Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Caibidil 6 | An Dobhriathar

#6.1 Príomhchineálacha Dobhriathra

#6.1.1

Úsáidtear an dobhriathar mar cháiliú ar bhriathar, ainm briathartha, aidiacht, réamhfhocal, cónasc nó dobhriathar eile.

Seo a leanas na príomhchineálacha dobhriathra de réir feidhme —

  1. dobhriathar modha, e.g., amhlaidh, ar chor ar bith, go breá, go dona, go hard, freisin, os íseal:

    Shiúil sí go mall.
    Tá sí á rá os íseal.
  2. dobhriathar ama agus minicíochta, e.g., amárach, anois, arís, arú inné, choíche, Dé Sathairn, go hannamh, go minic, go míosúil, inné, riamh:

    Beidh sí anseo amárach.
    Is annamh a fheicim anois iad.
  3. dobhriathar áite agus treo, e.g., abhaile, abhus, amach, amú, amuigh, ann, anseo, ansin, isteach, ó thuaidh, siar, soir:

    Ní fhaca mé ann í.
    D’imigh sé amach.
  4. dobhriathar ceisteach (cé gur forainmnigh cheisteacha iad na míreanna seo (féach 8.5), is minic a dhéantar tagairt dóibh mar dhobhriathra ceisteacha), e.g., (cá bhfuil, cá háit), cad (cad a…, cad as, cad chuige, cad é, cad é mar), cathain (cathain a…), céard (céard a…, céard é), cén (cén chaoi, cén uair), conas (conas a…):

    rachaimid?
    Cén chaoi a bhfuil tú?
  5. dobhriathar cainníochta, e.g., ar fad, beagnach, sách:

    Níl sé sách te fós.
    Bhí sibh beagnach in am.
  6. dobhriathar breischéime, e.g., níos, ní ba:

    Tá Seán níos airde ná Máire.
    Bhí siad ní ba ghile ná an sneachta.

    Tabhair faoi deara gur féidir níos a úsáid sna haimsirí go léir ach nach n‑úsáidtear ní b’/ní ba ach san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite agus sa mhodh coinníollach. Déantar ní b’ a úsáid roimh aidiacht dar tús guta nó _fh- + guta, e.g., Ba ghá dóibh dréimire níos fearr/ní b’_fhearr a fháil anuraidh; Dá mbeinn bliain níos óige/ní b’óige, d’imreoinn an cluiche; agus déantar ní ba a úsáid roimh chonsan, e.g., Bhí na braillíní níos gile/ní ba ghile ná an sneachta.

  7. dobhriathar treise, e.g., féin:

    Má bhí sé tuirseach féin, chuaigh sé chuig an Oireachtas.
    Is ócáid thábhachtach í; beidh an tUachtarán féin ann.
  8. ainmfhocal a úsáid go dobhriathartha i gcúrsaí tomhais, e.g., ar leithead; ar fad:

    Bhí an seomra suite sé mhéadar ar fad.
    Tá an bóithrín trí mhéadar ar leithead.
  9. aidiacht a úsáid go dobhriathartha, e.g., gann, gearr:

    Bhí siad duine gearr.
    Bhí muid gann i mbainne.
  10. dobhriathar a úsáid go haidiachtach, e.g., amach, aniar, anuas, isteach:

    An bhfeiceann tú an fear amach?
    Seo chugainn an bhean isteach.
    Tá an bhean aniar ar an teilifís.
    Tá braon anuas sa seomra codlata.
    Is é Tomás an cliamhain isteach.
    Tá an ghaoth anoir is an fhearthainn aniar air.
  11. ainmfhocal nó ainm briathartha atá bunaithe ar dhobhriathar, e.g., ganfhiosaíocht, istoícheadóireacht:

    Tá an bleachtaire ag ganfhiosaíocht ar gach duine.
    Tá an iomarca istoícheadóireachta ar siúl san áit seo.

