#1.1 Ginearálta
#1.1.1
Alt amháin atá sa Ghaeilge — an t‑alt cinnte. Deirtear gur ainmfhocal cinnte ainmfhocal atá faoi réir ag an alt. Tá dhá fhoirm den alt ann: an agus na. Is roimh an ainmfhocal a chuirtear an t‑alt, e.g., an baile; an mhír; na caoirigh; teach na cúirte; nó roimh cibé focal a chuirtear roimh an ainmfhocal lena cháiliú, e.g., an uile dhuine; scéal mhadra na n‑ocht gcos; tús na chéad seachtaine. Is féidir an t‑alt a chur in ionad na haidiachta sealbhaí, e.g., Tá an croí ag cur air; Bhí an ghrian ag baint na súl asam.
#1.1.2
Is litir bheag a bhíonn ar an alt i lár abairte, e.g., Nach raibh tú ag an Oireachtas i mbliana?; Bhí aithne mhaith agam ar an Seabhac; ach amháin i gcásanna áirithe amhail teidil foilseachán, e.g., Cé a scríobh An tOileánach?
#1.1.3
Má tá teideal a bhfuil an t‑alt ann (féach 1.1.5 (a), (b) agus (c)) á scríobh ina aonar, mar shampla ar fhógra poiblí nó ar cheannpháipéar, cuirtear an t‑alt leis i gcónaí agus is ceannlitir a bhíonn air, e.g., An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh; Na Coimisinéirí Ioncaim; An Ceoláras Náisiúnta.
#1.1.4
Cuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus guta, ach amháin nuair is ceannlitir an guta, e.g., an t‑ospidéal, an tAlbanach. Ní chuirtear fleiscín idir an réamhlitir t agus s, e.g., an tsaoirse; an tSionainn; tús an tsaoil; ná idir an réamhlitir h agus guta, e.g., na hainmneacha; lár na habairte; stair na hUachtaránachta.
#1.1.5
Úsáidtear an t‑alt sna cásanna seo a leanas.
Teidil oifige, e.g., an tAire Airgeadais, an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, an Taoiseach, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
Beidh an tAire Airgeadais ag freastal ar an gcruinniú. Cá bhfuil an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin? Tá an Taoiseach ag labhairt leis na daltaí. An é sin Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe? Teidil ranna rialtais agus comhlachtaí stáit, e.g., an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Oifig um Rialú Tobac, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Is san fhoirgneamh sin thall atá an Roinn Oideachais agus Scileanna. Chuaigh Seán go dtí an Oifig um Rialú Tobac. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an-ghnóthach. Seo an Phríomh-Oifig Staidrimh. Teideal duine roimh ainm dílis, e.g., an tAthair Peadar Ua Laoghaire, an Captaen Ó Murchú, an tUachtarán Mhic Róibín, an Teachta de Barra, an Múinteoir Ailbhe, an Pápa Eoin Pól II, an Rí Anraí VIII.
Ba é an tAthair Peadar Ua Laoghaire a scríobh an dráma An Sprid. Labhair an Captaen Ó Murchú leis na himreoirí. Bhí an tUachtarán Mhic Róibín le feiceáil sa ghrianghraf. Beidh an Dochtúir de Barra ar saoire ar feadh seachtaine. Tá an Múinteoir Ailbhe i bhfeighil ar rang a sé i mbliana. Is í an Bhanríon Elsa a Dó atá sa scannán. Féilte, e.g., an Nollaig, an Cháisc, an Carghas.
Tá an Nollaig ag teannadh linn. Is i mí an Mhárta a bheid an Cháisc i mbliana. Rinne mé an Carghas ar an ól. Tabhair faoi deara nach n‑úsáidtear an t‑alt i leaganacha dobhriathartha áirithe, e.g., faoi Cháisc, um Nollaig, faoi Bhealtaine.
Laethanta na seachtaine, e.g., an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin.
Is é an Luan an lá is ansa liom. Téim ag snámh ar an Máirt. Inniu an Chéadaoin. Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear an dobhriathar ama Dé in ionad an ailt nuair atáthar ag tagairt do lá áirithe, e.g., Bhí mé ag caint leis Dé Céadaoin seo caite.
