Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Caibidil 9 | An Uimhir

#9.1 Ginearálta

#9.1.1

Is iad na príomhleaganacha den uimhir sa Ghaeilge an Mhaoluimhir, an Bhunuimhir, an Uimhir Phearsanta, an Orduimhir, an Codán agus an Uimhir Dheachúlach.

  1. An Mhaoluimhir

    Tugtar maoluimhir ar uimhir nach dtagann ainmfhocal go díreach ar a lorg. Úsáidtear an mhaoluimhir i gcomhaireamh lom, e.g., a haon; a cúig; a deich (féach 9.2).

  2. An Bhunuimhir

    Tugtar bunuimhir ar uimhir a chuirtear roimh ainmfhocal chun líon rudaí a chur in iúl, e.g., trí leabhar; seacht gcupán; naoi mbád (féach 9.3).

  3. An Uimhir Phearsanta

    Tugtar uimhir phearsanta ar uimhir a úsáidtear chun daoine a chomhaireamh, e.g., beirt bhan; ceathrar daltaí; ochtar feirmeoirí (féach 9.4).

  4. An Orduimhir

    Tugtar orduimhir ar uimhir lena gcuirtear ionad ruda i sraith rudaí in iúl, e.g., an chéad teach; an dara bean; an fichiú haois (féach 9.5).

  5. An Codán

    Cainníocht uimhriúil nach slánuimhir (uimhir iomlán) is ea an codán, e.g., ceathrú (1/4); ceithre chúigiú (4/5); cúig shéú (5/6) (féach 9.6).

  6. An Uimhir Dheachúlach

    Bealach eile chun cainníocht uimhriúil nach slánuimhir a chur in iúl, agus úsáid á baint as an bpointe deachúlach, is ea an uimhir dheachúlach, e.g., 3.1; 7.5; 18.49; 34.023 (féach 9.7).

#9.1.2

Tugtar rogha idir dhá chóras chun déileáil le bunuimhreacha agus le huimhreacha pearsanta sa scríbhneoireacht: an Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe. Úsáidtear an Córas Seanbhunaithe le huimhreacha ó 1–19 i gcónaí. Is féidir an Córas Seanbhunaithe nó an Córas Simplithe a úsáid le huimhreacha ó 20 ar aghaidh.


#9.2 An Mhaoluimhir

Tugtar maoluimhir ar uimhir a úsáidtear i gcomhaireamh lom nuair nach gcuirtear líon nó ord rudaí nó daoine in iúl, e.g., a haon; a trí déag; a tríocha trí; céad nócha a cúig; míle, ceithre chéad seachtó a naoi.

#9.2.1 Na Maoluimhreacha 0–99

  1. Cuirtear an mhír a roimh uimhreacha ó 1–19, e.g., a haon; a dó; a trí; bus a ceathair; a hocht déag; agus i gcás 20–99 (seachas na deicheanna), cuirtear í roimh an uimhir dheiridh, e.g., fiche a haon; daichead a sé; seachtó a hocht.

  2. Tá comhstádas ag na focail ceathracha agus daichead.

Seo mar a scríobhtar na maoluimhreacha ó 0–19.

Tábla 9ANa Maoluimhreacha 0–19
Na Maoluimhreacha 0–19
0–10náid/neamhní, a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich
11–19a haon déag, a dó dhéag, a trí déag, a ceathair déag, a cúig déag, a sé déag, a seacht déag, a hocht déag, a naoi déag

Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear an mhaoluimhir i gcúrsaí ama, e.g., a haon a chlog; a seacht a chlog; a fiche tar éis a cúig. Seo mar a scríobhtar an t‑am i bhfoirm figiúirí: 5.30 p.m.; 4.26 p.m.; 13:00; 16:47.

Seo mar a scríobhtar na maoluimhreacha ó 20–99. Tugtar an córas iomlán idir 20 agus 29 sa tábla agus tugtar samplaí i gcás na ndeicheanna eile.

Tábla 9BNa Maoluimhreacha 20–99
Na Maoluimhreacha 20–99
20–29fiche, fiche a haon, fiche a dó, fiche a trí, fiche a ceathair, fiche a cúig, fiche a sé, fiche a seacht, fiche a hocht, fiche a naoi60–69seasca, seasca a haon, seasca a dó, seasca a trí, seasca a ceathair, seasca a cúig, seasca a sé …
30–39tríocha, … tríocha a ceathair, tríocha a cúig, tríocha a sé …70–79seachtó, … seachtó a seacht, seachtó a hocht, seachtó a naoi
40–49daichead/ceathracha, daichead a seacht/ceachreacha a seacht, daichead a hocht/ceathracha a hocht, daichead a naoi/ceathracha a naoi80–89ochtó, ochtó a haon, ochtó a dó, ochtó a trí …
50–59caoga, caoga a haon, caoga a dó, caoga a trí …90–99nócha, nócha a ceathair, nócha a cúig, nócha a sé …

#9.2.2 Na Maoluimhreacha 100+

  1. Is ainmfhocail iad na huimhreacha céad, míle, milliún, billiún, etc. Dá bhrí sin, is é córas na mbunuimhreacha a úsáidtear má tá na huimhreacha 2–19 roimh shraith náideanna a fhreagraíonn do céad, míle, milliún, billiún, etc., e.g., ceithre chéad; dhá chéad míle; naoi milliún déag; dhá bhilliún; ocht mbilliún (féach 9.3 An Bhunuimhir).
  2. Ní dhéantar athrú tosaigh ar an ainmfhocal i ndiaidh na ndeicheanna, e.g., fiche míle; tríocha milliún; etc.
Tábla 9CNa Maoluimhreacha Na Deicheanna
Na Maoluimhreacha Na Deicheanna
100céad200dhá chéad
1,000míle4000ceithre míle
1,000,000milliún5,000,000cúig milliún
1,000,000,000billiún17,000,000,000seacht mbilliún déag
Tábla 9DNa Maoluimhreacha 100–9,999
Na Maoluimhreacha 100–9,999
103céad trí1,001míle a haon
115céad a cúig déag1,126míle, céad is fiche a sé
120céad fiche1,230míle, dhá chéad tríocha
181céad ochtó a haon2,915dhá mhíle, naoi gcéad a cúig déag
273dhá chéad seachtó a trí3,824trí mhíle, ocht gcéad fiche a ceathair
355trí chéad caoga a cúig4,733ceithre mhíle, seacht gcéad tríocha a trí
446ceithre chéad daichead a sé5,642cúig mhíle, sé chéad daichead a dó
519cúig chéad a naoi déag6,551sé mhíle, cúig chéad caoga a haon
657sé chéad caoga a seacht7,460seacht míle, ceithre chéad seasca
734seacht gcéad tríocha a ceathair8,379ocht míle, trí chéad seachtó a naoi
818ocht gcéad a hocht déag9,288naoi míle, dhá chéad ochtó a hocht
999naoi gcéad nócha a naoi9,999naoi míle, naoi gcéad nócha a naoi

#9.2.3 Na Maoluimhreacha 10,000+

  1. Tá dhá chóras ann chun na maoluimhreacha os cionn 10,000 a chur in iúl — córas na mbunuimhreacha agus córas na maoluimhreacha.
  2. I gcóras na mbunuimhreacha leanann ord na bhfocal rialacha na mbunuimhreacha, e.g., 24,000 — ceithre mhíle is fiche (féach tábla 9N). Faoi chóras na maoluimhreacha, úsáidtear an mhaoluimhir móide an t‑ainmfhocal lom (céad, míle, etc.) gan chlaochlú, e.g., 24,000 — fiche a ceathair míle.

Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear is i gcóras na mbunuimhreacha os cionn 10,000 ach nach n‑úsáidtear é sna maoluimhreacha eile.

Seo mar a scríobhtar na maoluimhreacha os cionn 10,000.

Tábla 9ENa Maoluimhreacha 10,000+
Na Maoluimhreacha 10,000+
Córas na mBunuimhreachaCóras na Maoluimhreacha
13,452trí mhíle dhéag, ceithre chéad caoga a dótrí déag míle, ceithre chéad caoga a dó
18,901ocht míle dhéag, naoi gcéad a haonocht déag míle, naoi gcéad a haon
38,482ocht míle is tríocha, ceithre chéad ochtó a dótríocha a hocht míle, ceithre chéad ochtó a dó
65,155cúig mhíle is seasca, céad caoga a cúigseasca a cúig míle, céad caoga a cúig
74,048ceithre mhíle is seachtó, daichead a hochtseachtó a ceathair míle, daichead a hocht
92,827dhá mhíle is nócha, ocht gcéad fiche a seachtnócha a dó míle, ocht gcéad fiche a seacht
116,104céad is sé mhíle dhéag, céad a ceathaircéad a sé déag míle, céad a ceathair
520,712cúig chéad is fiche míle, seacht gcéad a dó dhéagcúig chéad fiche míle, seacht gcéad a dó dhéag
974,345naoi gcéad seachtó is ceithre mhíle, trí chéad daichead a cúignaoi gcéad seachtó a ceathair míle, trí chéad daichead a cúig

#9.3 An Bhunuimhir

#9.3.1 Na Bunuimhreacha 1–19

  1. Tugtar bunuimhir ar an uimhir a chuirtear le hainmfhocal chun líon rudaí a chur in iúl.
  2. Tagann an t‑ainmfhocal ar lorg aon, dhá, trí, ceithre, cúig, , seacht, ocht, naoi, deich.
  3. Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear na bunuimhreacha dhá agus ceithre seachas na foirmeacha maoluimhreach agus ceathair.
  4. Ní mór an focal amháin a lua tar éis na bunuimhreach aon agus an ainmfhocail. Ní gá, áfach, aon a lua i gcónaí, e.g., aon chapall amháin; capall amháin.
  5. Ní chuirtear séimhiú ar d, ts tar éis aon, e.g., aon doras amháin; aon teach amháin.
  6. I ndiaidh an ainmfhocail a thagann an focal déag, e.g., ceithre leabhar déag. Séimhítear an focal déag má chríochnaíonn an focal díreach roimhe ar ghuta (ach féach 9.3.2(e)), seachas i ndiaidh euro.

