is tusa an captaen.
tusa níos láidre ná eisean.
Nach tusa an maor dóiteáin?

#8.2.4

Sa tríú pearsa uatha agus iolra, is iad na foirmeacha (seisean), (sise) agus siad (siadsan) a úsáidtear mar ainmní an bhriathair (seachas an chopail).

Tháinig (sí, siad) isteach.
Bíonn seisean (sise, siadsan) déanach go minic.
An ndearna (sí, siad) an dinnéar?

#8.2.5

Úsáidtear é (eisean), í (ise) agus iad (iadsan) i ngach cás eile.

Leag an ghaoth é.
Is mar sin is fearr é.
An é Micheál a chaill an t‑airgead?
Níl san oifig inniu ach eisean.
Chuaigh Tomás agus í ar saoire inné.
Í a phógadh is ea a rinne sé.
féin?
Bhí buaite agam murach ise.
An ndeachaigh sé amach chun iad a cheannach?
Ar deireadh thiar thall, fuair sé iad.
Is cuimhin liom iadsan ag caint air.
Iadsan a rinne é.

#8.2.6

Is é an forainmneach firinscneach uatha é a úsáidtear in abairtí mar seo a leanas d’ainneoin ainmfhocal baininscneach a bheith iontu: is é mo thuairim; is é an aidhm; is é an bhrí; is é mo bharúil. Is ag tagairt don tuairim, don aidhm, don bhrí, etc. seachas don ainmfhocal féin atá an forainmneach.

Is é mo thuairimse gur fiú imeacht anois.
Is é an aidhm atá leis líon na mac léinn a mhéadú.
Is é an bhrí atá le “Coimisiún” an Coimisiún Eorpach.
Is é mo bharúilse nár chóir dó éirí as.
Is é an fhadhb go bhfuil sé ró-leisciúil.

#8.2.7

Ní shéimhítear na forainmnigh phearsanta i ndiaidh réamhfhocal a dtagann séimhiú ar a lorg.

Ar imigh sé gan sinn?
Níor bhuail mé riamh le daoine mar sibh.

#8.3 Na hAidiachtaí Sealbhacha

#8.3.1

Sa tábla thíos, léirítear na haidiachtaí sealbhacha agus na hathruithe tosaigh a leanann iad. Is iad na leaganacha treise, agus ainmfhocail ag gabháil leo, atá leagtha amach sa tábla. Cuirtear fleiscín idir dhá s, e.g., mo phas-sa, agus idir dhá n, e.g., ár n‑arán-na. Mura mbíonn treise i gceist, fágtar na hiarmhíreanna -sa (-se), -san (-sean), -na (-ne) ar lár.

Tábla 8BNa hAidiachtaí Sealbhacha
An tUathaAn tIolra
An Chéad Phearsa
  • mo chapallsa
  • mo phas-sa
  • mo bhailese
  • m’athairse
  • ár mbádna
  • ár n‑arán-na
  • ár bpáircne
  • ár n‑earraíne
An Dara Pearsa
  • do chapallsa
  • do phas-sa
  • do bhailese
  • d’athairse
  • bhur mbádsa
  • bhur n‑aránsa
  • bhur bpáircse
  • bhur n‑earraíse
An Triú Pearsa (fir.)
  • a chapallsan
  • a phas-san
  • a bhailesean
  • a athairsean
  • a mbádnasan
  • a n‑aránsan
  • a bpáircnsan
  • a n‑earráinsan
An Tríú Pearsa (bain.)
  • a capallsa
  • a pas-sa
  • a bailese
  • a hathairse
An bhfaca tú mo mhálasa?
Cad a tharla dár mbronntanaisne?
Chaill siad a gcluichesean.

#8.3.2

Is féidir na foirmeacha treise den fhorainmneach pearsanta (seisean, sise, siadsan) a úsáid freisin chun treise a chur in iúl, e.g., a gheansaí seisean; a cóta sise; a dteach siadsan.

Ní raibh mórán i gceist lena mhodúil seisean.
An bhfaca tú a carr sise?
Tá neart le déanamh ar a bhfeirm siadsan.

#8.3.3

I gcás ina bhfuil an bhunuimhir dhá idir an aidiacht shealbhach agus an t‑ainmfhocal, ní ar an mbunuimhir ach ar an ainmfhocal a dhéantar na hathruithe tosaigh.

