Roghchlár
Clár an Ábhar[+/-]

# Noda agus Mínithe Gramadaí

Noda
ar lean. ar leanúint
bain. baininscneach
fir. firinscneach
gin. tuiseal ginideach
gin. iol. tuiseal ginideach iolra
iol. iolra
sb. saorbhriathar
tabh. tuiseal tabharthach
u. uatha
() féadtar focail faoi lúibíní cruinne i lár sampla a úsáid nó a fhágáil ar lár
Mínithe Gramadaí
a as do tagairt don mhír a a dhíorthaítear as do, e.g., rud a dhéanamh
abairt chopaileach abairt ina gceanglaítear an t‑ainmní leis an bhfaisnéis, e.g., ba cheoltóir é; is fada liom uaim í
abairtín dobhriathartha abairtín a bhfuil feidhm dhobhriathair aige, e.g., chríochnaigh siad ar deireadh; níl sé ar fáil
aidiacht focal a cháilíonn ainmfhocal nó forainmneach, e.g., an carr dearg; an bosca mór; tá sé fliuch
ainm briathartha focal a bhfuil feidhm ainmfhocail agus feidhm bhriathair araon aige, e.g., deireadh na heitilte, ag eitilt; foghlaim a fháil, ag foghlaim
ainm dílis ainm duine nó áite áirithe, e.g., Liam; Éire
ainmfhocal focal a úsáidtear chun tagairt do dhuine nó d’áit nó do rud nó d’idé, e.g., bean; bóthar; camán; díograis
ainmní an príomh-ainmfhocal (nó a chothrom) in abairt, e.g., cheannaigh Nuala mála nua, tá páipéar ar an mbord; canfaidh amhrán
clásal frása atá nasctha le frása eile, e.g., chuaigh sí chun na hoifige [agus thosaigh sí ag obair]; [tá an lá tirim ach níl sé te]
clásal coibhneasta clásal ina bhfuil mír choibhneasta nó ina bhfuil foirm choibhneasta den bhriathar, e.g., sin í an cailín a dhún an doras ar maidin; cá bhfuil an bhróg nár ghlan tú inné?
consan caol consan ar ei an guta is cóngaraí dó
consan inséimhithe consan ar féidir séimhiú a chur air — b, c, d, f, g, m, p, s (ach amháin i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- agus sv-) agus t
consan inuraithe consan ar féidir urú a chur air — b, c, d, f, g, p agus t
consan leathan consan ar a, ou an guta is cóngaraí dó
cuspóir ainmfhocal (nó a chothrom) a sheasann do dhuine (nó rud) ar a ndéantar gníomhú, e.g., léigh mé leabhar; tá an leabhar léite agam; léigh mé é;
díspeagadh iarmhír a dhéanann athrú beag ar ainmfhocal, e.g., -ín; ainmfhocal a bhfuil iarmhír den saghas sin curtha leis, e.g., buachaillín
dobhriathar focal nó grúpa focal a cháilíonn focal eile nach ainmfhocal ná forainmneach é, e.g., rith sé go tapa; bhí sé mall go leor; bhí sí thuas beagnach nuair a thit sí
dobhriathar aidiachtach dobhriathar a bhfuil foirm aidiachta aige (ar lorg go nó gan go), e.g., ní thagann sí minic go leor; bhí sé díreach ag éirí; d’iarr sí air labhairt go cruinn
fochlásal clásal atá spleách ar an bpríomhchlásal lena mbaineann, e.g., chuala mé scéal nuair a bhí mé óg
fochlásal réamhfhoclach fochlásal a thosaíonn ar réamhfhocal, e.g., chun na bainise; ó dhaltaí scoile; leis an Roinn
forainmneach réamhthagrach forainmneach a thagann roimh an ní dá bhfuil sé ag tagairt, e.g., tá a fhios agam gurb ise a rinne é; ba mhaith liom a rá go bhfuilim an-bhuíoch díbh
feidhm aidiachtach feidhm arb ionann é agus feidhm aidiachta, is é sin le rá, ainmfhocal nó forainmneach a cháiliú, e.g., pingin ar bith; turas ar an Afraic
frása réamhfhoclach frása beag (ina bhfuil dhá fhocal, de ghnáth) a thosaíonn ar réamhfhocal, e.g., ar bith; ar leith; den scoth; in aisce
ginideach rannaíoch ginideach a cháilíonn ainmfhocal cainníochta nó páirte, e.g., roinnt aráin; mo chuid eolais; tuilleadh siúcra
iartheachtaí forainmneach, lena n‑áirítear aidiacht shealbhach, lena dtagraítear siar don réamhtheachtaí i gclásal coibhneasta indíreach, e.g., sin é an fear a bhfuil an carr aige
infhilleadh foirceann focail a athrú chun feidhmeanna éagsúla an fhocail a thaispeáint, e.g., amhrán, amhráin; beag, bige; can, canaigí
lom sna huimhreacha pearsanta, gan ainmfhocal ar a lorg
príomhchlásal clásal nach bhfuil spleách ar aon chlásal eile, e.g., chuala mé scéal nuair a bhí mé óg
réamhfhocal comhshuite frása réamhfhoclach ar leith a bhfuil brí mar aonad leis agus arb é réamhfhocal + ainmfhocal is múnla dó de ghnáth, e.g., ar nós; d’ainneoin; thar ceann.
Is réamhfhocal comhshuite é frása réamhfhoclach den mhúnla sin má tá brí eile leis an ainmfhocal i gcomhthéacs eile, mar shampla, is réamhfhocal comhshuite é i gcás sa bhrí más rud é; ní réamhfhocal comhshuite i gcás sa bhrí i mála, in imeachtaí dlí
réamhfhocal simplí focal a chuirtear roimh ainmfhocal nó roimh fhorainmneach chun an bhaint atá aige le focal eile san abairt a léiriú, e.g., bhuail mé le hÁine; chuir sé fáilte roimh na haíonna
réamhtheachtaí focal nó frása i bpríomhchlásal a thagann go díreach roimh an mír choibhneasta, e.g., na mná a bhí ag caint
réimír threise mír a thagann roimh fhocal chun béim a leagan air, e.g., tá sé an-chairdiúil; an-pheileadóir is ea í
tabharthach rannaíoch an múnla réamhfhocal + tabharthach, a úsáidtear in ionad an ghinidigh rannaíoch, e.g., roinnt den arán; beirt de na páistí; cuid d’airgead Thomáis