#5.1 Na Briathra Rialta
#5.1.1
Tá dhá réimniú ar na briathra rialta.
#5.1.2
Baineann leis an gCéad Réimniú:
- briathra ó fhréamhacha aonsiollacha, e.g., bog, bris, caith, mol, lena n‑áirítear briathra a chríochnaíonn ar -igh, e.g., breoigh, clóigh, cráigh, iaigh, luaigh, reoigh, sáigh;
- briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -áil, e.g., sábháil, tarrtháil, agus roinnt briathra ilsiollacha ar leith, e.g., adhlaic, ceiliúir, gearán, seachaid, taispeáin, tíolaic.
#5.1.3
Baineann leis an Dara Réimniú:
- briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)igh, e.g., ceannaigh, imigh
- briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)il, -(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrítear sa réimniú, e.g., agair, codail, cogain, iompair, tochail;
- líon beag briathra ar leith ar nós foghlaim, fulaing, tarraing, tuirling.
#5.1.4
Is ionann réimniú de ghnáth do bhriathar comhshuite agus don bhriathar ónar cumadh é:
- tá aisíoc, athdhear agus comhlíon sa chéad réimniú ar aon dul le íoc, dear agus líon; agus
- tá athchomhairligh, comhdhlúthaigh agus comhshínigh sa dara réimniú ar aon dul le comhairligh, dlúthaigh agus sínigh.
#5.1.5 An Modh Foshuiteach
Má tá feidhm ghuítheach ag abairt is sa mhodh foshuiteach a bhíonn sí i gcónaí, e.g., Go raibh maith agat; Go dté tú slán. Bíonn rogha idir an modh foshuiteach láithreach agus an aimsir fháistineach nuair is aimsir phríomha atá ag briathar an phríomhchlásail sna cásanna seo a leanas:
- i ndiaidh na gcónasc ama ach a, go, nó go, sula, e.g., Gheobhaimid an scéal ceart ach a dtaga (a dtiocfaidh) Pól; Ná beannaigh don diabhal go mbeannaí (go mbeannóidh) sé duit; Beidh tú ann nó go bhfása (nó go bhfásfaidh) coincleach ort; Beidh siad ann sula mbuailtear (sula mbuailfear) clog an aingil;
- i ndiaidh na gcónasc aidhme go, nó go, e.g., Féach é go bhfeice (go bhfeicfidh) tú; Suigh nó go raibh (nó go mbeidh) do scíth déanta agat;
- i gcéadbheart oscailte i ndiaidh mura, e.g., Mura gcuire (mura gcuirfidh) tú, ní bhainfidh tú.
- Is ionann foirmeacha an mhodha fhoshuitigh chaite agus foirmeacha na haimsire gnáthchaite spleáiche (ach amháin i gcás an bhriathair bí) (féach an Fhoirm Spleách, 5.1.8). Is féidir freisin foirm an mhodha choinníollaigh a úsáid thar ceann an fhoshuitigh chaite más san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite nó sa mhodh coinníollach atá an príomhchlásal, e.g., Tháinig (thagadh, thiocfadh) sí isteach sula bhfeictí (bhfeicfí) í. I gcás an bhriathair bí is ionann foirmeacha don mhodh foshuiteach caite agus don mhodh coinníollach.
- Sna táblaí sa chaibidil seo, léirítear an modh foshuiteach láithreach leis an mír go. Bíodh go leanann urú an mhír sin agus roinnt eile, ní hamhlaidh i gcás gach míre a ghabhann leis an modh foshuiteach. Séimhiú a leanann nár, e.g., Nár fhana sé i bhfad.
#5.1.6 An Mhír Dhiúltach
Is í ní (níor) an mhír dhiúltach agus léirítear í sna táblaí ina dtugtar an fhoirm dhiúltach.
#5.1.7 An Fhoirm Neamhspleách
Is í an fhoirm neamhspleách an fhoirm den bhriathar a úsáidtear i bpríomhchlásal ráiteasach dearfach, e.g., bhí mé; ceannóidh sé; mholfadh sí. Mura bhfuil a mhalairt ráite, is í an fhoirm neamhspleách a thugtar sa réimniú sa chuid eile den chaibidil seo, ach amháin sa Mhodh Foshuiteach Láithreach.