Tábla 8CAn Aidiacht Shealbhach agus dhá
An tUatha
(i ndiaidh dhá)
An tIolra
(i ndiaidh dhá)
An Chéad Phearsa
  • mo dhá charr
  • mo dhá úll
  • mo dhá fheirm
  • ár dhá gcarr
  • ár dhá n‑úll
  • ár dhá bhfeirm
An Dara Pearsa
  • do dhá charr
  • do dhá úll
  • do dhá fheirm
  • bhur dhá gcarr
  • bhur dhá n‑úll
  • bhur dhá bhfeirm
An Triú Pearsa (fir.)
  • a dhá charr
  • a dhá úll
  • a dhá fheirm
  • a dhá gcarr
  • a dhá n‑úll
  • a dhá bhfeirm
An Tríú Pearsa (bain.)
  • a dhá carr
  • a dhá húll
  • a dhá feirm
Buail do dhá bhos ar a chéile.
Thit sí ar a dhá glúin. (bain.)
Ar dhíol siad a dhá n‑árasán? (iol.)

#8.3.4

Chun feidhm forainmnigh shealbhaigh a chomhlíonadh —

  1. úsáidtear aidiacht shealbhach móide ceanncuid arna threisiú le hiarmhír, e.g., mo cheannsa; a gcuidsean; nó
  2. úsáidtear aidiacht shealbhach móide cuid arna threisiú le hiarmhír agus leis an ainmfhocal, e.g., ár gcuidne airgid; bhur gcuidse iarrachtaí.
Tábla 8DAn Aidiacht Shealbhach agus ceanncuid
An tUathaAn tIolraAn tUathaAn tIolra
An Chéad Phearsamo cheannsaár gceann-namo chuidseár gcuidne
An Dara Pearsado cheannsabhur gceannsado chuidsebhur gcuidse
An Triú Pearsa (fir.)a cheannsana gceannsana chuidseana gcuidsean
An Tríú Pearsa (bain.)a cheannsaa cuidse
Is é sin mo cheannsa.
Cé acu ceann a ceannsa?
Cá bhfuil bhur gcuidse?
Ní bhfuair siad a gcuidsean.
Déan do chuidse oibre.
Mhill sé a chuidsean gruaige.
Is é ár gcuidne airgid é.
An bhfaca tú mo chinnse?

#8.3.5

Chun aidiacht shealbhach a úsáid mar chuspóir ainm bhriathartha, cuirtear an réamhfhocal do roimh an aidiacht shealbhach sa chéad agus sa dara pearsa, uatha agus iolra, agus cuirtear á roimh an tríú pearsa, uatha agus iolra, mar seo a leanas:

Tábla 8EAn Aidiacht Shealbhach mar Chuspóir Ainm Bhriathartha
An tUathaAn tIolraAn tUathaAn tIolra
An Chéad Phearsado m’ainmniúdár n‑ainmniúdo mo thástáildár dtástáil
An Dara Pearsado d’ainmniúdo bhur n‑ainmniúdo do thástáildo bhur dtástáil
An Triú Pearsa (fir.)á ainmniúá n‑ainmniúá thástáilá dtástáil
An Tríú Pearsa (bain.)á hainmniúá tástáil
Ná bí do mo chéasadh!
An bhfuil an obair á déanamh agaibh?
Bhí sé dár gcuardach.

#8.3.6

Má tá aidiacht shealbhach ar lorg réamhfhocail, ní dhéantar cumasc idir an réamhfhocal agus an aidiacht shealbhach i gcásanna den sórt seo a leanas.

Bhí carr ag mo mháthair nuair a bhí sí óg.
Ar thug tú bronntanas do do mháthair?
Cad a thug tú do d’athair?
Bhí hata ar a cheann. (fir.)
Bhí caipín ar a ceann. (bain.)
Tugadh an t‑uisce as ár dtobarna.
An grianghraf de bhur dteach é?
Tá siad géar as a mbarr.