Má tá réamhfhocal á úsáid roimh lá áirithe, déantar an t‑alt a chumasc leis an réamhfhocal, e.g., Ní mór na hiarratais a bheith faighte faoin Aoine, an 16 Bealtaine.
Míonna na bliana
Úsáidtear an t‑alt leis na míonna Márta, Bealtaine, Meitheamh, Samhain agus Nollaig. Ní úsáidtear an t‑alt leis na míonna eile, ach amháin sa leagan calctha san Aibreán.
Is minic a bhíonn mí Eanáir níos fuaire ná mí na Nollag. Tá an Cháisc i mí an Mhárta seachas mí Aibreáin i mbliana. Dátaí
Is cóir an t‑alt a úsáid nuair a dhéantar tagairt do dhátaí in abairt.
Ba chóir é a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain. Beidh an chóisir ar síúl ar an 12 Aibreán. Baineann na ráitis airgeadais leis an mbliain dar chríoch an 31 Nollaig 2014. Pósfaidh siad an 26 Feabhra. Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar tar éis an 7 Márta 2016. Nuair atá an dáta leis féin — ar bharr litreach, nó mar dháta le sonrasc nó le hAcht, etc. — fágtar an t‑alt ar lár, e.g., 26 Feabhra 2014.
Ainmneacha bailte, sléibhte agus aibhneacha
- Roinnt cathracha agus bailte, e.g., an Aithin, na Cealla Beaga, na Gleannta, an tSnaidhm, an Spidéal.
- Cnoic agus sléibhte áirithe, e.g., na hAindéis, na hAlpa, an Bhograch, an Chearc, na Comaraigh, an Earagail, na Himiléithe, an Mhucais.
- Formhór na n‑aibhneacha, e.g., an Bhóinn, an Danóib, an Life, an Phó, an Réin, an Róin, an tSéin, an tSionainn, an Tibir.
Rinne mé an Mhucais a shiúl inné. Ar bhuaigh an Spidéal an cluiche? Bhí an tSionainn le feiceáil ón eitleán. Ainmneacha tíortha agus réigiún
Gabhann an t‑alt le hainmneacha tíortha agus réigiún más rud é go bhfuil an t‑ainmfhocal baininscneach agus:
- má chríochnaíonn sé ar chonsan caol, e.g., an Airgintín, an Albáin, an Bhaváir, an Chatalóin, an Eastóin, an Eoraip, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Mhacadóin, an Namaib, an Phacastáin, an tSeineagáil, an Spáinn, an tSúdáin;
- má chríochnaíonn sé ar -ia, e.g., an India, an Laitvia, an tSiria;
- má chríochnaíonn sé ar -e, -é, e.g., an Chóiré, an Chrimé, an Ghuine, an tSile.
Tá roinnt ainmneacha tíortha agus réigiún ann a chríochnaíonn ar chonsan caol ach nach ngabhann an t‑alt leo, e.g., Bairéin, Beinin, Cuáit, Éimin, Guadalúip, Lichtinstéin, Mósaimbíc, nó atá san uimhir uatha agus a chríochnaíonn ar -í agus nach ngabhann an t‑alt leo, e.g., Geansaí, Geirsí, Háítí, Haváí, Mailí, Taihítí. Ní úsáidtear an t‑alt ach amháin sa ghinideach i gcás Albain, Éire (féach 3.1.4).
Is tír álainn í an Fhrainc. Luaitear Mósaimbíc sa leabhar. Ní ghabhann an t‑alt le hainmneacha tíortha agus réigiún más rud é go bhfuil an t‑ainmfhocal firinscneach agus:
- má chríochnaíonn sé ar chonsan leathan, e.g., Barbadós, Eacuadór, Guam, Hondúras, Natal, Óman, Sead, Siam, Suranam;
- má chríochnaíonn sé ar -eo, -ó, e.g., Boirneo, Maracó, Meicsiceo, Monacó, Samó (eisceacht: an Congó);
- má chríochnaíonn sé ar -a, -á, -iú, -ua, e.g., Alasca, Ceanada, Cúba, Gána, Meiriceá, Nicearagua, Panama, Papua, Paragua, Peiriú, Sasana;
- má chríochnaíonn sé ar -ael, e.g., Iosrael.