#5.1.8 An Fhoirm Spleách
Is í an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha coibhneasta agus na míreanna briathartha seo: a/ar (= an mhír choibhneasta), a/ar (= an méid a/ar), an/ar, cá/cár, dá/dár, (de nó do + a (ar)) agus dá (coinníollach), go/gur, mura/murar, nach/nár, ní/níor, sula/sular (féach 10.4.2 agus 10.8.2).
#5.1.9 Aimsir an Bhriathair i gcás má agus nuair
Is í an aimsir ghnáthláithreach a leanann má chun coinníoll sa todhchaí a chur in iúl, e.g., Déanfaidh mé um thráthnóna é má bhíonn deis agam. Is í an aimsir fháistineach a leanann nuair má táthar ag trácht ar rud atá le tarlú amach anseo, e.g., Glan é nuair a thiocfaidh tú isteach amárach.
#5.1.10 Muid
Is féidir muid a úsáid leis an bhfoirm scartha den bhriathar sa chéad phearsa iolra de rogha ar na foirmeacha táite den bhriathar (a thugtar sna táblaí) i ngach uile mhodh agus aimsir. Tá comhstádas ag an bhfoirm scartha muid agus ag na foirmeacha táite den bhriathar sa chéad phearsa iolra.
| An Aimsir/Modh | An Fhoirm Scartha + muid | An Fhoirm Tháite den Bhriathar |
|---|---|---|
| An Aimsir Láithreach | molann muid tá muid | molaimid táimid |
| An Aimsir Chaite | cheannaigh muid ní fhaca muid | cheannaíomar ní fhacamar |
| An Aimsir Ghnáthchaite | d’itheadh muid chrádh muid | d’ithimis chráimis |
| An Aimsir Fháistineach | láimhseoidh muid rachaidh muid | láimhseoimid rachaimid |
| An Modh Coinníollach | chloisfeadh muid nífeadh muid | chloisfimis nífimis |
| An Modh Foshuiteach | go gceanglaí muid go dtaga muid | go gceanglaímid go dtagaimid |
| An Modh Ordaitheach | déanadh muid fágadh muid | déanaimis fágaimis |
#5.2 An Chéad Réimniú
#5.2.1 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan seachas -gh
| Mol | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Bris | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
- Is ar an gcuma chéanna le mol a réimnítear briathra rialta ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan, agus is ar an gcuma chéanna le bris a réimnítear briathra rialta ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan caol.
Má ghabhann fréamh a chríochnaíonn ar -t nó -th (e.g., at, loit, caith, leath) foirceann dar tús -t (e.g., -tar/-tear, -taí/-tí, -tá/-teá, -ta/-te), déantar -t- den -t(h)t-:
Críochnaíonn ar -t(h) leathan Críochnaíonn ar -t(h) caol -t(h) + t- -t- -t(h) + t- -t- An Aimsir Láithreach at + tar atar loit + tear loitear leath + tar leatar caith + tear caitear An Aimsir Ghnáthchaite d’at + taí d’ataí loit + tí loití leath + taí leataí caith + tí chaití An Aidiacht Bhriathartha at + ta ata loit + te loite leath + ta leata caith + te caite Má ghabhann fréamh a chríochnaíonn ar -bh nó -mh (e.g., gabh, ríomh) foirceann dar tús -th- (e.g., -tha san aidiacht bhriathartha), déantar -f- den -bhth- nó den -mhth-:
Críochnaíonn ar -bh Críochnaíonn ar -mh -bh + th- -f- -mh + th- -f- An tAinm Briathartha gabh + tha gafa ríomh + tha ríofa scríobh + tha scríofa promh + tha profa Coinnítear -bh, -mh agus -th roimh -f-, e.g., scríobhfaí, ríomhfá, chaithfeá:
Críochnaíonn ar -bh Críochnaíonn ar -mh Críochnaíonn ar -th -bh + f- -bhf- -mh + f- -mhf- -th + f- -thf- An Modh Coinníollach scríobh + fá scríobhfá ríomh + fá ríomhfá chaith + fí chaithfí
#5.2.2 Briathra ó Fhréamhacha Ilsiollacha
| Sábháil | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Tíolaic | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