#8.3.7

I gcás na réamhfhocal de agus do, déantar cumasc idir an réamhfhocal agus an aidiacht shealbhach sa tríú pearsa, uatha agus iolra, agus sa chéad phearsa iolra mar a leanas:

de + a
do + a
de + árdár
do + árdár
Bhain sé an hata dá cheann. (fir.)
Bhain sí an hata dá ceann. (bain.)
Bhain siad na hataí dá gceann. (iol.)
Thug sé dá athair é. (fir.)
Thug sí dá hathair é. (bain.)
Thug siad dá n‑athair é. (iol.)
Scaoileamar dár ngreim.
Thugamar dár n‑aintíní iad.

#8.3.8

Cuirtear n idir na réamhfhocail faoi, i, le, ó agus trí agus an aidiacht shealbhach nó an mhír a sna cásanna seo a leanas:

  1. an aidiacht shealbhach;

    Fuair sé inár gcarr é.
    Labhair sé faoina mhac.
  2. an mhír uimhriúil a;

    Beidh mé ann faoina sé a chlog.
    Beidh an scannán ar siúl óna ceathair a chlog.
  3. an mhír theibí a;

    Fuair sé ardmholadh trína fheabhas a rinne sé an obair.
    Ní raibh mé sásta lena fhad a thóg sé.
  4. i bhfrásaí amhail a lán; a leithéid; a thuilleadh;

    Ceadófar post lánaimseartha ina leithéid de chás.
    Fuair sí billí óna lán siopadóirí.
  5. an mhír choibhneasta a;

    Sin an t‑áras ina seolfar an leabhar.
    Cuir ríomhphost chugam faoina bhfuil socraithe agat.
    Chuaigh sí go dtí a teach tar éis na hoibre.
    Ní dheachamar go dtí ár gcóisir féin.
    Níor thosaigh an léacht go dtí a cúig a chlog.
    Bhíomar ann go dtí a dó dhéag.

#8.3.9

Cuirtear n idir an réamhfhocal ar agus an aidiacht shealbhach a chun arna a chruthú. Réitíonn an t‑ainm briathartha le hinscne agus le huimhir an ainmfhocail a thagann roimhe, e.g., leabhar arna eisiúint; tuarascáil arna seoladh; doiciméid arna bhfoilsiú.

Measfar é a bheith arna thoghadh faoin Acht seo. (fir.)
Ciallaíonn "Cúirt Chuarda" an Chúirt Chuarda arna bunú le dlí. (bain.)
Déanfar é faoi réir rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt 7. (iol.)

#8.4 Na Forainmnigh Réamhfhoclacha

Tábla 8FNa Forainmnigh Réamhfhoclacha
An tUathaAn tIolra
An Chéad PhearsaAn Dara PearsaAn Triú Pearsa (fir.)An Tríú Pearsa (bain.)An Chéad PhearsaAn Dara PearsaAn Triú Pearsa
ag agamagataigeaiciagainnagaibhacu
ar ormortairuirthiorainnoraibhorthu
as asamasatasaistiasainnasaibhastu
chuig chugamchugatchuigechuicichugainnchugaibhchucu
de díomdíotdedidínndíbhdíobh
do domduitdidúinndaoibhdóibh
faoi fúmfútfaoifúithifúinnfúibhfúthu
fara faramfaratfairisfaraefarainnfaraibhfaru
i ionamionatannintiionainnionaibhiontu
idir ----eadrainneadraibheatarthu
ionsar ionsormionsortionsairionsuirthiionsorainnionsoraibhionsorthu
le liomleatleisléilinnlibhleo
ó uaimuaituaidhuaithiuainnuaibhuathu
roimh romhamromhatroimheroimpiromhainnromhaibhrompu
thar tharamtharatthairisthairstitharainntharaibhtharstu
trí tríomtríottrídtríthitrínntríbhtríothu
um umamumatuimeuimpiumainnumaibhumpu
Tabhair faoi deara:
  1. Chun treise a léiriú leis na forainmnigh réamhfhoclacha, déantar cumasc idir na forainmneacha réamhfhoclacha agus na hiarmhíreanna -sa (-se), -san (-sean), -ne , e.g., agamsa, agatsa, aigesean, aicise, againne, agaibhse, acusan.
  2. Déantar -nne de -nn + -ne, e.g., againne, orainne, etc., agus cuirtear fleiscín idir dhá s, e.g., as-san, leis-sean, thairis-sean.