    Tabhair faoi deara, más aonad brí ar leith an t‑ainmfhocal agus an cáilitheoir, e.g., madra rua; cat crainn; teach tábhairne; láthair champála (seachas gnáth-ainmfhocal agus cáilitheoir, e.g., leabhar dearg) is i ndiaidh an ainmfhocail agus an cháilitheora a chuirtear déag, e.g., ceithre mhadra rua dhéag; cúig theach tábhairne dhéag; sé chat crainn déag; seacht n‑iora ghlasa dhéag. Cuirtear aon cháilitheoir eile i ndiaidh déag, e.g., sé chat crainn déag mhóra; seacht n‑iora ghlasa dhéag fhiáine.

  7. Ní shéimhítear dhá i ndiaidh an ailt, aoncéad, e.g., an dá leabhar; an chéad dá leabhar; aon dá leabhar.
  8. Cuireann na bunuimhreacha aon, dhá (ach féach 8.3.3), trí, ceithre, cúig agus séimhiú ar an ainmfhocal uatha a thagann ina ndiaidh, e.g., trí bhád; ach ní shéimhítear an focal cent, e.g., trí cent.
  9. Cuireann na bunuimhreacha seacht, ocht, naoi agus deich urú ar an ainmfhocal uatha agus iolra a thagann ina ndiaidh, e.g., seacht gcnámh; deich gcinn; ach ní uraítear an focal euro, e.g., ocht euro; naoi euro, ná cent, e.g., ocht cent; deich cent.
Tábla 9FNa Bunuimhreacha 1–19
Na Bunuimhreacha 1–19
1bád/bád amháin/aon bhád amháin
ábhar/ábhar amháin/aon ábhar amháin
11aon bhád déag
aon ábhar déag
2dhá bhád
dhá ábhar
12dhá bhád déag
dhá oíche déag
3trí bhád
trí ábhar
13trí bhád déag
trí ábhar déag
4ceithre bhád
ceithre ábhar
14ceithre bhád déag
ceithre ábhar déag
5cúig bhád
cúig ábhar
15cúig bhád déag
cúig oíche déag
6sé bhairille
sé oíche
16sé bhairille dhéag
sé ábhar déag
7seacht mbairille
seacht n‑oíche
17seacht mbairille dhéag
seacht n‑oíche déag
8ocht mbairille
ocht n‑oíche
18ocht mbád déag
ocht n‑oíche déag
9naoi mbairille
naoi n‑oíche
19naoi mbairille dhéag
naoi n‑oíche dhéag
10deich mbairille
deich n‑oíche

#9.3.2 Ainmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu i nDiaidh na mBunuimhreacha

Tá roinnt ainmfhocal ann arb í foirm an ainmnigh iolra díobh, nó leagan iolra ar leith díobh, a úsáidtear i ndiaidh na mbunuimhreacha 3–10 agus i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 3–9. Léirítear na hainmfhocail sin sa tábla thíos. Cé nach leagan iolra é fichid, áirítear an leagan sin san aicme seo.

Tábla 9GNa Bunuimhreacha — Foirmeacha na nAinmfhocal a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
23–67–10
bliainbhliainblianambliana
seachtainsheachtainseachtaineseachtaine
ceann
(seachas sa bhrí ball beatha)
ceanncinngcinn
cloigeann
(seachas sa bhrí ball beatha)
chloigeanncloignegcloigne
fichefhicheadfichidbhfichid
pinginphinginpinginebpingine
trianthriantreanadtreana
troighthroightroithedtroithe
uair
(sa bhrí babhta)
uairhuairen‑uaire
  1. Foirm an ainmnigh uatha de na hainmfhocail a úsáidtear leis na bunuimhreacha 1–2 agus i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 1–2, e.g., aon phingin amháin; dhá bhliain; aon uair déag; dhá cheann is tríocha.
  2. Ní chuirtear séimhiú ar an leagan iolra i ndiaidh 3–6 ná i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 3–6, e.g., trí seachtaine; ceithre cinn déag.
  3. I ndiaidh 3–6 agus i ndiaidh uimhreacha a chríochnaíonn ar 3–6 cuirtear h roimh an leagan iolra uaire, e.g., cúig huaire.
  4. Cuireann na huimhreacha 7–10 agus uimhreacha a chríochnaíonn ar 7–9 urú ar an leagan iolra, e.g., seacht mbliana; ocht bpingine déag.
  5. Ní chuirtear séimhiú ar déag i ndiaidh an leagain iolra, fiú amháin sa chás go gcríochnaíonn sé ar ghuta, e.g., trí bliana déag; ocht n‑uaire déag.
  6. Is í foirm an ainmnigh uatha a úsáidtear i ndiaidh na ndeicheanna (seachas deich), e.g., fiche bliain; tríocha pingin; ochtó troigh.
Tábla 9HNa Bunuimhreacha — Samplaí d’Fhoirmeacha na nAinmfhocal a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
Na Bunuimhreacha — Leaganacha Iolra ar leith
1aon bhliain amháin11aon uair déag
2dhá cheann12dhá phingin déag
3trí cinn13trí bliana déag
4ceithre cloigne14ceithre cinn déag
5cúig fichid15cúig seachtaine déag
6sé huaire16sé cloigne déag
7seacht bpingine17seacht bhfichid déag
8ocht seachtaine18ocht dtroithe déag
9naoi mbliana19naoi bpingine déag
10deich dtroithe

#9.3.3 An Aidiacht leis na Bunuimhreacha 1–19

  1. Ar lorg na bunuimhreach 1, is san uimhir uatha a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal agus í ar aon inscne leis an ainmfhocal.
  2. Ar lorg na n‑uimhreacha eile (2–19), bíonn an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í.
  3. Cuirtear an focal déag roimh aidiacht nó aidiachtaí atá ag gabháil leis an ainmfhocal (ach féach 9.3.1(f)).
Tábla 9INa Bunuimhreacha 1–19 — Foirm na hAidiachta
An Aidiacht leis na Bunuimhreacha
1aon leabhar mór amháin
aon fhuinneog mhór amháin
11aon leabhar déag mhóra
aon fhuinneog déag mhóra
2dhá leabhar mhóra12dhá oíche dhéag fhuara
3trí fhuinneog mhóra13trí leabhar déag mhóra
4ceithre oíche fhuara14ceithre fhuinneog déag mhóra
5cúig fhuinneog mhóra15cúig leabhar déag mhóra
6sé leabhar mhóra16sé fhuinneog déag mhóra
7seacht bhfuinneog mhóra17seacht leabhar déag mhóra
8ocht leabhar mhóra18ocht bhfuinneog déag mhóra
9naoi bhfuinneog mhóra19naoi n‑oíche dhéag fhuara
10deich leabhar mhóra

#9.3.4 Foirm na hAidiachta leis na hAinmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu

  1. Ar lorg na bunuimhreach 1, is san uimhir uatha a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal, agus í ar aon inscne leis an ainmfhocal.
  2. Cuirtear an aidiacht san uimhir iolra i ndiaidh an leagain iolra ach ní chuirtear séimhiú ar an aidiacht sa chás go gcríochnaíonn an leagan iolra sin ar ghuta. Séimhítear an aidiacht i ndiaidh cinn agus fichid.
Tábla 9JNa Bunuimhreacha 1–19 — Foirm na hAidiachta leis na hAinmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
An Aidiacht leis na hAinmfhocail a bhfuil Leagan Iolra ar leith acu
1aon bhliain mhaith amháin11aon uair déag chiúine
2dhá cheann bhána12dhá chloigeann déag mhaola
3trí cinn dhubha13trí bliana déag maithe
4ceithre cloigne maola14ceithre cinn déag bhána
5cúig cinn mhóra15cúig pingine déag salacha
6sé troithe dearga16sé cloigne déag maola
7seacht bpingine beaga17seacht gcinn déag mhóra
8ocht seachtaine fada18ocht dtroithe déag cearnacha
9naoi mbliana fada19naoi bpingine déag beaga
10deich dtroithe cearnacha