- Briathra a réimnítear ar nós sábháil:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha bácáil bácálaim bácáil bácáilte cóipeáil cóipeálaim cóipeáil cóipeáilte nótáil nótálaim nótáil nótáilte péinteáil péinteálaim péinteáil péinteáilte - Briathra a réimnítear ar nós tíolaic:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha adhair adhraim adhradh adhartha adhlaic adhlacaim adhlacadh adhlactha ceiliúir ceiliúraim ceiliúradh ceiliúrtha seachaid seachadaim seachadadh seachadta tionóil tionólaim tionól tionólta - Briathra a choinnítear caol tríd síos (gan an t‑ainm briathartha a áireamh) ina réimniú:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha toirmisc toirmiscim toirmeasc toirmiscthe tiomáin tiomáinim tiomáint tiomáinte - Briathra a choinnítear leathan tríd síos ina réimniú:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha coimeád coimeádaim coimeád coimeádta gearán gearánaim gearán gearánta
#5.2.3 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha a chríochnaíonn ar -gh
Cráigh, dóigh
Tábla 5FAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair cráigh Cráigh An Modh Táscach An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach cráim chráigh mé chráinn cráfaidh mé cránn tú chráigh tú chráiteá cráfaidh tú cránn sé/sí chráigh sé/sí chrádh sé/sí cráfaidh sé/sí cráimid chrámar chráimis cráfaimid cránn sibh chráigh sibh chrádh sibh cráfaidh sibh cránn siad chráigh siad chráidís cráfaidh siad sb. cráitear sb. crádh sb. chráití sb. cráfar An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach chráfainn go gcrá mé cráim chráfá go gcrá tú cráigh chráfadh sé/sí go gcrá sé/sí crádh sé/sí chráfaimis go gcráimid cráimis chráfadh sibh go gcrá sibh cráigí chráfaidís go gcrá siad cráidís sb. chráfaí sb. go gcráitear sb. cráitear An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha crá cráite Tábla 5GAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair dóigh Dóigh An Modh Táscach An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach dóim dhóigh mé dhóinn dófaidh mé dónn tú dhóigh tú dhóiteá dófaidh tú dónn sé/sí dhóigh sé/sí dhódh sé/sí dófaidh sé/sí dóimid dhómar dhóimis dófaimid dónn sibh dhóigh sibh dhódh sibh dófaidh sibh dónn siad dhóigh siad dhóidís dófaidh siad sb. dóitear sb. dódh sb. dhóití sb. dófar An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach dhófainn go ndó mé dóim dhófá go ndó tú dóigh dhófadh sé/sí go ndó sé/sí dódh sé/sí dhófaimis go ndóimid dóimis dhófadh sibh go ndó sibh dóigí dhófaidís go ndó siad dóidís sb. dhófaí sb. go ndóitear sb. dóitear An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha dó dóite Briathra a réimnítear ar nós cráigh, dóigh:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha báigh báim bá báite cneáigh cneáim cneá cneáite meáigh meáim meá meáite leáigh leáim leá leáite clóigh clóim cló clóite breoigh breoim breo breoite dreoigh dreoim dreo dreoite feoigh feoim feo feoite reoigh reoim reo reoite brúigh brúim brú brúite crúigh crúim crú crúite liúigh liúim liú liúite súigh súim sú súite luaigh luaim lua luaite Briathra a bhfuil ainm briathartha ar leith acu:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha beoigh beoim beochan beoite buaigh buaim buachan buaite cruaigh cruaim cruachan cruaite fuaigh fuaim fuáil fuaite glaoigh glaoim glaoch glaoite iaigh iaim iamh iata
Léigh, nigh
I gcás briathra a bhfuil guta gearr sa fhréamh iontu, fágtar an guta gan fadú roimh -t, e.g., nitear, niteá, nite, ach ním, níodh, nífí, etc. Is guta fada, áfach, a bhíonn ag léigh etc. síos tríd, e.g., léitear, léiteá, léite.