#8.5 Na Forainmnigh Cheisteacha

#8.5.1

Is iad , cad, agus céard na forainmnigh cheisteacha.

bhfuil tú ag dul?
ndeachaigh sé ar maidin?
Cad as duit?
Cad mar gheall ar an gceann seo?
atá ag teacht?
na ceisteanna atá agat?
Céard a tharla aréir?
Céard a rinne siad tar éis na hoibre?

#8.5.2

Cuirtear h roimh fhocal dar tús guta ar lorg (féach 10.11.4).

Cá háit a ndeachaigh siad?
Cá huair a bheidh tú ag filleadh?
Cá hiontas?
Cá haois é?

#8.5.3

Cuirtear h roimh na forainmnigh é (eisean), í (ise) agus iad (iadsan) ar lorg (féach 10.13.1)).

Cé hé an fear sin?
Cé hí féin?
Cé hiad na saineolaithe?
Cé hiadsan?

#8.5.4

Ní shéimhítear na forainmnigh cheisteacha (féach 10.5.2), ach déantar cumasc idir , agus an chopail chun na foirmeacha cár, cárb, cárbh, cér, cérb agus cérbh a chruthú (féach 7.3.1). Déantar cumasc idir agus an t‑alt uatha an chun cén a chruthú.

Cár chuir tú é?
Cárb as thú?
Cárbh ard é?
Cér de/díobh é?
Cérb é sin?
Cérbh iad na cuairteoirí?
Cén t-achar anseo tú?
Cén dochar é?

#8.5.5

Úsáidtear an leagan firinscneach uatha den fhorainmneach réamhfhoclach nó den aidiacht shealbhach a in abairtí ceisteacha, beag beann ar uimhir nó inscne an ní nó na nithe dá bhfuiltear ag tagairt, e.g., Cé leis a raibh tú ag caint? (is ag tagairt d’fhear, do bhean nó do ghrúpa atá leis); Cé ina aghaidh a raibh siad ag imirt? (is ag tagairt d’fhear, do bhean nó do ghrúpa atá an aidiacht shealbhach a).

Cad é a chuir tú ann?
aige a bhfuil na ticéid?
Céard faoi a bhfuil sibh ag caint?

#8.6 Na Forainmnigh Thaispeántacha

#8.6.1

Is forainmnigh thaispeántacha iad seo, sin agus siúd. Úsáidtear na forainmnigh thaispeántacha ar cheithre bhealach:

  1. go comhaisnéiseach le forainmneach atá roimhe, e.g., Is bronntanas é sin; Tabhair cabhair dóibh seo; Cá bhfuil a cóipleabhar siúd?; dá rachaidís siúd;
  2. go comhaisnéiseach roimh an bhforainmneach pearsanta, e.g., Sin é an bronntanas; Seo é an cóipleabhar; Siúd iad na múinteoirí; Siúd í an traein chugainn;
  3. thar ceann an fhorainmnigh phearsanta, e.g., Tá sin álainn; Ith seo; An bhfuil siúd amhlaidh?; D’imigh siúd leis an mbus; Sin madra; Seo an mála; Siúd an fhírinne; Cad seo?; Cé sin?; Sin sin; mar seo; go dtí sin; gan siúd a ól;
  4. le feidhm dhobhriathair, e.g., chomh híseal seo (sin, siúd); chomh mór seo (sin, siúd).

#8.6.2

Is minic a úsáidtear na foirmeacha eo, in agus iúd in ionad seo, sin agus siúd ar lorg na copaile. Tabhair faoi deara nach n‑úsáidtear na leaganacha eo, iniúd tar éis is.

B’eo an áit.
heo é an leabhar.
Nach eo é mo chótasa?
B’in é é.
hin mar a bheadh an cás.
Dúirt sí gurb in é an fear.
B’iúd iad ag imeacht ar cosa in airde.
Is dócha gurbh iúd é é.
An iúd iad na comharsana?

#8.6.3

Is cumasc idir é agus rud é an forainmneach taispeántach éard a úsáidtear ar lorg na copaile.

Is éard is cúram dúinne airgead a thabhairt on loan.
Ba éard a bhí mé a rá go mbeidh sé críochnaithe go luath.
Shílfeadh duine gurb éard atá á chur i gcéill agat ná go ndearnadh d’aon ghnó é.
An éard atá beartaithe foirgneamh nua a thógáil ann?