#9.3.5 An tAlt leis na Bunuimhreacha 1–19

  1. Foirm uatha an ailt
    1. Cuirtear foirm uatha an ailt roimh an mbunuimhir 1, roimh uimhreacha a chríochnaíonn ar 1, agus roimh iolraithe ar 10 ó 20 ar aghaidh.
    2. Cuirtear t‑ roimh an mbunuimhir aon ar lorg an ailt, e.g., an t‑aon leabhar amháin; an t‑aon bhileog amháin. Baintear an t‑ i ndiaidh réamhfhocal, e.g., san aon leabhar amháin; tríd an aon fhuinneog amháin.
    3. Foirm uatha an ailt a chuirtear roimh an mbunuimhir dhá freisin ach déantar den bhunuimhir, e.g., an dá chapall.
  2. Foirm iolra an ailt
    1. Is í foirm iolra an ailt a chuirtear roimh na bunuimhreacha 3–9 agus 13–19.
    2. Cuirtear h roimh bhunuimhir dar tús guta i ndiaidh fhoirm iolra an ailt, e.g., na hocht gcapall.
  3. Ní dhéanann an t‑alt aon difear d’aidiacht ar lorg bunuimhreacha agus ainmfhocal, e.g., an dá chapall mhóra.
Tábla 9KNa Bunuimhreacha 1–19 — An tAlt
An tAlt leis na Bunuimhreacha
1an t‑aon chapall amháin
an t‑aon fhuinneog amháin
11an t‑aon chapall déag +
an t‑aon fhuinneog déag
2an dá chapall12an dá chapall déag
3na trí chapall13na trí chapall déag
4na ceithre chapall14na ceithre chapall déag
5na cúig chapall15na cúig chapall déag
6na sé fhuinneog16na sé fhuinneog déag
7na seacht bhfuinneog17na seacht bhfuinneog déag
8na hocht bhfuinneog18na hocht bhfuinneog déag
9na naoi bhfuinneog19na naoi bhfuinneog déag
10na deich bhfuinneog

#9.3.6 Na Bunuimhreacha 1–19 — An Tuiseal Ginideach gan an tAlt

  1. Téann athrú foirme ar ainmfhocal agus ar aidiacht sa ghinideach i ndiaidh aon, e.g., ualach aon chapaill mhóir amháin; fráma aon fhuinneoige báine amháin; ach amháin nuair atá déag ag gabháil leis, e.g., ualach aon chapall déag mhóra; fráma aon fhuinneog déag bhána.
  2. I gcás 2–19, ní théann aon athrú foirme sa ghinideach ar an ainmfhocal ná ar an mbunuimhir, e.g., fad dhá mhéadar; costas trí fhuinneog; úinéir seacht ngabhar; tréimhse naoi n‑oíche; tiománaithe trí thacsaí dhéag; ach cuirtear an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í, e.g., costas trí fhuinneog dheasa; úinéir seacht ngabhar chrosta; tiománaithe trí thacsaí dhéag chostasacha; ach amháin más leagan iolra ar leith é a chríochnaíonn ar ghuta nó ar chonsan leathan, e.g., trí bliana crua.

#9.3.7 Na Bunuimhreacha 1–19 — An Tuiseal Ginideach leis an Alt

  1. aon

    Téann athrú foirme ar ainmfhocal agus ar aidiacht sa ghinideach i ndiaidh aon nuair atá an t‑alt ann faoi réir na bpointí seo a leanas.

    1. De réir inscne an ainmfhocail, úsáidtear anna sa tuiseal ginideach roimh an mbunuimhir aon nuair nach bhfuil déag ag gabháil leis, e.g., ualach an aon chapaill amháin; costas na haon fhuinneoige amháin; ach ábhar an aon chuntas déag amháin; ag ceartú an aon aiste dhéag shuimiúla.
    2. Más ainmfhocal baininscneach atá i gceist, ní foláir h a chur roimh an mbunuimhir aon, e.g., i gcaitheamh na haon oíche amháin sin.
    3. Más ainmfhocal firinscneach atá i gceist, baintear an t‑ roimh an mbunuimhir aon, e.g., ar feadh an aon lae amháin sin.
  2. Déantar de dhá i ndiaidh an ailt uatha (an, don, sa, etc.).
  3. I gcás na mbunuimhreacha trí go deich, uraítear na bunuimhreacha inuraithe (trí, ceithre, cúig, ocht, deich) sa tuiseal ginideach i ndiaidh an ailt (na).
  4. Tá na rialacha céanna le cur i bhfeidhm ar na hainmfhocail a bhfuil leagan iolra ar leith acu agus ar na haidiachtaí a ghabhann leo (féach 9.3.4) agus a chuirtear i bhfeidhm sa tuiseal ainmneach, e.g., tréimhse na sé bliana fada; deireadh na naoi seachtaine déag fada; Cogadh na Naoi mBliana; costas na dtrí troithe cearnacha eile; úinéir an dá cheann bhána; praghas na dtrí cinn mhóra.
Tábla 9LNa Bunuimhreacha 1–19 — An Tuiseal Ginideach leis an Alt
Tuiseal Ginideach na mBunuimhreacha leis an Alt
1ualach an aon chapaill mhóir amháin
tréimhse na haon bhliana fada amháin
11stábla an aon chapall déag mhóra
ag oscailt an aon fhuinneog déag throma
2luach an dá theach bheaga12tréimhse an dá bhliain déag fhada
3meáchan na dtrí bhó éagsúla13innill na dtrí ghluaisteán déag chumhachtacha
4gaois na gceithre cloigne móra14leathanaigh na gceithre leabhar déag ghearra
5ag dúnadh na gcúig fhuinneog ghlasa15fad na gcúig oíche dhéag ghaofara
6fad na sé bliana fada16gaois na sé cloigne déag maola
7ualach na seacht gcapall mhóra17géaga na seacht gcrann déag dhuilleacha
8seolta na n‑ocht mbád bheaga18achar na n‑ocht bpáirc déag mhóra
9leithead na naoi gcinn dheasa19deireadh na naoi seachtaine déag fada
10achar na ndeich ngairdín chlocharacha

#9.3.8 Na Bunuimhreacha a scríobh ina bhFigiúirí 1–19

Is ionann na rialacha a bhaineann leis na bunuimhreacha 1–19 a scríobh ina bhfigiúirí agus iad a scríobh ina bhfocail, e.g., 1 chapall mór; 3 bhád bheaga; 7 n‑oíche dhorcha; 13 seachtaine fuara; 17 ngluaisteán shaora; 19 mbliana fada.

#9.3.9 Na Bunuimhreacha 20+ — Na Deicheanna

  1. Is í foirm an ainmnigh uatha den ainmfhocal a chuirtear i ndiaidh na ndeicheanna. Ní dhéantar aon athrú tosaigh ar an ainmfhocal.
  2. Má tá aidiacht leis, réitíonn an aidiacht le hinscne an ainmfhocail.
  3. Cuirtear foirm uatha an ailt roimh na deicheanna, e.g., an fiche teach nua; an seasca duine cáiliúil.
  4. Sa tuiseal ginideach, mura bhfuil an t‑alt ann, ní théann aon athrú foirme ar an ainmfhocal ná ar an mbunuimhir.
  5. Má tá an t‑alt ann sa tuiseal ginideach, imríonn an t‑alt ar thúslitir na huimhreach mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach ach ní dhéantar aon athrú tosaigh ar fs.
Tábla 9MNa Bunuimhreacha — Tuiseal Ainmneach agus Tuiseal Ginideach na nDeicheanna
An Tuiseal AinmneachAn Tuiseal Ginideach
gan an tAlt
An Tuiseal Ginideach
leis an Alt
20fiche leabhar mórmeáchan fiche leabhar mórmeáchan an fiche leabhar mór
30tríocha méadar glasachar tríocha méadar glasachar an tríocha méadar glas
40daichead bád beaglastas daichead bád beaglastas an daichead bád beag
50caoga císte miliscostas caoga císte miliscostas an chaoga císte milis
60seasca bó bhánbainne seasca bó bhánbainne an seasca bó bhán
70seachtó bliain fhadatréimhse seachtó bliain fhadatréimhse an seachtó bliain fhada
80ochtó cloigeann maolgaois ochtó cloigeann maolgaois an ochtó cloigeann maol
90nócha pingin bheagluach nócha pingin bheagluach an nócha pingin bheag

#9.3.10 Na Bunuimhreacha eile 20+

  1. Tá dhá chóras ann maidir leis na bunuimhreacha os cionn 20 (seachas na deicheanna roimhe seo, féach 9.3.9): an Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe. Baineann an dá chóras seo leis na bunuimhreacha agus iad scríofa ina bhfocail agus ina bhfigiúirí. Tá an dá chóras seo ar comhstádas agus inghlactha.
  2. An Córas Seanbhunaithe

    1. Bíonn an t‑ainmfhocal sa leagan uatha nó sa leagan iolra ar leith atá aige agus déantar an t‑athrú tosaigh cuí ar an ainmfhocal.
    2. Tar éis uimhreacha a chríochnaíonn ar 1, réitíonn an aidiacht le hinscne an ainmfhocail. I gcás uimhreacha a chríochnaíonn ar 2–9, bíonn an aidiacht san uimhir iolra agus séimhítear í (ach féach 9.3.4).
  3. An Córas Simplithe