Tábla 5HAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair léigh Léigh An Modh Táscach An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach léim léigh mé léinn léifidh mé léann tú léigh tú léiteá léifidh tú léann sé/sí léigh sé/sí léadh sé/sí léifidh sé/sí léimid léamar léimis léifimid léann sibh léigh sibh léadh sibh léifidh sibh léann siad léigh siad léidís léifidh siad sb. léitear sb. léadh sb. léití sb. léifear An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach léifinn go lé mé léim léifeá go lé tú léigh léifeadh sé/sí go lé sé/sí léadh sé/sí léifimis go léimid léimis léifeadh sibh go lé sibh léigí léifidís go lé siad léidís sb. léifí sb. go léitear sb. léitear An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha léamh léite Tábla 5IAn Chéad Réimniú — Réimniú an Bhriathair nigh Nigh An Modh Táscach An Aimsir Láithreach An Aimsir Chaite An Aimsir Ghnáthchaite An Aimsir Fháistineach ním nigh mé nínn nífidh mé níonn tú nigh tú niteá nífidh tú níonn sé/sí nigh sé/sí níodh sé/sí nífidh sé/sí nímid níomar nímis nífimid níonn sibh nigh sibh níodh sibh nífidh sibh níonn siad nigh siad nídís nífidh siad sb. nitear sb. níodh sb. nití sb. nífear An Modh Coinníollach An Modh Foshuiteach Láithreach An Modh Ordaitheach nífinn go ní mé ním nífeá go ní tú nigh nífeadh sé/sí go ní sé/sí níodh sé/sí nífimis go nímid nímis nífeadh sibh go ní sibh nígí nífidís go ní siad nídís sb. nífí sb. go nitear sb. nitear An tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha ní nite Briathra a réimnítear ar nós léigh:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha éigh éim éamh éite téigh (sa bhrí teas) téim téamh téite pléigh pléim plé pléite spréigh spréim spré spréite caígh caím caí caíte cloígh cloím cloí cloíte cnaígh cnaím cnaí cnaíte Briathra a réimnítear ar nós nigh:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha dligh dlím dlí dlite figh fím fí fite guigh guím guí guite ligh lím lí lite luigh luím luí luite snigh sním sní snite snoigh snoím snoí snoite suigh suím suí suite Briathra a bhfuil ainm briathartha ar leith acu:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha bligh blím bleán blite buígh buím buíochan buíte righ rím ríochan rite
#5.3 An Dara Réimniú
#5.3.1 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(a)igh
| Beannaigh | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Cruinnigh | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
#5.3.2 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha a chríochnaíonnar -(a)il, -(a)in, -(a)ir, -(a)is agus a choimrítear sa réimniú
| Ceangail | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Díbir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Briathra a réimnítear ar nós ceangail:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha codail codlaím codladh codalta fógair fógraím fógairt fógartha labhair labhraím labhairt labhartha oscail osclaím oscailt oscailte tionscain tionscnaím tionscnamh tionscanta Briathra a réimnítear ar nós díbir:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha aithin aithním aithint aitheanta eitil eitlím eitilt eitilte imir imrím imirt imeartha inis insím insint inste
#5.3.3 Briathra Eile sa Dara Réimniú
Ní choimrítear briathra ó fhréamhacha a chríochnaíonn ar -aim, -(a)ing:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha foghlaim foghlaimím foghlaim foghlamtha fulaing fulaingím fulaingt fulaingthe tarraing tarraingím tarraingt tarraingthe tuirling tuirlingím tuirlingt tuirlingthe Briathra eile nach gcoimrítear:
An Fhréamh An Chéad Phearsa Uatha
An Aimsir LáithreachAn tAinm Briathartha An Aidiacht Bhriathartha aithris aithrisím aithris aithriste freastail freastalaím freastal freastalta taistil taistealaím taisteal taistealta
#5.4 Na Briathra Neamhrialta
#5.4.1
Aon bhriathar déag neamhrialta atá ann. Is iad seo a leanas na briathra neamhrialta: abair, beir, bí, clois/cluin, déan, faigh, feic, ith, tabhair, tar, téigh.
