An Réamhrá Leis An gCéad Eagrán

Ón uair a foilsíodh Litriú na Gaeilge — Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil tá múinteoirí, scríbhneoirí agus daoine eile á iarraidh, os ard agus os íseal, go gcuirfí leabhrán ar fáil a sholáthródh caighdeán do ghramadach na Gaeilge, go háirithe i gcúrsaí deilbhíochta. Is deimhin leo de bharr a dtaithí ar a saothrú go bhfuil riachtanas mór le cleachtas comhionann i múnlaí bunúsacha ar nós díochlaonadh ainmfhocal agus aidiachtaí, réimniú briathra, agus na rialacha a bhaineann le hathruithe tosaigh ar fhocail, agus gur mór a rachadh sé chun leasa na teanga na nithe sin a thabhairt chun rialtachta oiread agus ab fhéidir.

Le fada siar táthar ag tabhairt cúl le foirmeacha agus rialacha a bhí á gcleachtadh tráth i scríobh na teanga. Ba iad na príomhchúiseanna a bhí leis sin ársantacht nó anspiantacht áirithe a bheith ag baint leo nó iad a bheith imithe, nó ionann is imithe, as beo-chaint na Gaeltachta. Cheal comhaontú ar na foirmeacha agus na leaganacha a nglacfaí leo ina n‑ionad bhí daoine ag déanamh rogha dóibh féin, agus bhí an neamhionannas, agus an neamhchinnteacht a ghabhann leis, ag dul i dtreise sa teanga.

Aithnítear coitianta go dteastaíonn caighdeán gramadaí chun gan ligean do na nósanna iomadúla sin dul ó smacht, chun an comhaontas a bhunú in ionad an easaontais, chun deimhniú a thabhairt ar nithe a bhfuil éideimhne ann ina dtaobh faoi láthair, agus chun cruinneas agus slacht a chur in ionad an neamhchruinnis agus an neamhshlachta a thagann den easaontas agus den éideimhne. Is follas gur saoráid don oide scoile é na foirmeacha agus na leaganacha bunaidh céanna a bheith á dteagasc ag a chomhoidí, agus go laghdódh sé dua na foghlama ar an dalta scoile gan malairt foirmeacha agus leaganacha bunaidh a bheith le gabháil chuige aige de réir mar a thiocfadh sé faoi chúram oide nua. Ba áis dóibh araon, idir dhaltaí agus oidí, na leabhair scoile a bheith ag réiteach lena chéile an méid ab fhéidir ar feadh a dtéann bunghréasán na gramadaí.

Ba léir riamh gur ghá caighdeán de chineál éigin le haghaidh gnóthaí oifigiúla, agus tá formhór Gaeilgeoirí suite de um an dtaca seo nach féidir forás mar is ceart a theacht faoin drámaíocht, faoin iriseoireacht, faoin scríbhneoireacht, ná faoi fhorbairt na Gaeilge le haghaidh an Raidió agus na scannán, gan comheagrú agus comhardú áirithe a dhéanamh ar ghramadach agus foclóir na Gaeilge ionas go mbeadh sí inniúil ar dhul i gcoimhlint leis an mBéarla agus le go gcuirfí í ar comhrian le teangacha na bpobal cultúrtha eile.

Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge — Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann. Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi.

I dtús na bliana 1957 cinneadh ar an leabhrán bunaidh agus an leagan leasaithe sin, agus na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas orthu, a athbhreithniú. Rinneadh cíoradh agus scagadh agus scrúdú ó bhonn ar an scéal agus dá thoradh sin ullmhaíodh nuadhréacht. Fuarthas comhairle chúntach ó chainteoirí dúchais as gach ceann de na Gaeltachtaí, ó mhúinteoirí, agus ó dhaoine eile a raibh eolas ar leith acu ar an teanga, agus comhaontaíodh leis an Roinn Oideachais an leabhrán seo a fhoilsiú mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne. Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n‑úsáid.

An té a chloífidh leis na foirmeacha agus na rialacha a léirítear sa leabhrán seo féadfaidh sé bheith deimhin de go bhfuil formhór na bhfoirmeacha agus na rialacha sin ag réiteach le gnás na teanga beo agus go bhfuil gach uile fhoirm agus riail díobh (ach cúpla leagan sna huimhreacha) ag freagairt do ghnás Gaeilgeoirí maithe i gceantar éigin den Ghaeltacht.

Seo iad na buntreoracha a ndearnadh an caighdeánú dá réir: — 

  1. Chomh fada agus ab fhéidir sin gan glacadh le foirm ná riail nach bhfuil údarás maith di i mbeotheanga na Gaeltachta;

  2. Rogha a dhéanamh de na leaganacha is forleithne atá in úsáid sa Ghaeltacht;

  3. An tábhacht is dual a thabhairt do stair agus litríocht na Gaeilge;

  4. An rialtacht agus an tsimplíocht a lorg.

B’éigean go minic comhréiteach a dhéanamh idir na buntreoracha sin. Seo léiriú achomair ar an modh inar cuireadh i bhfeidhm iad:

Na hAinmfhocail

Gabhadh leis an gcóras díochlaontaí a bhfuil taithí air ó foilsíodh gramadach Sheáin Uí Dhonnabháin breis is céad bliain ó shin.