    1. Bíonn an t‑ainmfhocal san uimhir uatha i gcónaí, fiú más ainmfhocal é a bhfuil leagan iolra ar leith aige, agus ní dhéantar aon athrú tosaigh air. Bíonn an aidiacht san uimhir uatha i gcónaí agus séimhítear í de réir inscne an ainmfhocail.
    2. I gcás uimhreacha a chríochnaíonn ar 2 nó 4, úsáidtear na foirmeacha maoluimhreach agus ceathair in ionad dhá agus ceithre.
  4. Más iolraí ar 10 atá i gceist, níl ann ach leagan amháin, e.g., céad is fiche bád.
  5. Maidir leis an alt, leantar an patrún a úsáidtear leis na bunuimhreacha 1–19 leis na bunuimhreacha os cionn 20, e.g., an t‑aon leabhar is fiche; an dá bhord is tríocha; na cúig pheann is seasca (féach 9.3.5).
Tábla 9NNa Bunuimhreacha 21–99 — An Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe
An Córas SeanbhunaitheAn Córas Simplithe
21
  • aon chapall mór amháin is fiche
  • capall mór is fiche
fiche a haon capall mór
33trí oíche dhorcha is tríochatríocha a trí oíche dhorcha
42dhá chapall mhóra is daicheaddaichead a dó capall mór
55cúig fhuinneog dhúnta is caogacaoga a cúig fuinneog dhúnta
67seacht leabhar shuimiúla is seascaseasca a seacht leabhar suimiúil
74ceithre pingine beaga is seachtóseachtó a ceathair pingin bheag
86sé bhó mhóra is ochtóochtó a sé bó mhór
99naoi mbád chostasacha is nóchanócha a naoi bád costasach

#9.3.11 Na Bunuimhreacha 100+

Sa Chóras Seanbhunaithe, is é malairt na comhréire a úsáidtear faoi bhun 100 a úsáidtear le huimhreacha os cionn 100, e.g., céad fiche is aon chapall amháin; dhá mhíle, trí chéad is ceithre chapall; etc.

Is ionann na rialacha eile agus na rialacha maidir leis na bunuimhreacha a luaitear in 9.3.10.

Tábla 9ONa Bunuimhreacha 100+ — An Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe
An Córas SeanbhunaitheAn Córas Simplithe
191céad nócha is aon mhéadar amháincéad nócha a haon méadar
282dhá chéad ochtó is dhá chat fhiáinedhá chéad ochtó a dó cat fiáin
364trí chéad seasca is ceithre chapall mhóratrí chéad seasca a ceathair capall mór
1,446míle, ceithre chéad daichead is sé bhó chrostamíle, ceithre chéad daichead a sé bó chrosta
18,437ocht míle dhéag, ceithre chéad tríocha is seacht gcás chastaocht déag míle, ceithre chéad tríocha a seacht cás casta
25,528cúig mhíle is fiche, cúig chéad fiche is ocht leabhar shuimiúlafiche a cúig míle, cúig chéad fiche a hocht leabhar suimiúil
100,513céad míle, cúig chéad is trí mhilseán déag dheargacéad míle, cúig chéad a trí déag milseán dearg

#9.3.12 Na Bunuimhreacha a scríobh ina bhFigiúirí 20+

Cuirtear rialacha an Chórais Sheanbhunaithe agus an Chórais Shimplithe, faoi seach, (féach 9.3.10) i bhfeidhm nuair a scríobhtar na bunuimhreacha os cionn 20 ina bhfigiúirí.

Tábla 9PNa Bunuimhreacha 20+ ina bhFigiúirí — An Córas Seanbhunaithe agus an Córas Simplithe
An Córas SeanbhunaitheAn Córas Simplithe
2121 bhád costasach21 bád costasach
2222 bhád mhóra22 bád mór
3737 n‑ábhar shuimiúla37 ábhar suimiúil
4444 fhuinneog dhúnta44 fuinneog dhúnta
5353 bhó mhóra53 bó mhór
6868 n‑oíche ghaofara68 oíche ghaofar
7676 dhuine ghnóthacha76 duine gnóthach
8989 dtroithe cearnacha89 troigh chearnach
9595 mhéadar chearnacha95 méadar cearnach
191191 bhád costasach191 bád costasach

#9.4 An Uimhir Phearsanta

Tugtar uimhir phearsanta ar uimhir a chuireann líon daoine in iúl.

#9.4.1 Úsáid na nUimhreacha Pearsanta

  1. Úsáidtear na huimhreacha pearsanta (2–10 agus 12) chun daoine a chomhaireamh.
  2. Is é gnáthchóras na mbunuimhreacha a úsáidtear chun aon duine dhéag nó líon daoine is mó ná dháréag a chomhaireamh, e.g., aon duine dhéag; trí dhuine dhéag; ceithre dhuine is daichead.
Tábla 9QNa hUimhreacha Pearsanta
Na hUimhreacha Pearsanta
1duine/aon duine amháin7seachtar
2beirt8ochtar
3triúr9naonúr
4ceathrar10deichniúr
5cúigear11aon duine dhéag
6seisear12dháréag

#9.4.2 Úsáid Lom na nUimhreacha Pearsanta

  1. An uimhir phearsanta lom
    1. Is féidir uimhir phearsanta a úsáid lom (gan ainmfhocal ar a lorg) chun líon daoine a chomhaireamh, e.g., An bhfaca tú an bheirt?; Gabhadh seachtar.
    2. Is mar ghnáth-ainmfhocal a chaitear leis an uimhir phearsanta lom sa ghinideach, e.g., cor beirte; col ceathrair; col seisir.
  2. an t‑alt roimh an uimhir phearsanta lom
    1. Ainmfhocail fhirinscneacha is ea na huimhreacha pearsanta go léir seachas beirt, e.g., an bheirt; an ceathrar; an t‑ochtar.
    2. Ní shéimhítear dháréag i ndiaidh an ailt, aoncéad, e.g., bhí an dáréag ann; gach aon dáréag acu; an chéad dáréag a cháiligh.
    3. Is mar ghnáth-ainmfhocal a chaitear leis an uimhir phearsanta lom sa ghinideach nuair atá an t‑alt roimhe, e.g., cótaí an tseisir; ticéid an ochtair; gluaisteán na beirte.
    Tábla 9RNa hUimhreacha Pearsanta Loma — An Tuiseal Ainmneach agus an Tuiseal Ginideach leis an Alt
    An UimhirAn Tuiseal AinmneachAn Tuiseal Ginideach
    1an t‑aon duine amháinainm an aon duine amháin
    2an bheirttuairimí na beirte
    3an triúréadaí an triúir
    4an ceathrartáillí an cheathrair
    5an cúigearbád an chúigir
    6an seisearteach an tseisir
    7an seachtarscoil an tseachtair
    8an t‑ochtarmeitheal an ochtair
    9an naonúrfoireann an naonúir
    10an deichniúrtithe an deichniúir
    11an t‑aon duine dhéagfoireann an aon duine dhéag
    12an dáréagairgead an dáréag
  3. An aidiacht leis an uimhir phearsanta lom — Beirt
    1. Má cháilíonn aidiacht an focal beirt agus é san ainmneach*, is san ainmneach iolra a bhíonn an aidiacht agus í séimhithe, e.g., an bheirt cháiliúla; beirt mhisniúla; don bheirt óga.
    2. Má tá an focal beirt, agus é ar lorg an ailt agus é sa ghinideach, á cháiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, is sa ghinideach baininscneach uatha a bhíonn an aidiacht, e.g., tuairimí na beirte díograisí; nótaí na beirte misniúla; iarrachtaí na beirte cróga.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag ainmfhocal eile, bíonn an aidiacht san iolra ar lorg beirt agus í séimhithe (agus ní théann athrú an ghinidigh ar an bhfocal beirt ach cuirtear séimhiú air), e.g., moltaí bheirt mhisniúla; tuairimí bheirt cháiliúla; obair bheirt acadúla.
    4. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ainm briathartha, bíonn an aidiacht san iolra ar lorg beirt agus í séimhithe (agus ní dhéantar aon athrú ar an bhfocal beirt ach an oiread), e.g., le haghaidh beirt inniúla; ag moladh beirt mhaithe.
  4. An aidiacht leis an uimhir phearsanta lom — Triúr go dháréag
    1. Má tá na huimhreacha pearsanta triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)), agus iad san ainmneach*, á gcáiliú le haidiacht a thagann ina ndiaidh, is san ainmneach uatha a bhíonn an aidiacht gan aon séimhiú uirthi, e.g., triúr mór; ceathrar ard; an cúigear saibhir; don dáréag clúiteach.
    2. Má tá na huimhreacha pearsanta triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)), agus iad sa ghinideach, á gcáiliú le haidiacht a thagann ina dhiaidh, cuirtear na gnáthrialacha maidir le haidiacht atá ar lorg ainmfhocal sa ghinideach i bhfeidhm ar na haidiachtaí a ghabhann leo, e.g., éadaí an cheathrair bhig; meitheal ochtair dhíograisigh; airgead an dáréag chlúitigh (féach Caibidil 4).
  5. * Nó sa ghairmeach, sa chuspóireach nó sa tabharthach.