#5.4.2
Ní choinníonn na briathra neamhrialta an fhréamh chéanna tríd síos ina réimniú agus tá leaganacha ar leith ar chuid acu san fhoirm spleách.
#5.4.3
Is ionann fréamh an bhriathair san aimsir ghnáthláithreach agus san aimsir ghnáthchaite sna briathra neamhrialta go léir, e.g., cloisimid, chloisimis; deirim, deirinn; tugann sí, thugadh sí. Seachas i gcás an bhriathair bí, bíonn an fhréamh chéanna leis an modh foshuiteach láithreach freisin, e.g., go gcloise; go ndeire; go dtuga.
#5.4.4
Is ionann fréamh an bhriathair san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach sna briathra neamhrialta go léir, e.g., déarfaidh mé, déarfainn; déanfaidh tú, dhéanfá; tabharfaidh siad, thabharfaidís.
#5.4.5 An Fhoirm Spleách
Is í an fhoirm spleách a leanann na cónaisc, na forainmneacha coibhneasta agus na míreanna briathartha seo: a/ar (= an mhír choibhneasta), a/ar (= an méid a/ar), an/ar, cá/cár, dá/dár (de nó do+a (ar)) agus dá (coinníollach), go/gur, mura/murar, nach/nár, ní/níor, sula/sular (féach 10.4.2 agus 10.8.2). Is le ní nó go a léirítear an fhoirm spleách sna táblaí.
Úsáidtear na míreanna sin leis na briathra neamhrialta ar an modh céanna ar a n‑úsáidtear iad leis na briathra rialta.
An dtabharfadh sí síob chun na scoile duit? Dúirt siad go dtagann sí ar cuairt gach Satharn. Níor rug siad ar na gadaithe go fóill. Nár chuala tú faoin gcruinniú? Ar ith sé a dhóthain? Ach ní úsáidtear na leaganacha a chríochnaíonn ar -r de na míreanna sin san aimsir chaite, modh táscach, leis na briathra abair, bí, déan (i gcás foirmeacha dar tús dearn-), faigh, feic, téigh.
Nach ndeachaigh sibh abhaile fós? Cá bhfacamar cheana é? An ndúirt sé dada leatsa faoi? Deir sí go raibh siad ann. Ní bhfuair sé an t‑airgead fós. Ní shéimhítear an briathar abair in aon chás, e.g., ní deirim (deirimis, dúirt sé, déarfainn), má deir tú (deiridís), na rudaí a déarfaidh (a déarfadh) sé.
Táthaítear an mhír choibhneasta a leis an mbriathar bí san aimsir láithreach — atáim, atá, atáimid, atáthar. Cuirtear ná, in ionad nár, roimh fhoirmeacha an mhodha fhoshuitigh de bí, e.g., Ná raibh maith agat.
| Abair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Beir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Bí | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
*a bheith a bhíonn ann seachas i ndiaidh chun nó réamhfhocail shimplí áirithe, e.g., chun bheith, as bheith, gan bheith, le bheith.
| Clois/Cluin | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Déan | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Faigh | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Feic | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Ith | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Tabhair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Tar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Téigh | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
#5.5 An tAinm Briathartha
#5.5.1 Ainmneacha Briathartha sa Chéad Réimniú
Sa tábla thíos, taispeántar na cineálacha éagsúla ainmneacha briathartha atá sa chéad réimniú.
