An Réamhrá

An Cúlra

Beart ceannródaíoch ab ea foilsiú an Chaighdeáin Oifigiúil sa bhliain 1958. Bhí Rannóg an Aistriúcháin tar éis Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil a fhoilsiú sa bhliain 1947 agus Gramadach na Gaeilge — Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin a chur ar fáil sa bhliain 1953 ach, le foilsiú Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge — An Caighdeán Oifigiúil sa bhliain 1958, bhí acmhainn chuimsitheach teanga curtha ar fáil ag an Rannóg don Stát agus don phobal le haghaidh na scríbhneoireachta oifigiúla, acmhainn de shaghas a bhí ar fáil le haghaidh teangacha oifigiúla eile san Eoraip cheana féin.

Dúradh i Réamhrá Chaighdeán Oifigiúil 1958 go raibh "múinteoirí, scríbhneoirí agus daoine eile á iarraidh, os ard agus os íseal, go gcuirfí leabhrán ar fáil a sholáthródh caighdeán do ghramadach na Gaeilge, go háirithe i gcúrsaí deilbhíochta" agus léirigh an chaoi ar glacadh go forleathan leis an gCaighdeán Oifigiúil i ndiaidh a fhoilsithe gur chruinn an méid sin a dúradh.

Athbhreithniú Reachtúil

Sa bhliain 2012, chuir Rannóg an Aistriúcháin leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil ar fáil. Rinneadh é sin toisc go raibh sé tráthúil athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh agus breis is leathchéad bliain caite ó foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil ar dtús. Go gairid ina dhiaidh sin, tugadh seasamh reachtúil don Chaighdeán Oifigiúil leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013. Tá foráil san Acht sin chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil agus, ar mhaithe leis an riachtanas reachtúil sin a urramú agus a chomhlíonadh, cinneadh an chéad athbhreithniú reachtúil a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil de réir an Achta gan aon mhoill.

Foráiltear san Acht go rachaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais i gcomhairle leis na hAirí seo a leanas agus athbhreithniú reachtúil á sheoladh: an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; an tAire Oideachais agus Scileanna; agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá foráil ann freisin go rachfar i gcomhairle le cibé daoine a bhfuil spéis acu sa Chaighdeán Oifigiúil agus is cuí leis an gCoimisiún, agus le daoine den phobal i gcoitinne. Foráiltear le halt 4(2) den Acht go bhféadfaidh an Coimisiún coiste a bhunú chun cuidiú leis athbhreithniú reachtúil a chur i gcrích. De dhroim fhorálacha an Achta, mar sin, beartaíodh dhá chuid a bheith san athbhreithniú — céim an chomhairliúcháin agus céim an Choiste Chomhairligh.

An Próiseas

Cuireadh céim an chomhairliúcháin ar bun Meán Fómhair 2014 agus lorgaíodh aighneachtaí ar an bpobal agus ar na páirtithe éagsúla dá dtagraítear san Acht. An tráth céanna leis sin, cuireadh an Coiste Comhairleach ar bun chun na pointí a fuarthas sna haighneachtaí a scrúdú agus moltaí a sholáthar. Mí Dheireadh Fómhair 2014, tháinig an Coiste Comhairleach le chéile chun tús a chur leis an mbreithniú. Bhí tuarascáil a fuarthas ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus a d’eascair as athbhreithniú a d’eagraigh an Roinn sin sa bhliain 2010 san áireamh sa bhreithniú sin. Bhí an Coiste Comhairleach a cuireadh ar bun saineolach ar raon leathan réimsí ina n‑úsáidtear an Ghaeilge oifigiúil agus bhí taithí mhór ag gach duine de na comhaltaí ar an teanga oifigiúil a úsáid i réimsí éagsúla. D’oibrigh an Coiste Comhairleach go dian ar feadh bliain go leith chun na saincheisteanna agus na pointí le haghaidh an athbhreithnithe a aithint agus chun moltaí a cheapadh ina leith.

Bunaíodh foireann tacaíochta i Rannóg an Aistriúcháin chun cabhrú leis an gCoiste Comhairleach a chuid oibre a dhéanamh agus d’éascaigh an fhoireann sin an próiseas ó thaobh próiseáil a dhéanamh ar na haighneachtaí a tháinig isteach agus ar mholtaí an Choiste Chomhairligh. Go comhthreomhar leis an obair sin, rinne an fhoireann tacaíochta na caibidlí éagsúla a athdhréachtú — próiseas a bhí bunaithe ar mholtaí an Choiste Chomhairligh.

Cuspóir an Athbhreithnithe

Ba é an cuspóir a bhí leis an athbhreithniú rialacha an Chaighdeáin Oifigiúil a scrúdú d’fhonn iad a fheabhsú ó thaobh feidhme agus soiléireachta de. Chuimsigh an scrúdú sin an tuairisc ar na rialacha agus na samplaí léiritheacha a bhí ag gabháil leo a mheasúnú, féachaint an bhféadfaí iad a chur i láthair ar shlí ba shoiléire. Ina theannta sin, iarradh ar an gCoiste Comhairleach moltaí a sholáthar maidir le saincheisteanna nach raibh sa Chaighdeán Oifigiúil roimhe sin. Is é a bhí i gceist ansin réimsí a aithint a gcabhródh sé le lucht úsáidte an Chaighdeáin Oifigiúil treoracha a bheith ar fáil ina leith sa Chaighdeán Oifigiúil. Bhí fáilte freisin roimh mholtaí ón gCoiste Comhairleach maidir le leagan amach agus cur i láthair na rialacha.

Feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil

Deirtear san Acht gurb é atá sa Chaighdeán Oifigiúil "caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge" agus is beag duine nach n‑aithníonn go bhfuil gá le caighdeán oifigiúil le haghaidh na scríbhneoireachta má tá teanga chun feidhmiú go soiléir beacht i réimsí oifigiúla an Stáit nó na sochaí a úsáideann í chun críoch oifigiúil. Áis bhunriachtanach is ea é sin maidir le cruinneas brí a bhaint amach i ndoiciméid oifigiúla — sa reachtaíocht, i gcáipéisí stáit, i dtéacsleabhair, i bpáipéir scrúdaithe, etc. — agus comhthuiscint oifigiúil a bhunú ar mhaithe le cumarsáid bheacht idir aonaid oifigiúla stáit agus an pobal. Ní caighdeán oifigiúil le haghaidh na cainte atá i gceist ná ní séanadh ar an saibhreas teanga sna canúintí éagsúla é. Deirtear an méid seo a leanas i Réamhrá Chaighdeán Oifigiúil 1958: "Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n‑úsáid". Ní hionann, mar sin, foirm nó leagan gan bheith san áireamh sa Chaighdeán Oifigiúil agus gan ceart na Gaeilge a bheith ag an bhfoirm nó ag an leagan sin.

An Roghnachas

Úsáideadh an roghnachas sa Chaighdeán Oifigiúil sa bhliain 1958 agus arís sa bhliain 2012 chun níos mó ná leagan nó foirm nó córas amháin a aithint. Is é atá i gceist leis sin roghanna a thabhairt do lucht úsáidte an Chaighdeáin Oifigiúil i gcásanna áirithe. Cé nach bhfuil an oiread céanna roghnachais san eagrán seo, de thoradh ar an mian shoiléir a léiríodh i gcuid mhór aighneachtaí, leantar leis an roghnachas i gcásanna áirithe san eagrán seo, go háirithe i gCaibidil 1 (An tAlt), áit a dtugtar rogha idir dhá chóras agus, ina theannta sin, rogha laistigh de chóras amháin de na córais sin. Is iad lucht úsáidte an Chaighdeáin Oifigiúil — an duine nó an eagraíocht — a roghnóidh idir na córais agus na leaganacha a thugtar.

Buíochas

Is mian linn ár mbuíochas a chur in iúl do na daoine agus do na heagraíochtaí go léir a chuir aighneachtaí isteach mar chuid den athbhreithniú. Is mian linn freisin ár mbuíochas a chur in iúl do chomhaltaí an Choiste Chomhairligh. Rinne gach duine acu obair éachtach chun a chinntiú go n‑éireodh leis an bpróiseas athbhreithnithe an toradh ab fhearr a sholáthar. Ba ag feidhmiú go deonach a bhí formhór mór na gcomhaltaí ach thug gach duine díobh a gcuid ama agus a gcuid saineolais go fial chun cabhrú linn athbhreithniú cuimsitheach ar an gCaighdeán Oifigiúil a bhaint amach. Táimid buíoch de na comhlachtaí oifigiúla agus de na cuideachtaí príobháideacha a chuir a gcuid saineolaithe ar fáil le haghaidh an phróisis.

Is ceart aitheantas ar leith a thabhairt do Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh, an Dr Éamonn Ó hÓgáin, as an gcathaoirleacht stuama a rinne sé ar chruinnithe an Choiste Chomhairligh chun cuidiú leis na comhaltaí an gnó a chur i gcrích. Go deimhin, ní don chúram sin amháin a bhí obair an Chathaoirligh teoranta agus bhí an Dr Ó hÓgáin ar fáil i rith an phróisis chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don fhoireann tacaíochta. Táimid go léir faoi chomaoin aige agus ag comhaltaí uile an Choiste Chomhairligh as an obair mhór a rinne siad agus as na moltaí cuimsitheacha a chuir siad ar fáil.

Tá ár mbuíochas tuillte freisin ag an bhfoireann tacaíochta. Chinntigh siad gur lean obair an athbhreithnithe ar aghaidh go héifeachtach i rith na tréimhse ar fad agus d’oibrigh siad go dian dícheallach chun a dheimhniú go raibh obair an athdhréachtaithe ar siúl go comhthreomhar le plé agus cruinnithe an Choiste Chomhairligh. Rinne siad gaisce.

Gabhaimid buíochas le foireann uile Rannóg an Aistriúcháin. Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil leis an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, agus le Cléireach Dháil Éireann, Peadar Ó Fionnagáin, freisin.

Vivian Uíbh Eachach,

An Príomh-Aistritheoir,

Rannóg an Aistriúcháin,

Aibreán 2016.