#9.4.3 Ainmfhocail leis na hUimhreacha Pearsanta

  1. Foirm na huimhreach pearsanta agus foirm an ainmfhocail ar a lorg
    1. Má tá an focal beirt, agus é san ainmneach*, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, is sa ghinideach iolra a bhíonn an t‑ainmfhocal agus é séimhithe (seachas ainmfhocal a thosaíonn ar d, ts), e.g., beirt chaptaen; beirt chumadóirí; beirt drumadóirí; ag beirt bhan.
    2. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach gan an t‑alt, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag ainmfhocal eile, ní théann athrú an ghinidigh ar an bhfocal beirt ach cuirtear séimhiú air agus bíonn an t‑ainmfhocal sa ghinideach iolra agus cuirtear séimhiú air (seachas ainmfhocal a thosaíonn ar d, ts), e.g., moltaí bheirt chumadóirí; tuairimí bheirt chaptaen; obair bheirt saineolaithe.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ainm briathartha, ní dhéantar aon athrú ar an bhfocal beirt agus bíonn an t‑ainmfhocal sa ghinideach iolra agus cuirtear séimhiú air (seachas ainmfhocal a thosaíonn ar d, ts), e.g., le haghaidh beirt mholtóirí; ag moladh beirt saighdiúirí.
    4. Is é ginideach iolra an ainmfhocail a leanann na huimhreacha pearsanta ó triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)) nuair atá daoine á gcomhaireamh, e.g., triúr bádóirí; ceathrar múinteoirí.
    5. Ní théann athrú an ghinidigh ar uimhreacha pearsanta ó triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)) má tá ainmfhocal ar a lorg, e.g., athair ceathrar mac; máthair cúigear iníonacha; geansaithe dháréag peileadóirí.

    * Nó sa ghairmeach, sa chuspóireach nó sa tabharthach.

    Tábla 9SNa hUimhreacha Pearsanta — Foirm an Ainmfhocail ar lorg Uimhir Phearsanta
    An UimhirAn Tuiseal AinmneachAn Tuiseal Ginideach
    1fear amháin/aon fhear amháin
    bean amháin/aon bhean amháin
    hata aon fhir amháin +
    hata aon mhná amháin
    2beirt bhanpáistí bheirt bhan
    3triúr bádóiríbáid triúr bádóirí
    4ceathrar scoláirítorthaí ceathrar scoláirí
    5cúigear feargaolta cúigear fear
    6seisear banpáistí seisear ban
    7seachtar bádóirílong seachtar bádóirí
    8ochtar báicéirícístí ochtar báicéirí
    9naonúr feartalamh naonúr fear
    10deichniúr girseachairgead deichniúr girseach
    11*aon imreoir déagcultacha aon imreoir déag
    12dháréag bádóirísoitheach dháréag bádóirí

    * Tabhair faoi deara go gcaitear le 11 mar a chaitear leis i gcóras na mbunuimhreacha, agus nach gcuirtear an t‑ainmfhocal sa ghinideach (féach 9.3.6(a)).

  2. an t‑alt roimh uimhir phearsanta a bhfuil ainmfhocal ar a lorg
    1. Is é foirm uatha an ailt a úsáidtear roimh na huimhreacha pearsanta. Is firinscneach dóibh go léir ach amháin beirt.
    2. Ní shéimhítear dháréag i ndiaidh an ailt, aoncéad, e.g., an Dáréag Aspal; gach aon dáréag scoláirí; an chéad dáréag múinteoirí a cháiligh.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ar lorg an ailt, á cháiliú le hainmfhocal a thagann ina dhiaidh, is sa ghinideach iolra a bhíonn an t‑ainmfhocal agus ní shéimhítear é (ach téann athrú an ghinidigh ar an bhfocal beirt), e.g., tuairimí na beirte múinteoirí; nótaí na beirte saineolaithe; tuairiscí na beirte comhfhreagraithe; tithe na beirte deartháireacha.
    4. Ní théann athrú foirme sa ghinideach ar na huimhreacha pearsanta ó triúr go dháréag ná ar an ainmfhocal ar a lorg, ach imríonn an t‑alt ar thúslitir na n‑uimhreacha pearsanta mar a d’imreodh ar ghinideach aon ainmfhocail uatha eile, e.g., cótaí an cheathrar daltaí; oifig an tseachtar tréidlianna; Scoil an tSeachtar Laoch.
    Tábla 9TNa hUimhreacha Pearsanta — An tAlt roimh Uimhir Phearsanta a bhfuil Ainmfhocal ar a lorg
    An UimhirAn Tuiseal AinmneachAn Tuiseal Ginideach
    1an t‑aon fhear amháin
    an t‑aon bhean amháin
    hata an aon fhir amháin
    hata na haon mhná amháin
    2an bheirt bhanpáistí na beirte ban
    3an triúr bádóiríbáid an triúr bádóirí
    4an ceathrar scoláirítorthaí an cheathrar scoláirí
    5an cúigear feargaolta an chúigear fear
    6an seisear banpáistí an tseisear ban
    7an seachtar bádóirílong an tseachtar bádóirí
    8an t‑ochtar báicéirícístí an ochtar báicéirí
    9an naonúr feartalamh an naonúr fear
    10an deichniúr girseachairgead an deichniúr girseach
    11*an t‑aon imreoir déagcluiche an aon imreoir déag
    12an dáréag bádóirísoitheach an dáréag bádóirí

    * Tabhair faoi deara go gcaitear le 11 mar a chaitear leis i gcóras na mbunuimhreacha, agus nach gcuirtear an t‑ainmfhocal sa ghinideach (féach 9.3.7(a)(i)).

  3. An aidiacht le hainmfhocal atá ar lorg uimhir phearsanta
    1. Ar lorg na huimhreach pearsanta beirt, is san ainmneach iolra a bhíonn an aidiacht agus séimhítear í, e.g., beirt bhan cháiliúla; beirt ghirseach chruthaitheacha; beirt amhránaithe cháiliúla; beirt mhúinteoirí shealadacha.
    2. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le hainmfhocal + aidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag ainmfhocal eile, bíonn an aidiacht atá á cháiliú san iolra agus í séimhithe, e.g., moltaí bheirt léachtóirí acadúla; tuairimí bheirt iriseoirí sheanbhunaithe; saothar bheirt ghramadóirí chliste.
    3. Má tá an focal beirt, agus é sa ghinideach ach gan an t‑alt a bheith roimhe, á cháiliú le hainmfhocal + aidiacht a thagann ina dhiaidh, agus é ar lorg agus faoi réir ag réamhfhocal comhshuite nó ainm briathartha, bíonn an aidiacht atá á cháiliú san iolra agus í séimhithe, e.g., le haghaidh beirt mholtóirí dheasa; ag moladh beirt chumadóirí shamhlaíocha.
    4. Ar lorg na n‑uimhreacha pearsanta triúr go dháréag (ach féach 9.4.1(b)), is sa ghinideach iolra a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal, e.g., triúr scoláirí díograiseacha; ceathrar girseach éirimiúil; bád an triúr bádóirí tuirseacha; airgead an deichniúr ban bríomhar. Léirítear samplaí leis an alt agus gan an t‑alt sa tábla ina dhiaidh seo.
    Tábla 9UNa hUimhreacha Pearsanta — An Aidiacht le hAinmfhocal atá ar lorg Uimhir Phearsanta
    An UimhirAn Tuiseal AinmneachAn Tuiseal Ginideach
    1
    • fear ciallmhar amháin
    • bean shaibhir amháin
    • an t‑aon fhear cineálta amháin
    • an t‑aon bhean dheas amháin
    • cóta aon fhir chiallmhair amháin
    • geansaí aon mhná saibhre amháin
    • cóta an aon fhir chineálta amháin
    • geansaí na haon mhná deise amháin
    2
    • beirt bhan mhisniúla
    • beirt fhear chróga
    • beirt scoláirí chumasacha
    • an bheirt bhan mhisniúla
    • an bheirt fhear chróga
    • an bheirt scoláirí chumasacha
    • oifig bheirt bhan mhisniúla
    • páistí bheirt fhear chróga
    • cóipleabhair bheirt scoláirí chumasacha
    • oifig na beirte ban mhisniúla
    • páistí na beirte fear chróga
    • cóipleabhair na beirte scoláirí chumasacha
    3
    • triúr fear mór
    • triúr girseach galánta
    • an triúr bádóirí tuirseacha
    • hataí triúr fear mór
    • gúnaí triúr girseach galánta
    • báid an triúr bádóirí tuirseacha
    4ceathrar (an ceathrar) scoláirí maithescrúduithe ceathrar (an cheathrar) scoláirí maithe
    5cúigear (an cúigear) fear inniúilgaolta cúigear (an chúigear) fear inniúil
    6seisear (an seisear) ban cumasachpáistí seisear (an tseisear) ban cumasach
    7seachtar (an seachtar) bádóirí ógalong seachtar (an tseachtar) bádóirí óga
    8ochtar (an t‑ochtar) báicéirí díograiseachacístí ochtar (an ochtar) báicéirí díograiseacha
    9naonúr (an naonúr) fear ocrachtalamh naonúr (an naonúr) fear ocrach
    10deichniúr (an deichniúr) girseach bríomharairgead deichniúr (an deichniúr) girseach bríomhar
    11*aon (an t‑aon) imreoir déag thapacultacha aon (an aon) imreoir déag thapa
    12dháréag (an dáréag) scoláirí borbaleabhair dháréag (an dáréag) scoláirí borba

    * Tabhair faoi deara go gcaitear le 11 mar a chaitear leis i gcóras na mbunuimhreacha, agus nach gcuirtear an t‑ainmfhocal sa ghinideach (féach 9.3.6(a) agus 9.3.7(a)(i)).