| Tréith | Samplaí |
|---|---|
| An deireadh -(e)adh | blaiseadh, briseadh, ceapadh, glanadh, meascadh, pósadh |
| Leathnú ar an bhfréamh agus an deireadh -adh | bualadh, fáscadh, loscadh, rúscadh, troscadh |
| Leathnú ar an bhfréamh | brath, cumasc, cur, gol, lot, siúl, toirmeasc, tomhas |
| Ionann is an fhréamh | amharc, crith, díol, fás, íoc, ól, ríomh, scríobh, teagasc, teip |
| An deireadh -áil | fágáil, féadachtáil, gabháil, maireachtáil, tógáil |
| -t a chur leis an bhfréamh | adhaint, baint, ceilt, deighilt, meilt, roinnt |
| An deireadh -(e)amh | buaireamh, caitheamh, fónamh, léamh, seasamh, téamh |
| An deireadh -(e)an | airleacan, leagan, ligean, teilgean, tionlacan, tréigean |
| An deireadh -chan | athnuachan, beochan, buíochan, buachan, cruachan |
| An deireadh -(e)acht | éisteacht, fanacht, gluaiseacht |
| An deireadh -im | druidim, léim, titim |
| An deireadh úint | creidiúint, feiliúint, giniúint, leanúint, oiliúint |
| Guta fada nó défhoghar (fréamh a chríochnaíonn ar -igh, -ígh) | bá, brú, cloí, dlí, feo, guí, lí, lua, meá, ní, plé, reo, sleá, sní, sú, suí, trá, treá |
| Ainmneacha briathartha eile | bleán, faire, fóirithint, iarraidh, screadach, seinm, tuiscint |
#5.5.2 Ainmneacha Briathartha sa Dara Réimniú
Sa tábla thíos, taispeántar na cineálacha éagsúla ainmneacha briathartha atá sa dara réimniú.
| Tréith | Samplaí |
|---|---|
| An deireadh -(i)ú | achoimriú, bailiú, cabhrú, daingniú, eagrú, fuarú, gríosú, oibriú |
| An deireadh aí | cónaí, corraí, eachtraí, fiafraí, ionsaí |
| An deireadh -í | achainí, éirí, impí, taithí |
| -t a chur leis an bhfréamh | aithint, bagairt, cosaint, eitilt, fógairt, imirt, oscailt, seachaint |
| Leathnú ar an bhfréamh | ceangal, cogar, freastal, iompar, rómhar, soláthar, taisteal |
| An deireadh -(e)amh | áireamh, cúiteamh, éileamh, iomramh, machnamh, smaoineamh |
| An deireadh -(e)ach | ceannach, cnuasach, eiteach, réiteach, taifeach |
| An deireadh -(e)acht | aoireacht, dúiseacht, fortacht, imeacht, tairngreacht |
| An deireadh -áil | admháil, athchúrsáil, teagmháil |
| An deireadh -aíocht | marcaíocht, ráthaíocht, tóraíocht |
| Ainmneacha briathartha eile | damhsa, dúchan, eisiúint, insint, tiúchan |
#5.6 Díochlaonadh an Ainm Bhriathartha
#5.6.1 An Ginideach
Is ionann foirm de ghnáth do ghinideach an ainm bhriathartha agus don aidiacht bhriathartha sna cásanna a léirítear sa tábla thíos:
Tábla 5AADíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Ginideach an Ainm Bhriathartha ar Aon Fhoirm leis an Aidiacht Bhriathartha Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh Ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh - bearradh
- cáineadh
- folcadh
- moladh
- scian bhearrtha
- rún cáinte
- dabhach folctha
- dán molta
Ainmneacha briathartha aonsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta fada nó ar dhéfhoghar - cló
- reo
- sú
- leabhar clóite
- uachtar reoite
- páipéar súite
Ainmneacha briathartha ilsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta fada - cónaí
- éalú
- ionsaí
- áit chónaithe
- bealach éalaithe
- lucht ionsaithe
Ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -ilt, -in(g)t, (ach amháin -áint, -úint), -irt - cuimilt
- cosaint
- labhairt
- barr cuimilte
- gléas cosanta
- deis labhartha
Roinnt ainmneacha briathartha firinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan - coimeád
- léamh
- scríobh
- fear coimeádta
- lucht léite
- an focal scríofa
Corrainm briathartha eile - bruith
- druidim
- práta bruite
- dorn druidte
Is é ginideach an ainmfhocail, de réir an díochlaonta lena mbaineann, a bhíonn —
ar ainmneacha briathartha áirithe:
Tábla 5BBDíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Ainmneacha Briathartha Áirithe Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) - gol
- machnamh
- fonn goil
- ag déanamh a machnaimh
Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) fóirithint foireann fóirithinte Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh, i gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -áil, -aíl, -áint, -úint, -cht agus corrainm briathartha eile (féach 2.4.2) - admháil
- dúiseacht
- iomáint
- lúbarnaíl
- oiliúint
- díolaim
- éag
- tuiscint
- páipéar admhála
- clog dúiseachta
- foireann iomána
- le teann lúbarnaíola
- coláiste oiliúna
- fear díolama
- ar chúl éaga
- bua tuisceana
ar ghnáth-ainmfhocail a úsáidtear chun feidhmeanna de chuid ainm briathartha a dhéanamh ach nach dtéann réimniú briathair thairis sin orthu:
Tábla 5CCDíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Gnáth-Ainmfhocail a úsáidtear chun Feidhmeanna de chuid Ainm Briathartha a dhéanamh Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) - ag magadh
- ag seanchas
- cúis mhagaidh
- fear seanchais
Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) - ag báisteach
- ag fearthainn
- fuadar
- cuma bháistí
- fearthainne
Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh, i gcásanna ina gcuirtear foirceann leis an mbun-ainmfhocal, e.g., bádóir, bádóireacht; peata, peataireacht agus i gcás corrainm briathartha eile (féach 2.4.2) - ag bádóireacht
- ag peataireacht
- ag bradaíl
- ag feadaíl
- cumann bádóireachta
- an iomarca peataireachta
- bó bhradaíola
- port feadaíola
ar na hathleaganacha atá ar mhórán ainmneacha briathartha chun leanúnachas, minicíocht, teibíocht, torann, treise, fochiall nó beart aonair a chur in iúl, e.g., aistriú go aistriúchán; liú go liúireach:
Tábla 5DDDíochlaonadh an Ainm Bhriathartha — Athleaganacha ar Ainmneacha Briathartha Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (féach 2.2.2) níochán meaisín níocháin Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (féach 2.3.2) preabarnach rás preabarnaí Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh (féach 2.4.2) léitheoireacht ábhar léitheoireachta
Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a bhfuil dhá fhoirm orthu sa ghinideach — foirm na haidiachta briathartha agus foirm de réir ceann de dhíochlaontaí na n‑ainmfhocal:
Tábla 5EEDíochlaonadh Ainmneacha Briathartha a bhfuil Dhá Fhoirm orthu sa Ghinideach — Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí Tréith Ainm Briathartha Foirm an Ghinidigh de réir Ceann de na Díochlaontaí Amhail ainmfhocal den Chéad Díochlaonadh (formhór na n‑ainmneacha briathartha firinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan) (féach 2.2.2) - brath
- ceannach
- comhrac
- gearán
- iompar
- tochas
- lucht braith
- árthach ceannaigh
- céile comhraic
- cúis ghearáin
- gléas iompair
- cuaille tochais
Amhail ainmfhocal den Dara Díochlaonadh (beagán ainmneacha briathartha baininscneacha) (féach 2.3.2) - aithris
- breith
- insint
- léim
- titim
- úsáid
- cóir aithrise
- lá breithe
- an sórt insinte
- ag caitheamh léime
- fonn titime
- easpa úsáide
Amhail ainmfhocal den Tríú Díochlaonadh (ainmneacha briathartha baininscneacha a chríochnaíonn ar -chan agus crith, foghlaim, íoc, reic, rith, seinm, slad, snámh, sníomh, tairiscint, tál, trácht, triall, troid, tuiscint) (féach 2.4.2) - beochan
- crith
- foghlaim
- íoc
- reic
- rith
- seinm
- sníomh
- trácht
- troid
- deoch bheochana
- galar creatha
- aos foghlama
- fear íoca
- stalla reaca
- ligean reatha
- lucht seanma
- fearsaid sníomha
- brú tráchta
- babhta troda
- Is í foirm na haidiachta briathartha a úsáidtear nuair atá cuspóir ag gabháil leis an ainm briathartha.
