| a as do | tagairt don mhír a a dhíorthaítear as do, e.g., rud a dhéanamh |
| abairt chopaileach | abairt ina gceanglaítear an t‑ainmní leis an bhfaisnéis, e.g., ba cheoltóir é; is fada liom uaim í |
| abairtín dobhriathartha | abairtín a bhfuil feidhm dhobhriathair aige, e.g., chríochnaigh siad ar deireadh; níl sé ar fáil |
| aidiacht | focal a cháilíonn ainmfhocal nó forainmneach, e.g., an carr dearg; an bosca mór; tá sé fliuch |
| ainm briathartha | focal a bhfuil feidhm ainmfhocail agus feidhm bhriathair araon aige, e.g., deireadh na heitilte, ag eitilt; foghlaim a fháil, ag foghlaim |
| ainm dílis | ainm duine nó áite áirithe, e.g., Liam; Éire |
| ainmfhocal | focal a úsáidtear chun tagairt do dhuine nó d’áit nó do rud nó d’idé, e.g., bean; bóthar; camán; díograis |
| ainmní | an príomh-ainmfhocal (nó a chothrom) in abairt, e.g., cheannaigh Nuala mála nua, tá páipéar ar an mbord; canfaidh sé amhrán |
| clásal | frása atá nasctha le frása eile, e.g., chuaigh sí chun na hoifige [agus thosaigh sí ag obair]; [tá an lá tirim ach níl sé te] |
| clásal coibhneasta | clásal ina bhfuil mír choibhneasta nó ina bhfuil foirm choibhneasta den bhriathar, e.g., sin í an cailín a dhún an doras ar maidin; cá bhfuil an bhróg nár ghlan tú inné? |
| consan caol | consan ar e nó i an guta is cóngaraí dó |
| consan inséimhithe | consan ar féidir séimhiú a chur air — b, c, d, f, g, m, p, s (ach amháin i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- agus sv-) agus t |
| consan inuraithe | consan ar féidir urú a chur air — b, c, d, f, g, p agus t |
| consan leathan | consan ar a, o nó u an guta is cóngaraí dó |
| cuspóir | ainmfhocal (nó a chothrom) a sheasann do dhuine (nó rud) ar a ndéantar gníomhú, e.g., léigh mé leabhar; tá an leabhar léite agam; léigh mé é; |
| díspeagadh | iarmhír a dhéanann athrú beag ar ainmfhocal, e.g., -ín; ainmfhocal a bhfuil iarmhír den saghas sin curtha leis, e.g., buachaillín |
| dobhriathar | focal nó grúpa focal a cháilíonn focal eile nach ainmfhocal ná forainmneach é, e.g., rith sé go tapa; bhí sé mall go leor; bhí sí thuas beagnach nuair a thit sí |
| dobhriathar aidiachtach | dobhriathar a bhfuil foirm aidiachta aige (ar lorg go nó gan go), e.g., ní thagann sí minic go leor; bhí sé díreach ag éirí; d’iarr sí air labhairt go cruinn |
| fochlásal | clásal atá spleách ar an bpríomhchlásal lena mbaineann, e.g., chuala mé scéal nuair a bhí mé óg |
| fochlásal réamhfhoclach | fochlásal a thosaíonn ar réamhfhocal, e.g., chun na bainise; ó dhaltaí scoile; leis an Roinn |
| forainmneach réamhthagrach | forainmneach a thagann roimh an ní dá bhfuil sé ag tagairt, e.g., tá a fhios agam gurb ise a rinne é; ba mhaith liom a rá go bhfuilim an-bhuíoch díbh |
| feidhm aidiachtach | feidhm arb ionann é agus feidhm aidiachta, is é sin le rá, ainmfhocal nó forainmneach a cháiliú, e.g., pingin ar bith; turas ar an Afraic |
| frása réamhfhoclach | frása beag (ina bhfuil dhá fhocal, de ghnáth) a thosaíonn ar réamhfhocal, e.g., ar bith; ar leith; den scoth; in aisce |
| ginideach rannaíoch | ginideach a cháilíonn ainmfhocal cainníochta nó páirte, e.g., roinnt aráin; mo chuid eolais; tuilleadh siúcra |
| iartheachtaí | forainmneach, lena n‑áirítear aidiacht shealbhach, lena dtagraítear siar don réamhtheachtaí i gclásal coibhneasta indíreach, e.g., sin é an fear a bhfuil an carr aige |
| infhilleadh | foirceann focail a athrú chun feidhmeanna éagsúla an fhocail a thaispeáint, e.g., amhrán, amhráin; beag, bige; can, canaigí |
| lom | sna huimhreacha pearsanta, gan ainmfhocal ar a lorg |
| príomhchlásal | clásal nach bhfuil spleách ar aon chlásal eile, e.g., chuala mé scéal nuair a bhí mé óg |
| réamhfhocal comhshuite | frása réamhfhoclach ar leith a bhfuil brí mar aonad leis agus arb é réamhfhocal + ainmfhocal is múnla dó de ghnáth, e.g., ar nós; d’ainneoin; thar ceann. Is réamhfhocal comhshuite é frása réamhfhoclach den mhúnla sin má tá brí eile leis an ainmfhocal i gcomhthéacs eile, mar shampla, is réamhfhocal comhshuite é i gcás sa bhrí más rud é; ní réamhfhocal comhshuite i gcás sa bhrí i mála, in imeachtaí dlí |
| réamhfhocal simplí | focal a chuirtear roimh ainmfhocal nó roimh fhorainmneach chun an bhaint atá aige le focal eile san abairt a léiriú, e.g., bhuail mé le hÁine; chuir sé fáilte roimh na haíonna |
| réamhtheachtaí | focal nó frása i bpríomhchlásal a thagann go díreach roimh an mír choibhneasta, e.g., na mná a bhí ag caint |
| réimír threise | mír a thagann roimh fhocal chun béim a leagan air, e.g., tá sé an-chairdiúil; an-pheileadóir is ea í |
| tabharthach rannaíoch | an múnla réamhfhocal + tabharthach, a úsáidtear in ionad an ghinidigh rannaíoch, e.g., roinnt den arán; beirt de na páistí; cuid d’airgead Thomáis |