Gabhann an t‑alt le hainmneacha tíortha agus réigiún is ainmfhocail san uimhir iolra, e.g., na hAsóir, na Bahámaí, na Garbhchríocha, na Scigirí.
I Muir Chairib atá na Bahámaí. Rinneadh an scannán a thaifeadadh sna Garbhchríocha.
Paidreacha agus roisc chatha áirithe, e.g., an Choróin Mhuire, an Ghlóir, an Dord Fiann.
Dúradh an Ghlóir i lár an Aifrinn. Ní minic a chloistear an Dord Fiann. Dúirt sé an Choróin Mhuire os ard. Úsáid dháileach
Úsáidtear an t‑alt chun ráta a chur in iúl nuair a bhíonn an bhrí gach ceann ar leithligh nó in aghaidh i gceist.
Dhíol sé na leabhair ar euro an ceann. Eagraítear comóradh uair sa bhliain. Bhí mála an duine ag na páistí scoile. Brí theibí nó brí choincheapúil a bheith leis an ainmfhocal
Nuair a bhíonn an t‑ól istigh, bíonn an chiall amuigh. Ní maith í an fhearg. Tugadh isteach an colscaradh in Éirinn roinnt blianta ó shin. Is rud nua í an taiscéalaíocht sa spás. Ní féidir taisteal san am. Inseoidh an aimsir. Is maith an t‑anlann an t‑ocras. Tabhair faoi deara nach nós an t‑alt a úsáid i nathanna áirithe, e.g., Tá ciall cheannaithe aige; ná nuair nach bhfuil brí ghinearálta leis an ainmfhocal, e.g., Bhí ocras orm; Tá siad i ngrá.
Tinnis áirithe, e.g., an ailse, an déideadh, an titimeas, an bhruitíneach.
Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí. An bhfuil leigheas ar an titimeas? Teangacha, e.g., an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Béarla.
Is í an Ghaeilge teanga ár sinsear. Labhraítear an Ghearmáinis san Ostair. Bhí an Béarla go maith aici. Tabhair faoi deara go ligtear an t‑alt ar lár mura bhfuil an bhrí forleathan, e.g., Tá Fraincis aici; Cuir i nGaeilge é; rang Iodáilise.
#Na Tuisil
Cúig thuiseal atá sa Ghaeilge: an tuiseal ainmneach, an tuiseal cuspóireach, an tuiseal tabharthach, an tuiseal ginideach agus an tuiseal gairmeach (féach 2.1.2). Sna táblaí a leanas, taispeántar na hathruithe a dhéantar ar an alt agus ar thúslitir an ainmfhocail bunaithe ar cheithre ní — inscne, tuiseal, uimhir agus túslitir an ainmfhocail. Féach freisin Caibidil 10 le haghaidh eolas breise ar na hathruithe tosaigh.
#1.2 An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Cuspóireach Uatha
| ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
#1.3 An Tuiseal Tabharthach Uatha
#1.3.1
Tugtar an tuiseal tabharthach ar an tuiseal a thagann i ndiaidh na réamhfhocal a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, fara, go, i, ionsar, le, ó, roimh, trí agus um. Is de réir mar atá leagtha amach sna táblaí ina dhiaidh seo a phléitear le hainmfhocail ar lorg an ailt sa tuiseal tabharthach uatha.
#1.3.2
Is é an tuiseal ainmneach a leanann na focail ach, amhail, gan, go dtí, idir, mar, murach, ná agus seachas agus an t‑alt, e.g., gan an t‑uisce; idir an t‑am sin agus an t‑am seo; mar an t‑aistriúchán. Úsáidtear an tuiseal tabharthach sa leagan calctha mar an gcéanna.
#1.3.3
Cuirtear gnáthrialacha an tabharthaigh i bhfeidhm ar mhúnlaí den saghas seo: réamhfhocal + ainmfhocal + a + ainm briathartha, e.g., leis an ngnó a dhéanamh; as an árasán a dhíol.