Sa Chéad Díochlaonadh bhí rogha le déanamh idir an t‑iolra caolaithe agus an tréaniolra a fhaightear in áiteanna ag roinnt ainmfhocal, e.g., boinn, bonnaí, bonnachaí, bonnúchaí; capaill, caiple, capaillí; cuntais, cuntaisí; páipéir, páipéirí; tairbh, taraí. De ghrá na rialtachta agus ós é an nós is forleithne é, agus is fearr a réitíonn le gnás na litríochta, socraíodh ar an iolra caol.

Bhí réiteach le déanamh freisin i dtaobh ainmfhocal ar nós dochtúr, dochtúir; nádúr, nádúir, a chuirtear sa Chéad agus sa Tríú Díochlaonadh, agus i dtaobh ainmfhocal ar nós rásúr atá baininscneach, agus rásúrach sa ghinideach aige, in áiteanna. Beartaíodh ar na hainmfhocail a bhain le daoine, e.g., dochtúir, táilliúir, a chur sa Tríú Díochlaonadh agus na cinn eile a chur sa Chéad Díochlaonadh. I gcás ainmfhocal ar nós siúinéir, siúinéar(a); lintéir, lintéar, rinneadh socrú mar sin freisin, is é sin, -éir (Tríú Díochlaonadh) do na cinn a bhaineann le daoine, agus -éar (Céad Díochlaonadh) do na cinn eile.

Sa Dara Díochlaonadh ba í fadhb ba mhó a bhí ann teacht ar réiteach i dtaobh an tabharthaigh uatha. Tá an t‑idirdhealú idir ainmneach agus tabharthach ag dul as feidhm le fada agus is annamh an dá fhoirm á n‑úsáid go cruinn taobh le taobh sa Ghaeltacht. Cinneadh ar fhoirm an ainmnigh a choinneáil sa tabharthach i gcás ainmfhocal ilsiollach. I gcás na n‑ainmfhocal aonsiollach scrúdaíodh liostaí ainmfhocal agus nuair a fuarthas go raibh foirm an tabharthaigh tagtha i dtreis chomh mór sin san ainmneach go raibh iolra dá réir bunaithe dó gabhadh leis an bhfoirm sin don dá thuiseal.

Sa Tríú agus sa Cheathrú Díochlaonadh glacadh leis na hiolraí tréana chomh fada agus ab fhéidir i dtreo, taobh amuigh den Chéad agus den Dara Díochlaonadh, nach bhfuil fágtha ach fíorbheagán ainmfhocal nach ionann foirm dóibh i dtuisil uile an iolra.

Tá mórán ainmfhocal ann a bhíonn anonn is anall sna canúintí idir an Dara, an Tríú, an Ceathrú agus an Cúigiú Díochlaonadh. Rinneadh iarracht iad a roinnt ar na díochlaontaí ab oiriúnaí dóibh, de réir na mbuntreoracha atá luaite thuas.

An Aidiacht

Rinneadh aon díochlaonadh amháin den Chéad agus den Dara Díochlaonadh ba ghnáth ann roimhe seo. Tugadh neamhaird ar an bhfoirm ar leith don tuiseal tabharthach, foirm atá imithe i léig ar fad sa chaint beagnach. Glacadh leis an nós is treise agus is simplí i dtaobh foirm na haidiachta agus an ainmfhocail a bheith ag comhtheacht le chéile sa ghinideach iolra.

Na hUimhreacha

I gcúrsaí na n‑uimhreacha níorbh fhéidir cloí le nós na cainte i gcónaí. Teastaíonn córas a bheadh soláimhsithe ag daoine a bheadh ag gabháil don uimhríocht agus don mhatamaitic. Chun sin a cheapadh b’éigean dul i muinín na litríochta, agus i gcás na gcodán b’éigean glacadh le roinnt leaganacha saorga.

Tá taithí choitianta ar na maoluimhreacha mar atá siad sa leabhrán seo agus údarás maith leo. Briseadh leis an nós is gnáth sna leabhair ghramadaí, foirm iolra an ainmfhocail a chur leis na huimhreacha, ar an ábhar go bhfuarthas, tar éis an scéal a scrúdú, gur minice go mór a chaitear an t‑uatha a úsáid leo agus gur mar sin is fusa don fhoghlaimeoir. Tá samplaí le fáil i seanscríbhinní don nós a cheadaítear, ar mhaithe leis an éascaíocht, do na huimhreacha móra. Ní bhfuarthas údarás ar bith do leaganacha ar nós "fiche a dó fear" ná ní mheastar gá ná riachtanas a bheith leo.