#9.4.4 Na hUimhreacha Pearsanta a Scríobh ina bhFigiúirí

  1. Moltar na huimhreacha pearsanta ó 1–12 a scríobh ina bhfocail seachas ina bhfigiúirí. Má dhéantar iad a scríobh ina bhfigiúirí, is mar bhunuimhreacha a chaitear leo, e.g., 2 bhean bheaga, 4 bhádóir cháiliúla, 7 bhfeirmeoir shaibhre (féach 9.3.8).
  2. Úsáidtear córas na mbunuimhreacha chun líon daoine os cionn dháréag a chomhaireamh. Féach 9.3.1 le haghaidh cur síos ar chóras na mbunuimhreacha ó 1–19, e.g., trí bhean déag; ceithre ghirseach déag ghalánta; 17 mbádóir; 19 bhfear ocracha; agus féach 9.3.10 le haghaidh cur síos ar chóras na mbunuimhreacha os cionn 20, e.g., trí bhean arda is caoga; 49 ngirseach ghalánta.

#9.4.5 Na hUimhreacha Pearsanta — An Córas Simplithe

Is féidir córas simplithe a úsáid leis na bunuimhreacha agus leis na huimhreacha pearsanta os cionn fiche. Féach 9.3.10(c) le haghaidh cur síos ar an gCóras Simplithe sin, e.g., fiche a cúig fear mór; tríocha a sé bean shaibhir; 46 bádóir cumasach; 56 girseach chróga.


#9.5 An Orduimhir

Is le horduimhir a chuirtear ionad ruda nó duine i sraith in iúl.

#9.5.1 An Orduimhir 1

  1. Is féidir an orduimhir céad (an chéad) a úsáid le hainmfhocal uatha nó iolra. Úsáidtear an t‑alt uatha nuair atá ainmfhocal uatha ar a lorg, e.g., an chéad chaibidil, agus an t‑alt iolra nuair atá ainmfhocal iolra ar a lorg, e.g., na chéad chaibidlí.
  2. Bíonn séimhiú ar an orduimhir céad i ndiaidh an ailt, e.g., an chéad leabhar; na chéad rialacha, ach ní bhíonn séimhiú uirthi:

    1. sna cásanna a luaitear i gCaibidil 1 ina mbíonn urú i ndiaidh an ailt sa tuiseal tabharthach, e.g., ar an gcéad duine; leis an gcéad cheadúnas;
    2. nuair a úsáidtear céad mar réimír in ainmfhocal firinscneach nó in ainmfhocal san iolra, e.g., céadainm, an céadainm; Céad-Aire, an Céad-Aire; céadonóracha, na céadonóracha; (ach céadghairm, an chéadghairm; céadsearc, an chéadsearc; de réir ghnáthrialacha an ainmfhocail bhaininscnigh); nó mar réimír i mbriathar, e.g., céadbhlaisim, céadbhlaisfidh sé (ach ón uair a chéadbhlais mé é, de réir ghnáthrialacha na mbriathra san aimsir chaite, modh táscach);
    3. ar lorg na n‑aidiachtaí sealbhacha a (baininscneach, tríú pearsa uatha), e.g., a céad cheolchoirm agus ár, bhur, a (tríú pearsa iolra), e.g., ár gcéad teach; bhur gcéad charr; a gcéad mhac.
  3. Cuireann an orduimhir céad séimhiú ar an ainmfhocal nó ar an aidiacht ar a lorg i ngach tuiseal, e.g., an chéad fhear; an chéad bhean; na chéad cheithre ghloine; na chéad bhlianta; clann an chéad fhir; mac na chéad mhná; lucht na chéad bhliana; mura d, ts a thúslitir, e.g., na chéad daoine, an chéad saighdiúir; an chéad turas; ceadúnas an chéad tógálaí. (Féach 9.5.4 chun tuilleadh eolais a fháil ar orduimhreacha sa tuiseal ginideach.)
  4. Úsáidtear an orduimhir céad i gcás 1, ach i gcás na n‑orduimhreacha eile a chríochnaíonn ar 1, úsáidtear an focal aonú. Sa tuiseal ainmneach, cuirtear t‑ roimh aonú i ndiaidh an ailt, e.g., an t‑aonú lá is tríocha.

#9.5.2 Na hOrduimhreacha 1–100 — Eolas Ginearálta

  1. Is é foirm uatha an ailt a bhíonn roimh na horduimhreacha (seachas an orduimhir 1, féach 9.5.1), e.g., an dara bean; an dóú teach; an tríú tuarascáil; an ceathrú bean is fiche; an cúigiú comhartha is seasca.
  2. I ndiaidh na horduimhreach dara agus na n‑orduimhreacha go léir dar críoch , cuirtear h roimh ainmfhocal dar tús guta, e.g., an dara hoíche; an tríú hurlár; an séú hóstán déag; an t‑ochtú hurlár is tríocha.
  3. Bíonn an t‑alt roimh an gcéad uimhir san orduimhir de ghnáth, mura mbíonn aidiacht shealbhach nó gach roimpi, e.g., an tríú lá ach gach dara bliain; a tríú bliain.
  4. Úsáidtear córas a leanann comhréir na mbunuimhreacha (An Córas Seanbhunaithe) chun ionad ruda i sraith faoi bhun 100 a chur in iúl, e.g., an dara hábhar is tríocha; an ceathrú cathaoir is caoga; an seachtú hoíche is seachtó; an t‑ochtú madra is nócha.
  5. Ní chuirtear séimhiú ar an bhfocal déag san orduimhir, e.g., an tríú duine déag; an t‑ochtú bosca déag; an naoú leabhar déag.
Tábla 9VNa hOrduimhreacha 1–100
Na hOrduimhreacha 1–100
an chéad fhear11úan t‑aonú bean déag20úan fichiú capall30úan tríochadú bean
an dara/dóú bean12úan dara/dóú bosca déag21úan t‑aonú capall is fiche39úan naoú hoíche is tríocha
an tríú leabhar13úan tríú méadar déag22úan dara/dóú bean is fiche40úan daicheadú/ceathrachadú cuairteoir
an ceathrú méadar14úan ceathrú bád déag23úan tríú leabhar is fiche48úan t‑ochtú bó is daichead
an cúigiú bád15úan cúigiú hábhar déag24úan ceathrú méadar is fiche57úan seachtú fuinneog is caoga
an séú hábhar16úan séú bó déag25úan cúigiú bád is fiche66úan séú hábhar is seasca
an seachtú fuinneog17úan seachtú fuinneog déag26úan séú hábhar is fiche75úan cúigiú bád is seachtó
an t‑ochtú bó18úan t‑ochtú hoíche déag27úan seachtú fuinneog is fiche84úan ceathrú méadar is ochtó
an naoú hoíche19úan naoú capall déag28úan t‑ochtú bó is fiche93úan tríú leabhar is nócha
10úan deichiú capall29úan naoú hoíche is fiche100úan céadú custaiméir

#9.5.3 Na hOrduimhreacha 100+

  1. Úsáidtear córas atá bunaithe ar chóras na maoluimhreacha chun ionad ruda i sraith os cionn 100 a chur in iúl, e.g., céad a ceathair — an céad is ceathrú feirmeoir; cúig chéad seasca a ceathair — an cúig chéad seasca is ceathrú heitleán; seacht míle, ceithre chéad a naoi déag — an seacht míle, ceithre chéad is naoú hóstán déag.
  2. Cuirtear séimhiú ar an bhfocal déag i ndiaidh na huimhreach míle, e.g., an trí mhíle dhéag is ceathrú hoileán.
Tábla 9WNa hOrduimhreacha 100+
Na hOrduimhreacha 1–100
104úan céad is ceathrú feirmeoir1007úan míle is seachtú bliain
116úan céad is séú babhta déag7219úan seacht míle, dhá chéad is naoú méadar déag
131úan céad tríocha is aonú capall10,000úan deich míliú lá
132úan céad tríocha is dóú hasal223,413úan dá chéad fiche is trí mhíle, ceithre chéad is tríú cloigeann déag
211úan dá chéad is aonú bád déag613,564úan sé chéad is trí mhíle dhéag, cúig chéad seasca is ceathrú bó
1,000úan míliú heitilt1,000,000úan milliúnú huair

#9.5.4 Na hOrduimhreacha sa Tuiseal Ginideach

  1. I gcás na horduimhreach céad, díochlaontar an t‑ainmfhocal ina dhiaidh agus géilleann an t‑alt d’uimhir agus d’inscne an ainmfhocail, e.g., an chéad fhear, clann an chéad fhir; an chéad bhean, clann na chéad mhná; na chéad cheithre bliana, tús na chéad cheithre bliana; na chéad chúig charr, plátaí clárúcháin na chéad chúig charr; na chéad taiscéalaithe, eachtraí na chéad taiscéalaithe.
  2. I gcás na n‑orduimhreacha eile go léir, ní dhéantar díochlaonadh riamh ar an ainmfhocal, e.g., mac an dara bean; mac an dara fear; eagraíocht tríú tír; oideachas tríú leibhéal; clúdach an cheathrú tuarascáil; deireadh an fichiú haois; tús an aonú haois is fiche.
  3. Cailltear an t‑ roimh aonú, ochtú, ochtódú, etc., e.g., an t‑aonú bliain déag, tús an aonú bliain déag; an t‑ochtú haois déag, tús an ochtú haois déag; an t‑ochtódú cruinniú, miontuairiscí an ochtódú cruinniú.
  4. Imríonn an t‑alt ar thúslitir na horduimhreach mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach, e.g., bróga an chúigiú girseach; seoladh an cheathrú teach is daichead; ach ní dhéantar athrú tosaigh ar fs, e.g., lucht an seachtú hoifig; bonn an fichiú himreoir; deireadh an seascadú comhdháil.
Tábla 9XNa hOrduimhreacha sa Tuiseal Ginideach
Na hOrduimhreacha sa Tuiseal Ginideach
marcach an chéad chapaill
tús na chéad chaibidle
39údeireadh an naoú hoíche is tríocha
14úseol an cheathrú bád déag100úgearán an chéadú custaiméir
20útorthaí an fichiú dalta104úbeithígh an chéad is ceathrú feirmeoir

#9.5.5 Aidiachtaí leis na hOrduimhreacha

Díochlaontar an aidiacht de réir an ainmfhocail, e.g., an chéad bhean mhór; an chéad fhear mór; seol an chéad bháid ghoirm; deireadh na chéad tuarascála cuimsithí; na chéad scoláirí maithe; eachtraí na chéad taiscéalaithe cáiliúla; an tríú fear mór is tríocha; cóta an daicheadú bean mhór.