#1.3.4
I gcás na réamhfhocal de, do, faoi, i agus ó, déantar cumasc idir an réamhfhocal agus an t‑alt san uimhir uatha, mar a léirítear thíos.
| de + an | → | den |
| do + an | → | don |
| faoi + an | → | faoin |
| i + an | → | sa, san |
| ó + an | → | ón |
#1.3.5
Bíonn foirmeacha ar leith ar na réamhfhocail sa tábla thíos nuair a thagann siad roimh an alt san uimhir uatha.
| fara + an | → | fairis an |
| le + an | → | leis an |
| trí + an | → | tríd an |
#1.4 An Tuiseal Tabharthach Uatha — An Córas Lárnach
#1.4.1
Maidir le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha dar tús consan (seachas d, t agus s), cuirtear séimhiú orthu i ndiaidh den, don, sa/san agus urú i ngach cás eile, mar a léirítear sa tábla thíos.
| An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| ag an bhfear maith | ag an gcuideachta bheag |
| ar an mbosca dearg | ar an mbean shaibhir |
| as an ngleann mór | as an bpáirc chéanna |
| chuig an gCoimisinéir coinsiasach | chuig an mbean ghairmiúil |
| den chrann caol | den bhean fhlaithiúil |
| don fhear trom | don chuideachta ghnóthach |
| fairis an ngarda béasach | fairis an mbean chairdiúil |
| faoin bhfógra práinneach | faoin ngrian bhreá |
| sa bhosca buí sa fhraoch bán ACH i gcás f roimh ghuta: san fhéar fliuch | sa chomhairle shóisialta sa fhrithréabhlóid fhíochmhar ACH i gcás f roimh ghuta: san fharraige ghlan |
| leis an bhfasach cruinn | leis an mbáisteach throm |
| ón gcaisleán fuar | ón gcathair mhór |
| roimh an gcruinniú tábhachtach | roimh an mbainis bheag |
| thar an gcnoc bán | thar an bhfarraige chiúin |
| tríd an ngairdín breá | tríd an bhfuinneog ghorm |
| um an mBille fada | um an ngníomhaireacht reachtúil |
#1.4.2
Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha dar tús s sa tuiseal tabharthach. Cuirtear t roimh s ar ainmfhocail bhaininscneacha (seachas i gcás ainmfhocail dar tús sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv- a fhágtar lom) mar a léirítear sa tábla thíos.
| An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús s | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| Gan athrú | Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv- |
| ag an Seapánach cliste | ag an tseanmháthair bhocht |
| ar an suíochán fliuch | ar an tsráid ghlan |
| as an sailéad blasta | as an tsaoire bhliantúil |
| chuig an Seanadóir nuacheaptha | chuig an tsatailít mhór |
| den saighdiúir sásúil | den tslándáil shóisialach |
| don Seanad nua | don tsaoirse cheart |
| fairis an saineolaí lách | fairis an tseanbhean shaibhir |
| faoin sonrasc déanach | faoin tslí dhíreach |
| sa soitheach gorm | sa tseacláid mhilis |
| leis an salann bán | leis an tslat fhada |
| ón suirbhé pearsanta | ón scoil bheag |
| roimh an samhradh fada | roimh an tseachtain mhór |
| thar an seol mór | thar an tSionainn fhada |
| tríd an sorcas mór | tríd an tseift chliste |
| um an sainchomhairleoir cruinn | um an tseirbhís mhaith |
#1.4.3
Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús guta.
| An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús Guta | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| ag an Albanach ciallmhar | ag an aeráid ghaofar |
| ar an eitleán dubh | ar an olann bhán |
| as an uisce glan | as an iris cháiliúil |
| chuig an Aire ilteangach | chuig an Ostair shléibhtiúil |
| den alt fada | den uimhir chruinn |
| don údarás céanna | don obair chrua |
| fairis an oifigeach múinte | fairis an ógbhean chliste |
#1.4.4
Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús d agus t.
