#6.1 Príomhchineálacha Dobhriathra
#6.1.1
Úsáidtear an dobhriathar mar cháiliú ar bhriathar, ainm briathartha, aidiacht, réamhfhocal, cónasc nó dobhriathar eile.
Seo a leanas na príomhchineálacha dobhriathra de réir feidhme —
dobhriathar modha, e.g., amhlaidh, ar chor ar bith, go breá, go dona, go hard, freisin, os íseal:
Shiúil sí go mall. Tá sí á rá os íseal. dobhriathar ama agus minicíochta, e.g., amárach, anois, arís, arú inné, choíche, Dé Sathairn, go hannamh, go minic, go míosúil, inné, riamh:
Beidh sí anseo amárach. Is annamh a fheicim anois iad. dobhriathar áite agus treo, e.g., abhaile, abhus, amach, amú, amuigh, ann, anseo, ansin, isteach, ó thuaidh, siar, soir:
Ní fhaca mé ann í. D’imigh sé amach. dobhriathar ceisteach (cé gur forainmnigh cheisteacha iad na míreanna seo (féach 8.5), is minic a dhéantar tagairt dóibh mar dhobhriathra ceisteacha), e.g., cá (cá bhfuil, cá háit), cad (cad a…, cad as, cad chuige, cad é, cad é mar), cathain (cathain a…), céard (céard a…, céard é), cén (cén chaoi, cén uair), conas (conas a…):
Cá rachaimid? Cén chaoi a bhfuil tú? dobhriathar cainníochta, e.g., ar fad, beagnach, sách:
Níl sé sách te fós. Bhí sibh beagnach in am. dobhriathar breischéime, e.g., níos, ní ba:
Tá Seán níos airde ná Máire. Bhí siad ní ba ghile ná an sneachta. Tabhair faoi deara gur féidir níos a úsáid sna haimsirí go léir ach nach n‑úsáidtear ní b’/ní ba ach san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Déantar ní b’ a úsáid roimh aidiacht dar tús guta nó fh- + guta, e.g., Ba ghá dóibh dréimire níos fearr/ní b’fhearr a fháil anuraidh; Dá mbeinn bliain níos óige/ní b’óige, d’imreoinn an cluiche; agus déantar ní ba a úsáid roimh chonsan, e.g., Bhí na braillíní níos gile/ní ba ghile ná an sneachta.
dobhriathar treise, e.g., féin:
Má bhí sé tuirseach féin, chuaigh sé chuig an Oireachtas. Is ócáid thábhachtach í; beidh an tUachtarán féin ann. ainmfhocal a úsáid go dobhriathartha i gcúrsaí tomhais, e.g., ar leithead; ar fad:
Bhí an seomra suite sé mhéadar ar fad. Tá an bóithrín trí mhéadar ar leithead. aidiacht a úsáid go dobhriathartha, e.g., gann, gearr:
Bhí siad duine gearr. Bhí muid gann i mbainne. dobhriathar a úsáid go haidiachtach, e.g., amach, aniar, anuas, isteach:
An bhfeiceann tú an fear amach? Seo chugainn an bhean isteach. Tá an bhean aniar ar an teilifís. Tá braon anuas sa seomra codlata. Is é Tomás an cliamhain isteach. Tá an ghaoth anoir is an fhearthainn aniar air. ainmfhocal nó ainm briathartha atá bunaithe ar dhobhriathar, e.g., ganfhiosaíocht, istoícheadóireacht:
Tá an bleachtaire ag ganfhiosaíocht ar gach duine. Tá an iomarca istoícheadóireachta ar siúl san áit seo.