#9.5.6 Na hOrduimhreacha a Scríobh ina bhFigiúirí

  1. Scríobhtar orduimhreacha ina bhfigiúirí trí ú a chur i ndiaidh an fhigiúir, e.g., an 1ú, an 2ú, an 19ú, an 123ú.
  2. Is ionann na rialacha a bhaineann le horduimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí agus na rialacha a bhaineann le horduimhreacha a scríobh ina bhfocail (féach 9.5.1 go 9.5.5 roimhe seo). Tabhair faoi deara go gcuirtear h roimh ghuta agus nach gcuirtear séimhiú i ndiaidh 1ú toisc gur aonú atá i gceist (seachas céad).

#9.6 An Codán

#9.6.1 Comhdhéanamh an Chodáin

  1. Bíonn dhá chuid sa ghnáthchodán: an t‑uimhreoir agus an t‑ainmneoir. Cuirtear an t‑uimhreoir os cionn na líne agus an t‑ainmneoir faoi bhun na líne, e.g., i gcás 6/7, is é 6 an t‑uimhreoir agus is é 7 an t‑ainmneoir.
  2. Baintear leas as na horduimhreacha chun an t‑ainmneoir a chur in iúl seachas i gcás na bhfocal leath agus trian.

    Tabhair faoi deara go n‑úsáidtear an fhoirm speisialta iolra treana den ainmfhocal trian ar lorg na n‑uimhreacha 3–10. Fágtar an t‑ainmfhocal sin lom i ndiaidh trí, ceithre, cúig, , e.g., 3/3 — trí treana; 4/3 — ceithre treana; agus uraítear é i ndiaidh seacht, ocht, naoi, deich, e.g., 9/3 — naoi dtreana; 10/3 — deich dtreana.

  3. I gcás gur uimhir idir 11–19 an t‑ainmneoir, úsáidtear leagan a dhíorthaítear ón orduimhir, e.g., 4/13 — ceithre thrídéagú; 6/15 — sé chúigdéagú.
  4. I gcás gur uimhir os cionn 20 an t‑ainmneoir, is ionann ord na bhfocal agus ord na bhfocal sna maoluimhreacha ach go gcuirtear orduimhir in ionad na maoluimhreach ag an deireadh, e.g., 1/30 — tríochadú; 4/97 — ceithre nócha seachtú.
  5. Scríobhtar codáin ar roinnt bealaí éagsúla, mar a léirítear thíos. Is í rogha (i) an struchtúr is minice a úsáidtear.

    1. Is féidir leas a bhaint as dhá mhaoluimhir agus an réamhfhocal ar nó an réamhfhocal comhshuite os cionn eatarthu chun aon chodán a chur in iúl, e.g., 1/11 — a haon ar a haon déag; a haon os cionn a haon déag; 7/8 — a seacht ar a hocht; a seacht os cionn a hocht; 4/15 — a ceathair ar a cúig déag; a ceathair os cionn a cúig déag; 33/57 — tríocha a trí ar chaoga a seacht; tríocha a trí os cionn caoga a seacht; 136/82 — céad tríocha a sé ar ochtó dó; céad tríocha a sé os cionn ochtó dó. Ní shéimhítear fiche i gcodáin, e.g., 3/24 — a trí ar fiche a ceathair.
    2. Más 1 an t‑uimhreoir, is féidir an focal cuid a úsáid leis na horduimhreacha chun codáin a chur in iúl, e.g., 1/2 — leath; an leathchuid; 1/3 — trian; an tríú cuid; 1/11 — aondéagú; an t‑aondéagú cuid. Is gnách an leagan le cuid a úsáid nuair is uimhir os cionn 20 an t‑ainmneoir, e.g., 1/27 — an fiche seachtú cuid; 1/156 — an céad caoga séú cuid. I gcás na ndeicheanna, áfach, is túisce a déarfaí tríochadú, etc. ná an tríochadú cuid.
    3. Má tá an t‑uimhreoir idir 2 agus 10, úsáidtear na bunuimhreacha agus foirm na horduimhreach (féach (b), (c) agus (d) roimhe seo) chun an codán a chur in iúl. Is gnáth-ainmfhocail iad na codáin agus leantar gnáthrialacha na mbunuimhreacha agus iad á gcomhaireamh, e.g., 7/8 — seacht n‑ochtú; 4/15 — ceithre chúigdéagú; ach ní shéimhítear fichiú, e.g., 3/20 — trí fichiú.
    4. De rogha ar (iii) thuas, má tá an t‑uimhreoir idir 2 agus 10 is féidir an t‑ainmfhocal ceann/cinn a úsáid i dteannta an réamhfhocail de agus an leagain iolra den ainmneoir, e.g., 7/8 — seacht gcinn d’ochtuithe; 4/15 — ceithre cinn de chúigdéaguithe;
    5. Más mó ná 10 an t‑uimhreoir, is féidir maoluimhreacha a úsáid mar seo a leanas: an t‑uimhreoir (á lua mar mhaoluimhir) + de + iolra an ainmneora, e.g., 33/57 — tríocha a trí de chaoga seachtuithe; 136/82 — céad tríocha a sé d’ochtó dóithe. Is fearr an leagan sin a úsáid nuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir agus nuair is mó ná 20 an t‑ainmneoir.

#9.6.2 An tAinmneoir

  1. An tAinmneoir 2–19

    Taispeántar sa tábla seo a leanas dhá rogha chun codáin a scríobh ar codáin iad ina bhfuil ainmneoir ó 2–19 agus an t‑uimhreoir 1.

    Tábla 9YNa Codáin — An tAinmneoir 2–19
    An CodánAn tAinmneoirAn Leagan le cuidAn CodánAn tAinmneoirAn Leagan le cuid
    1/2leathan leathchuid1/11aondéagúan t‑aondéagú cuid
    1/3trianan tríú cuid1/12dódhéagúan dódhéagú cuid
    1/4ceathrúan ceathrú cuid1/13trídéagúan trídéagú cuid
    1/5cúigiúan cúigiú cuid1/14ceathairdéagúan ceathairdéagú cuid
    1/6séúan séú cuid1/15cúigdéagúan cúigdéagú cuid
    1/7seachtúan seachtú cuid1/16sédéagúan sédéagú cuid
    1/8ochtúan t‑ochtú cuid1/17seachtdéagúan seachtdéagú cuid
    1/9naoúan naoú cuid1/18ochtdéagúan t‑ochtdéagú cuid
    1/10deichiúan deichiú cuid1/19naoidéagúan naoidéagú cuid
  2. An tAinmneoir 20+

    Tugtar samplaí sa tábla seo a leanas den tslí a ndéileáiltear le hainmneoirí os cionn 20 (seachas na deicheanna) nuair is 1 an t‑uimhreoir. Is gnách an leagan le cuid a úsáid i gcás codáin den sórt sin. Is ionann comhréir an leagain sin agus an chomhréir a úsáidtear sna maoluimhreacha ach go gcuirtear orduimhir in ionad na maoluimhreach ag an deireadh agus go bhfágtar an mhír uimhriúil a ar lár.

    Tábla 9ZNa Codáin — An tAinmneoir 20+
    An CodánAn Leagan le cuidAn CodánAn Leagan le cuid
    1/21an fiche aonú cuid1/87an t‑ochtó seachtú cuid
    1/32an tríocha dóú cuid1/98an nócha ochtú cuid
    1/43an daichead tríú cuid1/99an nócha naoú cuid
    1/54an caoga ceathrú cuid1/156an céad caoga séú cuid
    1/65an seasca cúigiú cuid1/2,987an dá mhíle naoi gcéad ochtó seachtú cuid
    1/76an seachtó séú cuid1/3,234,567an trí mhilliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle, cúig chéad seasca seachtú cuid

    Tabhair faoi deara gurb í an orduimhir a úsáidtear i gcás na ndeicheanna, e.g., fichiú, céadú, míliú, etc. agus nach gnách an leagan le cuid a úsáid leo, e.g., 1/30 — tríochadú; 1/50 — caogadú.