#6.2 Dobhriathra Modha agus Dobhriathra Ama agus Minicíochta

Maidir leis na dobhriathra modha agus na dobhriathra ama agus minicíochta atá bunaithe ar aidiacht, sna cásanna seo a leanas ní chuirtear go leo —

  1. sa chéim chomparáide:

    go cúramach Tiomáin níos cúramaí amach anseo.
    go hard Labhair níos airde feasta.
  2. má tá an dobhriathar á cháiliú le dobhriathar eile:

    go minic Níor scrúdaíodh an córas minic go leor.
    go sciobtha Thiomáin sé sciobtha go maith.
  3. má thagann dobhriathar aidiachtach roimh an dobhriathar:

    go réidh Déan go deas réidh anois é.
    go flaithiúil Roinneadh an bia go fial flaithiúil.
  4. i ndiaidh na ndobhriathra cuibheasach agus sách, má tá siad ag cáiliú focal atá díreach ina ndiaidh:

    go dian D’oibrigh sé cuibheasach dian.
    go maith D’imir sí sách maith.

#6.3 Dobhriathra Áite agus Treo

Tábla 6ADobhriathra Áite
Gluaiseacht i dtreo an tsuímh An suíomh Gluaiseacht ón suíomh

suas

Tá sé ag dul suas an staighre.

thuas

Tá sé thuas staighre.

anuas

Tá sé ag teacht anuas an staighre.

síos

Tá sí ag dul síos an staighre.

thíos

Tá sí thíos staighre.

aníos

Tá sí ag teacht aníos an staighre.

amach

An bhfuil tú ag dul amach don oíche?

amuigh

Tá mé amuigh.

amach

Tá sí ag teacht amach chomh fada leat.

isteach

An bhfuil tú ag dul isteach sa teach?

istigh

Is istigh sa teach a tharla an timpiste.

isteach

Tar isteach chugam!

Tábla 6BDobhriathra Treo
Gluaiseacht i dtreo an tsuímh An suíomh Gluaiseacht ón suíomh

ó thuaidh

Rachaimid ó thuaidh amárach.

ó thuaidh/thuaidh

Tá an siopa sin ar an taobh ó thuaidh/thuaidh den chontae.

aduaidh

Tháinig siad aduaidh inné.

ó dheas

D’imigh sé ó dheas ar maidin.

ó dheas/theas

Tá teach acu ar an gcósta ó dheas/theas.

aneas

Tá sí ag teacht aneas faoi láthair.

soir

An ndeachaigh tú soir chucu?

thoir

Chuaigh, ach ní raibh aon duine thoir.

anoir

Bhí orm teacht anoir arís.

siar

An bhfuil tú ag dul siar anocht?

thiar

An raibh tú thiar aréir?

aniar

An mbeidh siad ag teacht aniar ar cuairt?

anonn/sall

An ndeachaigh Áine sall/anonn go Sasana inné?

thall

Chuaigh, tá sí thall le seachtain.

anall

Cén uair a thiocfaidh sí anall arís?


#6.4 Airde an Chompáis

Ionas gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na treonna, cuirtear príomhairde an chompáis i láthair sa léaráid thíos le túslitir an fhocail:

Static

Static
T (an tuaisceart) D (an deisceart) O (an t‑oirthear) I (an t‑iarthar)

Léirítear thíos noda do na fo-airde a bhaineann leis an gceathramhán den chompás atá thuas.

Tábla 6CAirde an Chompáis
Nod Gluaiseacht i dtreo an tsuímh An suíomh simplí Gluaiseacht ón suíomh
I siar an t‑iarthar aniar
ILD siar lámh ó dheas thiar lámh theas aniar lámh aneas
IID siar siar ó dheas thiar thiar theas aniar aniar aneas
IDLI siar ó dheas lámh siar thiar theas lámh thiar aniar aneas lámh aniar
ID siar ó dheas thiar theas aniar aneas
IDLD siar ó dheas lámh ó dheas thiar theas lámh theas aniar aneas lámh aneas
DID ó dheas siar ó dheas theas thiar theas aneas aniar aneas
DLI ó dheas lámh siar theas lámh thiar aneas lámh aniar
D ó dheas an deisceart aneas