#6.2 Dobhriathra Modha agus Dobhriathra Ama agus Minicíochta
Maidir leis na dobhriathra modha agus na dobhriathra ama agus minicíochta atá bunaithe ar aidiacht, sna cásanna seo a leanas ní chuirtear go leo —
sa chéim chomparáide:
go cúramach → Tiomáin níos cúramaí amach anseo. go hard → Labhair níos airde feasta. má tá an dobhriathar á cháiliú le dobhriathar eile:
go minic → Níor scrúdaíodh an córas minic go leor. go sciobtha → Thiomáin sé sciobtha go maith. má thagann dobhriathar aidiachtach roimh an dobhriathar:
go réidh → Déan go deas réidh anois é. go flaithiúil → Roinneadh an bia go fial flaithiúil. i ndiaidh na ndobhriathra cuibheasach agus sách, má tá siad ag cáiliú focal atá díreach ina ndiaidh:
go dian → D’oibrigh sé cuibheasach dian. go maith → D’imir sí sách maith.
#6.3 Dobhriathra Áite agus Treo
| Gluaiseacht i dtreo an tsuímh | An suíomh | Gluaiseacht ón suíomh |
|---|---|---|
suas Tá sé ag dul suas an staighre. | thuas Tá sé thuas staighre. | anuas Tá sé ag teacht anuas an staighre. |
síos Tá sí ag dul síos an staighre. | thíos Tá sí thíos staighre. | aníos Tá sí ag teacht aníos an staighre. |
amach An bhfuil tú ag dul amach don oíche? | amuigh Tá mé amuigh. | amach Tá sí ag teacht amach chomh fada leat. |
isteach An bhfuil tú ag dul isteach sa teach? | istigh Is istigh sa teach a tharla an timpiste. | isteach Tar isteach chugam! |
| Gluaiseacht i dtreo an tsuímh | An suíomh | Gluaiseacht ón suíomh |
|---|---|---|
ó thuaidh Rachaimid ó thuaidh amárach. | ó thuaidh/thuaidh Tá an siopa sin ar an taobh ó thuaidh/thuaidh den chontae. | aduaidh Tháinig siad aduaidh inné. |
ó dheas D’imigh sé ó dheas ar maidin. | ó dheas/theas Tá teach acu ar an gcósta ó dheas/theas. | aneas Tá sí ag teacht aneas faoi láthair. |
soir An ndeachaigh tú soir chucu? | thoir Chuaigh, ach ní raibh aon duine thoir. | anoir Bhí orm teacht anoir arís. |
siar An bhfuil tú ag dul siar anocht? | thiar An raibh tú thiar aréir? | aniar An mbeidh siad ag teacht aniar ar cuairt? |
anonn/sall An ndeachaigh Áine sall/anonn go Sasana inné? | thall Chuaigh, tá sí thall le seachtain. | anall Cén uair a thiocfaidh sí anall arís? |
#6.4 Airde an Chompáis
Ionas gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na treonna, cuirtear príomhairde an chompáis i láthair sa léaráid thíos le túslitir an fhocail:
| T (an tuaisceart) | D (an deisceart) | O (an t‑oirthear) | I (an t‑iarthar) |
Léirítear thíos noda do na fo-airde a bhaineann leis an gceathramhán den chompás atá thuas.
| Nod | Gluaiseacht i dtreo an tsuímh | An suíomh simplí | Gluaiseacht ón suíomh |
|---|---|---|---|
| I | siar | an t‑iarthar | aniar |
| ILD | siar lámh ó dheas | thiar lámh theas | aniar lámh aneas |
| IID | siar siar ó dheas | thiar thiar theas | aniar aniar aneas |
| IDLI | siar ó dheas lámh siar | thiar theas lámh thiar | aniar aneas lámh aniar |
| ID | siar ó dheas | thiar theas | aniar aneas |
| IDLD | siar ó dheas lámh ó dheas | thiar theas lámh theas | aniar aneas lámh aneas |
| DID | ó dheas siar ó dheas | theas thiar theas | aneas aniar aneas |
| DLI | ó dheas lámh siar | theas lámh thiar | aneas lámh aniar |
| D | ó dheas | an deisceart | aneas |