| An Córas Lárnach — Ainmfhocail dar tús d agus t | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| faoin dréimire bhriste | faoin deacracht bhreise |
| sa theas mór | sa deoch fhuar |
| leis an duine ciúin | leis an taithí mhaith |
| ón deartháir cineálta | ón teanga líofa |
| roimh an tarbh fiáin | roimh an deighilt mhór |
| thar an teach gorm | thar an diallait nua |
| tríd an talamh crua | tríd an drochaimsir ghránna |
| um an dlí coiriúil | um an tagairt chuí |
#1.5 An Tuiseal Ginideach Uatha
#1.5.1
Is gnách foirm an ghinidigh a úsáid i gcás go bhfuil an t‑ainmfhocal faoi réir ag ceann de na nithe seo a leanas —
ainmfhocal eile:
Cár fhág tú eochair an chairr? Tá muintir na háite sásta le foireann na leabharlainne. ainm briathartha:
Is maith leis na gasúir a bheith ag réiteach an dinnéir. Is í Síle atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana. réamhfhocal comhshuite, e.g., faoi chomhair, i gcás, le haghaidh:
Bíonn an cat ina shuí ansin os comhair na tine gach uile oíche. Ba iad na hailtirí a bhí i mbun an scrúdaithe. ceann de na focail cois, dála, fearacht, timpeall, trasna:
Chuala mé go ndeachaigh sibh ar thuras timpeall an domhain. Shiúlamar cois na habhann. an réamhfhocal chun:
Tá an grúpa uile ag dul chun na Spáinne i mí Iúil. Rinne siad achomharc chun na cúirte.
Féach 3.3 le haghaidh cásanna ina n‑úsáidtear foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh.
#1.5.2
Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
| ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
*Is iad seo na consain inséimhithe: b, c, d, f, g, m, p, s agus t
#1.6 An tIolra
#1.6.1 An Tuiseal Ainmneach Iolra agus an Tuiseal Cuspóireach Iolra
Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ainmneach iolra agus sa tuiseal cuspóireach iolra.
| Firinscneach agus Baininscneach | |||
|---|---|---|---|
| Túslitir an Ainmfhocail | Foirm an Ailt | An Tionchar ar an Túslitir | Samplaí |
| Consan | na | gan aon athrú |
|
| Guta | na | h roimhe |
|
#1.6.2 An Tuiseal Tabharthach Iolra
Leanann an tuiseal tabharthach na réamhfhocail a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, fara, go, i, ionsar, le, ó, roimh, trí agus um. Déantar cumasc idir an réamhfhocal i agus an t‑alt san uimhir iolra: i + na = sna. Tá foirm ar leith ar fara agus le roimh an alt san uimhir iolra: fara, fairis; le, leis. Léirítear sa tábla thíos an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal tabharthach iolra.
| Firinscneach agus Baininscneach | |||
|---|---|---|---|
| Túslitir an Ainmfhocail | Foirm an Ailt | An Tionchar ar an Túslitir | Samplaí |
| Consan | na | gan aon athrú |
|
| Guta | na | h roimhe |
|
#1.6.3 An Tuiseal Ginideach Iolra
Sa tábla thíos, léirítear an tionchar a bhíonn ag an alt ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.
| Firinscneach agus Baininscneach | |||
|---|---|---|---|
| Túslitir an Ainmfhocail | Foirm an Ailt | An Tionchar ar an Túslitir | Samplaí |
| Consan inuraithe* | na | urú |
|
| Guta | na | urú |
|
*Is iad seo na consain inuraithe: b, c, d, f, g, p agus t.
#1.7 An Tuiseal Tabharthach Uatha — Córas an tSéimhithe
#1.7.1
Sa tuiseal tabharthach uatha amháin, tá rogha eile ann ar a dtugtar Córas an tSéimhithe. Moltar cloí le córas amháin — an Córas Lárnach nó Córas an tSéimhithe — agus gan na córais a mheascadh.
#1.7.2
Is ionann na rialacha a bhaineann leis an tuiseal tabharthach iolra sa Chóras Lárnach agus i gCóras an tSéimhithe (féach 1.6.2).
