| Noda | |
|---|---|
ar lean. |
ar leanúint |
bain. |
baininscneach |
fir. |
firinscneach |
gin. |
tuiseal ginideach |
gin. iol. |
tuiseal ginideach iolra |
iol. |
iolra |
sb. |
saorbhriathar |
tabh. |
tuiseal tabharthach |
u. |
uatha |
() |
féadtar focail faoi lúibíní cruinne i lár sampla a úsáid nó a fhágáil ar lár |
| Mínithe Gramadaí | |
|---|---|
a as do |
tagairt don mhír a a dhíorthaítear as do, e.g., rud a dhéanamh |
abairt chopaileach |
abairt ina gceanglaítear an t‑ainmní leis an bhfaisnéis, e.g., ba cheoltóir é; is fada liom uaim í |
abairtín dobhriathartha |
abairtín a bhfuil feidhm dhobhriathair aige, e.g., chríochnaigh siad ar deireadh; níl sé ar fáil |
aidiacht |
focal a cháilíonn ainmfhocal nó forainmneach, e.g., an carr dearg; an bosca mór; tá sé fliuch |
ainm briathartha |
focal a bhfuil feidhm ainmfhocail agus feidhm bhriathair araon aige, e.g., deireadh na heitilte, ag eitilt; foghlaim a fháil, ag foghlaim |
ainm dílis |
ainm duine nó áite áirithe, e.g., Liam; Éire |
ainmfhocal |
focal a úsáidtear chun tagairt do dhuine nó d’áit nó do rud nó d’idé, e.g., bean; bóthar; camán; díograis |
ainmní |
an príomh-ainmfhocal (nó a chothrom) in abairt, e.g., cheannaigh Nuala mála nua, tá páipéar ar an mbord; canfaidh sé amhrán |
clásal |
frása atá nasctha le frása eile, e.g., chuaigh sí chun na hoifige [agus thosaigh sí ag obair]; [tá an lá tirim] ach níl sé te |
clásal coibhneasta |
clásal ina bhfuil mír choibhneasta nó ina bhfuil foirm choibhneasta den bhriathar, e.g., sin í an cailín a dhún an doras ar maidin; cá bhfuil an bhróg nár ghlan tú inné? |
consan caol |
consan ar e nó i an guta is cóngaraí dó |
consan inséimhithe |
consan ar féidir séimhiú a chur air — b, c, d, f, g, m, p, s (ach amháin i gcás sc-, sf-, sm-, sp-, st- agus sv-) agus t |
consan inuraithe |
consan ar féidir urú a chur air — b, c, d, f, g, p agus t |
consan leathan |
consan ar a, o nó u an guta is cóngaraí dó |
cuspóir |
ainmfhocal (nó a chothrom) a sheasann do dhuine (nó rud) ar a ndéantar gníomhú, e.g., léigh mé leabhar; tá an leabhar léite agam; léigh mé *é*; |
díspeagadh |
iarmhír a dhéanann athrú beag ar ainmfhocal, e.g., -ín; ainmfhocal a bhfuil iarmhír den saghas sin curtha leis, e.g., buachaillín |
dobhriathar |
focal nó grúpa focal a cháilíonn focal eile nach ainmfhocal ná forainmneach é, e.g., rith sé go tapa; bhí sé mall go leor; bhí sí thuas beagnach nuair a thit sí |
dobhriathar aidiachtach |
dobhriathar a bhfuil foirm aidiachta aige (ar lorg go nó gan go), e.g., ní thagann sí minic go leor; bhí sé díreach ag éirí; d’iarr sí air labhairt go cruinn |
fochlásal |
clásal atá spleách ar an bpríomhchlásal lena mbaineann, e.g., chuala mé scéal nuair a bhí mé óg |
fochlásal réamhfhoclach |
fochlásal a thosaíonn ar réamhfhocal, e.g., chun na bainise; ó dhaltaí scoile; leis an Roinn |
forainmneach réamhthagrach |
forainmneach a thagann roimh an ní dá bhfuil sé ag tagairt, e.g., tá a fhios agam gurb ise a rinne é; ba mhaith liom a rá go bhfuilim an-bhuíoch díbh |
feidhm aidiachtach |
feidhm arb ionann é agus feidhm aidiachta, is é sin le rá, ainmfhocal nó forainmneach a cháiliú, e.g., pingin ar bith; turas ar an Afraic |
frása réamhfhoclach |
frása beag (ina bhfuil dhá fhocal, de ghnáth) a thosaíonn ar réamhfhocal, e.g., ar bith; ar leith; den scoth; in aisce |
ginideach rannaíoch |
ginideach a cháilíonn ainmfhocal cainníochta nó páirte, e.g., roinnt aráin; mo chuid eolais; tuilleadh siúcra |
iartheachtaí |
forainmneach, lena n‑áirítear aidiacht shealbhach, lena dtagraítear siar don réamhtheachtaí i gclásal coibhneasta indíreach, e.g., sin é an fear a bhfuil an carr aige |
infhilleadh |
foirceann focail a athrú chun feidhmeanna éagsúla an fhocail a thaispeáint, e.g., amhrán, amhráin; beag, bige; can, canaigí |
lom |
sna huimhreacha pearsanta, gan ainmfhocal ar a lorg |
príomhchlásal |
clásal nach bhfuil spleách ar aon chlásal eile, e.g., chuala mé scéal nuair a bhí mé óg |
réamhfhocal comhshuite |
frása réamhfhoclach ar leith a bhfuil brí mar aonad leis agus arb é réamhfhocal + ainmfhocal is múnla dó de ghnáth, e.g., ar nós; d’ainneoin; thar ceann. |
réamhfhocal simplí |
focal a chuirtear roimh ainmfhocal nó roimh fhorainmneach chun an bhaint atá aige le focal eile san abairt a léiriú, e.g., bhuail mé le hÁine; chuir sé fáilte roimh na haíonna |
réamhtheachtaí |
focal nó frása i bpríomhchlásal a thagann go díreach roimh an mír choibhneasta, e.g., na mná a bhí ag caint |
réimír threise |
mír a thagann roimh fhocal chun béim a leagan air, e.g., tá sé an-chairdiúil; an-pheileadóir is ea í |
tabharthach rannaíoch |
an múnla réamhfhocal + tabharthach, a úsáidtear in ionad an ghinidigh rannaíoch, e.g., roinnt den arán; beirt de na páistí; cuid d’airgead Thomáis |