Na Briathra

Tugadh comhrogha ar an bhfoirm don Mhodh Foshuiteach Caite ó tá cúrsaí comhréire i gceist, agus, cé nach bhfuiltear á ligean isteach mar chaighdeán, ceadaíodh an fhoirm choibhneasta toisc bá mhór a bheith leis fós in dhá chanúint.

Bhíothas sásta tríd is tríd leis an rogha a moladh cheana idir na foirmeacha táite agus na foirmeacha scartha den bhriathar agus measadh gurbh fhearr iad a fhágáil mar sin. Géilleadh i gcás an tsaorbhriathair don nós is treise sa Ghaeltacht, is é sin, séimhiú mar a théann ar fhoirmeacha eile a dhul air ach amháin san Aimsir Chaite.

Tá claonadh láidir i gceann de na príomhchanúintí na briathra coimrithe a chur sa Chéad Réimniú ach is é claonadh atá go tréan sa dá phríomhchanúint eile iad a chur sa Dara Réimniú. Ós é an dara ceann is fearr a théann chun rialtachta bhí dhá chúis mhaithe lena gcur sa Dara Réimniú.

I gcomórtas le teangacha eile tá an Ghaeilge saor go maith ó bhriathra neamhrialta, ach toisc a mhinice a bhíonn gnó díobh tá éileamh láidir ar iad a shimpliú. Ba é ba rialta deirim a fhágáil saor ó shéimhiú i gcónaí, agus na foirmeacha spleácha abraim (nó abraím), etc., a ligean ar lár. Réitíonn sé leis an gcaint sa chuid is mó den Ghaeltacht cuid de na foirmeacha neamhspleácha atá ag faighim a fhágáil ar lár. I gcás feicim bhí rogha le déanamh idir (a) cím, etc. san fhoirm neamhspleách agus ní chím, etc., san fhoirm spleách, (b) chímtím, etc., san fhoirm neamhspleách agus ní fheicim, etc., san fhoirm spleách, agus (c) feicim, ní fheicim, etc., sna foirmeacha sin. Ba é socrú ba shimplí agus ba rialta feicim a thoghadh mar chaighdeán. Níorbh fhéidir neamhaird a thabhairt ar na leaganacha ar leith atá ag déanaim, téim, san fhoirm spleách toisc go mbeadh sin ag neamhréiteach an iomad le dhá phríomhchanúint.

Sna hainmneacha briathartha féachadh leis na foircinn iomadúla a thabhairt chun rialtachta. De ghrá na simplíochta, agus ar iarratas múinteoirí agus daoine eile, cuireadh ar ceal an mhalairt litrithe don aidiacht bhriathartha agus do ghinideach an ainm bhriathartha i gcás ainmneacha briathartha den Dara Réimniú a chríochnaíonn ar . Coinníodh -uithe, áfach, in iolra na n‑ainmneacha briathartha.

Séimhiú agus Urú

Measadh nach bhfuil an t‑ionú ann fós chun an choimhlint idir séimhiú agus urú ar lorg réamhfhocail lena ngabhann an t‑alt a shocrú go cinnte. Má tá fairsinge ag nós acu de bhreis ar an nós eile tá sé ródheoranta faoi láthair ag an líon mór Gaeilgeoirí arb é an nós eile is dúchas dóibh, nó is cleachtadh leo, chun go mbeifí ag súil go ngéillfidís dó. Níorbh fhéidir dul níos faide le comhréiteach eatarthu ná d agus t a fhágáil lom, gan t a chur roimh s ná aidiacht a shéimhiú mura mbeadh sin le déanamh san ainmneach, agus glacadh le séimhiú i ndiaidh den, don, san.

Ina lán cásanna ina mbeadh súil le séimhiú ar ainmfhocal ar lorg ainmfhocail eile tá an neamhshéimhiú coitianta sa Ghaeltacht. Rinneadh iarracht ar rialacha a leagan amach a mhíneodh an neamhshéimhiú sin ach níl sé le tuiscint go bhfuil míniú tugtha iontu ar gach aon chás díobh. Níor mhór chuige sin gramadach thuarascálach do gach ceann de na canúintí.

Faightear séimhiú, neamhshéimhiú, agus t roimh s, sa dara cuid de chomhfhocail nuair a thagann d, n, t, l, s le chéile. Is é is rialta agus is simplí an neamhshéimhiú a bheith mar chaighdeán.

Féachadh le simplíocht agus slacht a lorg sna rialacha i dtaobh h a chur roimh fhocail. Socraíodh gan h a scríobh i ndiaidh ach amháin roimh na forainmneacha é, í, iad, ea.

San aimsir chaite den Saorbhriathar tá, e.g., Hardaíodh, (nó hArdaíodh), Do hardaíodh agus ardaíodh le fáil sa chaint. Measadh gurb é an ceann deiridh is slachtmhaire sa scríobh.

Rinneadh tagairt do chúrsaí comhréire i gcásanna áirithe a bhfuil dlúthbhaint acu leis an deilbhíocht.

Rannóg an Aistriúcháin,

Oifig Thithe an Oireachtais,

Teach Laighean,

Iúil, 1958.