#9.6.3 An tUimhreoir

  1. An tUimhreoir 2–10
    1. Leantar córas na mbunuimhreacha nuair is mó ná 1 an t‑uimhreoir toisc gur gnáth-ainmfhocail iad na hainmneoirí (eisceacht: ní shéimhítear fichiú, e.g., trí fichiú). Tugtar samplaí sa tábla seo a leanas de chodáin nuair is uimhir idir 2 agus 10 an t‑uimhreoir.
      Tábla 9AANa Codáin — An tUimhreoir 2–10
      An CodánAn CodánAn Codán
      3/2trí leath2/11dhá aondéagú4/30ceithre thríochadú
      2/3dhá thrian3/12trí dhódhéagú5/40cúig dhaicheadú
      5/4cúig cheathrú4/13ceithre thrídéagú6/50sé chaogadú
      4/7ceithre sheachtú7/16seacht sédéagú9/80naoi n‑ochtódú
      8/9ocht naoú9/18naoi n‑ochtdéagú9/100naoi gcéadú
      9/10naoi ndeichiú6/19sé naoidéagú3/1,000trí mhíliú
      10/3deich dtreana3/20trí fichiú5/1,000,000cúig mhilliúnú
    2. De rogha air sin, is féidir an t‑ainmfhocal ceann/cinn a úsáid i dteannta an réamhfhocail de agus an leagain iolra den ainmneoir.
      Tábla 9BBNa Codáin — An tUimhreoir 2–10 — An Leagan le ceann/cinn agus an Réamhfhocal de
      An Codánceann/cinn + deAn Codánceann/cinn + de
      2/21dhá cheann de fiche aonuithe10/156deich gcinn de chéad caoga séithe
      3/32trí cinn de thríocha dóithe5/209cúig cinn de dhá chéad naoithe
      4/43ceithre cinn de dhaichead tríthe2/2,987dhá cheann de dhá mhíle, naoi gcéad ochtó seachtuithe
      5/54cúig cinn de chaoga ceathruithe3/3,234,567trí cinn de thrí mhilliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle, cúig chéad seasca seachtuithe
  2. Na Codáin nuair is mó ná 10 an tUimhreoir

    Nuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir úsáidtear na maoluimhreacha mar seo a leanas: an t‑uimhreoir (á lua mar mhaoluimhir) + de + iolra an ainmneora.

    Tábla 9CCNuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir úsáidtear na maoluimhreacha mar seo a leanas: an t‑uimhreoir (á lua mar mhaoluimhir) + de + iolra an ainmneora.
    An CodánAn Mhaoluimhir Móide deAn CodánAn Mhaoluimhir Móide de
    11/2 a haon déag de leatha19/12 a naoi déag de dhódhéaguithe
    12/3 a dó dhéag de thrianta20/19 fiche de naoidéaguithe
    15/6 a cúig déag de shéithe45/17 daichead a cúig de sheachtdéaguithe
    17/8 a seacht déag d’ochtuithe87/13 ochtó a seacht de thrídéaguithe
    18/9 a hocht déag de naoithe123/12 céad fiche a trí de dhódhéaguithe

#9.6.4 Uimhreoirí agus Ainmneoirí Móra

Nuair is mó ná 10 an t‑uimhreoir agus nuair is mó ná 20 an t‑ainmneoir, is fearr an leagan leis an maoluimhir móide an réamhfhocal de agus iolra an ainmneora a úsáid. Is féidir freisin leas a bhaint as dhá mhaoluimhir agus an réamhfhocal ar nó an réamhfhocal comhshuite os cionn eatarthu chun codán a chur in iúl, e.g., 61/66 — seasca a haon ar sheasca a sé; seasca a haon os cionn seasca a sé; 74/83 — seachtó a ceathair ar ochtó a trí; seachtó a ceathair os cionn ochtó a trí; 437/500,043 — ceithre chéad tríocha a seacht ar chúig chéad míle daichead a trí; ceithre chéad tríocha a seacht os cionn cúig chéad míle daichead a trí.

Tábla 9DDNa Codáin — Uimhreoirí agus Ainmneoirí Móra
An CodánAn Mhaoluimhir Móide deAn Mhaoluimhir Móide arAn Mhaoluimhir Móide os cionn
23/29 fiche a trí de fiche naoithe fiche a trí ar fiche a naoi fiche a trí os cionn fiche a naoi
13/30 a trí déag de thríochaduithe a trí déag ar thríocha a trí déag os cionn tríocha
32/81 tríocha a dó d’ochtó aonuithe tríocha a dó ar ochtó a haon tríocha a dó os cionn ochtó a haon
81/84 ochtó a haon d’ochtó ceathruithe ochtó a haon ar ochtó a ceathair ochtó a haon os cionn ochtó a ceathair

#9.7 An Uimhir Dheachúlach

  1. Is é córas na maoluimhreacha a úsáidtear i gcás uimhreacha deachúlacha, e.g., 1.7 — a haon ponc a seacht; 22.4 — fiche a dó ponc a ceathair; 84.22 — ochtó a ceathair ponc a dó a dó.

  2. Ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ainmfhocal atá ar lorg uimhir dheachúlach, bíodh sí i bhfoirm focal nó figiúirí, e.g., a haon ponc a dó gram; 1.5 cileagram; 7.4 méadar ciúbach.


#9.8 Achoimre ar na hUimhreacha

Tábla 9EEAchoimre ar na hUimhreacha 1–19
0–19An Tuiseal AinmneachAn Tuiseal GinideachFigiúr
An Bhunuimhir
  • aon bhileog ghlan amháin
  • dhá chupán ghlasa
  • an dá chrann éagsúla
  • na seacht gcinn dhearga
  • na cúig bhád déag bheaga
  • sé oíche Shathairn déag
  • sé theach tábhairne dhéag
  • tús na haon bhileoige glaine amháin
  • dath an dá chrann éagsúla
  • costas na seacht gcinn dhearga
  • bádóirí na gcúig bhád déag bheaga
  • fuacht na n‑ocht gcloigne maola
  • 1 bhileog ghlan
  • 2 chupán ghlasa
  • 3 cinn dhearga
An Uimhir Phearsanta
  • beirt bhan mhisniúla
  • beirt fhear chróga
  • an bheirt scoláirí chumasacha
  • an ceathrar feirmeoirí gnóthacha
  • an t‑ochtar aisteoirí maithe
  • trí fheirmeoir déag Éireannacha
  • na seacht n‑oibrí dhéag ghnóthacha
  • ainmneacha na beirte ban mhisniúla
  • muintir an cheathrair
  • muintir an cheathrar feirmeoirí gnóthacha
  • róil an ochtair
  • róil an ochtar aisteoirí maithe
  • cumas na dtrí fheirmeoir déag Éireannacha
  • tuarastail na seacht n‑oibrí dhéag ghnóthacha
  • 1 oibrí cáilithe
  • 3 fheisire shinsearacha
  • 8 n‑údar fhoilsithe
  • 13 fheirmeoir Éireannacha
  • 17 n‑oibrí ghnóthacha
An Orduimhir
  • an chéad fhear cróga
  • na chéad cheithre charr mhóra
  • an tríú cupán tae
  • an cúigiú hionstraim reachtúil
  • an seachtú hábhar déag nua
  • an t‑ochtú capall déag mór
  • ráiteas an chéad fhir chróga
  • buiséad na chéad dánlainne nua-aoisí
  • blas an tríú cupán tae
  • forálacha an chúigiú hionstraim reachtúil
  • costas an seachtú hábhar déag nua
  • ualach an ochtú capall déag mór
  • an 1ú fear cróga
  • an 1ú dánlann nua-aoiseach
  • an 3ú cupán tae
  • an 5ú hionstraim reachtúil
  • an 17ú hábhar nua
  • an 18ú capall mór
Tábla 9FFAchoimre ar na hUimhreacha 20+
20+An Córas SeanbhunaitheAn Córas Simplithe
An Bhunuimhir agus an Uimhir Phearsanta
  • aon chapall mór amháin is fiche
  • trí bhean arda is ceathracha
  • cúig fhuinneog bhriste is caoga
  • seacht leabhar shuimiúla is seachtó
  • naoi nduine ghnóthacha is nócha
  • trí chéad seasca is ceithre bhuidéal fholmha
  • fiche a haon capall mór
  • ceathracha a trí bean ard
  • caoga a cúig fuinneog bhriste
  • seachtó a seacht leabhar suimiúil
  • nócha a naoi duine gnóthach
  • trí chéad seasca a ceathair buidéal folamh
  • 21 chapall mór
  • 43 bhean arda
  • 55 fhuinneog bhriste
  • 77 leabhar shuimiúla
  • 99 nduine ghnóthacha
  • 364 bhuidéal fholmha
  • 21 capall mór
  • 43 bean ard
  • 55 fuinneog bhriste
  • 77 leabhar suimiúil
  • 99 duine gnóthach
  • 364 buidéal folamh
An Orduimhir
  • an ceathrú doras dúnta is fiche
  • an daicheadú leabhar nua
  • an séú hábhar suimiúil is seasca
  • an 24ú doras dúnta
  • an 40ú leabhar nua
  • an 66ú hábhar suimiúil