#1.7.3
I gCóras an tSéimhithe, cuirtear séimhiú ar ainmfhocail dar tús consan (seachas d, t agus s) agus ar na haidiachtaí a ghabhann leo. Féach an tábla thíos.
| Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús Consan seachas d, t agus s | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| ag an fhear mhaith | ag an chuideachta bheag |
| ar an bhosca dhearg | ar an bhean shaibhir |
| as an ghleann mhór | as an pháirc chéanna |
| chuig an Choimisinéir choinsiasach | chuig an bhean ghairmiúil |
| den chrann chaol | den bhean fhlaithiúil |
| don fhear throm | don chuideachta ghnóthach |
| fairis an gharda bhéasach | fairis an bhean chairdiúil |
| faoin fhógra phráinneach | faoin ghrian bhreá |
| sa bhosca bhuí sa fhraoch bhán ACH i gcás f roimh ghuta: san fhéar fhliuch | sa chomhairle shóisialta sa fhrithréabhlóid fhíochmhar ACH i gcás f roimh ghuta: san fharraige ghlan |
| leis an fhasach chruinn | leis an bháisteach throm |
| ón chaisleán fhuar | ón chathair mhór |
| roimh an chruinniú thábhachtach | roimh an bhainis bheag |
| thar an chnoc bhán | thar an fharraige chiúin |
| tríd an ghairdín bhreá | tríd an fhuinneog ghorm |
| um an Bhille fhada | um an ghníomhaireacht reachtúil |
#1.7.4
Maidir le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha dar tús s, cuirtear t roimh an s (seachas i gcás ainmfhocail dar tús sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv- a fhágtar lom) mar a léirítear sa tábla thíos.
| Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús s | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| Cuirtear t roimh an s, seachas i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- nó sv- | |
| ag an tSeapánach chliste | ag an tseanmháthair bhocht |
| ar an tsuíochán fhliuch | ar an tsráid ghlan |
| as an tsailéad bhlasta | as an tsaoire bhliantúil |
| chuig an tSeanadóir nuacheaptha | chuig an tsatailít mhór |
| den tsaighdiúir shásúil | den tslándáil shóisialach |
| don tSeanadóir nua | don tsaoirse cheart |
| fairis an tsaineolaí lách | fairis an tseanbhean shaibhir |
| faoin tsonrasc déanach | faoin tslí dhíreach |
| sa tsoitheach ghorm | sa tseacláid mhilis |
| leis an tsalann bhán | leis an tslat fhada |
| ón tsuirbhé phearsanta | ón scoil bheag |
| roimh an tsamhradh fhada | roimh an tseachtain mhór |
| thar an tseol mhór | thar an tSionainn fhada |
| tríd an tsorcas mhór | tríd an tseift chliste |
| um an tsainchomhairleoir chruinn | um an tseirbhís mhaith |
#1.7.5
Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús guta. Féach an tábla thíos.
| Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús Guta | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| ag an Albanach chiallmhar | ag an aeráid ghaofar |
| ar an eitleán dhubh | ar an olann bhán |
| as an uisce ghlan | as an iris cháiliúil |
| chuig an Aire ilteangach | chuig an Ostair shléibhtiúil |
| den alt fhada | den uimhir chruinn |
| don údarás chéanna | don obair chrua |
| fairis an oifigeach mhúinte | fairis an ógbhean chliste |
#1.7.6
Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail fhirinscneacha ná ar ainmfhocail bhaininscneacha dar tús d agus t. Féach an tábla thíos.
| Córas an tSéimhithe — Ainmfhocail dar tús d agus t | |
|---|---|
| Firinscneach | Baininscneach |
| faoin dréimire bhriste | faoin deacracht bhreise |
| sa theas mhór | sa deoch fhuar |
| leis an duine chiúin | leis an taithí mhaith |
| ón deartháir chineálta | ón teanga líofa |
| roimh an tarbh fhiáin | roimh an deighilt mhór |
| thar an teach ghorm | thar an diallait nua |
| tríd an talamh chrua | tríd an drochaimsir ghránna |
| um an dlí choiriúil | um an tagairt chuí |