Is í an fhoirm eile a úsáidtear nuair is feidhm ainmfhocail nó feidhm aidiachta a bhíonn ag an ainm briathartha.
Tábla 5FFDíochlaonadh Ainmneacha Briathartha a bhfuil Dhá Fhoirm orthu sa Ghinideach — Foirm na hAidiachta Briathartha agus Foirm de réir Ceann de na Díochlaontaí Ainm Briathartha Ginideach — Foirm na hAidiachta Briathartha Ginideach — Foirm de réir Ceann de na Díochlaonta brath fear a bhraite lucht braith ceannach fear ceannaithe na mbeithíoch árthach ceannaigh déan fear déanta brící sórt déanaimh insint fear inste scéil an sórt insinte íoc lá íoctha na rátaí fear íoca iompar tar éis a iompartha gléas iompair ól lucht ólta poitín boladh óil úsáid modh a úsáidte easpa úsáide
#5.6.2 An tIolra
Tá roinnt ainmneacha briathartha ann a úsáidtear mar ghnáth-ainmfhocail freisin. Bíonn foirm iolra orthu sin de réir an díochlaonta lena mbaineann siad.
- I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -(e)adh, is gnách -taí (-tí) a chur in ionad an -(e)adh más -ch, -d, -l, -ll, -n, -rr, -s nó -t is críoch don fhréamh, agus -thaí (-thí), más consan eile is críoch di, e.g., baisteadh, baistí; casadh, castaí; cinneadh, cinntí; moladh, moltaí; pósadh, póstaí; tarscaoileadh, tarscaoiltí; bloscadh, bloscthaí; colscaradh, colscarthaí; crapadh, crapthaí; loscadh, loscthaí; madhmadh, madhmthaí; scríobadh, scríobthaí; speireadh, speirthí; tíolacadh, tíolacthaí, nó corruair -teacha, -thacha, e.g., filleadh, fillteacha; gearradh, gearrthacha.
- I gcás ainmneacha briathartha ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(i)ú, cuirtear -(u)ithe in ionad an -(i)ú, e.g., athrú, athruithe; ceartú, ceartuithe; cruinniú, cruinnithe; fiosrú, fiosruithe; míniú, mínithe; ordú, orduithe; scrúdú, scrúduithe; toiliú, toilithe.
- I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -áil, leathnaítear an l agus cuirtear -acha leis, e.g., admháil, admhálacha; ofráil, ofrálacha.
- I gcás ainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar cht, cuirtear -aí leo, e.g., gluaiseacht, gluaiseachtaí, agus cuirtear -í le hainmneacha briathartha a chríochnaíonn ar -lt, -nt, -rt, e.g., bagairt, bagairtí; creidiúint, creidiúintí; oscailt, oscailtí; tairiscint, tairiscintí.
- I gcás ainmneacha briathartha aonsiollacha a chríochnaíonn ar ghuta, cuirtear -nna nó, corruair, -ite leo, e.g., breo, breonna; brú, brúnna; cló, clónna; dó, dónna; liú, liúnna; meá, meánna; sú, súnna; crú, crúite; rá, ráite; sá, sáite.
#5.7 An Aidiacht Bhriathartha
#5.7.1 Réimíreanna leis an Aidiacht Bhriathartha
Úsáidtear na réimíreanna do-, in-, so- le foirm na haidiachta briathartha chun rangabhálacha a dhéanamh, e.g., dochoiscthe, dofheicthe, doghluaiste, dothuigthe, indéanta, inscrúdaithe, sofheicthe, sofhoghlamtha, sophacáilte. (Féach 4.12 le haghaidh tuilleadh eolais ar an aidiacht bhriathartha.)